duine piseogach mé, ach bhraith sé amhail is gur thit teachtaireacht anuas as na flaithis. Tharla sé go tobann. Bhíomar mo bhean chéile, mé féin agus beirt chara linn- tar éis cuairt a thabhairt ar ionad cuairteoirí na Mormannach i St. George, Utah, i Meiriceá nuair a tharla sé. Ach roimhe sin…

Cúlra

Tá dlúthbhaint ag Utah leis an reiligiún Mormannachas, ar a dtugtar go hoifigiúil Eaglais Íosa Naoimh na Laethanta Deireanacha (LDS). Bhunaigh Joseph Smith an reiligiún sa bhliain 1830. De réir theagasc LDS, tháinig an t-aingeal Moroni chuige ar 21 Meán Fómhair, 1823, agus dúirt sé leis go raibh sé roghnaithe chun eaglais Dé ar an Domhan a athchóiriú. Dúirt Moroni le Smith freisin go raibh táibléid óir curtha aige in iarthar Nua-Eabhrac, agus go raibh scríbhinní na bhfáithe ársa orthu. Deirtear go ndearna Smith na táibléid a aisghabháil ceithre bliana ina dhiaidh sin agus gur aistrigh sé iad go Béarla ó theanga anaithnid. Ba é toradh a shaothar sin ná scrioptúr naofa na heaglaise LDS – “The Book of Mormon”.

Ceapadh gur reibiliúnaigh iad na Mormannaigh, agus mar sin rinneadh géarleanúint orthu i Missouri agus ansin in Illinois. Sa bhliain 1844, cúisíodh Smith as tréas agus cuireadh i bpríosún é. Mharaigh drong frith-Mhormannach é sa phríosúin. Tháinig Brigham Young i gcomharbas ar Smith mar uachtarán na heaglaise i 1846. Chuaigh Young agus a lucht leanúna ar thuras mór go Utah chun éalú ón ngéarleanúint, agus ba é Utah croílár na heaglaise LDS, ó shin i leith. Tá éagsúlacht creidimh in Utah sa lá atá inniu ann, agus Mormannaigh mar 40% don daonra de 3.5 milliún.

Bhí an tSiúr Davis mar threoraí againn san ionad cuairteoirí, agus roinn sí eolas linn faoi na Mormannaigh. Bhí scannán le feiceáil, agus póstaeir le léamh mar pháirt den chuairt. Bhí sé an-suimiúil dúinn foghlaim faoi na Mormannaigh agus a reiligiún. Bean chairdiúil ba í an tSiúr Davis agus d’fhreagair sí ár gceisteanna go foighneach.

Teachtaireacht?

Tar éis ár gcuairt don ionad cuairteoirí, thóg duine dár n-aíonna cúpla grianghraf dínn inár veain. Bhí muid páirceáilte trasna na sráide ón ionad. D’oscail mé m’fhuinneog agus shín mo lámh amach tríd an bhfuinneog le haghaidh grianghraif. Ansin bhrúigh mé an lasc chun an fhuinneog a ardú. Thosaigh sé ag obair i gceart ar dtús, ach ansin bhí torann ard cosúil le fuaim lámhaigh agus léim gloine na fuinneoige suas ar luas lasrach agus ansin thit sí anuas arís. Bhí an fhuinneog oscailte go hiomlán ansin, agus níor oibrigh an lasc a thuilleadh. Teachtaireacht as na flaithis b’fhéidir?

Meicneoir?

Bhí sé tar éis 5 p.m. ag an am agus bhí sé deacair meicneoir a fháil toisc go raibh formhór na ngaráistí dúnta faoin am sin. Ach bhí ceann amháin a bheadh ar oscailt go dtí 5:30. Chuir mé glaoch air, agus labhair mé le duine darb ainm Jake. Mhínigh mé go rabhamar páirceáilte taobh amuigh den ionad cuairteoirí na Mormannach agus go rabhamar i bponc de dheasca fuinneog na veain. Thoilighan veain a thabhairt isteach cé gur chiallaigh sé sin go mbeadh ar na meicneoirí ragobair a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach.

Thiomáineamar díreach chuig an ngaráiste, agus thug siad an veain isteach láithreach. Thóg an próiseas iomlán thart ar 45 nóiméad agus bhí ar an bhfoireann fanacht ag obair níos mó ná leathuair tar éis am dúnta. Tharla sé go raibh mótar na fuinneoige caite, agus ní raibh ceann eile ar fáil dóibh ar bhonn práinne. Bheidís in ann an fhuinneog a ardú agus a dhaingniú in áit le scriú agus ceangail phlaistigh – rud a chuirfeadh ar ár gcumas leanúint lenár dturas agus mótar nua a fháil tar éis an turas bóthair. D’aontaíomar leis an réiteach sin. A bhuíochas le Jake agus a fhoireann, bhíomar ar ár mbealach arís go luath agus d’fhan an fhuinneog dúnta don chuid eile den turas. Ba é an t-aon fhadhb bheag a bhí againn go raibh sé beagáinín torannach agus muid ag tiomáint, mar bhí bearna bheag ag barr na fuinneoige – ach níor chuir sé sin isteach ná amach orainn.

Iompú?

Bhí mé chomh tógtha le sraith na n-imeachtaí aisteacha gur thosaigh an triúr eile ag spochadh asam ar feadh tamaill. “A Mhichíl, an bhfuil sé i gceist agat iompú ar Mormannachas?” a dúirt duine amháin. “‘Sea”, arsa mo bhean chéile, beidh sé ag iarraidh athlonnú go St. George go luath.” Agus leanadar ar aghaidh mar sin ag magadh fúm. An raibh an ceart acu – an ea?

An bhfuil tusa ag magadh fúm freisin? Bhuel, i ndáiríre, dá mba dhuine piseogach mé, seans go ndéanfainn machnamh, ag iarraidh a fháil amach an d’fhéadfadh imeachtaí aisteacha an lae a bheith ceangailte i slí éigean leis an Mormannachas. Ach ní mar sin atá mé. Bhí mótar na fuinneoige sa veain ar an dé deiridh, gan dabht, agus is comhtharlú é gur bhris sé taobh amuigh den ionad. Agus cad faoin ngaráiste a choimeád Jake ar oscailt dúinn tar éis am dúnta? Bhuel, b’fhéidir gur duine eiseamláireach é Jake, nó b’fhéidir nuair a chuala go rabhamar taobh amuigh den ionad cuairteoirí a reiligiúin féin, gur spreagadh é chun gaisce a lae a dhéanamh. Ar aon nós, níl sé i gceist agam athlonnú go Utah inniu ná amárach!

.

gaGaeilge