De réir suirbhé déanta ag an gcomhlacht ‘Workhuman’, beidh daichead a dó faoin gcéad de na hoibrithe in Éirinn ag éirí as a bpoist taobh istigh de bhliain!  De réir an tsuirbhé sin, tá céatadán mór sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain Mhór a bhfuil an plean céanna acu. Is údar imní é seo gan dabht agus ní tuairimíocht gan dealramh atá i gceist, ach an oiread, mar tá an t-éirí as sin ag tarlú cheana féin sna tíortha sin. Mar shampla, sna Stáit Aontaithe i mí mheán Fómhair amháin, d’éirigh 4.4 milliún oibrí as a bpoist!   

Cé hiad?

Tá trí ghrúpa a theastaíonn éirí as a bpoist. I slí amháin nó i slí eile, níl siad sásta faoi láthair agus tá siad ag iarraidh deiseanna níos fearr a fháil.  

1.Oibrithe Bóna Gorm:

Tá pá íseal acu agus mar sin, ní mhothaíonn siad aon dílseacht dá gcomhlachtaí. Tá siad in ann post nua a fháil a bhfuil coinníollacha oibre níos fearr ann.  

2.Glúin Z (daoine atá 24 bliana d’aois nó níos óige):

Deir cuid acu go bhfuil obair leadránach acu faoi láthair, agus nach bhfuil na daoine atá os a gcionn ag éisteacht leo. B’fhéidir go bhfuil deiseanna nua spreagúla ar fáil dóibh.

3.Mílaoisigh (daoine atá 24-40 bliana d’aois):

Go minic, bíonn an iomarca strus orthu mar bítear ag súil le go leor uathu i gcónaí. Bíonn sé deacair dóibh an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an obair agus an teaghlach.

Cén fáth?

Cén fáth go bhfuil an méid sin oibrithe ag smaoineamh ar deiseanna nua anois? Seo seacht bhfáth go bhfuil daoine spreagtha anois chun athrú mór a dhéanamh ina saolta.

1.Tá poist níos fearr ar fáil!

Ní raibh daoine in ann poist nua a fháil toisc na srianta a bhí i bhfeidhm le fada. Ach anois, tá cúrsaí oibre ag feabhsú agus deiseanna nua ag oscailt suas. Mar sin, tá na daoine a bhí ag feitheamh go foighneach ag lorg oibre nua anois. Tá go leor folúntais á fhógairt ag fostóirí faoi láthair agus is am maith é chun post a fháil.

2.Bíonn an t-am ag daoine níos mó machnaimh a dhéanamh.

Nuair a bhí daoine ag clutharú sa bhaile, rinne siad athbhreithniú ar a stíl mhaireachtála faoi scáth na pandéime. D’aithin siad chomh luachmhar is atá an saol agus nach fiú dóibh an iomarca ama a chaitheamh san oifig ag obair.

3.Oifig – cén oifig?

Tar éis beagnach dhá bhliain ag obair sa bhaile, bhí go leor daoine níos sásta a bheith ag obair ón mbaile. Bhí níos mó saoirse acu mar gheall ar leithdháileadh tascanna agus freagrachtaí, idir obair agus bhaile. Más gá gheobhaidh siad poist nua chun a bheith in ann obair ón mbaile.

4.Faoi strus!

Cé go raibh gairmréim rathúil ag daoine tar éis a bheith ag obair le cúig nó deich mbliana, d’aithin siad go raibh siad ag streachailt faoi chruatan míchuí. D’ardaigh sé sin an cheist – an fiú é? B’fhéidir in ionad an cosán dearg a leanúint, bheadh sé níos fearr bealach nua a leagan amach.

5.Deiseanna Gairme

Go minic, caitheann daoine an lá ag feidhmiú gan smaoineamh, de dheasca sclábhaíocht na hoibre. Ach le linn na pandéime bhí an t-am acu smaoineamh ar a gconair ghairme agus bhí siad in ann plean níos fearr a chumadh agus cáilíochtaí nua, freagrachtaí nua, nó athruithe gairme a chur i bhfeidhm.

6.Airgead

Níl plé ar phá agus coinníollacha oibre faoi their sa phobal níos mó agus go minic bíonn daoine in ann post nua a fháil le pá níos fearr.

7.Obair na gcapall!

Nuair a bhíonn ar dhaoine obair ón mbaile, faigheann siad amach uaireanta nach dtaitníonn an obair leo. B’fhéidir go raibh rudaí eile ar siúl san oifig a thaitin leo – comhráite neamhfhoirmiúla le comhghleacaithe ag an bhfuaraitheoir uisce mar shampla. Sa bhaile, gan seachrán airde mar sin, b’fhéidir go bhfuil an obair féin leadránach. Socraíonn go leor daoine go bhfuil sé in am tosú ar fhiontar nua, ina n-aonar nó i gcomhlacht eile.  

Conclúid

Gan dabht, tá athruithe móra ar siúl mar gheall ar chúrsaí oibre. Níl a fhios againn fós go díreach na sonraí ar fad ach tá sé an-soiléir go mbeidh coinníollacha fostaíochta difriúla againn as seo amach, agus ní móide go mbeidh cúrsaí oibre ag dul ar ais mar a bhí siad roimh na pandéime.  Ceapaim go mbeidh coinníollacha oibre níos solúbtha againn, agus go mbeimid in ann obair ón mbaile an chuid is mó den am. Leis sin, beidh stíl mhaireachtála níos fearr againn agus is rud maith é sin!

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge