Is díol iontais é líon na ndaoine ar fud an domhain a bhfuil fadhbanna acu mar gheall ar a gcultúr agus a dteanga. Beagnach i gcónaí, is leacht cuimhneacháin don choilíneachas é meath na teanga. Tar éis seilbh a ghlacadh ar thír agus an fhorghabháil impiriúil i bhfeidhm, cuireann an tír impiriúla i gceist an pobal dúchasach faoi chois pé slí is féidir.  Coigistítear a gcuid tailte, agus sáraítear a gcearta daonna. Ansin, cuirtear bearta i bhfeidhm chun a dteanga agus a gcultúr a chur faoi chois. Feictear an patrún céanna gach uair á úsáid ag an tír impiriúla, is cuma cé acu an Bhreatain, na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, agus araile atá i gceist. Nach bhfuil muidne in Éirinn róchleachtaithe leis an bport céanna?  

Ach nuair atá deireadh ráite, agus an impireacht bhrúidiúil cloíte agus imithe, cad is féidir leat a dhéanamh chun do thír a atógáil? Go minic tarlaíonn cogadh cathartha mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre agus an folús polaitíochta a bhaineann leis.  Sa deireadh thiar thall, bíonn córas buanseasmhach bunaithe, agus leis sin athshlánú na tíre. Go hiondúil, ní bhíonn béim ar chultúr agus teanga na tíre ar dtús, mar níl tús áite acu, agus ar a mhéad cuirtear foráil i mbunreacht na tíre mar gheall orthu.  Tar éis bunú an stáit ar an drochuair, tá sé ró-éasca gan cinnteoireacht réamhghníomhach a dhéanamh agus in ionad sin athbheochan an chultúir agus na teanga a chur ar an méar fhada.

I mbeagnach gach tír i gcás den sórt sin, Éire san áireamh, tagann cúpla gnáthdhuine chun cinn mar laochra na cúise agus spreagann siad muid go léir, agus is mar sin a fhásann gluaiseacht i measc an phobail. Seo scéal laoich mar sin.

Bhí ar Benoit Fader Keita an mhuince a chaitheamh a lán uaireanta ar scoil. Cnámh bó ceangailte ar phíosa téide a bhí ann – rud gránna gan dabht. Bhí sé níos measa ná sin, mar bhí stiogma ag baint leis an muince seo. Ach sin a dhéantar don té a bheadh de dhánacht aige a theanga féin a labhairt sa scoil. Cuireann sé i gcuimhne dom an ‘Bata Scoir’ a bhí ar dhaltaí in Éirinn a chaitheamh nuair a labhair siadsan Gaeilge sa scoil timpeall dhá chéad bhliain ó shin! Úsáideadh cleachtach uafásaigh mar seo sa tSeineagáil suas go dtí an bhliain 2000 ar a laghad – deicheanna de bhlianta i ndiaidh imeacht na bhFrancach i 1960!  Creideann a lán daoine sa tSeineagáil go bhfuil buntáistí ag daoine a bhfuil cumas sa Fhraincis iontu, agus is í teanga oifigeach na tíre fós, cé nach labhraíonn ach 12% í, i gcomparáid le b’fhéidir 80% a labhraíonn Wolof, ceann de na teangacha dúchasaigh! Tá 25 teanga dúchas sa tír a bhfuil stádas ‘teanga náisiúnta’ acu, Wolof san áireamh, ach is í an Fhraincis príomhtheanga an rialtais agus gnólachtaí tráchtála. Cén seans a bheadh ag Menik, teanga Benoit Fade Keita agus príomhtheanga 3,000 duine ar a mhéid?  Caolsheans gan daoine cosúil le Keita, geallaimse duit!

Is sghrafadóir é atá ag obair le seirbhís nuachta ar líne, ach is ceoltóir é freisin. Cumann sé amhráin rap agus reggae as Menik agus cuireann sé ar an idirlíon iad. Rinneadh mearscaipeadh ar a chuid físeáin ceoil i measc daoine óga. Dá bhrí sin, athrú meoin tagtha orthu agus is cúis bhróid a dteanga anois in ionad cúis náire! B’fhéidir go bhfaca Keita físeán ceoil ar chainéal ‘TG Lurgan’ ar Youtube! Tá an-tóir ar na físeáin sin, ina bhfuil scoláirí an Choláiste ag seinm agus ag canadh popcheol as Gaeilge. Ar aon nós, is straitéis iontach é chun aosaigh óga a mhealladh isteach ina gcultúr agus a dteanga féin.

Tá rialtas na Seineagáile ag obair ar cháipéis teangeolaíochta chun teangacha na tíre a chosaint, ach níl na hacmhainní ar fáil dóibh chun é a bhogadh ar aghaidh. Tá an dréachtdoiciméad athbheochana a bhí foilsithe i 2010 ag tarraingt dusta ó shin i leith.

Is misean spreagúil atá ar siúl ag Keita, agus guímid gach rath air. Ceapaim go bhfuil ceacht oiriúnach dúinn ann freisin má tá rud tábhachtach le déanamh, ní féidir brath ar an rialtas. Gan dabht, cé gur fiú é brú a choimeád ar an rialtas faoi, is é an rud is éifeachtaí is féidir leat a dhéanamh ná a bheith ag obair le baill eile den chosmhuintir a bhfuil an dearcadh agus an fhís chéanna acu agus atá agat.  

.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

  

.

gaGaeilge