Todhchaí an Mheánoirthir – Idir dhá cheann na meá!
Bhí rialtas Iosrael i bponc, tar éis an uafáis a tharla le déanaí nuair a ionsaigh míleataigh Phalaistíneacha ar Iosrael. Ag am scríofa an ailt seo, tá níos mó ná 1,400 maraithe in Iosrael agus níos mó ná 8,000 maraithe i Gaza ó thosaigh an choimhlint ar 7 Deireadh Fómhair. Bhí rogha an dá dhíogha ag na hIosraelaigh: ionradh mór a dhéanamh ar Hamas i Gaza, gunnaí ag dianlámhach; nó cur chuige níos stuama, níos tomhaiste a ghlacadh.
Cúlra
Tá formhór na bPalaistíneach ina gcónaí sna críocha Phalaistíneach faoi fhorghabháil. Ghabh na hIosraelaigh na críocha sin sa chogadh sé lá sa bhliain 1967. Gabhadh Arda Golan ón tSiria, an Stráice Gaza agus Leithinis Shíonái ón Éigipt, agus An Bhruach Thiar agus Iarúsailéim ón Iordáin. Thug Iosrael Leithinis Shíonái ar ais don Éigipt i 1982. Tharraing siad amach as an Stráice Gaza i 2005. Le blianta fada anuas, déantar leithcheal ar bhonn cine ar na Palaistínigh sna críocha faoi fhorghabháil. An rud is uafásaí is iad na lonnaíochtaí mídhleathacha ar an mBruach Thiar agus in Oirthear Iarúsaléim. Ó 2012 go 2022, mhéadaigh líon na n-áitritheoirí Iosraelacha sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir, ó 520,000 go breis agus 700,000. Tá na lonnaitheoirí seo ina gcónaí go mídhleathach (de réir dlí idirnáisiúnta) i 279 lonnaíocht Iosraelach ar fud an Bhruaigh Thiar, le 14 dóibh agus 229,000 áitritheoir san Iarúsailéim Thoir. Urphoist atá i gceist le 147 de na lonnaíochtaí, atá mídhleathach fiú faoi dhlí Iosrael.
Tá dlús curtha i mbliana le hiarrachtaí Iosrael lonnaíochtaí Giúdacha a leathnú sa Bhruach Thiar, rud a léiríonn clár oibre rialtas na heite deise in Iosrael agus a spreagadh cáineadh idirnáisiúnta ar chleachtas a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta.
Deir na Palaistínigh go bhfuil na lonnaíochtaí ag teacht isteach ar chríocha a bheidh mar pháirt a stát féin lá amháin. Chomh maith leis sin, cruthaíonn na lonnaíochtaí córas dlí dhá shraith sa chríoch – sraith amháin rialacha d’Iosraelaigh agus ceann eile do na Palaistínigh a bhfuil cónaí orthu faoi riail mhíleata.
Cruthaíonn cur chuige na hIosraelaigh go leor teannas idir na Palaistínigh agus na hIosraelaigh, agus go háirithe nuair atá rialtas Iosrael ag tabhairt neamhaird do na Palaistínigh agus a n-éilimh a dtír féin a bheith acu.
Freagra don Ionsaí Hamas
Tá fórsaí cosanta Iosrael (IDF) tar éis ionradh talún a sheoladh. Dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu “Níl muid ach ag tús an chogaidh in aghaidh Hamas. Goillfidh cad a dhéanfaimid dár naimhde sna laethanta amach romhainn go mór orthu do na glúnta atá le teacht.”
Díreach tar éis ionsaithe Hamas, bhí ionsaithe aeir leanúnacha á ndéanamh ag fórsaí Iosrael ar Gaza agus tá muintir an cheantair in easpa bia, uisce agus earraí leighis. Tá ionradh talún ar siúl ach níl mórán nuacht in ann teacht amach, mar scriosadh na córais chumarsáide i Gaza mar pháirt den ionsaí. Is trua mhór é nár chloígh Iosrael le comhairle na saineolaithe.
Comhairle cúpla saineolaí
Tá cúpla saineolaí an Mheánoirthir a bhfuil meas mór agam orthu tar éis a mholtaí a chur in iúl. Is iriseoir é Thomas Friedman don ‘New York Times’ a bhfuil duaiseanna buaite aige – trí dhuais Pulitzer san áireamh! Seo cúpla focal a scríobh sé le déanaí faoi cad atá ar siúl sa Mheánoirthear, ag tagairt do chuairt an Uachtaráin Biden go hIosrael:
“Tá ardmheas agam ar an gcaoi ar bhain an tUachtarán Joe Biden úsáid as a chomhbhá agus a láithreacht fhisiciúil in Iosrael chun a chur ina luí ar Iosraelaigh nach bhfuil siad ina n-aonar ina gcogadh i gcoinne Hamas, agus ag an am céanna lámh a shíneadh amach chuig Palaistínigh measartha. D’impigh Biden go láidir ar cheannaireacht Iosrael sos a ghlacadh agus smaoineamh ar thrí chéim chun tosaigh – ní hamháin ar cad ba cheart dóibh a dhéanamh i Stráice Gaza chun Hamas a scriosadh, ach faoi cad ba cheart a dhéanamh ina dhiaidh sin freisin chun suíocháin agus seasmhacht pholaitiúil a bhaint amach.”
Staraí, Ollamh le stair san Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim agus scríbhneoir cáiliúil (a scríobh ‘Sapiens’ agus ‘Homo Deus’) is ea Yuval Noah Hariri. Seo cúpla focal uaidh:
“Deir rialtas Iosrael go bhfuil sé ag iarraidh Hamas a dhí-armáil, agus tá gach ceart aige é sin a dhéanamh chun a shaoránaigh a chosaint. Tá dí-armáil Hamas ríthábhachtach freisin ionas go mbeidh seans ann le síocháin a bhaint amach mar, seachas sin, a fhad a fhanfaidh siad armtha, beidh Hamas in ann cosc a chur air sin. Fiú má éiríonn le hIosrael é sin a dhéanamh, níl ansin ach éacht míleata, ní plean polaitiúil é. Sa ghearrthéarma, an bhfuil aon phlean ag Iosrael an beart síochána idir Iosrael agus an Araib Shádach a tharrtháil? San fhadtéarma, an bhfuil aon phlean ag Iosrael síocháin chuimsitheach a bhaint amach leis na Palaistínigh agus chun normalú a dhéanamh ar a caidreamh leis an domhan?”
Conclúid
Chuaigh rialtas Iosrael i gcoinne chomhairle na saineolaithe thuasluaite, a bhí á rá gurb é seo an t-am dó féinsmacht thar na bearta a léiriú. Bhí Hamas ag siúl le freagairt bhorb agus foréigneach ó Iosrael, rud a tharla agus a chuirfidh deireadh le haon seans a bheith ag Iosrael comhaontais a bhunú le tíortha Arabacha sa réigiún. Gan dabht, tá an Iaráin sásta é sin a fheiceáil, agus Iosrael sáinnithe i gcogadh gan deireadh.
Bheadh sé níos fearr cur chuige nua agus níos spriocdhírithe in aghaidh Hamas a chumadh a luaithe agus is féidir, agus daoine neamhchiontacha a chosaint sa Stráice Gaza. Mar pháirt den straitéis sin, ba ghá stop a chur ar lonnaíochtaí a thógáil sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir láithreach. Ní dócha go dtarlóidh na moltaí seo inniu nó amárach, agus san idirlinn déanfar sléacht ar shibhialtaigh neamhchiontacha ina sluaite.