Deirtear go bhfuil thart ar 7,000 teanga á labhairt ag daoine, ó cheann ceann na cruinne, ach má tá féin, deir na saineolaithe linn go gcailltear ceann de na teangacha sin gach coicís. Anois, ó tharla nach gcumtar teangacha nua, ach go hannamh, tá sé soiléir go bhfuil uimhir na dteangacha ag dul i laghad ó bhliain go bliain. Cén fáth a gcailltear na teangacha sin? Bhuel, iompaíonn pobal ó theanga amháin go teanga eile ar chúiseanna áirithe.

Concas

 Uaireanta cuireann tír amháin isteach ar thír eile trína gabháil agus a chur faoi chois, agus is é an bealach is éifeachtaí le tír a smachtú nó a teanga a bhaint di, agus teanga an ghabhálaí a chur á labhairt ina háit. Nuair a chailleann tír a teanga, cailleann sí a córas smaointe agus a bealach le breathnú ar an saol mór amuigh. Cailleann sí freisin, a misneach agus a spiorad, nó faoi mar a deireadh siad fadó: Tír gan teanga, tír gan anam!

Dul chun cinn!

 Uaireanta eile, tar éis blianta fada a bheith caite ag tír faoi sháil agus faoi bhráca lucht concais, is amhlaidh a thuigtear do phobal na tíre sin, go bhféadfaidís dul chun cinn níos mó a dhéanamh trí theanga eile, teanga a máistrí, a úsáid feasta, nó tuigtear dóibh, go bhfuil a dteanga féin as dáta, agus iargúlta. “Ní líonfaidh do theanga dhúchais do bholg”, a chloisfeá ó dhaoine dá leithéid, fadó.

An Teanga nach bhfuil láidir….

 Níl dabht ar bith, ach oiread, ach go mbíonn tionchar nach beag ag na teangacha móra idirnáisiúnta ar chúlú na dteangacha laga. Níl le déanamh againn ach breathnú timpeall orainn, agus tabharfaidh muid faoi deara, go mbíonn tionchar an-mhór ag na teangacha ar nós an Bhéarla, na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise agus na hIodáilise, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, agus cé go n-aithnítear mionteangacha áirithe freisin – an Ghaeilge, mar shampla – tugtar le fios nach bhfuil iontu ach mionteangacha. Le himeacht na mblianta, tá sé soiléir, go dtiocfaidh laghdú ar uimhir na dteangacha labhartha, má leantar den chleachtadh sin. Más uainn iad a shábháil, caithfear úsáid a bhaint as cumas nua-aoiseach cumarsáide, chun fóram poiblí a thabhairt dá bpobal a mionteanga a úsáid ar líne.

AthEarrach

Is féidir le gach duine a fheiceáil, go bhfuil neart nua le tabhairt faoi deara i gcúrsaí na Gaeilge faoi láthair, agus cuid mhaith dá bhuíochas sin ag dul do Chóras na nGaelscoileanna. Ba iad na tuismitheoirí féin a chuir tús leis an gCóras sin, nó chonacthas dóibh nach dtiocfadh an Ghaeilge slán mura ndéanfadh siadsan a ndícheall le scoileanna lánGhaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dá bpáistí, an teanga a shealbhú agus a fhoghlaim go nádúrtha, trína labhairt. D’éirigh go seoigh leis an bhfiontar sin, agus anois, dá bharr, tá Meánscoileanna lánGhaeilge againn le hobair na nGaelscoileanna a tharraingt isteach sa Chóras Meánoideachais, agus cheana féin, tá éileamh ar oideachas iomlán Ollscoile a chur ar fáil trí Ghaeilge.  Seans maith go mbeidh a leithéid ar fáil roimh i bhfad, agus ansin beidh sprioc thábhachtach eile bainte amach againn.

Ar an dea-uair, agus b’fhéidir de bharr na nGaelscoileanna, tá go leor daoine óga go láidir ar son na Gaeilge mar theanga bheo – mar a dteanga bheo. Agus tá cuid acu ag obair go dian mar ambasadóirí na teanga. Toghadh Paula Melvin, 29 bliain d’aois, mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus beidh tionchar mór aici maidir le cúrsaí na teanga ar go leor daoine, ach go háirithe ar dhaoine óga agus dhaoine thar lear (bhí sí ina bainisteoir gradaim le Coimisiún Fulbright maidir leis an nGaeilge).  

Tá an Ghaeilge feiceálach go maith ar líne freisin – ar na meáin shóisialta, san áireamh. Tá gach saghas rang ar fáil ar líne (ó leibhéal oiriúnach do thosaitheoirí suas go Gaeilgeoirí inniúla).  Tá go leor ar fáil as Gaeilge ar Facebook, Twitter, Instagram agus YouTube freisin (cuir isteach #Gaeilge mar théarma cuardach in aon cheann agus tiocfaidh go leor torthaí ar ais chugat!)  Tá pop-up Gaeltachtaí agus ciorcail comhrá á n-eagrú ag daoine freisin, idir imeachtaí ar líne (ar Zoom, mar shampla) agus imeachtaí in ionaid éagsúla fisiciúla (siopa caife, bialann, teach tábhairne agus araile).

Tá cúrsaí ealaíne ag déanamh dul chun cinn seasta freisin – litríocht, ceol, scannánaíocht san áireamh. Níl spás agam inniu plé a dhéanamh ar an ábhar seo, ach mar shampla beag amháin, tá go leor gradaim buaite ag scannáin as Gaeilge ar nós “An Cailín Ciúin” agus “Arracht”.

Conclúid

Gan dabht, táimid ar an mbóthar ceart, agus má leanaimid ar aghaidh le fuinneamh agus diongbháilteacht, fíorófar ár bhfís agus ní chaillfear ár dteanga. Nára fada uainn an lá sin!

gaGaeilge