Ní fhéadfaí a rá gur thosaigh an bhliain seo go maith, agus chuaigh rudaí in olcas le gach nóiméad dá ndeachaigh thart. Bhuel, níl mé ceart go hiomlán ansin, mar níl cúrsaí na pandéime COVID-19 chomh dona anois agus a bhí siad anuraidh. Ach chomh luath agus a bhí feabhas ag teacht sa réim sin, d’éirigh cúpla fadhb mhór eile. Ar 23 Feabhra, d’ionsaigh fórsaí na Rúise tír neamhspleách na hÚcráine, gan bunús ar bith leis. Is é seo an t-ionsaí is measa ag tír amháin ar thír eile san Eoraip ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá an ráta boilscithe os cionn 7% i mbeagnach gach tír, agus caithfimid dul i ngleic leis go tapa chun a bheith in ann smacht a chur air. Feicimid go léir go bhfuil praghsanna de gach cineál ag ardú an t-am go léir.

Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil go leor dúinn níos éadóchasaí faoin todhchaí anois ná riamh. nach bhfuil muid in ann mórán a dhéanamh faoi na fadhbanna móra sin, táimid in ann rud a dhéanamh dúinn féin, rud tábhachtach. Táimid in ann ár n-imní a laghdú, agus mar sin feabhas a chur ar ár sláinte. Cad is féidir linn a dhéanamh, an ea? Seo cúig mholadh chun dul i ngleic le foinsí na himní sin.

Freagair an cheist seo!

Tóg cúpla nóiméad gach lá chun ceist a fhreagairt faoin rud is mó a chuireann imní ort.  An bhfuil mórán seans go dtarlódh an rud sin ar chor ar bith? Tá sé tábhachtach a bheith réalaíoch le d’fhreagra. B’fhéidir go gcaithfidh tú d’obair bhaile a dhéanamh chun an fíorfhreagra a fháil. Go minic, bíonn tuairim áibhéalach againn mar gheall ar an riosca atá ag baint le rud a chuireann imní orainn. Mar shampla, samhlaigh go bhfuil imní ort vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil mar chuala tú go raibh baol mór ag baint leis an vacsaín. Tar éis duit taighde a dhéanamh, fuair tú amach nach bhfuil ach baol an-íseal duit, go háirithe i gcomparáid leis an riosca mura bhfaigheann tú an vacsaín. Mar sin, faigheann tú an vacsaín, agus níl imní ort níos mó agus tá tú níos sábháilte freisin!

Cleacht scaradh na meán!

B’fhéidir go bhfuil tú buartha faoin éiginnteacht atá ann faoi láthair ar domhan. Mar sin, bíonn tú gafa leis na meáin (traidisiúnta agus sóisialta) an t-am ar fad chun an nuacht is déanaí a fháil. Cén mhaith atá ann, i ndáiríre, seachas d’imní a dhéanamh níos measa? Tóg sos ó na meáin gach lá agus déan rud eile ina ionad sin – b’fhéidir ceann de na moltaí eile luaite san alt seo!

Déan aclaíocht (go rialta)!

Tá an aclaíocht go maith dúinn go léir sa mhéid go gcuireann sé saol folláin chun cinn. Is é buntáiste amháin a bhaineann leis do strus a laghdú agus sa tslí sin do bhuairt aigne a mhaolú. Déan nós maireachtála den aclaíocht agus ní bheidh díomá ort faoin gcinneadh sin go deo!

Análaigh

Tá raidhse roghanna os ár gcomhair maidir le cleachtaí análaithe, ach tá an ceann seo simplí agus éifeachtach in aghaidh strus. Tugtar cleachtadh 4-7-8 air. Sa chleachtadh seo, tarraing anáil isteach trí do shrón, ag comhaireamh go dtí a ceathair i do chloigeann. Coimeád d’anáil istigh, agus comhair go dtí a seacht. Ansin, scaoil d’anáil amach trí do bhéal, agus comhair go dtí a hocht. Déan é sin ceithre bhabhta, uair nó dhó gach lá. Suaimhneasán nádúrtha is é an cleachtadh seo. Mar sin, tá sé úsáideach ní hamháin chun do strus a laghdú, ach chun cabhrú leat dul a chodladh freisin.

Déan rud amháin…

Roghnaigh agus déan rud amháin gach lá a chuireann gliondar ort! Mar shampla, cuir glaoch ar do chara lá amháin, léigh leabhar suimiúil lá eile agus amharc ar scannán iontach lá eile. Nuair a bhíonn tú ag déanamh rud taitneamhacha, laghdaíonn sé do thuirse shíceolaíoch. Ansin, bíonn tú in ann leanúint ar aghaidh arís agus athbhrí ort!

Conclúid

Thosaigh mé féin ag cleachtadh na moltaí thuasluaite tamall ó shin, agus caithfidh mé a go mothaím i bhfad níos fearr ó shin i leith.  hamháin sin ach ceapaim go bhfuil mé níos éifeachtaí freisin dá bharr sin. Bím in ann idirdhealú a dhéanamh idir na rudaí nach féidir liom faic a dhéanamh fúthu agus na rudaí is féidir, agus plean gníomhartha a chur i bhfeidhm dá réir sin. Bain triail as na moltaí thuasluaite agus abair liom conas a oibríonn siad duit féin!   

.

.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge