Fada ó shin, nuair a bhí m’athair díreach tar éis éirí as a phost i gColáiste Chiaráin, tháinig mo thuismitheoirí ar cuairt chugainn anseo i gCalifornia, ar feadh trí seachtaine. Thiomáineamar feadh an chósta, ó Los Angeles go San Francisco, agus trí go leor áiteanna ar an tslí. Bhí ionadh ar an mbeirt acu mar ní raibh an méid a chonaic siad i gCalifornia ag teacht leis na réamhthuairimí a bhí acu. Bhíomar go léir tógtha le háilleacht agus éagsúlacht na dtírdhreach a bhí le feiceáil fud fad an Stáit. Bhí ionadh ar mo thuismitheoirí freisin faoi cé chomh cairdiúil agus dea-mhúinte a bhí na daoine go léir ar chasamar orthu. Ní gearánta dóibh an aeráid Mheánmhuirí, ach an oiread.

Cé go bhfuair a dturas réidh leis an gcuid is mó dá n-imní faoin áit ina rabhamar inár gcónaí, ag an am céanna chuthaigh sé cúpla ábhar buartha nua dóibh, nó cúpla ceist, ar a laghad.

Daoine gan Dídean

Nuair a bhíomar ag siúl i gcroílár Los Angeles, bhí orainn siúl ar an mbóthar uaireanta, mar bhí daoine gan dídean ina luí ar an gcosán. Níorbh fhéidir linn gan iadsan a fheiceáil. Nuair a bhíomar slán sábháilte sa bhaile arís, ag ól cupán tae, chuir mo mháthair ceist orm: “Cán fáth a bhfuil daoine gan dídean anseo? Níl aon chiall leis. Ní tír shaibhir an tír s’againne, ach ní bhfaighfeá mórán daoine gan dídean ann. Cad atá ar siúl?” “Níl polasaithe sóisialta láidre i Meiriceá,” ba é m ’fhreagra, “neamhchosúil leis in Éirinn! Agus tá praghsanna tithíochta an-ard sa tír seo freisin, ionas go bhfuil sé deacair teach a cheannach!” Ach bhí orm a admháil gur ait an rud é, mar an gcéanna!

Bochtaineacht agus Inimirce

Uair eile, chuamar thar an teorainn idirnáisiúnta go Tijuana i Meicsiceo. Tír an-bhocht ba í Meicsiceo, agus atá fós. Bhí bruscar i ngach áit, agus go leor foirgneamh leathchríochnaithe le feiceáil. Ní raibh ach cúpla bóthar pábháilte le feiceáil, agus smúit bhóithríní a bhí i gceist den chuid is mó. Ní fhaca tú ar an mbóthar ach sean ghliogar de charranna agus trucailíní agus iad ag titim as a chéile. Ní raibh a lán siopaí nó bialanna sa chathair, ach an oiread. Baineadh stangadh as mo thuismitheoirí. Cheap siad gur fhás siad féin aníos i dtír bhocht, ach tar éis bochtaineacht Tijuana a fheiceáil, thuig siad nach raibh siad riamh chomh bocht le daoine i dtíortha de chuid an tríú domhan. Nuair a thug mo mháthair faoi deara cé chomh héasca a bhí sé dúinn teacht ar ais thar an teorainn go Meiriceá, nuair a bhí sé an-deacair do shaoránaigh Mheicsiceo an rud céanna a dhéanamh, chuir sí ceist eile orm. “Tá cuidiú de dhíth go géar ar na daoine bochta sin. Cén fáth nach gcuideodh an tír is saibhre le muintir na tíre in aici láimhe?” Rinne a ceist staic dom, mar bhí ábhar casta le plé – rialú inimirce. Dúirt mé nach raibh mórán eolais agam faoin bpolasaí inimirce sna Stáit Aontaithe, ach go raibh próiseas deacair i gceist chun teacht isteach sa tír go dlíthiúil, agus go raibh sé costasach é a dhéanamh. Bhí imní ar na hoifigigh Meiriceánaigh aon Mheicsicigh a ligin isteach sa tír, ar fhaitíos go bhfanfaidh siad ann go mídhleathach, agus bhí na milliúin duine ina gcónaí i Meiriceá gan chead, cheana féin.

Cúram Sláinte

Uair eile, nuair a bhíomar ag caint le chéile am lóin, tháinig ábhar chúram sláinte chun cinn. Ní raibh mo thuismitheoirí in ann a chreidiúint cé chomh daor is a bhí sé dul go dtí an dochtúir, nó go dtí an t-ospidéal. Ach nuair a chuala mo mháthair go gcuirfí abhaile tú ón ospidéal chomh tapa agus ab fhéidir, gan aon am duit bisiú, bhí ar buile. “Cén saghas chóras leigheas é sin – tá sé cruálach agus róchostasach – nach orainn atá an t-ádh dearg a bheith inár gcónaí in Éirinn!” Rinne mé lagiarracht an córas leigheas a chosaint, ag rá gur gá árachas sláinte a bheith agat, agus ansin nach raibh cúrsaí ródhona. Ach gur gá post a bheith agat chun a bheith cáilithe árachas sláinte a fháil. “Ach cad faoi na daoine dífhostaithe? Cad is féidir leo a dhéanamh má éiríonn siad tinn?” Chuir ceist mo mháthair dá treoir mé, agus ní raibh aon fhreagra agam.

Eipidéim Drugaí

Bhí eipidéim chócaoin ag réabadh na Stát Aontaithe ag an am sin, agus níorbh fhéidir an teilifís a chur ar siúl gan cloisteáil faoi ar an nuacht. “Cén fáth atá fadhbanna drugaí chomh mór sin ar siúl i Meiriceá, agus gach saghas duine ag mí-úsáid drugaí, ní hamháin daoine bochta éadóchasacha?” Arís, bhí mé sáinnithe ag mo mháthair!

Foréigean agus Gunnaí

Bhíodh eachtraí lámhaigh dhíchéillí uafásaigh ag tarlú sna Stáit Aontaithe beagnach gach lá (agus, ar an drochuair, tá fós), agus dúirt mo mháthair liom go raibh sé i bhfad níos dainséaraí i go leor áiteanna i Meiriceá ná i dTuaisceart na hÉireann féin, áit a raibh cogadh ar siúl ag an am sin. Ní raibh uirthi fiú ceist a chur orm, sa chás sin, mar bhí a fhios aici nach raibh freagra ar bith ar fáil don ghealtachas sin!

B’fhéidir go raibh sí ag iarraidh mé a mhealladh ar ais go hÉirinn agus rinne sí cás láidir, ach ní raibh sé ar intinn agam a leithéid a dhéanamh mar, chun an fhírinne a rá, bhí rudaí ag dul go maith dúinn agus bheadh sé deacair filleadh abhaile dá bhrí sin. Ach d’fhan ceisteanna mo mháthar liomsa ó shin i leith agus tá siad níos tábhachtaí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh.  Bheadh díomá ar mo thuismitheoirí a fhoghlaim go bhfuil go leor de na fadhbanna thuasluaite tagtha go hÉirinn anois.  Beidh tuilleadh le rá agam ar an ábhar sin an tseachtain seo chugainn!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

gaGaeilge