Leanfaidh mé ar aghaidh leis an dara scéal mar gheall ar mhuintir Petrocelli as Staten Island i Nua-Eabhrac. Sa chéad scéal tubaisteach, chualamar faoi chúlra na clainne, agus ansin go háirithe faoi cad a tharla do Mark Petrocelli ar an lá sin na cinniúna, 11 Meán Fómhair, 2001.

Cailliúint ollmhór ba ea bás Mark don chlann, ach lean siad ar aghaidh chomh maith agus a thiocfadh leo. Chuidigh a gcreideamh go mór leo déileáil leis an tragóid uafásach, ach ní raibh lá éasca acu riamh. Bhí sé an-tábhachtach dóibh iad féin a choimeád gnóthach, agus d’oibrigh Ginger agus Al (tuismitheoirí Mark) mar Mhinistrí Eocairiste ag an eaglais áitiúil – eaglais na Maighdine Muire, Réalt na Mara. Bhí Al ar bord iontaobhaithe na heaglaise agus bhí sé ina léitheoir san eaglais freisin. Bhí Ginger ar fhoireann babhlála na heaglaise.

Sa bhaile, b’aoibhinn le hAl aire a thabhairt dona gharraí glasraí, agus bhíodh sé an-ghnóthach leis an obair sin, go háirithe san earrach. Go minic, rinne Ginger agus Al sealaíocht ar a chéile ag tiomáint a ngariníonacha Emily agus Lily, go dtí a scoil agus imeachtaí éagsúla.

Lá amháin sa bhliain 2015, gan coinne ar bith, fuair siad scairt gutháin ó Michael Coppotelli, alumnas na meánscoile céanna ar fhreastal Mark uirthi. Stiúrthóir cúnta scoileanna Ard-deoise Nua-Eabhrac ba ea Michael anois, agus thug sé cuireadh don chlann freastal ar dheasghnátha ilchreidmheach a bheadh ar siúl ag an Ionad Cuimhneacháin san Ionad Trádála Domhanda.  Bhí an Pápa ar cheann de na ceannairí reiligiúnacha a bheadh i bhfeighil ag an gcomóradh. Ghlac an chlann go fonnmhar leis an gcuireadh.

Gan mhoill ina dhiaidh sin, oíche amháin, bhí brionglóid ag Albert. Sa bhrionglóid, dúradh leis a phaidrín agus cártaí urnaí ar son a mhac Mark a thabhairt leis go dtí an comóradh, agus go mbeannódh an Pápa iad.

“Ní raibh a fhios agam an dtarlódh a leithéid, nó cén chaoi a dtarlódh sé,” arsa Al. “Bhí mé ag únfairt an oíche ar fad, ag smaoineamh dá mbeinn in ann na rudaí a thabhairt do Chairdinéal Ó Dóláin, b’fhéidir go mbeadh sé in ann iad a thabhairt don Phápa.

Ag an searmanas, bhí an t-ádh dearg ar Ginger agus Al, mar bhí siad suite gar don tosach. Nuair a bhí an Pápa ag fágáil, d’fhéach sé ar Al, agus thapaigh Al an deis sin.

“Athair Ró-Naofa,” a dúirt Al, “ar mhiste leat na paidríní agus cártaí urnaí seo a bheannú ar son ár mac Mark?” Agus bheannaigh an Pápa iad, rinne sé comhartha na Croise, agus leag sé a lámh orthu.

“Tarlaíonn míorúiltí,” arsa Al. “Uaireanta, is gá dúinn a bheith oscailte do na féidearthachtaí!”

.

.

Ar Lá Fhéile Pádraig seo caite (2020), thug Al cuairt ar a dhochtúir mar d’airigh sé tinn. Ar 24 Márta, diagnóisíodh go raibh an galar COVID-19 air. Thug Ginger aire dó ar feadh cúpla lá, agus bhí sé an-lag, agus ina chodladh formhór an ama. Ach nuair a d’éirigh sé deacair dó a anáil a tharraingt, tugadh go dtí an t-ospidéal é. Fuair sé bás ar an chéad lá d’Aibreán, nuair nach raibh ach 73 bliana slánaithe aige.

Ag labhairt faoi thionchar na dtragóidí, dúirt Al Óg:   

“I gcás Mark, bhí sochraid againn san eaglais gan a chorp. Agus i gcás m’athair, bhí a chorp againn ach ní raibh sochraid ceadaithe de dheasca an víris.  Saghas Amharclann na hÉigéille atá i gceist, I ndáiríre.”

D’admhaigh Al Óg gur fágadh ina staic é nuair a chuala sé drochscéala a athair!

Ar 11 Meán Fómhair, 2001, bhí a fhios ag Al Óg agus a athair go maith go raibh an t-aer lán le truailleán nimhiúil, ach ní raibh aon rud ar domhan a d’fhéadfadh stop a chur leis a gcuardach tábhachtach.

Cé nach bhfuil fianaise dhoshéanta ar fáil fós, tá sé soiléir go léir go bhfuil na freagróirí éigeandála 11 Meán Fómhair i níos mó contúirte an galar COVID-19 a tholg ná an gnáthphobal.

Mar sin, is é an rud is aistí faoi scéalta mhuintir Petrocelli, ná seans maith go raibh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta freagrach as ní hamháin bás Mark, ach bás a athair freisin.  Fiú fiche bliain ina dhiaidh ionsaithe uafásaigh 11 Meán Fómhair, tá an Tromluí Meiriceánach sin ag marú daoine fós – dochreidte!   

.

.

gaGaeilge