Tuairisc ó Mheiriceá – An Searmanas Seamróige!
Bhí go leor daoine in Éirinn ag éileamh go gcuirfí an cruinniú idir an Taoiseach Leo Varadkar agus Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar ceal mar agóid i gcoinne na tacaíochta á tabhairt ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) d’Iosrael i rith a hionsaithe uafásaigh in Gaza. Maraíodh níos mó ná 30,000 duine ann, agus formhór dóibh ina sibhialtaigh. Maraítear timpeall 250 duine ar an meán gach lá sa Stráice – sé huaire níos mó ná sa chogadh in Úcráin. Ní féidir aon leithscéal a dhéanamh don ár agus argain atá ar siúl in Gaza – an tUileloscadh san áireamh. Is gá stop a chur leis gan mhoill. Is náire saolta é seo, agus tá milleán indíreach ar SAM, mar is áisitheoir iad. Chomh maith le cúnamh airgeadais agus míleata, cuireann SAM tacaíocht pholaitiúil ar scála mór ar fáil d’Iosrael freisin. D’úsáid SAM a gceart crosta i 83 rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhí 42 dóibh sin in aghaidh cáineadh a dhéanamh in aghaidh Iosrael agus an ceann is déanaí (ar an 18 Deireadh Fómhair 2023) in aghaidh sosa dhaonnúil sa Stráice Gaza.
Tar éis a mhachnamh a dhéanamh, bheartaigh Varadkar ar an gcuairt a dhéanamh go Washington, in ionad droim láimhe a thabhairt do Biden. Bhí rún daingean aige seasamh láidir a chur in iúl do Biden, ag cáineadh polasaithe an rualoiscthe atá á gcur i bhfeidhm ag Iosrael, agus go bhfuil sé do-ghlactha don domhan thiar tacaíocht a thabhairt d’Iosrael maidir leis na polasaithe céanna.
An Searmanas Seamróige
D’fhreastal Varadkar ar na himeachtaí ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Cuid thábhachtach den cheiliúradh is é cuairt an Taoisigh ar an Teach Bán chun comhrá a dhéanamh le hUachtarán na Stát Aontaithe, duine le duine. Is mór an phribhléid é sin, agus níl aon tír eile agus go háirithe tír bheag, in ann seans mar sin a bheith aici, bliain i ndiaidh bliana. Dá bhrí chomh tábhachtach is atá sé, bhí mé an-sásta nár chuir Varadkar an cruinniú bliantúil sin ar ceal. Chomh maith leis sin, nach bhfuil sé níos fearr comhrá deacair a bheith againn, in ionad baghcat a dhéanamh?
Bhí comhrá príobháideach ag an mbeirt ar dtús, ag plé go leor ábhar. Thug Biden agus Varadkar óráidí ansin. Dúirt Varadkar go neamhbhalbh gurb í an fhadhb atá ag muintir na hÉireann ná go bhfuil SAM ag tabhairt tacaíochta míleata do na hIosraelaigh fós, in ainneoin cad atá a dhéanamh ag fórsaí míleata Iosrael (IDF) in Gaza. Ag an am céanna, ghlac sé go raibh SAM ag obair go dian ag iarraidh sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza. Is suimiúil é gur aontaigh Biden le gach rud a dúirt Varadkar, ach ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tagann focail agus gníomhartha Biden salach ar a chéile, suas go dtí seo.
Seo cúpla sliocht as óráid Varadkar:
“Beagnach 250 bliain ó shin, bhí Éireannaigh libh sa Chogadh Saoirse Mheiriceá. 100 bliain ó shin go díreach, ba iad na Stáit Aontaithe ar an gcéad tír a thug aitheantas foirmiúil do Stát nua-neamhspleách na hÉireann agus a bhunaigh caidreamh taidhleoireachta.”
“Agus anocht, déanaimis go léir machnamh ar fhocail an Uachtaráin Kennedy nuair a d’impigh sé orainn ‘obair na síochána is tábhachtaí’ a dhéanamh chun na daoine laga agus na daoine beaga a chosaint, mar a dúirt sé i bParlaimint na hÉireann: ‘ó Chorcaigh go dtí an Congó, ó Ghaillimh go Stráice Gaza’.
“A Uachtaráin, mar is eol duit, tá muintir na hÉireann an-bhuartha faoin tubaiste atá ag titim amach roimh ár súile in Gaza. Agus mé ag taisteal an domhain, cuireann ceannairí ceist orm go minic cén fáth atá an oiread sin comhbhá ag na hÉireannaigh do mhuintir na Palaistíne. Tá an freagra simplí: feicimid ár stair ina súile. Scéal díláithrithe agus díshealbhaithe, féiniúlacht náisiúnta a ceistíodh agus a diúltaíodh, eisimirce éigeantach, leithcheal, agus anois – ocras.
Mar sin tacaímid le d’obair agus obair do riaracháin, chun sos cogaidh dhaonnúil a bhaint amach agus chun spás a chruthú do shíocháin bhuan.
Tá bia, leigheas agus foscadh ag teastáil go géar ag muintir Gaza. Ach go háirithe is gá dóibh go stopadh na buamaí. Caithfidh sé seo stopadh. Ar an dá thaobh. Na gialla tógtha ar ais abhaile. Agus faoiseamh daonnúil ceadaithe teacht isteach.
Ní mór d’Iosrael a chinneadh géarchúiseach a fhreaschur maidir le hionradh talún i Rafah.
Agus tar éis 100 bliain d’fhoréigean, mar a dúirt tú, is í an t-aon slí slándála chun cinn ná dhá stát síochánta agus ceannasach a bheith ann, taobh le taobh.
Tá Éire réidh le stát Palaistíneach a aithint le comhpháirtithe den mheon céanna ag an am ceart ó thaobh na síochána de.
A Uachtaráin, feicimid stair Iosrael inár súile freisin. Diaspóra a raibh a chroí in Éirinn glúin i ndiaidh glúine. Náisiúnstát athshaolaithe. Agus athbheochan na teanga.
Creidim gur féidir a bheith ar son Iosrael agus ar son na Palaistíne agus creidim go gcreideann tusa mar an gcéanna.
Toisc go bhfuil stádas comhionann ag saol linbh Palaistíneach agus atá ag saol linbh Iosraelach.
Agus go bhfuil uaillmhian mhuintir na Palaistíne a dtír dhúchais féin a bheith acu, Stát lán-chuimsitheach i dtír a sinsir, ar comhchéim le stát a bheith ag muintir Iosrael.
Creidim freisin go bhfuil ceachtanna ar féidir a bhaint as ár bpróiseas síochána féin in Éirinn. Coincheap cothrom measa agus tábhacht an chaidrimh go háirithe.
Agus freisin ról ríthábhachtach Mheiriceá, a thug cathaoirleach dár gcainteanna síochána, an Seanadóir George Mitchell. Bhí rúnaíocht bhuan ann bunaithe ar mhuinín agus ar mhaoirseacht Mheiriceá.”
Conclúid
Insíonn óráid an Taoisigh a scéal féin, agus ceapaim go n-aontaímid go léir leis a bhí le rá aige le Biden. Ceapaim go bhfuil rudaí ag dul sa treo ceart ach ar luas seilide. Ach ceapaim freisin nár comhtharlúint é go bhfuil níos mó ag tarlú i ndiaidh an chruinnithe eatarthu ná mar a bhí roimhe. Is lóchrann beag dóchais é sin, agus b’fhéidir go bhfuil seainsín beag ann go mbeidh sos cogaidh in Gaza roimh i bhfad.
Mar fhocal scor, tá sé fógartha ag Varadkar go mbeidh sé ag éirí as a ról mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael. “Tar éis seacht mbliana, ní mé an duine is fearr don phost níos mó,” a dúirt sé. Go n-éirí do shaothar leat, a Leo!