Ar 17 Deireadh Fómhair, 1931, san Fhoirgneamh Chónaidhme i Chicago, ciontaíodh Al Capone as imghabháil cánach ioncaim. Ní raibh sé sin i measc na gcoireanna ba thromchúisí ina aghaidh, ach ba é an cás b’éasca don FBI a bhuachan. Gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar Capone. Tar éis dó trioblóid a chothú i bpríosún in Atlanta, bogadh go hAlcatraz é, áit ina raibh sé scoite amach ón saol mór. Ligeadh amach é tar éis seacht mbliana go leith i 1939, ach bhí sé ag dul i léig ó thaobh a shláinte de (bhuail stróc é agus tholg sé sífilis). Ní raibh sé in ann níos mó damáiste a dhéanamh agus fuair sé bás i 1947.

Agus mé ag léamh faoi cad atá ar siúl maidir le Donald J. Trump le déanaí, feictear dom go bhfuil cosúlachtaí láidir idir Capone agus Trump. Chun an fhírinne a rá, tá na cosúlachtaí sin an-soiléir do go leor daoine – Donald J. Trump san áireamh! Cuireann Trump é féin i gcomparáid le hAl Capone. Bhí miotal i gcnámha Capone,” a dúirt Trump ag cúpla cruinniú halla an bhaile le déanaí. Ach “ní raibh sé díotáilte ach uair amháin; Táimse díotáilte ceithre huaire.” (Díotáladh Capone sé huaire ar a laghad.) “Má d’fhéach tú ar Capone sa bhealach mícheart, dhéanfadh sé smionagar duit!” a mhínigh Trump. Tá sé bródúil as a bheith cosúil le ceann feadhna ar bhuíon coirpeach.

Feileon!

Feicim patrún i gcás Trump. Nuair nach n-éiríonn leis a bhfuil uaidh a fháil, diúltaíonn sé é agus cuireann sé an milleán ar na Daonlathaithe. Sin a tharla leis an toghchán uachtaránachta 2020, agus tá an rud ceannann céanna ag tarlú maidir leis na cásanna cúirte ina aghaidh. Tá sé ag rá gur feachtas géarleanúna atá ar siúl sna cúirteanna, eagraithe ag an Uachtarán Biden agus a rialtas. Níl an ceart aige faoi sin, agus is rud dainséarach bréaga mailíseacha mar sin a scaipeadh.

Ach in ainneoin aon rud a mhaíonn nó a shéanann sé, is é Donald J. Trump an chéad iaruachtarán ar ciontaíodh é mar fheileon. Chaill sé cás feidearálach (sin an fáth gur feileon anois é) agus cúpla cás sibhialta freisin cheana féin, agus tá trialacha eile fós le críochnú. Seo léargas ar na cásanna go léir agus a stádas.

Stát Nua-Eabhrac: Calaois

I dtitim na bliana 2022, chomhdaigh Ard-Aighne Nua-Eabhrac, Letitia James, cás sibhialta i gcoinne Trump agus a iarchúntóir Allen Weisselberg, ag líomhain scéim inar thuairiscigh Trump go calaoiseach luach maoine áirithe chun a bhille cánach a ísliú agus téarma a iasachtaí a fheabhsú.

Rialaigh an Breitheamh Arthur Engoron ar 16 Feabhra go gcaithfidh Trump $355 milliún móide ús a íoc. Tá cosc trí bliana freisin ar a chuideachta aon ghnó a dhéanamh i Stát Nua-Eabhrac.

Ar 25 Márta, an lá a bhí sé ceaptha bannaí a phostáil, laghdaigh cúirt achomhairc an méid a chaithfidh sé a phostáil go $175 milliún. Tá sé i gceist aige achomharc a dhéanamh, le spriocdháta sa samhradh seo.

Manhattan: Clúmhilleadh agus Ionsaí Gnéis

I mí na Bealtaine 2023, tháinig giúiré ar an gconclúid go ndearna Trump ionsaí gnéis agus clúmhillte ar an scríbhneoir E. Jean Carroll, agus bronnadh $5 milliún uirthi. Nuair a shéan Trump é sin go poiblí ansin, thug Carroll cás clúmhillte agus éileamh ceallraí ina éadan. I mí Eanáir, bronnadh $83.3 milliún do Carroll sa chás sin.

Tá achomharc déanta ag Trump sa dá chás, agus phostáil sé banna don $83.3 milliún i mí an Mhárta. Le linn an dara triail, lean sé ag maslú Carroll, rud a d’fhéadfadh dul ina aghaidh san achomharc.

Manhattan: Hush Money

I mí an Mhárta 2023, chomhdaigh an tAighne Dúiche Manhattan Alvin Bragg cúisimh fheileonachta i gcoinne Trump, ag líomhain gur fhalsaigh an tiaruachtarán taifid ghnó mar chuid de scéim chun airgead a íoc le mná a dúirt go raibh caidreamh collaí acu le Trump, agus chun faisnéis a choinneáil ón bpobal ar eagla go mbeadh drochthionchar aici air sa toghchán uachtaránachta.

Cuireadh tús leis an triail ar an 15 Aibreán agus chríochnaigh sí lena chiontú ar an 30 Bealtaine. Tá an phianbhreith sceidealaithe don 11 Iúil.

Is é an chéad chéim mhór eile ná pianbhreith a ghearradh, rud a thiocfaidh ach laethanta roimh Choinbhinsiún Náisiúnta na Poblachta. Gheall Trump achomharc a dhéanamh ansin, ach san idirlinn is feileon é!

An Roinn Dlí agus Cirt: Doiciméid Mar-a-Lago

Tá Jack Smith, abhcóide speisialta sa Roinn Dlí agus Cirt de chuid na Stát Aontaithe, tar éis 37 feileonacht a ghearradh ar Trump maidir le cáipéisí rúnaicmithe a bhaint as an Teach Bán nuair a d’fhág sé a oifig. In ainneoin iarratas i ndiaidh iarratais ag éileamh na cáipéisí a thabhairt ar ais, thug Trump neamhaird don rialtas, agus faoi dheireadh gabhadh na cáipéisí a bhí fós ar iarraidh.

Ní tharlóidh an cás seo go dtí 20 Eanáir, 2025 ar a luaithe. Cás tábhachtach é seo, mar chuir Trump an tír i mbaol, ó thaobh slándáil náisiúnta de.

Contae Fulton: Treascairt Toghcháin

Thug an tAighne Dúiche Fani Willis cás ollmhór i gcoinne Trump agus 18 duine eile, ag líomhain go ndeachaigh siad i mbun comhcheilge chun toghchán 2020 a ghoid.

Níl seans ar bith go dtosóidh an cás seo roimh an toghchán, mar tá agóid dhlíthiúil in aghaidh Willis le réiteach ar dtús.

An Roinn Dlí agus Cirt: Treascairt Toghcháin

Thug an tAbhcóide Speisialta Smith ceithre chás i gcoinne Trump freisin maidir lena iarracht fanacht i gcumhacht tar éis dó toghchán 2020 a chailleadh. Tá an cás seo sa chúirt i Washington, D.C.

Díotáladh Trump ar 1 Lúnasa, 2023. Níl an cás ag dul ar aghaidh go dtí cinneadh na Cúirte Uachtaraí ag freagra na ceiste: ar cheart don iaruachtarán a bheith díolmhaithe ó ionchúiseamh?

Conclúid

Beidh Trump gnóthach sa chúirt le fada an lá mura dtoghfar é mar uachtarán. Má bhuann sé an toghchán, déanfaidh a seacht ndícheall fáil réidh leis na cásanna go léir! Nach tráthúil! Seo an duine a bhíonn ag bleadracht an t-am go léir faoi na coirpigh de gach saghas atá ag teacht ina sluaite isteach thar teorainn. Ach ar amharc sé air féin sa scáthán, le déanaí?

gaGaeilge