Lá mór a bhí ann sna Stáit Aontaithe ar an 6 Eanáir, 2022, bliain go díreach tar éis an ruathair ag an gCaipeatól i Washington DC. Ba é Iaruachtarán Trump cúis na trioblóide sin, mar d’eagraigh slógadh ar an lá sin, gar don gCaipeatól, agus spreag sé a lucht leanúna chun éagóra. D’iarr sé orthu máirseáil go dtí an Caipeatól agus: troid go fíochmhar nó ní bheidh aon tír agaibh!”

Chonaiceamar go léir an sorcas a tharla ansin nuair a bhris dream bithiúnach isteach sa Chaipeatól agus iad ag troid go fíochmhar leis na póilíní agus ag lorg Mike Pence, Nancy Pelosi agus daoine tábhachta eile sa Rialtas, chun dochar a dhéanamh dóibh. “Croch Mike Pence, croch Mike Pence” a chan an drong mhallaithe, agus croch shealadach tógtha acu chun an jab sin a dhéanamh. Dar le Trump agus a lucht leanúna, ní raibh Iarleasuachtarán Pence dílis do Thrump, mar níor iarr sé an t-áireamh vótaí a stopadh mar ar iarradh air a dhéanamh. Lá uafásach a bhí ann, nuair a chonaiceamar go soiléir an daonlathas cáiliúil sin ar an dé deiridh, agus é faoi ionsaí ó chuid dá saoránaigh féin.

Chaill Trump an toghchán uachtaránachta gan dabht ar bith, agus cé go ndearna sé a dhícheall a mhalairt a chruthú, theip sé go hiomlán san iarracht sin. In ainneoin sin, 72 faoin gcéad de na Poblachtaigh sa tír nach nglacann leis an fhírinne sin. Agus bliain tar éis an ionsaithe sin agus in ainneoin na méideire fíricí a tháinig chun solais san idirlinn, sin an méid atá fós den tuairim sin!

Ag labhairt ar 6 Eanáir, 2022, cháin Uachtarán Biden Trump go géar, agus chuir sé an locht air go soiléir ar cad a tharla sa Chaipeatól ar 6 Eanáir, 2021, agus ansin dúirt sé go ndéanfaidh sé a seacht ndícheall tacaíocht láidir a thabhairt do dhaonlathas i Meiriceá. Cén fáth sa Diabhal ar fhan sé bliain fhada chun na focail troda sin a rá? Tá an daonlathas i Meiriceá faoi ionsaí i gcónaí, agus ní leor focail fholmha, fiú amháin ón Uachtarán, nuair atá sé thar am beart a dhéanamh.  Ach cad is féidir leis na Daonlathaithe a dhéanamh anois?

Reachtaíocht chun Cearta Vótála a chosaint

Sa bhliain 2013, rinne an Chuairt Uachtarach sna Stáit Aontaithe cinneadh uafásach a rinne damáiste as cuimse do reachtaíocht thábhachtach darb ainm ‘The Voting Rights Act’’, ionas go mbeadh aon Stát in ann dlíthe vótála nua a dhéanamh gan mhaoirseacht an rialtais fheidearálaigh. Thosaigh roinnt mhaith stát ag athrú a dlíthe ansin, chun é a dhéanamh an-deacair go háirithe do dhaoine nach den chine geal é iad a vótaí a chaitheamh.

Sa bhliain 2021, ritheadh 52 dlí sriantach sna Stáit Aontaithe reachtaíocht thoirmeascach claonta go tréan in aghaidh na mionlaigh ar Daonlathaithe iad go traidisiúnta. Tá dhá Acht ar ghá iad a rith i gComhdháil na Stáit Aontaithe gan mhoill chun cearta vótála a chosaint go tréan. Is í príomhaidhm an “Freedom to Vote Act”, ná spiorad bunleagain an ‘Voting Rights Act’ a chur i bhfeidhm arís, agus is í príomhaidhm an ‘Freedom to Vote Act, John Lewis Voting Rights Advancement Act’, ná ceal a chur ar aon riail leithchealach mar gheall ar chine, teanga nó eitneacht.  Ní bheidh sé éasca an dá acht a rith sa Seanad, agus beidh ar na Daonlathaithe an bac fadchainte (filibuster) a athrú, chun na hAchtanna a rith le 51 vóta in ionad na 60 a bheadh ag teastáil seachas sin.  In ainneoin na dúshláin ag baint leis an cur chuige sin, níl an dara rogha ag na Daonlathaithe ach triail a bhaint as.  

Fiosrúchán le hiniúchadh a dhéanamh ar na heachtraí ar 6 Eanáir, 2020

Tá fiosrúchán rialtais ar siúl ag coiste comhdhála faoi cad a tharla sa Chaipeatól ar an 6 Eanáir, 2021, agus tá eolas nua ag teacht chun solas beagnach gach lá. Tá sé soiléir anois go raibh go leor mionphleanála i gceist, agus gan dabht bhí Trump mar sheaimpín na n-iarrachtaí chun é féin a choimeád mar Uachtarán na tíre. Fiosrúchán ríthábhachtach é seo, agus ceisteanna móra le freagairt ann. Cén ról a bhí ag Donald Trump roimh, le linn, agus tar éis an ruathair?  Má tá Trump ciontach as na líomhaintí gur spreag sé a lucht tacaíocht chun gnímh agus éagóra agus ansin nár thug sé tacaíocht do na póilíní smacht a chur ar chúrsaí, is gá go gcuirfear cúiseanna coiriúla ina leith.

Caithfidh na Daonlathaithe an deis a thapú anois, mar ní bheidh seans eile acu an daonlathas sna Stáit Aontaithe a shábháil.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge