Ag deireadh na bliana, bíonn go leor daoine agus eagraíochtaí ag déanamh tuartha agus tairngreachtaí don bhliain nua. Táthar ann a chreideann cuid acu, ach ní áirím mé féin ina measc siúd. Ina ainneoin sin, tá na tuartha céanna an-suimiúil agus is ábhar machnaimh iad den chuid is mó. Ar a laghad, feiceann tú cruinneshamhail duine eile, agus uaireanta bainfidh sé sin geit asat, toisc go bhfuil sé go hiomlán éagsúil le do chruinneshamhail féin. Seo dhá shraith de thuartha, ceann amháin foilsithe san almanag dar teideal ‘Old Moore’s Almanac’ (foilsíodh é den chéad uair in 1764), agus an ceann eile fógartha ag iar-Uachtarán na Rúise, Dmitry Medvedev.

 

 

Tuartha ‘Old Moore’s Almanac’

 

 

Seo cuid de na tuartha san Almanac don bhliain 2023.

 

 

 Déanfar “athshocrú mór” den chóras airgeadais i 2023. Tá sé deacair dom dul ón rud ginearálta go dtí na rudaí sainiúla a d’fhéadfadh tarlú dá bharr sin.
 Beidh tionchar ag “imeacht Atlantach” ar chósta thiar na hÉireann an bhliain seo chugainn.  Eachtra mhór atá i gceist, de réir an tuair seo. Ní luaitear cén saghas eachtra atá i gceist.
 Beidh na harduithe i bpraghsanna tithe anseo níos moille, ach iad fós ag méadú. Ní aontaím leis sin, mar is é mo thuairim go mbeidh laghdú suntasach ar phraghsanna tithe i ndán dúinn.
 Beidh an bua ag Luimneach san Iománaíocht, agus ag Ciarraí sa Pheil.  Cad faoi Chill Chainnigh? Cén sórt tuair é seo?
 Beidh “rabhadh sláinte tromchúiseach” i gcás Donald Trump. Níl an tsláinte go maith aige, agus seans maith go dtarlódh rud éigin dó sa bhliain atá romhainn, ceapaim.
 Fulaingeoidh an t-idirlíon briseadh domhanda.  Ní aontaím leis sin, mar is córas dáilte é agus bheadh sé an-deacair a shamhlú conas is féidir an córas go léir a bheith briste – píosaí de, b’fhéidir.
 Beidh “fadhbanna pósta agus airgid” ag Prionsa Harry na Breataine agus Meghan Markle. Ní cuma liom fúthu!
 Beidh Pápa nua againn.  Seans ann, mar níl an tsláinte go maith aige agus tá sé ag dul in aois freisin!

 

 

Tuartha Dmitry Medvedev

 

 

“Ar Oíche Chinn Bliana, tá gach duine i mbun tuartha a dhéanamh,” a ghiolc Medvedev ar Twitter. “Bíonn go leor ag teacht suas le tuartha fiáine, amhail is dá mbeidís in iomaíocht leis na cinn is craiceáilte agus fiú na cinn is áiféisí,” a dúirt Medvedev agus é féin ag cur lena leithéid de thuartha.

 

 

 Beidh píosa na hÚcráine i seilbh na Polainne agus na hUngáire. Cruthófar an Ceathrú Reich”, a chuimseoidh críoch na Gearmáine agus a satailítí – an Pholainn, na Stáit Bhaltacha, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, agus cúpla áit eile freisin. Ansin, beidh cogadh idir an Fhrainc agus an “Ceathrú Reich” agus, sa phróiseas, roinnfear an Eoraip.  Níl ciall ná réasún leis an tuar seo. an Pholainn agus an Ungáir mar chuid den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), atá i gcomhghuaillíocht leis an Úcráin.  Níl aon uaillmhian ag an nGearmáin impireacht a bhunú ach an oiread, de bharr a staire náirí.    
 Scarfaidh Tuaisceart Éireann ón Riocht Aontaithe agus rachaidh sé isteach i bPoblacht na hÉireann. Mar is eol dúinn go léir, is tuar áiféiseach é seo, mar tá próiseas casta ag baint le hathaontú na hÉireann, agus is gá tromlach sa Tuaisceart a bheith ar son athaontú roimh aon rud eile. Níl an tromlach ann faoi láthair, agus ní athróidh sé sin go ceann i bhfad.
 Brisfidh cogadh cathartha amach sna Stáit Aontaithe, agus éireoidh California agus Texas ina stáit neamhspleácha dá bharr sin. Beidh Texas agus Meicsiceo ina stáit comhghuaillithe.  Cé go bhfuil fadhbanna polaitiúla sna Stáit Aontaithe, níl aon chomhartha go mbrisfidh cogadh cathartha amach lá ar bith feasta. Níl aon ghean ag Texas agus Meicsiceo ar a chéile, agus tá sé deacair a shamhlú iad mar chomhghuaillithe go deo!  
 Buafaidh Elon Musk an toghchán uachtaránachta sna stáit a bheidh, tar éis dheireadh an chogaidh chathartha, tugtha don Pháirtí Poblachtánach). Is é seo an tuar is áiféisí!  Gan dabht, cheap Musk go raibh tuartha Medvedev (agus go háirithe an ceann seo) an-ghreannmhar, mar d’fhreagair sé leis a tvuít féin, ag rá: Tvuít Eipice!

 

 

Conclúid

 

 

Tá difríocht lá agus oíche idir an dá shraith tuartha sin, agus cé go bhfuil tuartha ‘Old Moore’s Almanac saghas inchreidte, is cúis gháire iad tuartha Dmitry Medvedev. An difríocht? I mo thuairim, níl rún na ceirde ar eolas ag Medvedev. Seo an rún: ‘Úsáid nathanna doiléire i do thuartha, agus ansin cuma cad a tharlóidh, seans maith go dtiocfaidh tuar fá do thairngreacht!

 

 

.

 

 

.

 

 

gaGaeilge