Fuair Ryan Tubridy €345,000 in íocaíochtaí rúnda breise ó RTÉ ó 2017 suas go dtí 2023.  Bhí an comhlacht i mbun chlár ollmhór costchiorraithe ar feadh an ama sin agus laghdú tuarastail 15% curtha i bhfeidhm ag an stáisiún.lucht RTÉ á cheistiú ag Coiste Oireachtais na Meán agus Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais. De réir RTÉ, is í Dee Forbes, iar-ardstiúrthóir an chomhlachta, an t-aon duine amháin a bhí ar an eolas faoi na sonraí go léir ag baint leis na híocaíochtaí breise do Tubridy. Is léir gur ceap milleáin í agus creideann an rialtas gur míniú áiféiseach atá i gceist leis an scéal seo!

Seo achoimre agus cúpla smaoineamh faoin gconspóid.

1.Easpa trédhearcachta is cuntasachta. D’iarr na coistí rialtais thuasluaite ar Dee Forbes, ar cuireadh ar fionraí í óna post mar ardstiúrthóir RTÉ, freastal ar chruinnithe na gcoistí. Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais ag iarraidh ar Ryan Tubridy, ar a ghníomhaire Noel Kelly, agus ar Dee Forbes teacht os comhair an choiste, chun a scéalta a insint agus ceisteanna a fhreagairt.  Deir Dee Forbes go bhfuil sí tinn anois de dheasca na géarchéime seo!  Deir Tubridy agus Kelly go bhfreagróidh siad ceisteanna go luath, ach níl níos mó eolais againn agus an colún á scríobh agam. I mo thuairim, ba cheart go mbeadh an dualgas seo mar cheann de na coinníollacha fostaíochta dóibh siúd, gan beann ar aon rud eile. Nach gcaithfear daoine in oifigí poiblí nó i bpoist iontaoibhe eile a choinneáil cuntasach?   an rialtas in ann a sheirbheáil ar dhaoine teacht os comhair an Oireachtais, ach tá sé casta go leor é sin a dhéanamh, go háirithe i gcás Dee Forbes mar tá sí tinn agus níl sí ag obair in RTÉ níos mó. Ar aon nós, tá an rialtas ag tabhairt cuirí do na daoine thuasluaite, agus más gá cuirfear iallach orthu freastal ar chruinnithe eagraithe ag an gcoiste um Chuntas Phoiblí an Oireachtais.  
2.‘Ciste Dubh’. Chuaigh Príomhoifigeach airgeadais RTÉ Richard Collins os comhair an Oireachtais agus thug sé rudaí nua chun solais. Bhí cuntas bainc speisialta ag RTÉ, agus is as an gcuntas sin a rinne siad na híocaíochtaí breise do Tubridy. Baineadh úsáid as an gcuntas ‘babhtála’ seo, a raibh níos mó ná 1 milliún ann de ghnáth, le €275,000 a chaitheamh ar imeachtaí spóirt (taisteal, ticéid agus óstáin) – Corn Rugbaí an Domhain, Sraith na Seaimpíní (ticéid deich mbliana), cluichí IRFU agus sacair na hEorpa, ar an áireamh – fan trácht ar flip fleapanna! Dúirt Collins go mb’fhéidir gur fealladh ar na híocóirí cánach! Beidh ceisteanna eile le freagairt ag RTÉ faoin gciste seo, gan dabht, go háirithe mar fuarthas amach le fíorghairid go bhfuil trí chuntas den saghas seo i gceist! Dúirt Aire Caiteachas Phoiblí Pascal Donohoe go mbeidh an rialtas ag lorg tuairiscí airgeadais ag dul siar roinnt blianta, chun tuiscint níos doimhne a fháil faoin gconspóid.
3.Gníomhaire. Fear an-chumhachtach is ea Noel Kelly, gníomhaire hamháin do Tubridy, ach do dhaoine eile mór le rá freisinDave Fanning, Kathryn Thomas, Matt Cooper agus Ivan Yates san áireamh. Meáncheannaí is ea é, a thógann coimisiún 15% ó thuarastal a chliant. Beidh go leor ceisteanna le freagairt ag Kelly, gan dabht. Ach ná déan dearmad ar rud amháin: cé go bhfuil Kelly in ann a chomhairle a chur ar a chliaint, is iadsan atá i gceannas agus is iadsan a thugann treoracha dó. Sa tslí sin, is é ar Tubridy atá an cháipéis maidir leis na socruithe airgeadais a bhí á n-éileamh aige. Ar dtús, níor ghlac Tubridy leis an bhfreagracht sin, ach d’athraigh sé a phort gan mhoill tar éis tamaillín. I mo thuairim, ba cheart do RTÉ dul chun réitigh lena bhfostaithe faoina dtuarastail go díreach gan aon ghníomhaire i láthair.
4.An iomarca airgid. Nuair atá an iomarca airgid i gceist, bíonn fadhbanna ag baint leis sin i gcónaí, agus sáraíonn an tsaint í féin. Mar sin, is gá maoirseacht sheachtrach a dhéanamh ar chomhlachtaí agus cumhacht a bheith ann chun pionós a ghearradh ar chomhlachtaí a bhriseann na rialacha. I gcás RTÉ, tá an doras a dhúnadh i ndiaidh na foghla.

Conclúid

Níl muid ach ag tús an imscrúdaithe anois, agus tá go leor le foghlaim againn fós faoi cad a bhí ar siúl in RTÉ le roinnt blianta. Tiocfaidh an fhírinne go léir amach, is dócha, agus ansin beidh ar an rialtas cinneadh a dhéanamh ionas nach dtarlóidh a leithéid arís. Tá súil agam go gcuirfear eagraíocht maoirseachta sheachtrach in áit a mbeidh na cumhachtaí riachtanacha acu agus a choinneoidhil ghéar ar an RTÉ nua agus ar aon eagraíochtaí eile a úsáideann ár gcánacha chun feidhmiú.

.

.

.

gaGaeilge