Is amhail gur ag brionglóid a bhí cuid mhaith dúinn ach táimid go léir inár ndúiseacht anois! raibh súil ar bith againn le cad a tharla i lár na príomhchathrach le déanaí.

Ionsaí Uafásach

Bhí triúr páiste agus a gcúntóir cúraim ag gabháil isteach i líne taobh amuigh scoil, Gaelscoil Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell, nuair a d’ionsaigh fear iad. Sháigh iad le scian agus gortaíodh go dona beirt dóibhcailín cúig bliana d’aois agus an cúntóir cúraim, bean sna tríochaidí. siad fós san ospidéal agus cóir leighis á fáil acu, agus é seo á scríobh.   olcas a bhí cúrsaí, bheidís i bhfad níos measa gan an chrógacht a léirigh daoine, go háirithe beirt inimirceach.

Caio Benicio

Dúirt an tUasal Benicio, Brasaíleach ó dhúchas, a bhí ag obair don tseirbhís Deliveroo agus ag tiomáint a ghluaisrothair ag am an ionsaithe, gur mhoilligh nuair a chonaic cad a bhí ar siúl.

Instinn dúchais a bhí i gceist,” a dúirt Caio. “Is cuimhin liom gur bhain mo chlogad amach chun féin a chosaint agus é a úsáid mar arm. Bhuail an t-ionsaitheoir sa cheann lena raibh de neart agam. Agus thit síos.”    

A bhuíochas intinn ghéar agus a ghníomh cróga, cuireadh stop leis an ionsaí uafásach sin, agus ghabh na gardaí an t-ionsaitheoir. an t-ionsaitheoir féin san ospidéal faoi láthair.

Leo Villamayor

Bhí altra Filipíneach ag siúl go dtí óstán an Gresham, nuair a chonaic an t-ionsaí. Dúirt an t-altra Leo Villamayor: “Chonaic an cailín beag seo, bhí ag rith agus ansin stad gach rud, agus thit ina cnap ar an talamh.  Bhí giorra anála uirthi agus bhí cóir leighis ag teastáil go géar uaithi. Thosaigh ag déanamh comhbhrúite cliabhraigh uirthi. Go tobann, chuala an t-otharcharr taobh thiar dínn, chuala go raibh an dífhibrileoir ann, agus bhrúigh duine éigin amach as an mbealach .  Chuir beirt fhear an dífhibrileoir ar a cliabhrach, agus ansin ghlac bean in aice liom ceannas. Bhí amhail is mba radharc ó scannán é, ar fad ar an mall-luas.”   Seans mór gur shábháil Leo beatha an chailín sin nuair a léim isteach gan mhoill chun cabhair a thabhairt di.

Círéib

Tháinig timpeall 500 círéibeoir le chéile i ndiaidh an ionsaithe agus rinne siad damáiste ollmhór i lár na cathrach. Agus comhtharlú é sin! Chuaigh teachtaireachtaí amach ar líne ar na meáin sóisialta agus ar ghrúpaí comhrá, ag go mícheart gur inimirceach neamhdhleathach a rinne an t-ionsaíis saoránach Éireannach é, ina chónaí sa tír le fiche bliain anuas, agus gur cheart dóibh bhailiú i lár na cathrach le slógadh agóide frith-inimirce.  Dódh roinnt carranna póilíní, trí bhus agus traein iarnróid éadrom. Creachadh níos dosaen siopa. Dúirt na póilíní gur ghabh siad 48 duine, ar cuireadh gairm chúirte ar an gcuid is dóibh i dtaobh iompair chíréibigh, ionsaithe agus gadaíochta.  Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar, go ndéanfaidh an rialtas dhá phríomhphíosa reachtaíochta laistigh de sheachtainí. Tabharfar cumhacht do na póilíní teicneolaíocht aitheantais aghaidhe a úsáid chun rianú a dhéanamh ar thaifid ó theilifís ciorcad iata, maidir leis an gcíréib. Tabharfar cumhacht dóibh freisin ionas go mbeidh siad in ann tionscnóirí fuathchainte ar líne a ionchúiseamh.

Conclúid

chreidfeá go dtarlódh a leithéid anseo in Éirinn. Sin an fhreagairt instinneach a bhí ag a lán daoine. Ach ar an taobh eile den scéal, bhí comharthaí ann a léirigh go raibh cúrsaí ag dul ó smacht le cúpla bliain anuas. Mar shampla, ionsaíodh cúpla duine go dona sa samhradh i lár Bhaile Átha Cliath. Ionsaíodh aisteoir ón Úcráin go dona i an Mheithimh díreach taobh amuigh d’Amharclann na Mainistreach. I Iúil, ionsaíodh turasóir Meiriceánach agus gortaíodh go dona é, gar lóistín i lár na cathrach. Tar éis sin, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee go raibh i dteagmháil leis an nGarda faoin imscrúdú. “Seolfar an teachtaireacht le freagairt dhian agus dhaingean nach gcloífidh muid leis an maistíneacht seo ar ár sráideanna.”  Nuair a fiafraíodh de faoi ionsaithe ar an aisteoir ón Úcráin agus ar an turasóir Meiriceánach, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadhfreagra láidir ón Rialtas i dtéarmaí pionóis sibhialta agus ó thaobh acmhainní an Gharda a mhéadú”. Ach dhearnadar tada san idirlinn, agus féach cad a tharla! antoiscigh den eite dheas ag déanamh radacú ar dhaoine agus ag úsáid an idirlín chun fuath ciníoch a spreagadh agus a scaipeadh. Eagraíonn siad agóidí foréigneacha gach seans a bhíonn acu, an agóid seo a tharla le déanaí san áireamh. Is don rialtas a bheith ag déanamh monatóireacht ar an idirlíon chun réamhrabhadh a fháil ionas go mbeidh siad in ann an pobal a chosaint ar fhoréigean gránna cosúil le mar a chonaiceamar le déanaí. Bhí ár rialtas neamhairdeach i mbun a gnó go dtí seo. Muna gcuirtear plean láidir i bhfeidhm go luath, éireoidh cúrsaí níos measa, agus beidh i bhfad níos deacra an ghéarchéim eiseach, bhagrach seo a réiteach ansin!

gaGaeilge