Cheap mé go raibh seachrán a theacht orm cúpla lá ó shin.  Cén fáth? Fuair mé glao teileafóin ar m’fhón póca, agus nuair a bhreathnaigh mé ar an scáileán chun a fheiceáil cé a bhí ann, cad a chonaic mé ach mo phictiúir agus m’uimhir féin!  Tháinig mearbhall orm, ach níor fhreagair mé. Níor fágadh aon teachtaireacht ghlórphoist ach an oiread.

Ach ní mar sin a bhí sé nuair a d’fhreagair Joseph agus Maggie Baker glao ó fón a mic, Jake, i mí Aibreán i Meiriceá.  Dúirt an glaoiteoir gur fhuadaigh sé a mhac, agus go maródh sé é mura gcuirfidís airgead chuige. Rinne siad mar a dúirt sé, agus ansin chuir ag glaoiteoir síos an fón orthu.  Chuir siad glao ar na gardaí láithreach, agus bhrostaigh na gardaí go dtí teach Jake. Ach bhí sé slán sábháilte sa bhaile. Camscéim a bhí ann, atá ag éirí níos coitianta faoi láthair – ‘fuadach fíorúil’ a thugtar air.

Seo ré nua i saol na n-ealaíontóirí scama.  Tá na caimiléirí in ann uimhir bhréige a úsáid atá an-cosúil le d’uimhir fhéin, sa chaoi is go gcreidfeá go mb’fhéidir gur comharsa nó duine den teaghlach atá ag glaoch ort!  

Má fhreagraíonn tú, téann siad ag obair go díreach le cleas de chineál éigin.  Má dhéanann tú mar a iarrtar duit, gheobhaidh siad eolas pearsanta fút chun d’airgead a fháil, nó airgead díreach cosúil leis an gcás uafásach thuas.  Tá cásanna ann agus cé nach roinntear aon eolas pearsanta, cuireann na caimiléirí ceisteanna ort ag lorg an focal ‘Sea’ agus ansin úsáideann siad taifead de chun pearsanú a dhéanamh ort chun airgid a fháil.

Fiú amháin mura bhfreagraíonn tú, ach má ghlaonn tú ar ais, tá seans go n-atreoraítear go glao ardráta í agus ansin beidh bille mór agat ón gcomhlacht teileafóin.

An bhfuil aon rud is féidir leat a dhéanamh chun a bheith slán ó dhíobháil?

Cé go raibh sé béasach glaonna a fhreagairt sna seanlaethanta, is ré nua cumarsáid atá ann inniu, agus mar sin caithfidh tú d’iompar féin a athrú.  Seo cúpla nod cad is fearr duit a dhéanamh nuair a bhuaileann d’fhón.

Is é an rud is tábhachtaí ach gan an glao a fhreagairt mura n-aithneofá an uimhir a ghlaoigh.  Níl sé deacair liosta teagmhála a choimeád ar d’fhón, leis na huimhreacha agus ainmneacha daoine a bhfuil tú sásta caint leo ar d’fhón.  Nuair a bhuaileann d’fhón, agus má tá an uimhir a ghlaoigh sa liosta, tiocfaidh an uimhir agus an t-ainm suas agus ansin beidh a fhios agat cé atá ann.  Cuirim fainic amháin ort, agus sin déan cinnte más féidir gurb é do theagmháil atá ann. Mar tá seans beag ann gur bréaguimhir í atá mar an gcéanna le ceann de do theagmhálacha.

Mura bhfuil uimhir thábhachtach i do liosta cheana féin, de ghnáth gheobhaidh tú glórphost ón nglaoiteoir, agus ansin beidh tú in ann an uimhir nua a chur i do liosta.  Ní fhágann glaonna bréagacha glórphost go hiondúil.

Tugann sé seo mé go dtí an chéad phointe eile.  Mura bhfuil tú cinnte cé atá ar an taobh eile den líne, ná tabhair amach aon eolas fút fhéin,, fiú amháin d’ainm, uimhir fhóin, seoladh nó, aon eolas pearsanta eile freisin.  Agus is é an rud is sábháilte a dhéanamh nó gan aon eolas airgeadais a thabhairt amach riamh. Má deir an glaoiteoir gurb as institiúid airgeadais é/í, inis dó/di go nglaofaidh tú ar ais, agus úsáid an uimhir ar an ráiteas institiúide atá agat chun an glao a chur ar ais.

Dála an scéil, tá an prionsabal céanna i gceist le téacsanna agus le glaonna fóin.  I mBéarla, úsáidtear na téarmaí ‘vishing’ (glao bréagach) agus ‘smishing’ (téacs bréagach) – tá siad chomh coitianta sin go bhfuil ainmneacha speisialta orthu i mBéarla!

Seo comhairle deiridh agam duit, a bheidh an-bheidh an-úsáideach, má tá an méid glaonna bréagacha ag bualadh ort  gur mór an crá croí é. Bhí sé mar sin domsa, agus chuaigh mé ag lorg réiteach.

Tá go leor aipeanna cliste ar fáil a bhacann turscar fóin.  Tá na cinn seo measartha maith, is dócha: ‘Hiya’, ‘Mr. Number’ agus ‘Truecaller’.  Bain triail astu, go bhfeice tú cén ceann ab fhearr leat. Ní úsáidfinn féin m’fhón gan Hiya a bheith ag rith, agus ag dul i ngleic leis na drochdhaoine agus a róbait atá ag iarraidh mé a robáil!

   

.


.

.

.

.

gaGaeilge