Litir ó Mheiriceá – Ag Lúbadh na Rialacha ar Muir

I nduibheagán gorm dheisceart Mhuir Chairib, i bhfad ó shúile fiosracha an phobail, tháinig athrú bunúsach ar chur chuige Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) maidir le smuigléirí drugaí ar muir.

Ar an 2 Meán Fómhair bhuail arm SAM a chéad aerbhuille marfach in aghaidh báid a raibh amhras faoi go raibh drugaí á smuigleáil air. Treoir nua shuntasach a bhí i gceist: Maraigh smuigléirí ar muir seachas iad a ghabháil. Ní mar seo a bhí na rialacha san am a chuaigh thart, agus tá stoirm chonspóide cothaithe faoi seo i Washington D.C. faoi láthair.

An Targaid

Cheangail tuairiscí faisnéise an bháid leis an Tren de Aragua, drong Veiniséalach a d’ainmnigh rialtas SAM le déanaí mar Eagraíocht Sceimhlitheoireachta Eachtrach. De réir gach rialtais roimhe seo, ba é Garda Cósta SAM a rachadh i ngleic le bád mar seo. Scaoilfidís urchar rabhaidh thairis roimh dhul ar bord. Ghabhfaidís na smuigléirí agus an fhianaise agus bheadh triail i ndán dóibh i gcúirt dlí.

Ach le “Operation Southern Spear,” athscríobhadh na rialacha. Dar leis an rialtas, faoi cheannas an Uachtaráin Donald Trump agus an Rúnaí Cosanta Pete Hegseth, is ionann smuigleáil drugaí agus ionradh armtha, rud a thugann údar maith le freagairt mhíleata a thabhairt seachas freagairt forfheidhmithe dlí.

An Chéad Bhuille

Cuireadh tús leis an oibríocht le hionsaí mionchruinn. Bhuail diúracán treoraithe an t-árthach ina lár chun an chabhail a bhriseadh agus stóir bhreosla an bháid a phléascadh. Rinne an pléascadh sin smidiríní den struchtúr snáithín gloine, agus maraíodh naonúr den aon fhear déag ar bord ar an toirt.

D’iompaigh an bád scriosta béal faoi. Bhí smionagar agus burlaí cócaoin scaipthe ar an uisce. Díreach ina dhiaidh sin, d’eitil dróin faireachais os cionn na háite a sheol físeán beo ar ais chuig ionaid cheannais i Florida agus sa Pheinteagán. Léirigh an píosa scannáin fadhb gan choinne: beirt a tháinig slán.

Gan léine agus gan arm, d’éirigh leis an mbeirt fhear dreapadh ar chuid den chíle a bhí ar snámh. Bhí siad ar fán in uiscí idirnáisiúnta iargúlta, a n-árthach scriosta agus a gcomrádaithe marbh. Bhí siad gan chosaint agus gan chúnamh.

An Dara Buille

Tá cosaint faoi Choinbhinsiúin na Ginéive ag saighdiúirí atá hors de combat — daoine atá curtha as an gcomhrac mar gheall ar ghortú nó longbhriseadh. Faoi théarmaí na gCoinbhinsiún, tá sé de dhualgas iad a tharrtháil más féidir, agus níl sé ceadaithe iad a mharú.

In ainneoin sin, d’ordaigh ceannasaí na hoibríochta, an tAimiréal Cabhlaigh Frank “Mitch” Bradley, dara buille a bhualadh ar an smionagar, a raibh an bheirt ar foscadh ann.

Tuairiscíodh gur léirigh físeán dróin an bheirt mharthanóirí ag croitheadh a lámh roimh ré. Bheadh léirmhíniú na comharthaíochta seo ina bhunús le cath polaitiúil téite níos déanaí. Dar le reachtóirí Daonlathacha agus breathnóirí cearta daonna a chonaic an físeán, ba léir go raibh na fir i gcruachás, ag déanamh comharthaí géillte nó tarrthála. Ní raibh raidió acu, ná airm, ná aon mhodh gluaiseachta.

Don rialtas agus dá chosantóirí, áfach, léirmhíníodh an croitheadh lámh ar bhealach eile. Mhaígh an Seanadóir Tom Cotton agus oifigigh mhíleata go raibh na fir ag déanamh comharthaí do bháid cairtéil sa cheantar, agus mar sin go rabhadar fós ag troid agus ag iarraidh an lastas aindleathach a tharrtháil. Tuairiscíodh go ndearna an tAimiréal Bradley measúnú go raibh an smionagar, ina raibh cócaon fós b’fhéidir, ina sprioc mhíleata bhailí le scriosadh.

Ar aon nós, ar orduithe an aimiréil, bhuail dara sraith de mhuinisin an smionagar. Maraíodh an bheirt mharthanóirí láithreach.

Conspóid Dlí agus Eitice

“Is é an téarma atá againn maidir le gníomh réamhbheartaithe mar sin lasmuigh de choinbhleacht armtha ná dúnmharú,” a dúirt Brian Finucane, iar-dhlíodóir de chuid na Roinne Stáit, in agallamh tar éis na heachtra. “Tá sé neamhdhleathach go follasach duine a mharú atá tar éis longbhriseadh a fhulaingt.”

Bhí cosaint an rialtais ag brath ar na spriocanna. Tríd an gcriú a ainmniú mar “narco-sceimhlitheoirí,” mhaígh an Peinteagán gur chomhraiceoirí namhaid neamhdhleathacha iad na smuigléirí sin, a bhí ina mbagairt leanúnach ar shlándáil náisiúnta SAM. Chosain an Rúnaí Cosanta Hegseth an cinneadh go láidir, ag rá: “Má thugann tú drugaí chuig an tír seo i mbád, aimseoidh muid thú agus cuirfidh muid go tóin poill thú.”

Ach le breis agus céad bliain anuas, ó rinne SAM a chéad urghabháil óipiam ar muir sa bhliain 1886, ba ghníomh póilíneachta, ní gníomh míleata, é dul i ngleic le drugaí á smuigleáil ar muir. Bhí daoine neamhchiontach go dtí go gcruthófaí a gciontacht; bailíodh fianaise; reáchtáladh trialacha. Ach sa chás seo, cuireadh ionsaithe dhiúracán Hellfire in áit phróiseas cuí an dlí.

Na hIarmhairtí

Sna míonna a lean an eachtra seo, rinne fórsaí SAM os cionn 20 ionsaí eile mar sin, ag marú níos mó ná 80 duine. Ina measc siúd bhí Colómaigh, Veiniséalaigh, agus saoránaigh de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága. Cé gur mhaígh SAM gur sceimhlitheoirí iad go léir, dúirt teaghlaigh na marbh gur iascairí bochta iad ar cuireadh orthu dul i mbun smuigleála—oibrithe sealadacha nach raibh aon eolas acu ar an gcogadh geopholaitiúil níos leithne.

Fadhb mhór ba ea an easpa trédhearcachta freisin. Níor eisíodh ainmneacha na marbh ar dtús. Níor aimsíodh aon choirp le haghaidh scrúdú iarbháis. Chuaigh an “fhianaise” go tóin Mhuir Chairib.

I Washington, thosaigh imscrúduithe, ag éileamh a fháil amach an raibh ordú neamhdhleathach ar nós “maraigh iad go léir” eisithe. Cé gur thug an tAimiréal Bradley fianaise nach bhfuair sé aon ordú follasach den sórt sin ó Pete Hegseth, ag an am céanna, d’ordaigh sé féin an dara buille. Léiríonn sé sin cén saghas cultúir atá i gceist le hoibriúchán Southern Spear.

Ré Nua Cogaíochta?

Feidhmíonn a tharla ar an 2 Meán Fómhair, 2025, mar chloch mhíle ghruama i bpolasaí eachtrach Mheiriceá. Sin é an lá a thug SAM neamhaird ar Choinbhinsiúin na Ginéive, trí marthanóirí gan cosaint a mharú.

Ardaíonn an t-iompar uafásach sin ceisteanna míchompordacha freisin: An féidir le rialtas a fhógairt go haontaobhach gur saighdiúirí iad coirpigh? Agus más ea, an bhfuil an ceart acu ansin iad a mharú gan próiseas cuí, go háirithe iad atá hors de combat? Cad is fiú Coinbhinsiúin na Ginéive, má thugtar neamhaird air?

Beidh éisteachtaí comhdhála agus cásanna dlí ar siúl chun dul i ngleic leis an eachtra uafásach seo, agus chun na ceisteanna sin a fhreagairt. Cé go bhfuil sé soiléir dúinn go léir, is dócha, cad iad na freagraí cearta, an mbeidh an dearcadh céanna ag rialtas SAM, rialtas atá faoi smacht Uachtarán Trump, nach bhfuil meas na muice aige ar rialacha náisiúnta nó idirnáisiúnta?

 

gaGaeilge