Sáinnithe i lár Cogaidh – Tuairisc mo nia ó Dubai!
Tá cúrsaí i bhfad níos strusmhaire anois d’Éireannaigh atá ina gcónaí agus ag obair sa Mheánoirthear, go háirithe san UAE, ó chuir na Stáit Aontaithe agus Iosrael tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráine. Cé go ndeir an Iaráin go bhfuil sí ag díriú ar bhunáiteanna míleata i stáit Arabacha na Murascaille, tuairiscíodh gur buaileadh óstáin agus láithreáin shibhialta eile chomh maith san UAE. Dá bharr sin, tá an saol athraithe go mór i Dubai, áit a bhfuil mo nia agus mo neacht ina gcónaí lena dteaghlaigh le blianta anuas.
Sular thosaigh an cogadh, measadh go forleathan go raibh Dubai ar cheann de na cathracha ba shábháilte agus ba rachmasaí ar domhan. Anois, tá diúracáin agus dróin á scaoileadh ag an Iaráin i dtreo an UAE beagnach gach lá. Idircheapann cosaintí aeir an UAE an chuid is mó díobh, ach ní éiríonn leo iad go léir a stopadh. Ní thugann sé sin ach beagán sóláis do theaghlaigh a bhfuil cónaí orthu ann, go háirithe iad siúd a bhfuil páistí óga acu.
D’iarr mé ar mo nia agus ar mo neacht cur síos a dhéanamh ar an saol laethúil i Dubai faoi láthair. Táim ag foilsiú tuairisc mo nia inniu, mar léiríonn sí go soiléir conas atá an saol ann faoi láthair.
“Tá an saol i Dubai athraithe go mór le coicís anuas. Tá éiginnteacht agus dothuarthacht le mothú ann, agus uaireanta braitheann sé contúirteach. Tá athrú soiléir tagtha ar an saol ó lá go lá.
Uaireanta nuair a bhíonn tú lasmuigh, cloiseann tú diúracáin os do chionn nó feiceann tú iad ag trasnú na spéire, agus cuid acu á n-idircheapadh os do chomhair. Tá fuaim na bpléascanna sin murab ionann agus aon rud eile a chuala mé riamh. Téann an tonnchrith trí do chorp ar fad, agus ní féidir neamhaird a dhéanamh di.
Faighimid teachtaireachtaí foláirimh oifigiúla ón rialtas beagnach gach lá, ag tabhairt treorach dúinn dul faoi dhídean nuair a bhíonn tonnta diúracán ag teacht inár dtreo. Le déanaí, tagann teachtaireachtaí eile uair a chloig nó dhó ina dhiaidh sin ag dearbhú go bhfuil an scéal faoi smacht arís. San oíche go háirithe, bíonn daoine i bhfad níos airdeallaí, ag seiceáil a bhfóin, ag faire ar fholáirimh agus ag éisteacht le fuaimeanna neamhghnácha. Cruthaíonn sé sin teannas atá anois mar chuid den ghnáthshaol. Tá rud amháin tugtha faoi deara agam: gach uair a théim amach, féachaim suas sa spéir le bheith cinnte. Tá sé sin ina nós instinne anois, rud a bheadh aisteach go maith tamall beag ó shin.
Do theaghlaigh, go háirithe iad siúd a bhfuil páistí óga acu, is é sin ceann de na gnéithe is deacra. Tá beirt pháistí beaga againn, agus bíonn fuaim na bpléascanna sin an-scanrúil dóibh. Is cinnte go mbíonn eagla orthu agus nach dtuigeann siad cad atá ag tarlú, agus mar sin déanaimid iarracht an scéal a mhaolú agus iad a chur ar a suaimhneas, ag rá leo gur gnáthrud atá i gceist, mar shampla gluaisteáin póilíní nó otharchairr ag dul thar bráid.
Tá tionchar mór tagtha ar chúrsaí taistil freisin. Mar gheall ar dhúnadh an aerspáis, ní raibh eitiltí ag feidhmiú ar feadh tréimhsí áirithe. Ar laethanta áirithe, osclaíodh an t-aerspás arís ar feadh cúpla uair an chloig chun ligean do dhaoine a bhí ar saoire anseo filleadh abhaile go háiteanna cosúil le hÉirinn agus Sasana, ach fós féin cuireadh go leor eitiltí ar ceal. Uair amháin, nuair a thosaigh eitiltí arís ar feadh tamaill ghairid, bhí cuma ar aerárthaí sibhialta go raibh siad ag eitilt taobh le taobh le scairdeitleáin mhíleata. Ní fhaca mé a leithéid riamh roimhe sin, agus b’eispéireas osréalach é.
Sa ghnáthshaol, tá i bhfad níos lú tráchta ar na bóithre, cé go bhfuil formhór na ndaoine fós ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena ngnáthaimh agus lena ndualgais laethúla. Ní mór a rá go bhfuil na córais freagartha ag obair go han-éifeachtach. Ina ainneoin sin, tá cásanna ann fós ina ndearna dróin nó smionagar damáiste d’fhoirgnimh.
Ar an iomlán, tá daoine ag dul i dtaithí ar an scéal chomh maith agus is féidir leo, ach tá an t-atmaisféar an-difriúil anois. Tá tuiscint ann go bhféadfadh cúrsaí athrú go tobann. Leanann an saol laethúil ar aghaidh, ach tá gach duine níos airdeallaí agus níos cúramaí ná mar ba ghnách.”
An tseachtain seo chugainn, leanfaidh mé leis an tsraith seo le tuairisc mo neachta ó Dubai.



