Tá IS linn anois.

Tá sí in ospidéil, i seomraí ranga, i mbainc, i seomraí nuachta, i bhfóin, i gcarranna, i gcúirteanna, i gcórais armála agus in obair bhaile páistí. Scríobhann sí cód, léann sí íomhánna leighis, dréachtaíonn sí litreacha, aistríonn sí teangacha, cruthaíonn sí íomhánna, déanann sí achoimre ar thuairiscí agus freagraíonn sí ceisteanna le muinín saineolaí. Is cosúil le ginid an lampa í IS: tugaimid ordú di agus déanann sí é.

Is féidir le IS galair a aimsiú níos luaithe, drugaí nua a dhearadh, agus teagasc pearsanta a chur ar fáil. Is féidir léi cabhrú le healaíontóirí agus scríbhneoirí, cé gur féidir léi dochar a dhéanamh dóibh chomh maith.

Tá fadhb mhór ann, áfach. Tá IS á tabhairt isteach i ngach cuid den tsochaí sula dtuigimid go hiomlán na contúirtí a bhaineann léi.

Geoffrey Hinton

Is fiú go mór éisteacht le Geoffrey Hinton ar an ábhar seo. Chabhraigh sé le IS a chruthú. Bhí a chuid oibre ceannródaíche ar líonraí néaracha agus ar dhomhainfhoghlaim ina céim thábhachtach i bhforbairt IS nua-aimseartha. Roinn sé Duais Turing i 2018 agus bhuaigh sé Duais Nobel san Fhisic in 2024.

Ar feadh na mblianta, d’oibrigh Hinton ar smaoineamh a bhí curtha i leataobh ag cuid mhór daoine sa ríomhaireacht. Sna foirmeacha níos luaithe de IS, scríobh daoine cód don ríomhaire. Chreid Hinton go raibh bealach níos fearr ann: ligean don ríomhaire foghlaim ó shamplaí agus a iompar féin a choigeartú.

Sna 1980idí, ní raibh tóir ar líonraí néaracha saorga. Bhí an iomarca sonraí agus cumhachta ríomhaireachta de dhíth orthu. In ainneoin sin, lean Hinton leis an obair ar shamhlacha ar nós an mheaisín Boltzmann agus chabhraigh sé le forbairt algartam forleata shiarghabhálaigh, a ligeann do líonraí néaracha feabhsú trína gcuid botún féin a cheartú.

Faoi dheireadh, sa bhliain 2012, tháinig an cor cinniúnach. Bhuaigh AlexNet dúshlán ImageNet, comórtas ina mbíonn ar ríomhairí íomhánna a aithint. Bhí bogearraí AlexNet, a dhear mic léinn Hinton, Alex Krizhevsky agus Ilya Sutskever, i bhfad chun tosaigh. Bhí ráta earráide 15.3 faoin gcéad aige, i gcomparáid le 26.2 faoin gcéad ag an gcéad iomaitheoir eile. Ba é sin tús réabhlóid na domhainfhoghlama.

Chaith Hinton a shaol ag obair ar IS den chineál seo, mar gur chreid sé inti. Thóg sé a lán ama í a fhorbairt, ach chruthaigh sé go raibh an ceart aige. Agus é 65 bliain d’aois, ghlac sé post i gceannas ar fhoireann taighde IS de chuid Google in Toronto. Nuair a d’fhág sé Google deich mbliana ina dhiaidh sin, agus go leor déanta aige féin agus ag a fhoireann i réimse IS, d’athraigh sé a mhisean.

“Is é mo ghairm sa saol anois,” a dúirt sé, “ná daoine a chur ar an eolas faoi chontúirtí IS.” Ina óráid ag féasta na Duaise Nobel, dúirt Hinton go bhféadfadh IS táirgiúlacht a mhéadú i mbeagnach gach tionscal. Ach chuir sé coinníoll leis sin: caithfear na tairbhí a roinnt go cothrom sa tsochaí. Mura ndéantar sin, is féidir le IS saibhreas a dhíriú i lámha cúpla duine, poist a scriosadh, bolscaireacht a scaipeadh agus an daonlathas a lagú.

Tá cúig phríomhréimse ina chuid rabhaidh.

Obair agus Dínit

Má bhíonn oibrí amháin le IS in ann obair deichniúr a dhéanamh, cad a tharlóidh don naonúr eile? Measann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go bhféadfadh IS dul i bhfeidhm ar bheagnach 40 faoin gcéad de phoist ar fud an domhain, agus ar thart ar 60 faoin gcéad i dtíortha forbartha. Cuireann Hinton an costas daonna in iúl go lom: “I gcás go leor daoine, tá a ndínit ceangailte lena bpost.”

Gan phleanáil thromchúiseach, d’fhéadfadh IS poist agus róil shóisialta a chreimeadh. Caithfidh gach tír plean a chur le chéile chun dul i ngleic leis na hathruithe móra sin agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine a chaillfeadh poist de bharr IS. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfí scéimeanna fostaíochta i bhfeidhm, agus go bhfaigheadh gach duine bunioncam uilíoch sa todhchaí.

Fírinne

Is féidir le IS íomhánna bréige, guthanna bréige agus físeáin bhréige a chruthú. Tá sé ag éirí níos deacra idirdhealú a dhéanamh idir an fhírinne agus an bhréag. Tugann sé sin uirlisí láidre bolscaireachta do dhrochdhaoine agus do rialtais naimhdeacha ar mian leo tionchar a imirt ar an bpobal. Ní féidir leis an daonlathas maireachtáil mura bhfuil saoránaigh in ann an fhírinne a aithint an chuid is mó den am.

Teastaíonn bealaí soiléire uainn chun idirdhealú a dhéanamh idir ábhar ginte ag IS agus ábhar cruthaithe ag daoine. Ní mór IS a rialú agus cosaintí soiléire a chur i bhfeidhm ar mhaithe linn féin.

Coireacht

Ní gá do chalaoiseoir Béarla maith a bheith aige a thuilleadh chun ríomhphost inchreidte a sheoladh. Is féidir le IS é a scríobh, é a aistriú agus blas áitiúil a chur air. Is féidir le calaoiseoir glaoch gutháin a chur ar sheantuismitheoirí le clón gutha agus ligean air gur garpháiste i dtrioblóid é. Nó is féidir le caimiléir sonrasc bréige a sheoladh chuig daoine.

Is gnó brabúsach cheana féin í an chalaois le cabhair ó IS. Teastaíonn fíordheimhniú níos láidre ó bhainc, ospidéil, scoileanna agus údaráis áitiúla. Níor cheart muinín a bheith againn as guth amháin a thuilleadh. Agus ní mór do ghnáthdhaoine riail shimplí a leanúint: deimhnigh i gcónaí trí bhealach eile.

Cogadh agus Cumhacht an Stáit

Ina óráid Nobel, thug Hinton rabhadh faoi airm mharfacha a chinneann go huathrialach cé a mharófar nó cé a ghortófar. Níor cheart do mheaisín an cinneadh deiridh a dhéanamh riamh maidir le duine a mharú. Tá imní thromchúiseach ann cheana féin go bhfuil IS á húsáid chun spriocanna a aithint i gcogaí.

Is féidir le rialtais údarásacha IS a úsáid chun aghaidheanna a aithint, saoránaigh a leanúint, caint a chinsireacht agus imeaglú a dhéanamh ar lucht freasúra. I lámha deachtóra, is uirlis chumhachtach í chun an pobal a choinneáil faoi smacht.

Tá gá le rialáil idirnáisiúnta agus le conarthaí idirnáisiúnta. Ba cheart don dlí idirnáisiúnta cosc a chur ar IS an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le húsáid fórsa mharfaigh. Ba cheart do rialtais dhaonlathacha faireachas IS a theorannú go docht agus srianta a chur ar easpórtáil na teicneolaíochta sin.

Intleacht Shaorga i gCeannas?

Seo an eagla is doimhne atá ar Hinton. Ní hamháin go n-úsáidfidh drochdhaoine IS, ach go bhféadfadh córais IS féin spriocanna agus iompraíocht a fhorbairt nach féidir linn a rialú, agus nach mbeadh chun ár leasa.

Ina óráid Nobel, dúirt sé go lom é: “Níl aon tuairim againn an féidir linn fanacht i gceannas.” An féidir linn córais IS a thógáil nach dtiocfadh salach ar leas an chine dhaonna? An féidir linn athruithe a dhéanamh chun iad a cheartú más gá? An féidir linn córas IS a mhúchadh más gá? An féidir linn iallach a chur ar chóras IS an fhírinne a insint faoin méid atá ar eolas aige agus faoin méid nach bhfuil? Caithfidh an freagra ar gach ceist acu sin a bheith dearfach. Ach níl freagraí cinnte againn fós, agus níl cosaint shoiléir againn i gcoinne IS naimhdeach.

Níor cheart aon chóras ceannródaíoch IS a scaoileadh ar scála mór gan tástáil neamhspleách sábháilteachta a dhéanamh ar dtús. Ba cheart na samhlacha is cumhachtaí a cheadúnú agus a iniúchadh, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Ba cheart freagracht dhlíthiúil a bheith ar chomhlachtaí as cur i bhfeidhm meargánta. Ba cheart do rialtais taighde sábháilteachta ar mhaithe leis an bpobal a mhaoiniú freisin.

Conclúid

Is féidir roinnt teicneolaíochtaí a cheartú tar éis don dochar tosú. Is féidir droichead lochtach a dheisiú. Is féidir druga contúirteach a tharraingt siar. Is féidir carr lochtach a thabhairt ar ais ón margadh.

Ach níl a fhios againn an mbeimis in ann córas IS a dheisiú nó a tharraingt siar dá mbeadh fadhb leis. Sin riosca an-mhór, mar tá IS fite fuaite in airgeadas, cogadh, bonneagar, fuinneamh, na meáin agus rialtas.

Is í an phríomhchontúirt ná go gcaillfimid smacht ar IS. Ní mór dúinn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun é sin a chosc.

Níl againn ach seans amháin é seo a dhéanamh i gceart. Caithfidh an obair sin tosú gan a thuilleadh moille.

 

gaGaeilge