Ag Dreapadh i gConaí
I Los Angeles, dreapann an Dochtúir Art Ulene staighrí trí huaire sa tseachtain. Cé mhéad? Timpeall 800 céim suas gach uair, éacht atá cosúil le Sceilg Mhichíl a dhreapadh. Bheadh sé deacair d’aon duine é sin a dhéanamh. Is rud suntasach é go bhfuil Art 89 bliain d’aois. Ach níos suntasaí fós ná sin, tá sé i gceist aige Sliabh Kilimanjaro a dhreapadh ar an 13 Iúil, díreach i ndiaidh a 90ú breithlá. Má shroicheann sé Buaic Uhuru ansin, beidh sé ar an duine is sine riamh é sin a dhéanamh go hoifigiúil.
Ardaíonn Sliabh Kilimanjaro 5,895 méadar os cionn leibhéal na farraige. Ní dreapadóireacht theicniúil atá i gceist, ach ní hé sin le rá go bhfuil sé éasca é a dhéanamh. Athraíonn an aimsir. Éiríonn an t-aer níos tanaí de réir mar a théann tú in airde. Bíonn tú ag siúl ó mhaidin go faoithin gach lá. Meastar go dteipeann ar 40 faoin gcéad mullach Kilimanjaro a bhaint amach.
Tá fios maith ag Art faoi sin. Bhí sé ann cheana.
Bhain sé an mullach amach i 2011 agus arís i 2013. I 2022, rinne sé iarracht eile, ach chuir breoiteacht airde stop leis ag 5,200 méadar. I 2023, cuireadh deireadh le hiarracht eile fiú sular thosaigh sí, mar gheall ar athchur cromáin.
Tar éis rud mar sin a tharlú, d’éireodh an chuid is mó againn as gan fiú smaoineamh ar iarracht eile a dhéanamh. D’Art, áfach, ní raibh ann ach dúshlán eile le sárú.
Chomh luath agus a bhí biseach air, thosaigh Art ag traenáil. D’athraigh sé a phlean agus roghnaigh sé bealach níos faide agus níos moille. Thabharfadh sé níos mó ama dá chorp dul i dtaithí ar an airde.
Bheadh ionadh ort a fhoghlaim nár fhás Art aníos mar shiúlóir sléibhe. Níor thosaigh sé i ndáiríre go dtí go raibh sé 74 bliain d’aois. Chuaigh a bhean chéile, Priscilla, ar shiúlóidí leis. Le chéile, shiúil siad sléibhte i Meiriceá Theas agus rinne siad an turas go Campa Bonn Everest i Neipeal.
Is minic a deirtear nach bhfuil sé de chumas ionainn rudaí mar seo a dhéanamh agus muid níos sine. Taispeánann Art go soiléir nach fíor é sin.
Agus ní Art amháin atá i gceist, ach an oiread.
I bPáirc Griffith i Los Angeles, chun áit amháin a roghnú, tá scéalta mar sin ag tarlú le blianta fada anuas. Seo cúpla sampla.
Bhí inimirceach Brasaíleach darb ainm Dante Orgolini 60 bliain d’aois nuair a thosaigh sé ag iompar uisce agus síológa suas droim tirim Mount Hollywood i 1964. Lá i ndiaidh lae, shiúil sé an cosán deannachúil céanna. Le himeacht ama, d’fhás a ghairdín os cionn na cathrach ar thaobh lom an tsléibhe. Spreagadh daoine eile agus thosaigh siad ag cabhrú le Dante. Tar éis tamaill, bhí binsí agus boird phicnice ar shuíomh an ghairdín. Tugadh “Dante’s View” air.
Tar éis bhás Dante i 1978, lean a chara Charlie Turner ar aghaidh leis an obair go dtí go raibh sé féin 88 bliain d’aois. Ansin lean cara Charlie, Tom LaBonge, leis an gcúram. Saolta éagsúla, an gníomh céanna gach lá.
Iompar uisce. Tabhair aire don chosán. Tar ar ais amárach.
Faoi dheireadh, sa bhliain 2015, fuair “Dante’s View” aitheantas oifigiúil ó chathair Los Angeles mar shéadchomhartha stairiúil-cultúrtha. Sa lá atá inniu ann, is í Roinn Páirceanna agus Áineasa i Los Angeles atá freagrach as cúram “Dante’s View”.
Ar chosán eile i bPáirc Griffith, tháinig laoch eile chun cinn, fear darb ainm Pete Teti. Seansaighdiúir ón Dara Cogadh Domhanda, ealaíontóir, agus iar-mhúinteoir ealaíne i Los Angeles, níor thosaigh sé ag siúl sléibhe go dtí go raibh sé 79 bliain d’aois. Faoi aois 100, bhí sé fós i gceannas ar shiúlóidí scafánta suas go dtí áit atá gar do Réadlann Griffith, agus é ag stopadh ó am go chéile ar bhinse chun port a sheinm ar a orgán béil do shiúlóirí agus do mhadraí a bhí ag fánaíocht thar bráid.
Bhí comhairle shimplí aige dúinn:
Coinnigh ort ag gluaiseacht.
Fan fiosrach.
Foghlaim rudaí nua.
Siúil suas an cnoc go minic.
Agus cad faoi Alfredo Aliaga Burdio, inimirceach Spáinneach? Ag aois 92, chríochnaigh sé turas 24 míle ó imeall go himeall trasna an Grand Canyon agus bhuaigh sé Curiarracht Domhanda Guinness.
Níor aimsigh aon duine acu tobar rúnda na hóige.
D’iompair Dante uisce suas cnoc tirim.
Chuir Pete Teti a bhuataisí siúil air agus thug sé aghaidh ar an gcnoc.
Shiúil Alfredo Aliaga Burdio trasna an Grand Canyon.
Dreapann Art Ulene staighrí agus a shúile ar Kilimanjaro.
Cé nach bhfuil na sonraí mar an gcéanna, tá an patrún céanna i bhfeidhm i ngach cás: ná géill go deo.
Lá i ndiaidh lae. Bliain i ndiaidh bliana.
Sin é a sheasann amach. Seasmhacht. Dúthracht.
Ní féidir a shéanadh go bhfágann an aois a lorg. Bíonn na glúine tinn. Dóitear na scamhóga. Lagaíonn an corp. Bíonn an airde an-deacair roinnt laethanta.
Ach níor lig na daoine seo don aois an scéal iomlán a scríobh dóibh. Rinne siad traenáil. Tháinig siad ar ais i ndiaidh constaicí. Lean siad orthu agus sháraigh siad gach dúshlán a tháinig rompu.
Sin an fáth go bhfuil iarracht Kilimanjaro Art Ulene chomh suimiúil sin. D’athraigh na constaicí an plean, ach níor athraigh siad an sprioc.
Le gach staighre a dhreapann sé, tagann Kilimanjaro céim níos gaire.
Tá a fhealsúnacht an-simplí:
“Caith do shaol de réir d’acmhainneachta, ní de réir d’aoise.”
Ag beagnach 90 bliain d’aois, tá an ceart tuillte ag Art an méid sin a rá.




