Ní raibh an bhean ag an deasc fáiltithe in ann teacht ar ár n-áirithint. Thaispeáin mé di an deimhniú ó TUI, an comhlacht taistil. Bhí an seomra íoctha againn cheana féin ar feadh trí oíche, ach ní raibh ár n-ainmneacha i gcóras an óstáin. Ghlaoigh sí ar an mbainisteoir. Bhí Sinéad agus mé féin inár seasamh ag an deasc agus ár mbagáiste taobh linn.

Bhí orm luí síos.

Cúpla lá roimhe sin, bhíomar ag bainis Pheadair (mo nia) agus Suzanne in Alte san Algarve sa Phortaingéil. Bhí sé i gceist againn cúpla lá saoire eile a chaitheamh san Algarve sula bhfillfimis ar Éirinn. Ach d’éirigh mé tinn tar éis na bainise.

Thosaigh sé le masmas. Luigh mé ar mo thaobh sa leaba ar feadh na hoíche. Bhí eagla orm corraí mar d’éirigh an masmas níos measa gach uair a bhog mé. Tháinig an mhaidin faoi dheireadh. D’éirigh liom an seomra folctha a bhaint amach agus chuaigh mé ar mo ghlúine in aice leis an leithreas. Bhí tarraingt orla orm agus chaith mé aníos arís agus arís eile.

Ansin thosaigh an bhuinneach. Chuaigh mé chuig an leithreas uair i ndiaidh uaire. Níor tháinig asam ach leacht gach uair. Bhí mo cheann ag scoilteadh. Bhí meadhrán orm agus is ar éigean a bhí mé in ann seasamh. Ach bhí orainn Alte a fhágáil agus bogadh go hóstán eile.

D’fhágamar an lóistín agus thiomáineamar go dtí cógaslann. Cheannaigh Sinéad cógas a mhaolaigh an masmas ionas go raibh mé in ann tiomáint chuig an gcéad óstán eile, áit a raibh trí oíche curtha in áirithe againn. Dá bhféadfainn fanacht ann ar feadh cúpla lá…

Agus anois ní raibh an bhean ag an deasc fáiltithe in ann teacht ar ár n-áirithint. Bhí ár seomra ann sa deimhniú ó TUI ar mo ghuthán. Ní raibh sé ann ar a scáileán siúd.

Threoraigh an bainisteoir muid chuig an mbialann fad a bhí sé ag iarraidh an scéal a réiteach. D’ordaigh mé anraith agus tósta bán. Bhí an t-anraith bogthe agus gan bhlas. Ní raibh aon ghoile agam agus níor ith mé ach fíorbheagán. Níos déanaí, d’ól mé beagán caife.

Agus muid ag ithe lóin, dúirt Sinéad liom go raibh imní uirthi go raibh muid i dtrioblóid cheart. Bhí séasúr na saoire faoi lán seoil. Cad a dhéanfaimis dá mbeadh gach seomra lán? Arbh fhéidir gur camscéim a bhí ann? Chuardaigh mé TUI ar líne. Comhlacht seanbhunaithe a bhí ann a raibh dea-cháil air. Tháinig faoiseamh orm nuair a léigh mé é sin. Ach bhí seomra fós ag teastáil uainn.

Tar éis an lóin, chuaigh Sinéad ar ais chuig an deasc fáiltithe. Bhí an bainisteoir ina sheasamh taobh thiar den deasc. Thug sé dhá rogha di. D’fhéadfaimis na trí oíche ar fad a chaitheamh ina óstán féin, ach bheadh orainn bogadh go seomra nua gach lá. Nó d’fhéadfaimis oíche amháin a chaitheamh ansin agus an dá oíche dheireanacha a chaitheamh sa seomra céanna in ionad saoire Vale da Lapa, a bhí gar dúinn. Roghnaíomar an dá oíche sa seomra céanna. Níor inis an bainisteoir dúinn riamh cad a tharla dár n-áirithint.

Níor thógamar as na málaí ach an méid a bhí riachtanach. An mhaidin dár gcionn, thiomáineamar go Vale da Lapa. Turas deich nóiméad a bhí ann. Bhí súil agam nach mbeadh aon deacracht againn an uair seo. Bhí ár n-áirithint acu, agus bhí an fhoireann thar a bheith cabhrach.

Bhí orm dul chuig an leithreas gach cúpla uair an chloig fós. Ar ámharaí an tsaoil, bhíodh beagán rabhaidh agam. D’ól mé uisce agus leictrilítí. De réir a chéile, d’éirigh na tréimhsí idir na cuairteanna ar an leithreas níos faide.

Rinne mé iarracht teagmháil a dhéanamh le TUI. Ach tar éis dom a bheith anonn is anall idir an suíomh gréasáin Gearmáinise agus Google Translate, d’éirigh mé as.

Fiú ar lá na heitilte abhaile, ní raibh a fhios agam an mbeinn in ann eitilt. D’fhágamar an t-óstán ag meán lae agus thiomáineamar go hAerfort Faro.

Cuireadh moill ar ár n-eitilt Ryanair. Ag pointe amháin, fágadh inár seasamh amuigh faoi ghrian na Portaingéile muid. Leathuair an chloig ina dhiaidh sin, cuireadh ar ais isteach sa chríochfort muid. Faoi dheireadh, chuamar ar bord. Bhain mé mo shuíochán amach agus shuigh mé síos.

Thuirling an t-eitleán go déanach i mBaile Átha Cliath. Faoin am a shroicheamar ár n-óstán i nDroichead na Dothra, bhí sé thart ar leathuair tar éis a deich.

Chuir an fear ag an deasc fáilte chroíúil romhainn láithreach. Bhí a fhios aige faoin áirithint. Ní raibh mórán le déanamh aige ar an ríomhaire sular thug sé eochair an tseomra dúinn. Bhí teagmháil phearsanta ann. Bhí sé go deas a bheith ar ais in Éirinn.

Thuas staighre, luigh mé síos agus thit mé i mo chodladh láithreach.

An mhaidin dár gcionn, thug Uber chuig an stáisiún traenach muid. Chuamar ar an traein go Cill Chainnigh, thógamar Uber eile chun carr ar cíos a bhailiú agus thiomáineamar go Carraig Seac.

An tráthnóna sin, d’ith mé iasc, prátaí agus pónairí glasa. Béile simplí a bhíodh againn go minic. Bhí mé chomh buíoch sin go raibh mé in ann taitneamh a bhaint as arís. An oíche sin, chodail mé ar feadh ocht n-uaire an chloig. Ar maidin, bhí mé ar mo sheanléim arís.

Tháinig deirfiúr Shinéad chun fanacht linn lena hiníon agus lena beirt ghariníonacha, cailín cúig bliana d’aois agus cailín seacht mbliana d’aois. Is iomaí uair a d’fhan siad linn roimhe sin, agus bhí sceitimíní orthu a bheith ar ais. Ba bhreá leis na cailíní a bheith ag rith timpeall an ghairdín. An uair seo, rinne siad damhsa Gaelach dúinn ar an bpaitió.

gaGaeilge