Bhuail ár mbualadh bos in aghaidh na síleála ísle agus tháinig a mhacalla anuas orainn.
Bhí Maria de Fátima ina seasamh i lár an tseomra fhada chúng, na ceoltóirí taobh léi. Bhí amhrán eile críochnaithe aici. Bhíomar go léir, seasca duine nó mar sin, ag bualadh ár mbosa chomh tréan agus ab fhéidir linn, ag cur allais agus brúite timpeall na mbord ar nós sairdíní.
Ansin thit tost ar an seomra.
Thosaigh Maria ag canadh arís.
Bhí Maria de Fátima ceithre bliana agus ceithre scór d’aois.
Ní bheadh a fhios agat.
Cúpla uair roimhe sin, bhí Sinéad agus mé féin ar bhád ar an Tagus. Sheolamar faoi dhroichead mór crochta Liospóin agus d’fhéachamar ar an gcathair ag sleamhnú thart orainn.
Faoin am a tháinig muid i dtír, cheapamar nach bhféadfadh an lá éirí níos fearr. Ach d’éirigh liom dhá áit a chur in áirithe do dhinnéar agus do sheó fado ag 7.45.
Is é fado ceol traidisiúnta na Portaingéile. Oibríonn guth an amhránaí agus fuaim na dtéaduirlisí le chéile chun scéal agus mothúcháin a chur in iúl. Ar ár gcéad chuairt ar an tír, bhí fonn orainn fado a chloisteáil ann.
Bhí Parreirinha de Alfama i bhfolach síos lána caol. Bhí na boird brúite isteach i seomra fada le síleáil íseal. Bialann agus ionad ceoil a bhí ann. Ag a naoi, ní raibh suíochán folamh ann.
Chuir ceoltóir fáilte romhainn. Mhínigh sé go raibh tost iomlán ag teastáil le linn gach léiriú fado. D’iarr sé orainn fanacht go deireadh an tseó, mar chomhartha measa ar an traidisiún agus ar na ceoltóirí agus amhránaithe.
Múchadh soilse an tseomra.
Tháinig deireadh leis na comhráite agus d’imigh na freastalaithe as radharc.
Chuir bean óg tús leis an seó. Cé nár thuigeamar na focail, d’inis a guth agus a haghaidh an scéal. Chuaigh sí ó chogar go lán-neart agus ar ais gan smacht a chailleadh.
Bhí viola de fado, gaol leis an ngnáthghiotár le sé théad, ag ceoltóir amháin. Bhí giotár Portaingéalach piorrachruthach ag an duine eile, agus dhá théad déag chruach air ina sé phéire.
Ba léir gur sárcheoltóir é.
D’eitil a mhéara thar na téada. Bhí gach nóta glan. Chuir sé an uirlis ag réabadh chun cinn, ag stad, ag cogarnach agus ansin ag bualadh tríd an seomra.
Choinnigh an giotáraí eile an rithim agus an comhcheol. Chan an bhean óg ceithre nó cúig amhrán a léirigh taobhanna éagsúla dá glór.
Lasadh na soilse agus rinneadh bialann den seomra arís.
Thosaigh na comhráite. Ghluais ár bhfreastalaí go tapa idir na boird, ag bailiú plátaí agus ag tabhairt amach an chéad chúrsa eile. Ní dhearna sí dearmad ar aon duine.
Múchadh soilse an tseomra, agus d’imigh sí as radharc arís.
B’fhiú an tráthnóna ar mhaithe leis an mbia amháin. Bhí cáis leáite, doingean mara agus mousse seacláide ag Sinéad. Bhí sairdíní ar thósta agam, stobhach éisc le diúilicíní, breallaigh, prátaí agus cloicheán ollmhór, agus an crème brûlée ab fhearr dá raibh agam riamh.
Sa dara cuid, tháinig fear amach ag canadh. Bhí a ghuth ard agus teanntásach, leis an neart a shamhlaím le hamhránaithe Gréagacha agus Iodálacha.
D’fhill an bhean óg agus chan siad seal ar a chéile, mar a bheadh comhrá eatarthu.
Cad a bhí á rá acu, n’fheadar.
Ní raibh na focail againn, ach mhothaíomar an grá, an t-éad, an fhearg agus an t-athmhuintearas ag teacht tríd an gceol.
Nuair a lasadh soilse an tseomra arís, bhí sé tar éis a deich a chlog.
Ansin chuir an giotáraí, a bhí ina láithreoir freisin, an t-amhránaí deireanach in aithne dúinn.
Maria de Fátima.
Ceithre bliana agus ceithre scór d’aois.
Dúirt sé linn gur thosaigh sí ag canadh agus í an-óg agus gur bhuaigh sí duaiseanna.
Múchadh soilse an tseomra den uair dheireanach.
Shiúil sí go lár an tseomra agus thosaigh sí ag canadh.
Ghlac sí seilbh ar an seomra.
Bhí gairbhe bheag ina glór a thug carachtar faoi leith dó. Chan sí gan stró ach le cumhacht, smacht aici ar gach frása agus gach nóta aici go cruinn.
Nuair a chríochnaigh an t-amhrán, bhuail muid ár mbosa go croíúil.
D’fhan Maria go dtitfeadh tost agus thosaigh sí arís.
Léiriú iontach eile.
Bualadh bos ní ba ghlóraí.
Ansin thosaigh sí ag canadh arís.
Chan sí níos mó amhrán ná ceachtar den bheirt ab óige a chan roimpi. Dá fhaide a chan sí, is ea is glóraí a d’éirigh an lucht éisteachta.
Agus dá fhaide a chan sí, is ea is mó a bhain sí féin taitneamh as.
Le linn amhráin amháin, thug mé ár bhfreastalaí faoi deara ag ceann thall an tseomra.
Den chéad uair, ní raibh plátaí ar bith ina lámha aici. Ní raibh sí ag faire ar na boird ná ag seiceáil an raibh rud éigin ag teastáil ó dhuine.
Bhí sí ina seasamh gan chorraí, a súile dírithe ar Maria.
Is dócha gur chuala an freastalaí fado sa seomra sin na céadta uair. Bhí aithne aici ar na hamhránaithe, ar na ceoltóirí agus ar na hamhráin.
Ach an oíche sin, chuir Maria stad uirthi.
Ag druidim leis an deireadh, d’fhill na hamhránaithe eile agus chruinnigh siad timpeall Maria. Chan siad le chéile agus ghlac an lucht éisteachta páirt i mbuaicphointe na hoíche.
Ba é an bualadh bos deireanach an ceann ba ghlóraí agus ba dhíograisí ar fad.
Agus muid ag imeacht, ghabhamar buíochas le Maria, a bhí ina suí in aice leis an doras. Cheannaíomar dlúthdhiosca uaithi dar teideal Super Fados. Shínigh sí dúinn é.
Bhí Maria níos óige sa ghrianghraf ar an gclúdach, ach bhí an phearsantacht chéanna le feiceáil ina haghaidh.
Dúinne, fanfaidh sí inár gcuimhne mar an t-amhránaí bríomhar ceithre bliana agus ceithre scór d’aois i lár an tseomra phlódaithe sin, í ag cur a croí isteach i gcurfá fado agus ceol an ghiotáir Phortaingéalaigh ag líonadh an tseomra taobh léi.
Ach is í an íomhá ag ceann thall an tseomra is soiléire a fhanfaidh liom go deo.
An freastalaí.
Ina seasamh gan chorraí.
Gach rud ligthe i ndearmad aici.
Ach amháin an ceol.
A súile ar Maria.




