le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Millfear sinn uilig !
Peadar Bairéad
.
De thimpiste a tháinig mé ar chóip den seanleabhar úd a foilsíodh i dtús fhicidí na haoise seo caite, “Around the Boree Log,” agus rinne mé caol díreach ar an ndán sin, a gcuirimis uilig spéis ann, blianta fada ó shoin. Léigh mé ó thús deireadh é, agus ní fhéadfainn gan cheangal eicínt a fheiceáil idir an dán sin, “Said Hanrahan,” agus cás na tíre seo, i láthair na huaire seo. Níl le déanamh agat ach éisteacht le comhairle shaineolaithe áirithe, ar an raidió, nó ar an teilifís, nó déan fiannaíocht na saoithe eile sin ar ár nuachtáin a léamh, agus iad ar a gcliatha fis, ag cur a ndán crua in iúl don chosmhuintir bhocht s’againne, agus tuigfidh tú céard chuige a bhfuilim. Dár leo, tá an tír bhocht seo imithe tigh an diabhail le roinnt bheag blianta anuas. Tá muid millte, briste, creachta, báite go dtí na cluasa i bhfiacha, agus gan ar ár gcumas na fiacha sin a ghlanadh. Sea, tá an sean-náisiún s’againne bancbhriste, bánaithe, dár leosan. Nach gcuirfeadh sin an dán “Said Hanrahan” leis an sagart úd, Patrick Joseph Hartigan, a scríobh faoin ainm cleite úd, John O’Brien, i gcuimhne do dhuine. Nach é an deilín céanna a bhíonn ag chuile shaineolaí acu…
Millfear sinn uilig, nó níl slánú i ndán dúinn.
“We’ll all be rooned”, said Hanrahan,
In accents most forlorn,
Outside the church, ere Mass began,
One frosty Sunday morn.
Ba é cúis a bhí lena thuar éadóchais nó go raibh triomach mór ag cur in iúl do dhaoine, go raibh baol ann, go millfí féar agus barraí orthu.
“The crops are done; ye’ll have your work
To save one bag of grain;….”
“If rain dont come this month,” said Dan,
And cleared his throat to speak-
“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
“If rain don’t come this week.”
Sea, an-chosúil leis na saoithe a thuarann bascadh, creachadh, is milleadh, orainn ó lá go lá, na laethe seo. Tiocfaidh an ECB. nó an IMF, isteach sa mhullach orainn, agus geallaimse dhuit é, go múinfidh na boicíní sin fios ár mbéas dúinn i ngearraimsir!
Nach cuma céard a tharlóidh?
Ach le filleadh ar Hanrahan…
In am tráth, tháinig an fhearthainn, agus d’fhás agus d’fhorbair na barraí agus an féar, agus nuair a bhí a ndóthain fearthainne faighte ag na daoine uaisle seo, thosaigh siad ag clamhsán arís…
“And every creek a banker ran,
And dams filled overtop;
“We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
If this rain doesn’t stop.”
Agus in am tráth, stop an bháisteach, agus lean chuile shórt ag fás leis go buacach. Ach céard a tharlódh dá dtiocfadh triomach mór, agus go mbeadh an féar sin i mbaol a dhóite? Seo mar a chuirtear sa dán sin é…
“There’ll be bush-fires for sure, me man,
There will, without a doubt;
We’ll all be rooned,” said Hanrahan,
Before the year is out.”
Is cuma céard a tharlódh sa todhchaí, tá ár gcaiscín meilte sea, agus ar gcosa nite freisin, nó creachfar sin uilig gan dabht ar domhan.
Ach, nach bhfuiltear ag déanamh dearmad ar neart, ar theacht aniar, agus ar spreacadh, an chine s’againne. Caithfear glacadh leis, go bhfuil sliabh ard le dreapadh againn, an babhta seo, ach más féidir linn cur le chéile, éireoidh linn. Acn céard faoi na hEorpaigh? In am an ghátair a aithnítear na cairde!
Cinnte beidh na cairde sin againn, chomh fada is nach dteastaíonn cúnamh airgid saor in aisce uainn! Cairde móra, ‘how are yeh!’. Tiocfaimid slán, ach caithfimid cur chuige mar phobal aontaithe.
Sea, agus fear na bó faoin ruball, feasta!
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Misean Santa Ynez
…..(Atheagar ar phíosa a scríobh me blianta ó shoin.)…..
Ar an gCéadaoin, an fichiú lá de Lúnasa, 2003, thug mé cuairt ar Mhisean Santa Ynez, i gCalafóirnia, nó tharla ag an am, go raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt ar na Misin uilig sin, a thóg na Spáinnigh fan chósta Chalafóirnia, nó tuigeadh dóibh, go go bhféadfaidís cumhacht na Spáinne a leathnú sa tír ollmhór sin, dá n-éireodh leo an Soiscéal a chraoibhscaoileadh i measc na náisiún Indiach a bhí ag cur fúthu sna dúthaigh sin, ag an am. Chuireadar rompu fiche Misean a thógáil sna bólaí sin, idir San Diego agus San Francisco, agus ba é Misean Santa Ynez, an naoú ceann déag den scór sin. Agus ní hamháin go n-éireodh leo cumhacht na Spáinne a leathnú sa tír sin, trí thógáil na Misean céanna sin, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh, go raibh súil bhradach á chaitheamh ag na Rúisigh ar an dtaobh céanna tíre, agus é d’aidhm acusan, a gcumhachtsan a leathnú, ó dheas, ansin freisin, ach, dá n-éireodh leis na Spáinnigh i bhfiontar na Misean, chuirfeadh sin críoch obann le sainnt na Rúiseach, sa taobh sin tíre. Bhí go maith. D’éirigh leis na Spáinnigh ina bhfiontar siúd, agus ní dheachaigh na Rúisigh níos faide leis an scéal.
Ionradh na Meicsiceach
Faoin mbliain 1836 áfach, ghabh na Meicsicigh seilbh ar an gcuid sin de Chalafóirnia, choigistigh na misin, agus rinne iad a dhí-eaglaisiú. Baineadh úsáid as Misean Santa Ynez mar Choláiste, ar feadh scathaimh, ach faoin mbliain 1862, tugadh thar nais don Eaglais arís é, agus uaidh sin i leith, baineadh úsáid go leanúnach as, mar Theach Pobail, ag freastal ar phobal Dé sa limistéar sin. Misean an-mhór is ea Misean Santa Ynez, agus chomh maith le bheith ag freastal ar an bpobal sin mar Shéipéal, bhí sé acu freisin mar Iarsmalann, leis na seoda iomadúla a bhain le ré na Spáinneach a chur ar teaspáint inti. Agus arís, chuir sé ionadh ár gcroí orainn, an oireadh sin iarsmaí ón tseansaol a fheiceáil bailithe, rangaithe, feistithe, agus ar teaspáint ansin.
An tAthair Albert arís
Ar ár mbealach amach as an Misean áfach, isea a baineadh stangadh ceart asainn, nó ansin ar fhalla, agus in áit fheiceálach, chonaic muid pictiúr den Sagart Gaelach sin, an tAthair Albert Bibby, fear a chuaigh, nó a cuireadh, ar imirce, óna Mhainistir fhéin anseo i gCill Chainnigh, le dul ag freastal ar phobal Críostai i bhfad ó bhaile, i Misean Santa Ynez. Ní gá a rá, gur stadamar tamall, ag breathnú ar a raibh le feiceáil, agus le léamh againn, i bhfógraí timpeall an phictiúir chéanna sin. Bhí le léamh againn ansin freisin, gearrthóga as nuachtáin an ama, ina bhfuair muid amach gurbh é an tAthair Albert an chéad Tréadaí Capaisíneach, a ceapadh ar Mhisean Santa Ynez. Chaith sé bliain iomlán i mbun an ghnó sin, agus b’in sin, nó ag deireadh na tréimhse sin, sa bhliain 1925 Cailleadh an fear bocht ansin, i bhfad ó bhaile. Cuireadh i Reilg an Mhisin é. Agus le meas na tíre seo ar an gCapaisíneach Gaelach úd a léiriú os ard, chuaigh Seán T. Ó Ceallaigh (fear a bheadh ina Uachtarán ar Éirinn, ar ball) amach le labhairt thall, le linn na socraide. Labhair an Ceallach faoi’n sagart díograiseach sin, agus mhol é, as a spioradáltacht, as a náisiúntacht, as a dhílseacht dá thréad, agus as an bpáirt a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus as a thóir ar shaoirse Éireann.
Ar ball, agus muid istigh i siopa na gcuimhneachán ar thóir neathanna beaga le tabhairt linn, le cuimhne an Mhisin a choinneáil glas, cheannaigh mé fhéin roinnt leabhar agus tráth raibh mé ag íoc astu, labhair mé leis an bhfreastalaí.
Interesting conversation
An bhfuil aon chuimhne anseo in bhur measc fós, ar shagart Éireannach, a shaothraigh in bhur measc anseo, sa bhliain 1925?
Cén t-ainm a bhí air? a d’fhiafraigh sí díom.
An tAthair Albert, arsa mé fhéin, á freagairt.
An é ár nAthair Bibby atá idir chamáin agat? Ar sise.
An fear ceannan céanna, arsa mé fhéin.
Chuir duine eile a ladar isteach sa scéal ag an bpointe sin….
Cailleadh sa bhliain 1925 é, agus cuireadh anseo é, ach caithfhidh go raibh ard-mheas air ina thír fhéin , nó tháinig maithe móra na tíre sin chun a shochraide, ach níor fágadh a chorp anseo againne, nó thángthas sa bhliain 1958, rinneadar a chorp a dhíadhlacadh, agus a thógáil leo abhaile, lena chur i measac a phobail fhéin.
Mhínigh mé dóibh ansin, gur tháinig mé fhéin chucu ó Chathair Chill Chainnigh, áit a raibh Mainistir an Athar Bibby ag feidhmiú fós i measc an phobail chríostaí ansin, agus dúirt me freisin, go raibh áthas an domhain orm, go raibh cuimhne fós air i Misean Santa Ynez.
Bhí sin tuillte, agus tuillte go maith, aige, arsa’n freastalaí.
D’fhág mé Misean mór Santa Ynez i mo dhiaidh ansin, nó bhí Misin eile le feiceáil fós agam, ach ní dhéanfaidh mé dearmad go luath ar an gcuairt iontach spéisiúil a thug mé ar an ionad céanna sin, i gCalafóirnia na gréine gile. Súil agam gur bhain túsa taitneamh freisin as píosa na seachtaine seo.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
An Monsignor Tommy ar lár
Peadar Bairéad
Mothóimid uainn é
Tháinig mé fhéin go Cill Chainnigh a chéaduair tar éis dom a bheith ceaptha mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, sa bhliain 1966, agus b’in mar a tharla gur chuir mé aithne i dtosach ar an Athair Tommy Maher, faoi mar a bhí sé an tráth sin, agus bíodh gur chuir mé suim agus dhá shuim, sna cluichí náisiúnta, roimhe sin, b’fhada ó chamáin agus ó shliotair a rugadh agus a tógadh mé fhéin in Iorras thiar, ach ba ghearr i gColáiste Chiaráin mé go raibh mé faoi gheasa ag scil agus ag luas na hiománaíochta, agus bíodh go raibh orm tosú arís i mbun mo cheirde, agus cé go raibh orm aithne a chur ar idir mhúinteoirí agus dhaltaí, ní fhéadfainn éaló ó dhraíocht, nó ó gheasa an chamáin, a bhí le mothú chuile áit thart orm, ag an am.
Ceapadh an tAthair Tommy mar mhúinteoir sa Choláiste, sa bhliain 1953, tar éis dó seal a chaitheamh ag obair in Ard-deoise Átha Cliath tar éis a oirnithe, sa bhliain 1948, ach chomh maith le sin, ba é a d’adhain tine an ghrá don iomáint imeasc daonra an Choláiste ag an am gcéanna. Dá chomhartha sin, d’éirigh le foireann iomána an Choláiste Corn an Chrócaigh a bhuachan, sa bhliain 1957, agus arís sa bhliain 1959. D’éirigh leo freisin é a bhuachan roinnt blianta eile idir sin agus an bhliain 1983, nuair a d’fhág draoi an chamáin fhéin an Coláiste le post nua mar shagart paráiste a ghlacadh i Muileann a’ Bhata. Ní gá a lua anseo, an bhaint a bhí aige le Foireann Sinsir Chill Chainnigh, mar ar fheidhmigh sé mar thraenálaí foirne, ar feadh bliain is fiche, nó tá fhios ag madraí an bhaile fhéin, – gan cait an bhaile a lua in aon chor,- faoina éachtaí sa ghort céanna sin.
Dualgas Ghiolla na mBróg
Bhí ard-mheas ar an Athair Tommy mar mhúinteoir matamaitice, mar déan, agus mar uachtarán i gColáiste Chiaráin, ach dá éagmais sin ar fad, níor dhuine ardnósach é in aon chor, agus le linn a shaorama, chuile sheans go bhfeicfeá é i mbun poistíneachta eicínt. Is cuimhin liom ócáid amháin, tar éis dom a bheith ceaptha mar Leas–ardmháistir, gur chuir mé ceist air faoi dhualgaisí an phoist sin. Ba é a mhol sé dom nó súil in airde a bheith agam i gcónaí, agus rud ar bith a fhágfai gan déanamh, a dhéanamh. Ba ansin a thuig mé meon agus cleachtadh an uachtaráin fhéin, sé sin, gnó ar bith a fágadh gan déanamh, a dhéanamh. B’in é dualgas an ‘Boots’ i dTeach Aíochta! Ní raibh éirí in airde ar bith ag baint le Tommy, faoi mar a thugtaí air coitianta, nó ba dhuine umhal, cráifeach, comharsanúil é, chuile lá riamh. Mothóimid uilig uainn é sna bólaí seo, mar dhuine, mar chríostaí umhal, mar iománaí oilte, cliste, agus mar Chill-Chainneach dílis, agus ar deireadh thiar, mar shagart cráifeach, ar bronnadh an teideal measa úd, Monsignor, air. Mairfidh a chuimhne lá is fuide anonn; a mhiongháire ciúin, cuthaileach; a ghaelachas; a thuiscint ar scileanna agus ar ealaíona na hiománaíochta; agus níos iontaí fós, a fhlaithiúlacht i múineadh, agus i roinnt, na scileanna céanna sin, orthu siúd ar suim leo forbairt agus saothrú na slite ab fhearr le caighdeán na himeartha a chur chun tosaigh.
Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, ba dhuine cairdiúil, carthannach, comharsanúil, é an tAthair Tommy, fear a raibh meas agus omós tuillte go maith aige, i gcéin is i gcóngar, trína dhúthracht, trína dháiríreacht, agus trína dhílseacht.
Áit ag bord an Tiarna go raibh agat a Mhonsignor, anois agus feasta, go brách na breithe.
.
Caoineadh an Mhonsignor
An Monsignor uasal ‘nois sínte,
Is ní fheicfear a leithéid go luath,
Nó thuig sé cluiche Chúchulainn,
Is mhúin sé a chleasa dá ghlúin.
.
Súil seabhaic a shúil ar an sliotar
Ag eitilt ó chamáin go cúl,
An t-imreoir lán scil’ agus glicis
Ag fáil bua ar a chéile, gan dua.
.
B’eisean a lúbfadh a chamáin,
Le sliotar a sheoladh go cruinn,
Ach rinneadh sagart den imreoir,
is fágadh Páirc a’ Bháire gan Laoch.
.
Ár slán leat a Athair na míne,
Nár laga an Rí thú go deo.
Solas na soilse dod’ anam,
Anois agus choíche faoi shó.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
“Múineadh scoile ab obair dom laethe….”
.
Peadar Bairéad
.
Ag dul le múinteoireacht….
Bhí deireadh go deo leis na seanlaethe, nó bhí saol nua tosaithe agam i dtús na gcaogaidí. Ní raibh gá ar bith feasta bheith dom’ ullmhú fhéin don saol a bheadh romham ar na Misin san Aifric, nó bhí a mhalairt de ród roghnaithe agam le taisteal feasta. Chuir mé isteach ar phost i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, agus bhí an t-ádh orm go bhfuair mé post sa Choláiste céanna sin.
Scoil chónaithe ba ea Coláiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, agus ba scoláirí cónaithe bunús na ndaltaí a bhíodh againn sa Choláiste céanna sin, an tráth úd. Théadh na daltaí isteach ansin i dtús Mheán Fómhair, agus ní raghaidís abhaile arís go dtí an Nollaig. Nár chrua an cás é ag dalta chéad bliana, agus gan é ach thart ar dhá bhliain déag d’aois, ag an am? Ach caithfear a chur san áireamh, agus an scéal seo idir chamáin ag duine, go raibh an saol mór fhéin, a bhí thart orainn, dian go maith ar óg agus ar aosta, i bhfichidí na haoise seo caite. Bíodh sin fíor bréagach, ba bheag an sólás é sin don ghasúr óg, agus é cumhach, deorach, i ndiaidh a mhuintire. Le himeacht aimsire áfach, d’imíodh an cumha deorach céanna sin, agus shnadhmadh na gasúir sin caradas lena gcomhaoisigh, agus dár ndóigh, bhíodh deis ag na tuismitheoirí teacht ar chuairt chucu, anois agus arís, lena gcroí a thógáil, agus le hualach asail de dheasa deasa a iompar isteach chucu!
Tábhacht na gcluichí
Ach, nach mbíodh cluichí le himirt? agus gan dabht ar domhan, ba chuid tábhachtach de shaol an scoláire iad na cluichí céanna sin, agus lena scileanna sna cluichí sin a chruthú, bhíodh cluichí comórtais acu le Coláistí eile. Uaireanta thagadh siadsan chugainne, lena bhfoireann agus lena lucht leanúna, idir mhúinteoirí agus daltaí, agus geallaimse dhuit é go mbíodh spórt agus spraoi againn ag na cluichí céanna sin, ach má bhí fhéin, níor dhada é sin i gcomórtas leis an bhféasta a bhíodh againn i ndiaidh an chluiche chéanna sin. Bhíodh nua gach bidh agus sean gacha dí ar bord againn, gan gorta gan dochma, sea, agus múchadh ár dtart go fial is go flaithiúil dúinn, freisin. Ba é an nós a bhí ag Coláiste Mhuireadhaigh, ag an am sin, nó gan aon pháirt a ghlacadh sna Comórtaisí Oifigiúla, nó dár leo, mharódh comórtas dá leithéid spiorad an spóirt i gcroí na ndaltaí, agus tuigeadh d’Údaráis an Choláiste, go mba olc an margadh é sin ag aonach ar bith. Tuigeadh dóibhsean, gurbh é an ghné is tábhachtaí den imirt, nó taitneamh a bhaint as, agus má bhuann tú, bhuel sin rud sa bhreis, ach is é an chuid is tábhachtaí nó srian a ligint le do scileanna imeartha, agus led’ shamhlaíocht, i spiorad an chluiche fhéin. Agus cé déarfadh nach raibh cuid mhaith den cheart acu?
Ag feitheoireacht in Áth Cliath
Ag deireadh mo chéad bhliain sa Choláiste, chuir mé isteach ar Fheitheoireacht a dhéanamh ar na Scrúduithe Teistiméireachta. Fuair mé an post sin, agus cuireadh i mbun oibre mé i Scoileanna Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Anois, bíodh gur thaistil mé trí Bhaile Átha Cliath cupla babhta roimhe sin, b’in an chéad uair agam cur fúm tamall sa chathair sin. Fuair mé lóistín i ngar don Scoil, agus bhí mé ar an bhfód go breá luath, chuile mhaidin, le dul i mbun mo dhualgais mar Fheitheoir. Ba ghearr gur thug mé faoi deara an difríocht ollmhór a bhí idir an Scoil seo, agus an cineál meánscoile, a raibh cleachtadh agamsa orthu. Tuigeadh dom, nár ró-spéis le húdaráis na Scoile mé, dubh, bán, nó riabhach, agus níor mhothaigh mé go raibh aon ró-dhifir idir na húdaráis sin, agus na daltaí a bhí faoina gcúram acu. Tuigeadh dom freisin, go raibh an rogha ceart déanta agam, nuair nár thóg mé post múinteoireachta sa chathair, go dtí go mbeadh tuilleadh taithí agam ar cheird na múinteoireachta!
Daoine cráifeacha
Sea, agus rud eile a thug mé faoi deara, nó an oireadh sin daoine a théadh ar Aifreann, chuile mhaidin, sa Ardchathair, an tráth úd. Ba bheag nach mbíodh na séipéil ag cur thar maoil, ag Aifrinntí na maidine. Caithfidh mé a rá leat, gur thaitin na Bleácliathaigh go mór liom, an tráth úd, nó dár liomsa, ba dhream soineanta, lách, cabhraitheach, iad, agus dream a bhí foighdeach, agus iad ag iarraidh méar an eolais a dhéanamh do lucht na tuaithe, tráth gcaillfidís a slí sa Chathair, agus b’in rud a tharlaíodh, minic go leor, an tráth úd. Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu.
Le críoch a chur le gála na seachtaine seo, ba chóir dom a lua, go ndeachaigh mé go mullach Bhinn Éadair i rith na tréimhse sin freisin. Ar an dTram, is ea chuaigh mé, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhain mé taitneamh agus tairbhe as an lá breá, gréine, a chaith mé amuigh ansin, nó chaith mé seal freisin ag bádóireacht, thíos ag an gCé. Ba lá dem’ shaol é, gan aon agó.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
N í B h e i d h a L e i t h é i d í a n n A r í s .
**************************
Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin………………………….An chéad chló…….2000.
Eagarthóir……………………………………………………………….Mairéad Ní Loinsigh.
************************************
Nach gcuirfeadh sé ionadh ar dhuine ar bith, gur eascair an oiread sin litríochta as ithir cinealta, iargúlta, an Bhlascaod Mhóir, taobh istigh d’achar chomh ghearr sin, agus caiscín phobal an oileáin álainn chéanna sin i ndáil do bheith meilte, ag an am.
Céard tá i gceist agam, an ea?
Tá seo, gur scríobh údair ón mBlascaod fhéin an oiread sin leabhar, ag cur síos ar a saol fhein, nó ar chúrsaí an oileáin sceirdiúil iargúlta sin, agus gur tharla sin blianta beaga sular tréigeadh an t-oileán mara sin.
Agus cad iad na leabhair atá i gceist agam sa ráiteas sin, an ea? Bhuel, go príomha, is iad na leabhair atá i gceist agam nó,
• Peig, agus Machtnamh Seana Mhná, le Peig Sayers, bíodh nár scríobh Peig fhéin iad, mar is amhlaidh a scríobh a mac Micheál, file, ó dheachtú, di iad, agus chomh maith leo siúd, nár scríobh Kenneth Jackson, Scéalta ón mBlascaod, naoi scéal is triocha, ó dheachtú Pheig freisin. B’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh anseo freisin, do shaothar Mhichíl, file, mac Pheig Sayers, nó scríobh seisean Is Trua ná Fanann an Óige, agus Beatha Pheig, blianta ina dhiaidh sin, sna blianta, 1953, agus 1970.
• Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin.
• An tOileánach, Dinnseanchas na mBlascaodaí, agus Allagar na hInse le Tomás Ó Criomhthain.
Ar na mallaibh, áfach, de thimpiste, tháinig mé ar leabhar suimiúil, spreagúil, eile, a d’eascair as an ithir chéanna sin, as ithir mhéith Cheilteach an Bhlascaod.
Agus cén t’ainm atá ar an leabhar spreagúil seo, an ea?
• Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin a baisteadh ar an leabhar seo is déanaí chugainn ó phobal an Bhlascaod.
Ach nach bhfuil fhios ag gach éinne, gur tréigeadh an t-oileán sin, blianta fada ó shoin?
Tréigeadh cinnte, ach scríobhadh an dialann seo triocha bliain sular tréigeadh an t-Oileán, agus i ndáiríre, scríobhadh an dialann seo sular thosaigh scríobhneoirí eile an oileáin fiú ag cleachtadh a gceirde. Le fírinne, bhí an t-údar ag tabhairt an fhéir faoin am ar tréigeadh an t-oileán.
Conas a tharla, mar sin, nár chualamar tada faoin nDialann seo cheana, fad is a bhí na leabhair eile i mbéal an phobial, le blianta fada anuas?
Tharla go raibh an láimhscríbhinn seo i measc pháipéirí Bhriain Uí Cheallaigh, agus ar ball, thug deartháir Bhriain, an Canónach Ó Ceallaigh, an láimhscríbhinn, maraon le páipéirí eile, de chuid Bhriain, don Ollamh Brian Ó Cuív, agus dob é an tOllamh Ó Cuív a thug na páipéií sin don Ollscoil Náisiúnta. Is dócha gur fhan siad ansin, go dtí go ndeachaigh Mairéad Ní Loingsigh i mbun oibre ar an nDialann spéisiúil seo, mar phríomhchuid dá tráchtas M. Phil.
Dhealródh sé gur éirigh le Brian Ó Ceallaigh, údar an Chín Lae a spreagadh, le leathanach a scríobh chuile lá, mar chleachtadh, agus lean sí den saothar sin ó Bhealtaine go Samhain na bliana 1923. Is cuimhin libh, gurbh é mana a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Dialannaí Chalainn, nó, ”gach lá líne”. Bhuel, i gcás Eibhlín Ní Shúilleabháin, is dócha gurbh é an mana a bhí aicese nó gach lá leathanach, agus chuaigh sí i mbun oibre ar Lá Bealtaine na bliana 1923, agus choinnigh uirthi ag scríobh, go dtí gur chuir sí críoch leis an bhfiontar, ar an 29 Samhain 1923, agus sin a bhfuil i gCín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin. N’fheadar ar scríobh sí níos mó ná sin, nó nár scríobh, ach, sin a bhfuil i saothar seo Mhairéad Ní Loingsigh. B’fhéidir gur tuigeadh d’Eibhlín agus do Bhrian Ó Ceallaigh, faoin am sin, go raibh a ndóthain déanta acu, fan an chasáin sin, agus go raibh sé chomh maith dóibh éirí as, mar thionscadal, nó b’fhéidir gurbh amhlaidh a tuigeadh d’Eibhlín fhéin nach bhféadfadh sí í fhéin a cheangal faoi cuing na litríochta, agus go raibh cúrsaí eile á mealladh i dtreo eile ar fad. Ach faoi’n am seo, ní féidir a rá, le cinnteacht, cén fáth ar éirigh sí as saothrú an Chín Lae.
Mar adúirt mé thuas, ní raibh duine ar bith de mhórscríbhneoirí an Oileáin i mbun pinn, ag an am. B’fhéidir go mbeadh sé spéisiúil, ag an bpointe seo, breathnú ar roinnt dátaí, leis an saothar seo a shuíomh ina ionad ceart, croineolaíoch féin. Mar is eol do chách, ba iad na scoláirí móra, ón dtaobh amuigh, a las an tine faoi thalann liteartha na mBlascaodach. Thug Carl Marstrander, Ioruach, cuairt chúig mhí ar an mBlascaod, agus é ar bheagán Gaeilge, sa bhliain 1909. Lean Robin Flower, nó Bláithín, mar a thugadh muintir an Oileáin air, lean seisean é, ar chomhairle Mharstrander, an bhliain dár gcionn, i 1910. D’fhill seisean ar an oileán arís, sa bhliain 1911, le mí na meala a chaitheamh ansin, agus chuile bhliain uaidh sin go lá a bháis, sa bhliain 1946, chaitheadh sé tréimhse áirithe ar an Oileán sin. Sa bhliain 1917, thug Brian Ó Ceallaigh cuairt orthu, agus b’eisean a spreag Tomás Ó Criomhthain le dul i mbun pinn. Léigh sé Gorki dó agus Pierre Loti, agus tar éis roinnt a scríobh síos dó, i dtosach, d’fhág sé Tomás ansin, lena iomaire fhéin a bhaslú. Go gairid ina dhiaidh sin, is dócha gur éirigh leis áitiú ar Eibhlín Ní Shúilleabháin tabhairt faoin scríobhnóireacht freisin, agus bíodh nár cuireadh cló ar an saothar sin, faoi mar a tharla i gcás na mórscríbhneoirí, ag an am gcéanna, tá an toradh ansin fós, agus níl dabht ar domhan, ach gur spéisiúil an rud é saothar Eibhlín a chur i gcompaaráid le saothar na n-údar eile.
Cad é a mheall scoláirí móra Ceiltise na hEorpa chun an Bhlascaod, in óige na haoise seo caite, má sea?
Bhuel, is dócha gur thaitin a bhfuair siad amach ina gcuid taighde faoi shaol agus faoi theanga na gCeilteach, agus de réir a chéile, cuireadh ar a súile dóibh, go raibh an iarsma deiridh den seansaol Ceilteach úd beo, beathaíoch, agus le fáil fós, faoi choigilt na mblianta, amuigh ar imeall imigéineach na hEorpa, in oileán sceirdiúil mara, i measc phobal an Bhlascaod Mhóir, agus i ndáiríre, ba bheag duine de na scoláirí Ceiltise céanna sin, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, nár thug geábh ar an oileón sceirdiúil mara sin, am eicínt sular tréigeadh é, sa bhliain 1953.
Ach le filleadh ar na dátaí arís…
Níor cuireadh saothar an Criomhthainigh i gcló go dtí an bhliain 1928, cúig bliana i ndiaidh do Eibhlín a Cín Lae a bhreacadh. Cúig bliana i ndiaidh sin arís, cuireadh cló ar Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin, deartháir Eibhlín. Ní féidir a shéanadh, go raibh tionchar eicínt ag saothar Eibhlín ar Mhuiris.
Sa bhliain 1936, foilsíodh Peig, leabhar a thug insint sách lom ar shaol na mBlascaodach, agus n’fheadar ar thaitin chuile shórt a bhí le fáil sa leabhar céanna sin leis na hOileánaigh, nó is dócha gur fhéachadar siúd ar Pheig mar dhuine ón dtaobh amuigh, bíodh nach ró-fhada Baile Viocáire, nó Dún Chaoin fhéin, ón mBlascaod céanna, go háirithe le linn soininne. Bhí Peig trí bliana is trí scór, ag an am sin.
Nuair a chuirtear na dátaí sin uilig san áireamh, tuigtear ansin an tábhacht faoi leith a bhaineann leis an saothar seo is déanaí ó phobal an Bhlascaod.
Tuige, an ea?
Bhuel, ar an gcéad dul síos, is spéisiúil gur duine óg a scríobh an Cín Lae seo, nó ní raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin ach trí bliana is fiche, ag an am, ó tharla gur rugadh í sa bhliain 1900. Sa tslí sin, faigheann muid léargus eile ar fad ar shaol an oileáin, thar mar atá le fáil againn sna leabhair eile, nó cé gur scríobh Muiris Ó Súilleabháin a leabhar fhéin, Fiche Bliain ag Fás, agus é sách óg, ag an am gcéanna, bhí tionchar an domhain amuigh dulta i gcionn air, ag an am ar dhein sé a shaothar a chur ar phár, agus ní call dom a rá, go raibh Tomás Ó Criomhthain agus Peig Sayers imithe anonn sna blianta, tráth thosaigh siadsan ar a saothar. Don bhean óg seo, d’Eibhlín Ó Súilleabháin áfach, ba í an tOileán a ‘baile’, agus deir sí fhéin linn insa chuntas ná braitheadh sí riamh ar a suaimhneas in aon áit ach age baile, agus ná raibh aon namhaid aice ach an tarna hoíche a thabhairt in aon áit eile, dá mb’é Dún Chaoin féin é, mar go mbíodh sí marbh ag an uaigneas (tógtha as an Réamhrá.}
Nár mhór an trua, mar sin, go raibh ar an mbean óg seo dul ar imirce go Springfield Mass. i ndeireadh na bhfichidí, agus gur cailleadh ansin í sa bhliain 1949. Is dócha gur mhinic a smaointe ar an Oileán sceirdiúil mara sin i gcéin, ba bhaile di, le linn a hóige, agus í ag cur fúithi i gcathair strainséartha Springfield.
Tá rud eile a scarann an saothar seo ó na saothair eile, agus sin gur scríobhadh an Cín Lae seo, ag tráth sula raibh daoine ag smaoineadh nach raibh todhchaí i ndán do phobal an Bhlascaod, agus ar deireadh thiar, go mbeadh orthu an tOileán, ba bhaile dóibh, a thréigint, agus cónaí a dhéanamh feasta ar an dtír mhór. Sa Chín Lae seo, tá cur síos ar rince agus spórt, ar spraoi agus cuileachta, ceol, cleasa agus cúirtéireacht, sea, agus an dúil mhallaithe a bhí ag an óige i misleáin, an tráth úd! Bhí saol dá gcuid fhéin ag an óige, agus dhealródh sé nach gcuireadh na daoine fásta isteach go ró-mhór orthu. Is speisiúil freisin, smaointe na mná óige seo a thabhairt faoi deara, agus iad a chur i gcomparáid, b’fhéidir, le dearcadh lucht a comhaoise sa lá atá inniu ann. Mór idir inné agus inniu, gan aon agó!
Breathnaigh mar a chuireann sí tús lena Cín Lae..
“Bealtaine a 1, 1923.
Céad moladh agus buíochas le Dia tá an chéad lá don samhradh againn inniu agus maidir le spórt, is againn atá sé ó mhaidin. Timpeall lár an lae do chonaic gach duine an naomhóg ag teacht agus struip siúil aici dá dhéanamh, agus triúr fear ag rámhaíocht agus triúr eile díomhaoin. Bhí gach duine dá rá gur póilíní iad ‘bhi ag teacht timpeall gadhar…..”
Bhí go maith. Ar deireadh, chuir na póilíní iad fhein in aithne dóibh, agus chomh luath is a dhein, siúd chun siúil iad, chuile dhuine a raibh gadhar de shaghas ar bith aige, agus ba é deireadh an scéil é gur caitheadh roinnt mhaith de na gadhair chéanna sin le faill, agus tógadh roinnt eile díobh chun an chnoic, ar eagla go dtiocfaí orthu agus madraí gan cheadúnas acu. Bhuel, ba ghearr go bhfuarthas amach, nár shuim leis na póilíní seo na gadhair chéanna sin, toisc go mba lucht an phinsin iad. Nuair a chuala na póilíní an scéal, ba iad a bhí ag steallamhagadh faoi na daoine a theich uathu.
“D’fhanadar ar an gcnoc go dtí dubh agus dall na hoíche agus mara raibh spórt ag an mbaile orthu nuair a ghaibheadar chúinn anuas tráthnóna thiar agus iad fliuch báite, mar dhein sé cith báistí orthu agus gach duine againn dá casadh leo ó shin “tá na póilíní ag teacht”, agus is dóigh liom go mb’fhearr leo go bhfanfaidís age baile. Agus an dream a chaith le haill iad go bhfuil ana-chathú go léir orthu.”
Bhuel, sin an chéad scéal agat anois, agus cuimhnigh freisin, gurbh iad ár bpóilíní fhéin a thug cuairt orthu an Lá Bealtaine úd, sa bhliain sin 1923!
Sea, bhí spórt, magadh agus caitheamh aimsire acu mar phobal, ar an mBlascaod Mor, ag an am sin.
Tógaimis iontráil eile…
Is minic na laethe seo daoine ag cur síos ar an aimsir agus iad ag rá nach cuimhin leo samhradh chomh hainnis ó tháinig ann dóibh. Bhuel, breathnaigh ar an bpíosa seo a scríobh Eibhlín, an tráth seo den bhliain 1923…
“Iúil a 30, 1923.
Níl an lá inniu róchneasta ach oiread, agus ní bheidh. Is dócha nár tháinig a leithéid do shamhradh le cuimhne na ndaoine. Is minic atá sé ráite ages na seandaoine nach cuimhin leo a leithéid d’aimsir a theacht ná go dtiocfadh tamall éigin do breá, ach, dá oilceas a tháinig a thosach, is measa ná san a dheireadh.
Ní chuaigh aon naomhóg ar an bhfarraige ó mhaidean le gála, agus ó chianaibh a chonaiceamair an naomhóg ag teacht agus gála gorm gaoithe ann, agus chuir sé iontass ar gach éinne í a bheith ag teacht insa scríb a bhí ann. Do bhí triúr fear ag rámhaíocht agus fear eile díomhaoin suite ar an dtochta inti, agus bhí sé cosúil le sagart mar bhí hata mór ard air, agus chuaigh gach éinne síos roimis ag féachaint cad é an ócáid a bhí orthu. Is amhlaidh a bhí ná coláisteánach óg ab ea é a bhí ag teacht ag foghlaim Gaelainne, agus mise dá rá leat ná cloisfidh aon ní eile anso ach í, ach nílim a rá ná go bhfuil Béarla acu ach, más ea, níor thugadar aon taithí dóibh féin ar a bheith dá labhairt. ‘Sí teanga ár sinsear í agus ní mór dúinn í do choimeád suas an uair ná fuilimid ábalta ar aon ní eile a dhéanamh dár ndúthaigh, ach dá bhféadfaimís do dhéanfaimís, mar níl éinne ná go mbíonn ar a dhícheall ag iarraidh í do chur chun treafa.”
Gan dabht ar domhan b’olc an samhradh a bhí acu, sa bhliain sin, 1923, ach cheana féin, tugaimid faoi deara, go bhfuil daoine ag tarraingt ar an Oileán, ag foghlaim Gaelainne, agus is dócha go bhfuil Eibhlín ag iarraidh a chúis sin a mhíniú di fhéin. Is dócha freisin, go raibh an t-iomaire sin baslaithe go maith ag Brian Ó Ceallaigh, agus ag cuairteoirí eile dá shaghas. Ach cibé faoi sin, níl aon easpa misnigh, faoi thodhchaí na tíre, nó na teanga, le tabhairt faoi deara san iontráil sin.
Tá dhá iontráil spéisiúla le fáil faoi na dátaí, 24 agus 25 Meitheamh 1923. Labhair mé cheana faoi spórt agus rince, bhuel, seo samplaí den rud a bhí i gceist agam…
“Meitheamh a 24, 1923.
Do bhíos féin agus Eibhlís Bheag ar an gcnoc inniu ag válcaeireacht, agus níor bhraitheamar an lá ag imeacht nó go dtí go raibh an tráthnóna thiar ann…..Nuair a thánamair go dtí Ceann Cnoic do bhí beirt bhuachaillí bheaga ’ár gcoinne agus mara raibh siúl chúthu ag dul ag triall ar na ba, agus an chéad rud adúradar linn go raibh an lá caillte againn.
‘A leithéid do Dhomhnach daoine ní tháinig riamh. Tá siad ós gach aon áit fén mbaile agus rinnce acu ar bharra na trá’ arsa iad san…..Ní abhaile a thugamar ár n-aghaidh in aon chor ach gabháil lom díreach an talamh garbh siar agus teacht orthu anuas ón gcnoc….Níor chuaigh a bhfurmhór abhaile in aon chor agus is docha go ndéanfaidh sí ardoíche anocht, le cúnamh Dé.
Bhuel, nach maith í an óige! Níorbh fhearr leo rud ar bith ná seal maith den oíche a chaitheamh ag rince ansin ar bharra na trá. Ach leanann Eibhlín lei in iontráil an lae dár gcionn.
“Meitheamh a 25, 1923.
A leithéid d’oíche – is dócha nár tháinig sí riamh agus ná tiocfaidh go deo arís – is ’ bhí againn aréir. Bhí a rian air; d’fhan an baile ‘na gcodladh inniu nach mór go dtí lár an lae. Tá ag éiriú ar na seandaoine féin agus ar na seanamhná an aimsir seo, agus bhídís sin riamh agus ní mór ná go maróidís tú dá bhfanfá amuigh óna haon dhéag a chlog amach ach, dár ndóigh, bíonn siad féin amuigh anois chomh maith leis na daoine óga. Bhí rince agus ceol agus amhráin ag dul sa spéir, agus ba dhóigh leat ná raibh mairg insa saol orthu agus gan aon chuimhneamh ag éinne ar dhul abhaile agus an oíche dá chaitheamh, ach ba chuma é, ní fhéachadh éinne do.
‘Nach oíche dár saol is ea í?’ a deireadh gach éinne, ‘agus b’fhéidir gur mó duine a bheadh insan uaigh ‘ an dtaca seo arís agus tá sé chomh maith againn bús maith a bhaint as an saol.’ ”
Nach mór idir na píosaí sin, agus a bhfuil le léamh againn sna leahair eile, a d’eascair as ithir an oileáin. Ach nach í seo an óige ag labhairt linn, agus bíodh gur tuigeadh di, ina croí istigh, nach raibh i ndán di féin, ar ball, ach an imirce, ag an am gcéanna, bhí sí sásta toit a bhaint as an saol, díreach mar a bhí sé, an tráth sin.
Ait nach ndéanann sí tagairt ar bith do Pheig Sayers, bíodh go raibh breis is scór bliain caite ag Peig ar an Oileán ag an am a raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin i mbun pinn ar a Cín Lae.
Léitheoireacht éigeantach is ea an leabhar seo d’éinne a bhfuil litríocht an Bhlascaod Mhóir léite, tuigthe, measúnaithe, aige, agus gan aon agó, tá muid uilig faoi chomaoin ag Mairéad Ní Loingsigh, as a scoláireadcht agus a taighde i saothrú an Chín Lae seo don saol Gaelach. Sladmhargadh ar £5.00 (€6.35 Euro). Nára fada go gcloisfear uaithi arís.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
.
.
.