le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Déan mar a deirim leat
Nach minic a chloistear an nath cainte sin uathu siúd a bhfuil údarás de cineál eicínt acu. Sea, ná déan mar a dhéanaimse, ach déan mar adeirimse leat a dhéanamh. Sin an ticéad, a mhac! Má dhéanann tú a leithéid, ní bheidh locht ar bith le fáil agamsa ort, ach beidh mé lán tsásta leat. Tugtar faoi deara, go ndéanann lucht dlí agus lucht polaitíochta a leithéid, anois is arís, agus fiú, nár thuig an Bard fhéin, William Shakespeare, an scéal sin go hálainn nuair a labhair sé faoi’n Urramach úd, a mhol an bóthar caol, anacair, dá thréad, fad is a lean sé fhéin bóthar mín, réidh, na sáimhe. Sin an saol, is dócha! Ach, ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an babhta seo, nó na turasanna uilig a thug mé ar an ardchathair, ar na mallaibh. Ní call dom a rá gur ghread mé liom suas chun na hardchathrach fan an bhóthair bhreá nua sin, an M9, agus níorbh aon leasainm, Slí Laighean, a bhaisteadh ar an Mótorbhealach céanna sin, nó d’fhéadfá a rá, nach bhfuil a shárú de bhóthar le fáil, thoir nó thiar, sa tír seo, faoi láthair. Agus bíodh go gcoinníonn mé fhéin súil an tseabhaic ar an mbóthar romham amach, ag an am gcéanna, éiríonn liom corrspléachadh a fháil ar thaobhanna an mhórorbhealaigh do-sháraithe sin. Sea, agus céard a bhíonn le tabhairt faoi deara agam fan na dtaobhanna fairsinge sin?
An ceart ar fad agat, nó ba dhoiligh gan iad a thabhairt faoi deara, ar a ndath agus ar a ndéanamh.
Plandaí nimhneacha
Céard tá i gceist agam, an ea?
Tá, na buachaláin bhuí, nó na giosadain, mar a thugaimisne orthu, a fhásann go flúirseach, agus go buacach, fan an bhealaigh. Tuigtear d‘eachtrannaigh áirithe gur feiceálach na bláthanna iad agus iad leata ina mbrat buí ar ’chaon taobh den tslí, ach don té atá ar an eolas, tuigtear dó, gur nimhneach amach is amuigh iad na féiríní céanna sin. Tá’s ag madraí an bhaile nach n-íosfadh bó nó beithíoch an nimh chéanna sin agus é ag fás i gcimín roimhe amach, ach scéal eile ar fad é nuair a thairgtear don mbeithíoch sin é, i mbrosna féir, nó i mám sadhlais.
Anois, nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras, in iarthar Mhaigh Eo, blianta ó shoin, bhí a fhios ag chuile ghasúr, ag an am, go raibh sé i gcoinne an dlí plandaí áirithe a bheith ag fás ar do chuid talaimh, agus théadh an póilí timpeall, ag amanna áirithe, leis an dlí sin a chur i bhfeidhm. Bhí comrádaithe ag na giosadáin, dár ndóigh, agus b’iad sin an dá phlanda nimhneacha eile, an feochadán agus an copóg. Sea, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, tá an péire sin ag fás leo go buacach, neamhnáireach, fan taobhanna an M9 céanna sin.
Dlí! an ea?
Bhíodh sé i gcoinne an dlí fadó cead fáis a thabhairt do na plandaí nimhneacha sin, agus is dócha gur mar sin atá fós, agus má sea, tuige nach dtugann na húdaráis, ar leo taobhanna an mhótorbhealaigh sin, tuige nach dtugann siad bás obann do na plandaí nimhneacha sin? Sea, agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith ormsa, dá gcuirfeadh na húdaráis sin iachall ar dhaoine eile fáil réidh leis na fiailí céanna sin. Sea, ná déan mar a dhéanaimse, ach déan mar adeirimse leat a dhéanamh!
Mar bhuille scoir. Don té a tógadh amuigh faoin tír, sa ré úd fadó, is planda míofar, gránna, nimhneach, é an giosadán, a bhfuil an bás obann tuillte go maith aige maraon lena chompánaigh, an copóg agus an feochadán.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Preasráiteas
Peadar Bairéad
Ba é adúirt mo seanchara, Séimí an Droichid, liom an lá cheana, nó go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal go dteastaíonn ón Rialtas s’againne cloch sa mhuinchille a úsáid agus iad ag deighleáil leis an Eaglais agus le lucht na Gaeilge, feasta, agus nach bhfuil daoine ann adéarfadh, gurbh iad an dá mhar a chéile iad an chuingir chéanna sin, sna seanlaethe. Ba é a chuir ag ceol ar an dtéad sin é nó cinneadh úd an Rialtais, go gcuirfí deireadh leis an deontas d’ábhair oidí ag freasatal ar chúrsaí tumoideachais sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht, feasta.
Ach, nach bhfuil na seanlaethe thart anois, agus nach gcaithfidh muid aghaidh a thabhairt ar shaol an lae inniu, le dearcadh níos suas-chun-dáta ná mar a bhíodh acu fadó.
Cuireadh sin ar mo shúile dhom, an lá cheana, nuair a fuair mé cóip den Phreasráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ar an 6ú Feabhra, 2012. Bíodh sin fíor bréagach, ach is féidir linn a dhearbhú anois, nach bhfuil an Conradh, nó Guth na Gaeltachta, sásta, nó leath-shásta fhéin, le cinneadh seo an Rialtais. Dár leis na hEagraíochtaí céanna sin, tá an cinneadh céanna seo scannalach, agus cheapfainn fhéin go n-aontódh bunús lucht na Gaeilge leo, sa bhreith sin.
Straitéis Fiche Bliain
Breis agus bliain ó shoin anois, mholamar Straitéis úr an Rialtais s’againne, tráth sheol siad “Straitéis Fiche Bliain 2010 – 2030”, nó ba mhór, agus ba mhisniúil, an chéim chun tosaigh a bhí sa Straitéis sin i leith na teanga, agus deir na hEagraíochtaí thuasluaite, gur moladh sa Straitéis sin go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht, agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc, agus freastail, d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta. Leanann an Preasráiteas…”Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d’eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na Coláistí Oiliúna, moladh: “Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoincheapaithe, a cur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán, agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí” Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.
Thuig Uachtarán an Chonartha, Julian de Spáinn, go mba mhór na céimeanna chun tosaigh a bhí sa dá mholadh sin chun feasacht, agus scileanna cumarsáide Gaeilge, ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl, má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileannana deontais ó na mic léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta. Má tá muid i ndáiríre faoi athbheochan na Gaeilge, agus má thuigtear dúinn gur chuid riachtanach dár n-oidhreacht í, bhuel! ansin, níl an dara rogha againn ach brú chun tosaigh leis an Straitéis Fiche Bliain, le féachaint chuige, go mbeidh soláthar sásúil, oilte, sciliúil, múinteoirí ar fáil, leis an oidhreacht sin a chur ar fáil don chéad ghlún eile, nó má bhristear sine amháin i slabhra teanga na hoidhreachta sin, brisfear an slabhra, agus dár lena lán, beidh an briseadh sin do-dheisithe, agus d’fhéadfadh lucht na Gaeilge ansin dul ag feadaíl! Tuigtear freisin don dá eagras thuasluaite, gur chóir go ndéanfaí na cúrsaí Gaeltachta seo ag tús a gcúrsaí céime, ionas go mbeadh ar a gcumas feasta, “leanúint leis an gcaidreamh lena gcomhleacaithe, trí Ghailge, i ndiaidh an chúrsa.”
“Tíos na pingine….”
Dár le hÉamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, dá mba shábháil airgid a bhí mar aidhm ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deonais do na cúrsaí Gaeltachta sin, gurbh é a mhalairt ar fad a bheadh mar thoradh air, nó go gcosnódh sé i bhfad níos mó, ar ball, leis an dochar a dhéanfaí anois, a leigheas amach anseo, agus lena chois sin, níor chóir dearmad a dhéanamh ar an gcúnamh a thugann na cúrsaí seo do ghéilleagar na Gaeltachta, ó thaobh mhná tí, siopaí áitiúla, múinteoirí, agus fostaithe eile na gColáisatí Gaeilge de. Tá an easpa comhordú idir chodanna éagsúla den Rialtas, i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge ina chúis dhíomá dár le Mac Niallais. Tá an Straitéis ag moladh cur leis na cúrsaí, agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am gcéanna, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acusan. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpairtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair.
Níl dabht ar domhan ach go ndéanfaidh cinneadh seo an Rialtais dochar do chur chun cinn na Gaelige, sna blianta atá romhainn amach, ach tráthúil go leor, tá dóthain ama fós ag na hÚdarais chéanna le breith ar a n-aithreachas. Súil againn go ndéanfaidh siad amhlaidh.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Bord Snip agus an Ghaeilge
.
Níor ghnóthaigh an Bord Snip Nua mórán “Brownie Points” ó lucht na Gaeilge, ar na mallaibh, lena dTuarascáil ar Uimhreacha agus ar Chaiteachas san Earnáil Phoiblí. Bhí sé dona go leor, tamall ó shoin, nuair a fógraíodh, ón Roinn Oideachais agus Eolaiochta, nach mbeadh cead ag Gaelscoileanna tumoideachas sa Ghaeilge a chleachtadh feasta. Ach bhí sé i bhfad níos measa, nuair a moladh i dTuarascáil úd Bhord Snip, go smaoineofaí ar Roinn na Gaeltachta a chur ar ceal, scun scan, agus go n-aistreofaí graithí na Roinne sin go Roinn eicínt eile, nó go Ranna eile, fiú. Tuigtear gur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thitfeadh an crann sin, rud nach sásódh lucht na nGaelscoileanna, nó lucht na Gaeilge, ach oiread, nó tuigtear nach mbeadh ar chumas na Roinne sin an gnó úd a chur i gcrích, faoi mar ba chóir, toisc nach bhfuil sa Roinn sin ach thart ar 3% den bhfoireann a bheadh inniúil ar an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
De réir Phreasráitis, ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, tá le tuigbheáil, go bhfuil cinneadh an Aire Oideachais, Batt O’Keefe, TD., deireadh a chur leis an Ionad Oideachais don nGaeilge, a bhí beartaithe do Bhaile Bhúirne, cáinte go géar ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus dealraíonn sé, ón dTuarascáil thuasluaite, go bhfuiltear meáite ar COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna) a chealú freisin, bíodh gur bunaíodh an Chomhairle sin faoi fhorálacha an Acht Oideachais, 1998, tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge , Gaelscoilanna Teoranta, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, ar bun, le go mbeadh sainstruchtúr ann, le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na Scoileanna Gaeltachta agus na Scoileanna lán-Ghaeilge. Tá chuile chosúlacht ar an scéal mar sin, nach bhfuiltear sásta, nó leath-shásta fhéin, le moltaí an Bhoird Snip i leith na Gaelige.
Cúlú
Ach is dócha go ndéarfadh roinnt mhaith daoine nach mbeidís fhéin ag súil lena mhalairt, nó cathain a dhein an Stát s’againne, adeiridís, aon chinneadh dearfach i leith na teanga céanna sin? Breathnaigh siar ar pholasaithe an Stáit i leith na chéad teanga oifigiúla le blianta fada anois. Céard tá le feiceáil againn trí bhunús na mblianta sin uilig? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, nach raibh i gceist i rith an achair sin ach cúlú, neamart, agus faillí. Sea, agus cén toradh a bhí ar an obair sin go léir? Cúngú na Gaeltachta, agus laghdú ar uimhreacha na gcainteoirí dúchais.
Ach, adéarfadh duine b’fhéidir, céard faoi fhás na nGaelscoileanna, agus úsáid na Gaeilge, frí chéile, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí gnó, sea, agus céard faoi fhás na litríochta, idir phrós agus fhilíocht, síos tríd na blianta céanna sin?
Mian an Phobail is cúis leis an bhfás a tháinig ar na tionscnaimh sin, thar na blianta. Níl le déanamh agat ach cupla ceist a chur ort fhéin, le fírinne a bhfuil á dhearbhú anseo, a chruthú.
Arbh é an Stát s’againne a bhunaigh na Gaelscoileanna? Tá’s ag an lá fhéin nárbh é! Baill den phobal, a chonaic nach raibh aon ró-dháiríreacht ag baint le polasaí an Stáit i leith na hathbheochana, a thuig gur fúthu fhéin a bhí sé tús a chur le polasaí cinnte i leith na Gaeilge, nó tuigeadh dóibh, go mbeadh aithbheochan do-dhéanta, geall leis, mura n-éireodh leo an teanga a chur ar ais ar bhéal na n-óg, i dtosach. D’fhéadfaí í a choinneáil, mar theanga marbh, b’fhéidir, ach le teanga bheo a dhéanamh di, bheadh gá le cabhair, cúnamh, agus díograis, na n-óg chuige sin. Shocraíodar, mar sin, ar scoileanna speisialta Gaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dóibh, trí thumoideachas, an teanga a athphréamhú arís ar bheola páistí. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh an ceart acu, agus nach raibh ag teastáil ón Stát ach go dtabharfadh sé cabhair agus cúnamh dóibh sa bhfiontar sin, agus caithfear a admháil anseo gur deineadh sin, i dtosach, ar aon nós.
Toil an Phobail
Agus céard faoin méid Gaeilge a chloistear á labhairt ar shráideanna agus ar bhóithre; i siopaí agus in oifigí; i dtithe agus in árais, ó cheann ceann na tíre seo?
Eagraíochtaí deonacha, eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, agus tuilleadh dá leithéid, sea, agus cúnamh na nIrisí, agus na Nuachtán Gaeilge, gan trácht in aon chor ar Raidió agus Teilifís le Gaeilge, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as an dteanga, le gnáth-chúrsaí an tsaoil a láimhseáil. Caithfear a admháil, go dtugann an Rialtas s’againne cúnamh airgid do eagraíochtaí dá leithéid, agus ba chóir dúinn an t-áth sin a mholadh mar a bhfaightear, ach ní bhíonn i gceist sna cúrsaí sin, i ndáiríre, ach pingneacha beaga, agus nuair a chuirtear tábhacht na Teanga i saol an náisiúin sa mheá, tuigtear go bhfuil dualgas ar an Rialtas spiorad an náisiúin a chosaint, a chothú, agus a spreagadh, trí pholasaithe cuí, agus trí mhaoiniú fial, flaithiúil. Dá mba iasc, nó ainmhí, nó fiú seilide púcaí, a bhí i mbaol a bhasctha, thiocfadh an Stát i gcabhair air, sna bealaí céanna sin. Sea, agus dhéanfaidís a leithéid gan dochma, gan sprionlaitheacht, agus dá mbeidís sásta a leithéid a dhéanamh do sheilide púcaí, tuige nach mbeidís sásta sin, agus níos mó, a dhéanamh, le spiorad an náisiúin a shlánú?
Fís don Todhchaí
Cá bhfuil fís an Rialtais i leith na teanga, agus i leith an náisiúin?
Más uainn an teanga a shlánú feasta, caithfimid polasaithe cuí a dhréachtú, agus a mhaoiniú chuige sin,
agus mura bhfuil….Bhail! tugaimis aghaidh mhacánta ar an ndán sin………..
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Democracy at work!
(An Domhnach, an 6ú lá de Mhárta, 2011.)
Tá an tOlltoghchán thart. Tá na vótaí comhairthe. Tá breith an Phobail tugtha. Tá na Teachtaí don Aonú Dáil Triochad tofa. Agus tá Comhrialtas úr réidh le dul i mbun oibre ón 9ú lá de Mhárta, 2011. Tá a fhios againn go léir, nach mbeadh sé éasca aon chineál eile Comhrialtais a chur i dtoll a chéile, leis an ngnó céanna sin a dhéanamh, ó tharla go raibh an oiread sin Teachtaí ag Fine Gael agus ag Páirti an Lucht Oibre, ach nuair a chuireann tú cuingir ar an dá Pháirtí sin, bhuel, tá Comhrialtas ar dóigh agat ansin.
Policy V Programme !
Tá sin uilig go breá, ach caithfidh tú breathnú ar na polasaithe a bhí leagtha amach ag an dá Pháirtí sin, roimh an toghchán. Ní féidir a shéanadh, gur mar sin a bhí, ach nuair a thagann an crú ar an táirne, caithfidh gach páirtí acu cuid den pholasaí sin a chur ar athló, más uathu teacht ar réiteach. Is féidir sin a fheiceáil go soiléir, má bhreathnaíonn tú ar pholasaí Fhine Gael i leith an dáta 2014, a bhi socraithe sa Chonnradh a rinne an Comhrialtas deiridh leis an IMF, agus le ECB, agus gur theastaigh ó Pháirtí an Lucht Oibre an bhliain 2016 a roghnú mar spriocdháta. Bhuel, shocraigh siad ar an mbliain 2015, sa chaoi go raibh cuid dá pholasaí fhéin, faighte ag gach Páirtí acu. Sin an prionsabal a chuirtaer i bhfeidhm agus Pairtithe ag iarraidh teacht ar réiteach, réiteach a théann cuid den bhóthar le chuile Pháirtí acu.
Principle V Compromise !
Ní chuile dhuine a thuigeann an prionsabal sin, nó nach raibh cinnlínte ag Nuachtáin áirithe, cheana féin, go raibh a bprionsabal tréigthe ag na páirtithe sin, agus go raibh siad ag cúlú óna ngeallúintí anois, ó tharla go raibh bua faighte acu san Olltoghchán. Ní féidir a shéanadh go dtarlaíonn a leithéid, i socrú dá leithéid, nó ní féidir le chuile pháirtí acu a bpolasaí iomlán fhéin a chur i gcrích, caithfidh comhghéilleadh a bheith ann. Ach, adéarfadh an dream sin, nach bhfuil siad ag tréigean a bprionsabal, má ghlacann siad le comhghéilleadh dá leithéid?
Tá, agus Níl. Má bhreathnaíonn tú ar an scéal go feallsúnta, caithfidh tú a admháil go bhfuil an ceart acu sin, ach ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh tú breathnú ar an bpolasaí a leag siad os comhair an phobail, le linn a bhfeachtas toghchánaíochta. Cad é a gheall siad don phobal, i rith na tréimhse sin?
Gheall siad, go ndéanfadh siad seo agus siúd, dá dtabharfadh an pobal móram iomlán dóibh san Olltoghchán.
Ar thug an pobal an móramh sin dóibh?
Is follas nár thug, agus dá bhrí sin, ní féidir bheith ag súil, go gcoimhlíonfaí go hiomlán, ar gheallúint a tugadh.
What did the Voters say ?
Cad í an bhreith a thug an pobal sa chás seo?
Ba í breith an phobail, nó nach raibh siad sásta móramh iomlán a thabhairt do cheachtar acu, ionann sin is a rá, gurbh é a bhí uathu nó Comhrialtas, agus ó tharla gur mar sin a bhí, caithfidh an pobal a bheith sásta le pé comhréiteach a dhéanfaidh na Páirtithe sa Chomhrialtas, faoi pholasaí an Chomhrialtais sin.
Mar sin, níl sé ceart, cóir, nó feiliúnach, bheith ag caint ar thréigean prionsabal, nó faoi chúlú ó pholasaithe, agus na páirtithe céanna sin ag iarraidh teacht ar chomhghéilleadh áirithe, le breith an phobail vótála a shásamh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas Rialtas cóir, cothrom, a chur in úim, le leas an phobail a dhéanamh, idir seo agus an chéad olltoghchán eile, nuair a bheidh deis ag an bpobal céanna sin, a mbreith a thabhairt ar thoradh a n-iarrachtaí, san idirlinn.
Ar na prionsabail sin a bunaítear feidhmiú ár ndaonlathais, anois, agus sna blianta atá romhainn amach.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
.
Really, truly, and substantially……..
Peadar Bairéad
.
Ba nath cainte é sin a bhíodh an-choitianta ar bhéala daoine, blianta ó shoin, agus sa ráiteas sin, bhí Caitlicigh Rómhánacha ag dearbhú os ard, gur chreid siad, go raibh an Tiarna fhéin i láthair san abhlann choisricthe, i ndáiríre, go fírinneach, agus go substantiúil.
Agus a Thiarna! Nach mór go deo an focal é sin? Duine ag dearbhú gur chreid sé ina chroí istigh, go raibh Cruthaitheoir na cruinne uilig i láthair sa phíosa beag sin aráin, nár arán go fírinneach é a thuilleadh! Sea, agus ní hé sin amháin é, ach go raibh sé i láthair, ina iomláine, san abhlann sin, Agus ní cur i gcéill ar bith atá i gceist sa láithreacht seo, ní hea! Ach láithreacht lom dáirírech.
Substaintiúil, freisin
Agus céard faoin láithreacht substantiúil? Bhuel, nuair a smaoiníonn tú ar an abhlann, smaoiníonn tú, i dtús báire, ar ghnéithe an aráin, sé sin, a dhath, a dhéanamh, a bhlas, agus a bholadh, agus feictear do dhuine, nár tháinig aon athrú orthu sin, mar sin, céard a tharla sa choisriceadh? Bhuel, is é a chreideann an Caitliceach Rómhánach nó gur athraigh substaint an aráin. Agus céard é fhéin? Bhuel, sin an t’ábhar adeir linn, gur arán atá idir chamáin againn seachas aon stustaint eile, ach le linn an choisricthe, athraítear ábhar an aráin go míorúilteach, agus ní harán a thuilleadh é, ach Corp agus Fuil an Tiarna. Is í an deacracht a bhaineann leis an scéal seo nó, le breathnú ar an abhlann, d’fheicfeadh duine nár tháinig athrú ar bith air, nó tá an dath, an cuma, an blas agus an boladh díreach mar a bhí roimh an choisriceadh, agus sin an fáth go dteastaíonn léim an Chreidimh uainn, más uainn glacadh leis an bhfíorláithreacht sin. Sea, agus nach cuimhin linn uilig céard a tharla, nuair a bhí an Tiarna fhéin ag iarraidh an mhíorúilt seo a mhíniú dá lucht éisteachta fadó, agus nuair a mhínigh sé dóibh, go gcaithfeadh siad a chuid feola a ithe, agus a chuid fola a ól, dá dteastódh uathu fáil isteach i Ríocht Dé na Glóire.
Dochreidte!
Ar ghlacadar leis an scéal sin, an ea?
Níor ghlac, muis! nó is amhlaidh a thréigh roinnt mhaith dá lucht éisteachta é, ach níor dhein an Tiarna an Ráiteas céanna sin a aistharraingt, nó a mhaolú fiú, ach is amhlaidh a rinne sé é a ath-rá, agus a threisiú, le cur i dtuiscint dóibh siúd a raibh amhras orthu faoi fhéidireacht míorúilte dá leithéid. Ní raibh aon áit sa Ríocht don té nach bhféadfadh glacadh leis an ráiteas céanna sin mar chloch choirnéil dá chreideamh. Le sin a dheanamh, nil uainn ach Leim an Chreidimh. Ná bíodh drugall ar bith orainn an léim chéanna sin a ghearradh.
.
.
.
.
.
.