le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Oilithreacht dian an tsaoil seo
(This week we try to write a Preface for a possible autobiography.)
.
Réamhrá.
Níor dhún Dia doras riamh nár oscail sé ceann eile.
Nach minic a chualamar uilig an seanfhocal sin, agus is é atá i gceist nó, go bhfuil cabhair Dé níos giorra ná an doras fhéin. Doirse Dé, a thugadh na seandaoine ar na doirse a bhí i gceist sa seanfhocal sin, agus b’in an fáth ar bhaist mé “Doirse Dé” ar mo dhírbheathaisnéis fhéin, dá dtarlódh go scríobhfainn a leithéid riamh. .
Bhuel! sin iad na doirse atá i gceist agamsa i scéal seo mo bheatha, nó ó laethe m’óige i leith, b’in mar a d’éirigh le Dia mé a sheoladh ó ré amháin dem’ shaol go dtí an chéad ré eile. Doirse á n-dúnadh, agus doirse eile á n-oscailt dom, agus i ndáiríre, nach ’in an saol agat! Breathnaigh ar chúrsaí do shaoil fhéin, agus feicfidh tú gur mar sin a tharla duitse freisin. Ní dhéanann muid aon nath de na cúrsaí seo, nuair nach mbíonn i gceist ach athruithe beaga, fánacha. Scéal eile ar fad a bhíonn ann, nuair a fhágann duine an baile den chéad uair, agus nuair a thugann sé bóithre an tsaoil mhóir air fhéin, faoi mar a tharla domsa nuair a d’fhág mé mo bhaile fhéin in Iorras thiar, le dul sna sagairt. Nuair a tharlaíonn athruithe móra dá leithéid in ár saol, is ansin a thugann muid Doirse Dé faoi deara, i ndáiríre. Sea, níor fhág Dia ar an mblár folamh riamh sinn, nó tá sé ansin lena shlánú is lena chúnamh, le teacht i gcabhair orainn, chuile bhabhta a tharlaíonn ina ngátar muid. Is dócha go bhféadfadh duine dul beagáinín níos sia fós leis an scéal, agus a rá go bhféachann Dia chuige, go mbíonn doras oscailte os ár gcomhair i gcónaí, cuma cé dhúnann an doras eile orainn. Sea, agus is féidir linn a bheith cinnte, go ligfidh an doras céanna sin isteach i Ríocht Dé sinn, luath nó mall, agus gan le déanamh againne ach an doras céanna sin a thabhairt orainn fhéin. Ach nach mbíonn a fhios againn freisin, go bhfuil ar ár gcumas diúltú, scun scan, don doras sin, agus doras eile ar fad a thabhairt orainn fhéin? Saorthoil an daonnaí is cúis le sin. Ach is maith é Dia inné, inniu agus amárach, agus bíonn ár seasamh airsean i gcónaí.
Ábhair sagairt sna Dachaidí
Mar sin, bíodh go bhfuil na blianta fada caite agamsa ag dul trí na doirse úd a d’oscail Dia dhom, níor chaill mé mo dhóchas iontu fós, nó tá mé ag ceapadh, go mbeidh radharc an Tiarna le fáil agam, nuair a dhúnfaidh sé doras deiridh mo ré agus nuair a osclóidh sé doras na síoraíochta dom.
Sa leabhar seo, ó tharla gur shocraigh me i dtus m’oige ar bheith im shagart, déanaim iarracht ar shaol ábhar an tsagairt sna dachaidí, a leagan os comhair an léitheora, nó ní go minic a fhaigheann duine radharc, ón dtaobh istigh, mar adéarfá, ar an gcineál saoil a chaithidís siúd, i ré bhuacach úd na hEaglaise. B’fhéidir go dtabharfaí faoi deara na laigí, agus na heasnaimh, a bhí ag baint leis an saol céanna sin, agus b’fhéidir freisin, go dtabharfaí léargas dúinn, ar na laigí agus na heasnaimh a bhí i dtraenáil ár n-ábhar sagairt, an tráth úd. Níl locht ar bith á fháil agamsa ar an gcaoi ar caitheadh liom fhéin, agus mé ag dul trí na blianta fada traenála céanna sin, mar ar an dtaobh eile den scéal, feictear dom gur chuidigh an traenáil sin go mór liom, agus mé ag dul i ngleic leis an saol mór, bíodh gur fhág sé lag, leochaileach, soghortaithe go maith mé, ar bhealaí eile, ach le críoch a chur leis an Réamhrá seo, ghlac mé le fírinní mo chreidimh, agus chreid mé freisin an seanfhocal a dúirt, nár dhún Dia doras riamh gan ceann eile a oscailt, don té a bheadh ag déanamh a bhealaigh chuige, ar oilithreacht dian, chasta, an tsaoil seo.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Thug mé suntas dó, I noticed it; i bhfastó, entangled; go smior na gcnámh, totally involved (to the marrow of the bones); bainteach le, involved in; screamh na macántachta, a crust of honesty; cuirfidh me cnaipe leat, I’ll bet you a button.
.
I mBéal an Phobail
Recollections of a Writer by Accident
Peadar Bairéad.
.
By Accident
Thíos i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé an lá cheana, agus mé ag iarraidh teacht ar leabhar eicínt, le seal léitheoireachta a bhaint as, nuair a tháinig mé ar “Recollections of a Writer by Accident” le J. Anthony Gaughan. Don chlúdach a thug mé suntas i dtosach, nó ar an gclúdach céanna sin bhí grianghraf de roinnt áirithe d’ár scríbhneoirí cáiliúla, daoine ar nós, John B. Keane, Brendan Keneally, Frank O’Connor, Séamus Heaney, Bryan McMahon, agus tuilleadh. Caithfidh mé a admháil freisin, gur chuir mé suim in ainm an údair fhéin, nó ní dhéarfainn go raibh an oiread sin aithne curtha agam ar a shaothar thar na blianta, bíodh go raibh sé ag scríobh leis go rábach, os íseal, thar na blianta fada. Tuigeadh dom, i dtosach, go mba dhuine ón Iarthar a bhí agam ann, nó is líonmhar an cine iad na Gáchanaigh thiar againne in Iorras. Bhí breall orm sa mhéid sin áfach, nó ba ghearr go bhfuair mé amach, go mba Chiarraíoch go smior na gcnámh é an scríbhneoir céanna seo, J. Anthony Gaughan.
Cen cineal leabhair ata idir chamain againn anseo, an ea?
Recollections
Bhuel, d’fhéadfá cuimhní cinn, nó dírbheathaisnéis, a thabhairt air, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is cuimhní cinn atá i gceist anseo, ina leagann an t-údar, os ár gcomhair amach, na tarlúintí, agus na scríbhneoirí, a chuaigh i gcionn air mar dhuine a ndeachaigh frídíní na scríbhneoireachta i bhfastó i smior na gcnámh ann, le linn dó bheith ag treabhadh iomaire eile ar fad i bhfíonghort an Tiarna. Sea, mh’anam, agus níor bheag é a shaothar scríbhneoireachta, fiú dá mba dhuine é a raghadh i gcionn na ceirde sin go lánaimseartha. Agus tar éis dom an leabhar céanna sin a léamh, geallaimse dhuit é, nárbh é mo thuairim fhéin, gur de thaisme a thug sé faoin gceird sin, nó is scríbhneoir sciliúil, ildánach, nádúrtha é, a bhfuil bua scríbhneoireacht gafa go smior na gcnámh ann.
Style and Sincerity
Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh idir stíl agus phearsantacht an údair i gcionn go mór orm, le linn dom an leabhar seo a léamh. Tá de bhua ag an nGáchanach gur féidir leis an léitheoir a chur faoi gheasa, lena dháiríreacht, lena scil, agus lena thaighde. Ní bréag a rá go bhfuil blas na scoláireachta, agus boladh na taighde agus na daonnachta, le fáil ar a shaothar. Féach mar a chuireann sé tús leis an leabhar seo:-
“I was born in Listowel in 1932. Like most of my fellow-townspeople mine was only a second-generation Listowel family. My grandfather, John Broderick (known as John Broder/Bruadair before moving into the town) was born in 1863 into a large family on a small farm in Gortdromagowna in the parish of Moyvane/Knockanure.”
Rud a fhágann go bhfuil sé ag tarraingt ar thrí bliana déag is trí scór faoin am seo, aois an-oiriúnach le bheith ag dul siar bóithrín na smaointe, agus ag bailiú na gcuimhní cinn chomh tiubh géar agus is féidir le duine a dhéanamh. Bhí cuid den cheart agam, i dtosach báire, nó níor Lios Tuathailigh ó dhúchas iad na Gáchanaigh, nó labhrann an t-údar faoi Catherine Broderick, daughter of John Broderick, a rugadh sa bhliain 1894, agus faoi mar adeir sé fhéin:-
“She married Anthony Gaughan in 1930. He was one of the large family of Sergeant Anthony Gaughan who retired from the Royal Irish Constabulary in April 1916. After leaving Summerhill College, Sligo, Anthony Gaughan was a clerk in the Great Northern Railway in Portadown, and later in Drogheda. On its establishment he joined the Irish Free State army as a lieutenant and until he left the service was stationed in the Curragh Camp. Subsequently he was in charge of the Labour Exchange in Passage West County Cork.”
Caithfidh go mba Iartharach é an Anthony Gaughan céanna sin, a fuair a chuid scolaíocht i gColáiste Summerhill, i Sligeach.
Born in 1932
Saolaíodh an t-údar fhéin sa bhliain 1932, bliain na Comhdhála Eochairistí, agus bhí a mhuintir seisean ar thaobh an tSaorstáit i mblianta bunaithe an Stáit s’againne. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gContaethe éagsúla i ngeall ar fhadhbanna clainne, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leis an chloch phréacháin a chur ar a chuid oideachais trí Théis a scríobh dá MA, ar “The Metaphysical Value and Importance of the Concept of Being.” Níor bheag nó suarach é mar ábhar do Théis, geallaimse dhuit é.
Sa leabhar atá idir chamáin againn anseo, leagann sé os ár gcomhair amach, ábhair in ar chuir sé fhéin spéis, go minic toisc go raibh siad bainteach lena dhúiche fhéin. Cuirim i gcás, scéal faoi “Stampaé Shanahan”, agus faoin chaoi ar bhain Paul Singer úsáid as ainm Shanahan le screamh na macántachta a chur ar a ghnó seisean i ndomhan casta na Stampaí. Chuir sé spéis freisin, i scéal Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, fear a raibh breac aithne agam fhéin air, tráth raibh mé ag freastal ar an gColáiste Ollscoile céanna sin, tarraingt ar lár dhaichidí na haoise seo caite, agus ní call dom a rá, go mbaininn an-taitneamh as a léacht bhliantúil ar Chéasadh Chríost ar an gCrois. Caitliceach den scoth ab ea Alfred O’Rahilly
Chaith an Gáchanach a dhúthracht freisin, mar bhall den Listowel Writers Week. Níor dhein sé dhá leath dá dhícheall agus é i mbun na hoibre céanna sin, nó is duine é, de réir dealraimh, a bhfuil an-chumas ann, i mbun gnó dá leithéid.
“I met Seamus Wilmot early in 1971. He told me that he had read Doneraile and was glad I was interested in local history. However, he said: ‘Fr.Tony, you should focus your attention on your own area. There are very few places in the country as fascinationg as North Kerry’. Then he told me about the Writers’ Week to be held that summer and that the organising committee were planning to provide some lectures on the area’s history and culture. He invited me to provide a talk and I replied that I would be delighted to do so.”
Work with Writers Week and with PEN
Ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó uaidh sin amach, ba dhuine de thacaí tréana an Listowel Writers Week é an tAthair Ó Gáchain, mar léachtaí, agus mar eagraí. Nárbh é an scéal céanna é i gcás a pháirt i PEN, an eagraíocht domhanda úd, a raibh sé bainteach lei freisin.
Tá píosa breá aige freisin, faoin chaoi ar thaitin sé leis, daoine a chur faoi agallamh, agus é ag iarraidh eolas a bhailiú do leabhar, agus ní haon dóichín é i mbun na ceirde céanna sin, nó téann sé i gcionn ar dhaoine, ar bhealach a chuireann ar a chumas daoine a chur ar a sástacht
“One of the great pleasures in preparing a book for publication is the opportunity to seek out and engage interesting and distinguished persons. In this reagard over the years I have interviewed hundreds of persons……”
Labhrann sé faoi phoiblíocht i gCaibidil a Sé, agus tá píosa spéisiúil aige sa chaibidil chéanna sin faoi Beathaisnéis Tom Johnson, comhbhunaitheoir, agus céad Uachtarán Pháirtí an Lucht Oibre. Is spéisiúil an méid a fuair sé amach, trína chuid taighde, faoi James Larkin:-
“Towards the end of the 1913 lock-out and strike, with the Dublin workers and the trade-union movement in disarray, Larkin, despite the objections of colleagues, left for a lecture tour in the US. His proposed visit lasted more than nine years and he missed out on the Easter 1916 Rising and the war of Independence. On his return to Irealand he attempted unsuccessfully to reagain control of the Irish Transport and General Workers Union.”
Agus an méid sin ar aigne aige, ba thaircuisneach mar a chaith sé le Johnson agus le William O’Brien, agus níorbh fhás aon oíche é an naimhdeas céanna sin, nó lean sé ar feadh na mblianta fada, agus dár leis an údar seo, b’easaontas é….
“which for decades thwarted the attempts of the labour movement to be a major influence in Irish politics.”
Over to you !
Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh faoi sin, ach fágfaidh mé fút fhéin anois é taitneamh agus tairbhe a bhaint as an sár-leabhar seo, agus cuirfidh mé cnaipe leat go mbeidh mo shúil in airde agamsa feasta le leabhair J. Anthony Gaughan.
An-léamh, an-leabhar, agus an-iarracht ar chúrsaí liteartha a shaoil fhéin, a leagan os ár gcomhair amach, ag duine dár scríbhneoirí spreagúla, corraitheacha, ildánacha.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
R e i f r e a n n N i c e A c h t a i t h e .
.
**************************************
Ar deireadh thiar thall, tá Reifreann Nice achtaithe ag vótóirí na tíre seo, agus tá ár ndualgas i leith náisiún Oirthear na hEorpa, coimhlíonta againn. Caithfear glacadh leis, gurb é seo an dara babhta againn dul thar na claíocha leis an Reifreann céanna sin, nó dhiúltaíomar glan do Chonradh Nice, an chéad uair a leagadh os ár gcomhair amach é. Conas a tharla mar sin, gur glacadh chomh héasca sin ar fad leis, an turas seo?
Bhuel, bhí mé fhéin agus mo sheanchara, Séimí an Droichid, ag iarraidh an cheist chéanna sin a chíoradh, is a scaoileadh, agus sinn in ár suí go deas sócúil istigh i gCailleach (snug), san Óstán cáiliúil sin, an Smugairle Róin, an oíche cheana, agus caithfidh mé a admháil anois, gur chuir géarchúis mo sheanchara ionadh an domhain ormsa, nó go nuige seo, ba é a cheap mé fhéin nó go raibh mo Shéimí bocht taobh thiar den doras, nuair a bhíothas ag roinnt na céille, fadó! Ach, ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus tá áthas orm anois an tuairim sin a cheartú, ar eagla na heagla. Ach b’fhéidir gur chóir dom tosú ag an tús, agus an scéal ar fad a leagan os do chomhair amach.
Bhí Séimí istigh sa Chailleach romhamsa, an babhta seo, rud ab annamh leis, agus d’fháiltigh sé romham go croíúil nuair a thug sé cuireadh isteach dom, agus tar éis na gnáthbheannachtaí a mhalartú, leag Séimí deoch spreagúil os mo chomhair amach.
“Caith siar é sin,” ar seisean, “agus ólaimis sláinte na náisiún úd uilig atá ag fanacht ar dhul isteach san Aontas Eorpach s’againne.”
“Sláinte agus saol chucu, agus i ndáiríre, beidh na múrtha fáilte rompu isteach sa teaghlach Eorpach arís, agus gura seacht fearr a bheas siad dhá bhliain ó anocht. Ach anois, ó tá an Reifreann sin Nice thart, agus achtaithe, tuige, an gceapann tú, nár ghlac muid leis, an chéad bhabhta?”
“Tá teoiric agam fhéin faoin diúltú sin a tugadh dó, a chéaduair, ach dár ndóigh, ní chuile dhuine a d’aontódh liom sa teoiric chéanna sin.”
Cén teoiric í fhéin, in ainm an Rí? a Shéimí.”
“Bhuel, tá’s ag madraí an bhaile, gurb iad na hÉireannaigh an dream is cliste i mbun Reifrinn, nó Toghcháin, sa mbith bhán, agus is féidir leo úsáid a bhaint astu le port ar bith is mian leo a sheint orthu.”
“Cén cineál cainte sin agat, nó má tá an ceart agat, is cliste go mór fada madraí an bhaile ná mise?”
“Bhuel, mar is eol duit fhein, ní mó ná sásta a bhíomar fhéin, nó éinne eile, dá ndéarfainn é, leis an gConradh sin Nice, nó an chaoi ar chuir sé teorainn lenár gcumhacht daonlathach, lenár bhflaitheas, agus lenár n-ionadaíocht san Aontas Eorpach feasta, sea mh’anam, níl an Conradh céanna sin thar mholadh beirte, ach, ag an am gcéanna, bhí snáithe eile ag gabháil tríd an gConradh céanna sin, snáithe a thabharfadh deis do thíortha Oirthear na hEorpa bheith ina mbaill den Aontas Eorpach, amach anseo.”
“Sea, sea, sea. Ach cén bhaint atá aige sin go léir leis an diúltú a thugamar don Chonradh céanna sin?”
“Bhí trí chúis againn diúltú don Chonradh, an chéad bhabhta, agus tabharfaidh mé na cúiseanna sin dhuit anois.
• Níor dhein na Páirtithe Polaitíochta iarracht ar bith, gur fiú trácht air, an scéal a mhíniú don lucht vótála, an chéad bhabhta sin. In áit a dhul amach ag toghchánaíocht, mar adéarfá, is amhlaidh a chuir siad fógraí in airde ar na cuaillí telegrafa, ag maíomh, go raibh faoi Sheán Mac Amadáin “TÁ” a vótáil sa Reifreann. Ba rí-chuma linne cén chaoi a raibh sé le vótáil, nuair nár mhínigh sé dúinn, cén fáth a raibh sé ag vótáil amhlaidh. Thug an cur chuige sin deis do lucht “NÍL” teacht os comhair an phobail, agus iad a scanrú, trína rá leo go dtarlódh seo agus siúd, dá vótálfadh siad “TÁ”, lá an Reifrinn.
.
• Nuair a chonaic an pobal gur mar sin a bhí, theastaigh uathu cloch a chur sa mhuinchille, le buille a bhualadh ar an Rialtas agus ar na Páirtithe Aithnidiúla Polaitíochta eile a bhí i gcomhar leo, nó bhí fhios acu go maith, go bhféadfadh siad diúltú don Chonradh, leis an teachtaireacht sin a thabhairt don Rialtas, nó ba mhaith a thuigeadar, go mbeadh neart ama acu le “TÁ” a vótáil sa dara Reifreann, nó bhí fhios acu go mbeadh iachall ar an Rialtas tabhairt faoin Reifreann arís. Sa tslí sin, bhí ar chumas an phobail, ceacht a mhúineadh don Rialtas, agus do na Páirtithe móra eile, agus ag an am gcéanna, thuig siad, go mbeadh ar a gcumas gar a dhéanamh do phobail bhochta Oirthear na hEorpa, ar ball.
.
.
• Agus an rud ba chliste ar fad, ní raibh orthu fiú vóta a chaitheamh, lá an Reifrinn, nó níor mhaith leo bheith i gcomhar le lucht “NÍL”. I ndáiríre, ní raibh le déanamh acu ach fanacht sa mbaile lá an Reifrinn, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas an ceacht sin a mhúineadh don Rialtas, agus do na Páirtithe eile a bhí i gcomhar leo, agus níorbh é sin amháin é, ach bhí ar a gcumas freisin, flíp a bhualadh ar Bhaill eile an Aontais Eorpaigh, nó trí dhiúltú do Chonradh Nice, thugadar le fios do Rialtais eile an Aontais, nach rabhamarna, mar phobal, sásta leis an gConradh lochtach sin Nice, agus go mbeifí ag súil le feabhas, sa chéad Chonradh eile a sheolfaidís inár dtreo.
Bhí an ceart ag vótóirí cliste, eolgaiseacha, na Poblachta seo, nó ba bheag nach ndeachaigh an Rialtas s’againne, agus Rialtais eile an Chomhaontais, as a gcranna cumhachta, nuair a fuair siad amach, go raibh diúltaithe don Chonradh sin Nice ag ár gcosmhuintir, anseo ar imeall an domhain, sea, agus sin tar éis ar dhein siad, le sinn a ardú as an mbogach ina raibh muid sáite go dtí na cluasa, leis na céadta bliain. Chuaigh na tíortha sin in Oirthear na hEorpa, a bhí ag iarraidh teacht isteach san Aontas, le báiní freisin, nuair a chuala siadsan an scéal, go raibh muidinne chomh leithleasach, cointinneach, sin, nach raibh muid sásta deis a thabhairt dóibhsean teacht chun an trach bheathaithe, ó tharla go raibh muidinne sáthach, sásta, inár mbanbh biata, ag bianna beadaí an Aontais.
Bhí breall orthu uilig áfach, nó ba mhaith a thuig ár vótóirí, go dtiocfadh an Rialtas chucu, den dara babhta, agus san idirlinn, go mbeadh ar a gcumas, iachall a chur orthu athruithe inmhianaithe a dhéanamh ar chúrsaí an Reifirnn, agus nuair a thiocfadh siad chucu leis an Reifreann arís, go raghadh siad amach chun na bothanna vótála, an turas sin, agus go nglacfadh siad, le móramh maith, leis an gConradh a chuirfeadh fáilte roimh na tíortha úd as Oirthear na hEorpa, ar theastaigh uathu bheith ina mbaill den Aontas s’againne.”
“Agus a Shéimí, an gceapann tú, i ndáiríre, go bhfuil vótóirí na tíre seo, chomh glic, cliste, eolgaiseach sin, sa chaoi a ndéanann siad a vótaí a chaitheamh, i dtoghcháin agus i Reifrinn?”
“Bí cinnte dearfa de. Is féidir leis an dream s’againne ceol a bhaint as a vótaí, nó is féidir leo port ar bith is maith leo a sheinm ar thoghchán nó ar reifreann. Agus tá rud amháin eile ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dó, sul má imíonn mé liom abhaile chuig Naipí is na rudaí beaga.”
“Agus céard é fhéin?”
“Bhuel, tá mé ag ceapadh, go raibh roinnt áirithe tíortha ar an Mór Roinn, a bhí ag guí Dé go ndiúltódh muidinne don gConradh sin Nice, an dara babhta freisin.”
“Ach a Shéimí, tuigeadh domsa go raibh chuile dhuine ar an Mór Roinn ag guí Dé, de ló is d’oíche, go nglacfadh muidinne leis an gConradh sin, ar ais, nó ar éigean.”
“Óra! Bíodh trí splaideog chéille agat! Níor mar sin dóibh, in aon chor, nó bhí roinnt mhaith feirmeoirí, ar fud na hEorpa, nár theastaigh uathu an ciste a roinnt ar fheirmeoirí iargúlta Oirthear na hEorpa, nó dá mhéad a roinntear orthusan, is ea is lú a bheidh fágtha le roinnt ar fheirmeoirí Iarthar na hEorpa, dream atá imithe ina chleachtadh, faoin am seo. Bheadh cúrsaí go hálainn dóibhsean, dá vótálfadh muidinne “NÍL”, nó d’fhéadfadh siad an milleán uilig a leagan ar vótóirí leithleasacha, cointinneacha, na hÉireann, sa chás sin, ach anois, caithfidh siad a gcath fhéin a throid, os ard, agus os comhair an bhaile, mar adéarfá.”
“Ach, a Shéimí, nach bhfuil sé deachair a chreidiúint, go bhféadfadh na vótóirí s’againne, bheith chomh glic, cliste, eolgaiseach, fadcheannach sin, i gcúrsaí vótála, agus gan deis acu pleananna dá leithéid a leagan amach, nó a shocrú, roimh ré?”
“Ní bhíonn gá le pleanáil roimh ré, nó tada dá leithéid, mar nuair atá pobal cosúil le pobal na hÉireann, tuigeann chuile dhuine acu céard is ceart dósan a dhéanamh, agus sin an chaoi a tharlaíonn, go n-éiríonn leo a dtoil mar phobal a léiriú. Geallaimse dhuit é, go bhfuil sé deacair a leithéid a thuiscint, ach má dhéanann tú torthaí na dtoghchán, agus na Reifreann, a ritheadh sa tír seo, le tamall de bhlianta anuas, feicfidh tú fhéin, go bhfuil an ceart agam.”
“Ach, a Shéimí…”
“Fóill ort anois, nó tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile. Beidh Naipí is na rudaí beaga ag fanacht go foighdeach orm, nó bíonn eagla orthu, chuile bhabhta, go ndéanfaí mé a robáil, nó a mhugáil, má fhanaim amuigh ró-dhéanach san oíche. Ach beidh deis eile againn leis an gceist sin a chíoradh, agus a scaoileadh, an tseachtain seo chugainn, le cúnamh Dé, ach don bhabhta seo…Slán..”
“Slán abhaile,” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, nó faoin am sin, bhí sé glanta leis amach doras na Caillí, agus mise fágtha liom fhéin, le mo dheoch a dhiúgadh go tóin. Níor aontaigh mé le chuile rud dá ndúirt mo Shéimí breá, ach mar sin fhéin, caithfidh mé a admháil dhuit, gur aontaoigh mé le roinnt mhaith dár leag sé os mo chomhair amach, ach caithfidh mé dul ar mo mharana, leis an gceist seo a chíoradh tuilleadh, agus b’fhéidir, go bhfillfinn ar an gceist arís, amach anseo. Idir an dá linn, céard é do thuairimse ar a raibh le rá ag mo Shéimí cóir? Ná bíodh drugall ar bith ort scríobh chugam, nó chuig Séimí cóir fhéin, má thograíonn tú é!
Go dtí an chead bhabhta eile….Slán…..
.
*******************
Peadar Bairéad.
*******************
.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
(This week I mBeal an Phobail tries to come to terms with Saturday’s Referendum.)
Peadar Bairéad
Reifreann Romhainn
Déarfainn gur beag duine sa tír nár chuala trácht ar an Reifreann a sheolfar ar an 10ú lá de Mhí seo na Samhna, nuair a iarrfar ar vótálaithe na tíre seo, an mbeidís sásta Alt 5 dAirteagal 42 den Bhunreacht a chealú, agus Airteagal nua, Alt 42A, a chur isteach i ndiaidh Alt 42. San Alt nua seo, 42A, geallfaidh an Stát go seasfaidh sé le “cearta nádúrtha dochloíte na leanaí uile, agus nach foláir dó na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é”. Ina dhiaidh sin, liostáiltear ceithre fo-roinn an Airteagail nua seo, ag tabhairt cead don Stát, ag feidhmiú mar chosantóir agus mar chaomhnóir leas an phobail, tugtar cead dó, i gcás go dteipeann ar na tuistí a ndualgas i leith na leanaí a choimhlíonadh go cuí, teacht ar an bhfód chun ionad na dtuistí sin a thógáil orthu fhéin, ar choinníoll go dtabharfar aire i gcónaí nach sárófaí cearta nádúrtha dochloíte an linbh. Chomh maith le sin, déanfar socrú dlí, ar choinníollacha áirithe, le leanbh ar bith a uchtáil i gcás nach ndearna na tuistí a ndualgas ina leith. Tabharfar cead de réir dlí le leanaí a shuíomh le haghaidh uchtála agus a uchtáil.
Leas an Linbh
Sa chéad chuid d’alt a ceathair den Airteagal nua, glactar leis, go rithfear dlíthe, le cinntiú go bhfeidhmeodh an Stát ar mhaithe le leas an linbh, am ar bith a mbeidh uchtáil, caomhnóireacht, coimeád, nó rochtain aon linbh i gceist. Sa dara cuid den alt céanna sin, féachfar chuige, go déanfar socrú le dlí, chun a chinntiú, sa mhéid gur féidir sin a dhéanamh, teacht ar bharúlacha an linbh fhéin, agus aird a thabhairt ar na barúlacha sin, agus meáchan cuí a thabhairt dóibh, ag cur san áireamh aois agus foirfeacht an linbh, agus iad ag teacht ar réiteach na faidhbe. Sin agat anois cuid den eolas a bhain mé fhéin as an bhfillteán úd, “Ráiteas mar Eolas do Vótálaithe Reifreann a bhaineann le Leanaí” a seoladh chuig vótálaithe, ar na mallaibh.
Tá na Páirtithe Polaitíochta ar aon fhocal faoin Reifreann seo, nó tá siad uile go léir sásta glacadh leis gur maith, gur inmholta, agus gur cuí an socrú é seo ar dheacrachtaí doshocraithe áirithe, a bhaineann le hábhar an Reifrinn seo le blianta fada anois. Ceann de na deacrachtaí sin, i gcorrchás anois is arís, nuair nach gceadaítear leanaí áirithe a uchtáil, bíodh gurb é mian an linbh go ndéanfaí a leithéid, agus bíodh freisin, go bhfuil saoránaigh oiriúnacha reidh agus sásta iad a uchtáil. Táid ann adéarfadh, gur chóir dúinn deighleáil anois leis an bhfadhb sin, trí ghlacadh le tairiscint an Reifrinn seo.
Ach an bhfuil éinne ag moladh dúinn, gan glacadh le tairiscint an Reifrinn seo, má sea?
Ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile?
Bhuel! Tá. An té a éisteann le, nó a léann, a bhfuil le rá ag an iriseoir aitheanta sin, John Waters, tuigfidh sé go bhfuil John ag moladh dúinn vótáil i gcoinne na tairisceana sin, nó, dár leis, tá ár ndóthain dlíthe againn cheana féin le ‘chuile shaoránach, idir óg agus aosta, a chosaint, agus lena chearta a chur in áirithe dó. Ach is soiléir freisin, nach réitíonn an tAire, Alan Shatter, le John, sa chás seo, mar i gcás an Aire, ní bheifeá ag súil lena mhalairt uaidh. Dár leis an Aire, ba chóir dúinn vótáil i bhfábhar na tairisceana sa Reifreann seo, nó is soiléir do chuile dhuine, gur deineadh leatrom agus éagóir ar leanaí áirithe sa tír seo, le blianta anuas. Ba chóir don vótálaí na tuairimí sin uilig a chur san áireamh sul má chaitheann sé a ghuth, ar an Satharn seo chugainn, an 10ú lá de Shamhain na bliana seo, 2012. Mar sin, déan do mharana sul má chaitheann tú do vóta sa Reifreann seo agus smaoinigh freisin, ar stair na faidhbe seo ó bhunú an Stáit s’againne i leith. Mo chuidse de, caithfidh mé a admháil, nach bhfuil socraithe agam fos mo vota a chaitheamh ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile, ach tá mo dhóthain ama agam fós le sin a dhéanamh.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Résheoid………….céadchló………………..2011
le
Doireann Ní Ghríofa……………………….€7.50
Peadar Bairéad
Geasa na Gealaí
I mbliana a seoladh, Résheoid, díolaim filíochta ó pheann aclaí, cliste, an fhile seo, Doireann Ní Ghríofa. As Contae an Chláir do Dhoireann ó dhúchas agus Céim Máistreachta sa Nua-Ghaeilge bainte amach aici, le déanaí. Tá an file óg seo i mbun pinn le scathamh anois, agus dánta lei foilsithe go rialta in irisí éagsúla. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi i mbliana. Deir Alan Titley linn, i nóta ar chlúdach cúil an leabhair seo:-
“Tá teanga shnoite shaorlíofa cothaithe ag an údar a iompraíonn dánta a bhfuil idir iontas agus dhraíocht agus sceimhle iontu”
Seacht ndán is trí scór atá le fáil againn idir chlúdaigh mhaisiúla, dea-dheartha, an díolaim dána seo, agus is mór an chreidiúint do Choiscéim cur i láthair an tsaothair bhláfair, so-léite, seo.
Céard faoin ndán “Résheoid” as ar ainmníodh an leabhar,? Seo chugaibh ina iomláine é, nó tuigeadh dom, go raibh an chumadóireacht anseo ró-dhlúth, ró-shnoite, le giotaí a phiocadh as….
RÉSHEOID
Táim faoi gheasa ag an ngealach
Lonraíonn sí trím’ bhrionglóid
Seolann si inspioráid
Ar thonnta dorcha na hoíche
Le lapadaíl cuilithíní.
Dúisíonn sí mé
De phreab,
Leathbháite
M’anáil sciobtha aici.
Brúnn sí mo pheann luaidhe
Chun scríobadh ’s scrábáil
Ar pháipéar leathstróicthe
Mo shúile dúnta, dallta.
Táim faoi gheasa ag an ngealach
Caithfear í a shásamh.
Cuireann an ghealach an file faoi gheasa, agus trína hinspioráid spreagtar féith na filíochta ina croí, agus tugann sí faoi dhán a scríobh ar pháipéar leathstróicthe, a súile dallta ag solas na gealaí, ach níl éaló óna geasa, agus caithfidh sí an dán a chur ar phár. Feiceann tú chomh cliste is a cumtar an dán seo ina aonad críochnaithe amháin.
Féach freisin, mar a úsáideann sí an teanga go samhlaíoch sa chéad dán ina gcuireann sí síos ar ‘An Stáitse’ agus an Fhoireann réidh le teacht i láthair a lucht éisteachta…..
Cuilithíní comhrá…
Clingeann an ceolán.
“Íslíonn
cleití beaga bána
an chiúnais”
.
Ardaíonn an brat trom
Go mall, sa dorchadas.
.
Sampla amháin eile, le scil agus ealaíon an fhile seo a leagan os do chomhair amach. ‘An Loch’ a bhaist sí ar an ndán seo..
Péire eala
Ar snámh mall
Oíche fhuar cois locha,
Muiníl lúbtha
Ag síorcheistiú
Ciúnas domhain an uisce.
Scaipeann neart
A gcosa scamallacha
Na néalta
Ó scáilí preabarnacha
Na réaltaí.
Aonad deas iomlán samhlaíoch arís anseo againn. Agus féach mar a chuireann sí críoch lena dán “BEAN NÍOCHÁIN”…
Fáisceadh éadaí fliucha in uisce fiuchta
Feadaíl fhíochmhar fuipe na focail
Gol géar goirt.
.
Deora galaithe.
.
Ní gá tuilleadh samplaí a thabhairt anseo, nó níl le déanamh ag duine ach an leabhar seo a léamh le taitneamh a bhaint as a bhfuil leagtha os a chomhair amach ag an bhfile.
Tá mé ag súil go mbainfidh tú taitneamh as na seacht ndán is trí scór atá le léamh idir chlúdaigh bhláfara an díolaim thaitneamhaigh seo.
.