le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Sceanadh, Mugáil, agus Marú…. 1
Peadar Bairéad
(This week we take a look at violent behaviour)
Éigean agus Slad!
Is dócha gur thug tú faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal “éigean” i mbéal gach éinne i bhfad Éireann níos minicí ná mar a bhíodh. Ní hionann sin is a rá, nach raibh an t-earra céanna sin ar fáil roimhe seo, nó bhí, ach is dócha nach bréag ar bith é a rá, go bhfuil an foréigean céanna sin imithe chun an donais ar fad, le mám blianta anuas. Tá daoine ann adeir, gurb iad na drugaí agus an t-ól is cúis leis, agus is dócha go bhfuil sláimín den cheart acu sa mhéid sin, ach, i ndáiríre, níor chóir dúinn glacadh le leithscéal dá leithéid, nó má dhéanann, is ionann sin is a rá, nach mbeadh duine ar bith freagrach, as a ghníomhartha i gcás dá leithéid feasta, toisc gur féidir leis an milleán a leagan ar chúis eicínt taobh amuigh dá bheith fhéin. Bhíodh leithscéalta dá leithéid á dtabhairt sna cúirteanna, i gcás an óil, tamall de bhlianta ó shoin, ach ar deireadh, is dócha gur shocraigh na breithiúna, nár chóir glacadh lena leithéid feasta, nó tuigeadh dóibh, go raibh an meisceoir ciontach ina mheisce, ar an gcéad dul síos, agus dá bharr sin, go raibh sé ciontach freisin sna gníomharatha a rinne sé le linn a mheisce. B’fhéidir go ndéarfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, dí-aignithe, ag cumhacht na ndrugaí, ach ag an am gcéanna, nach é an dá mhar a chéile é, nó i ngach cás acu, tá cumas an duine guaim a choinneáil air fhéin, bearnaithe nó millte. Ach an ionann sin is a rá, nach bhfuil duine ciontach sna gníomharatha a rinne sé i gcás dá leithéid? Ní dóigh liom gurb ea, nó dá ndéarfaí a leithéid, ansin, is dócha go mbeadh sé de dhualgas ar na húdaráis an té sin a choinneáil i ngéibheann go dtí go bhféadfaí a rá arís nár bhaol don phobal é
Uisce na bhFataí
Bhí mé ag caint faoi na cúrsaí sin le Mártan an Tairbh, seanchara linn, an lá cheana, agus bhfuil fhios agat céard adúirt seisean liom?
Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, dea–dhéanta, foirfe. Agus ar seisean ansin, an mbeifeása sásta uisce na bhfataí a chur isteach ann, in áit díosail, nó peitril? agus tú ansin ag súil, i ndiaidh an iomláin, go mbeadh a rith agus a léim aige ina dhiaidh sin? Ní dóigh liom go ndéanfá, arsa mo chara, agus é ag scaoileadh gáilleog den stuif crua siar le fána! Ó, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fhéin. Tar éis na cainte sin go léir, caithfear a admháil, is dócha, go bhfuil tionchar do-áirithe ag drugaí ar fhás an foréigin sráide sin, a thugtar faoi deara, ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha, le roinnt blianta anuas.
Ach an bhfuil leigheas ar an scéal, má sea?
Bí cinnte nach bhfuil ‘leigheas ar an toirt’ le fáil ar fhadhb chasta dá leithéid, a bhfuil an domhan mór cráite, céasta, aici, le cupla scór bliain anuas, nó dá mbeadh a leithéid de leigheas ar fáil, bí cinnte go mbeadh úsáid bainte as, ag na tíortha móra saibhre, a bhfuil na milliúin á gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinneáil ar dhéanamh, ar úsáid, ar dhíol agus ar leathadh, na ndrugaí díobhálacha céanna sin.
Ach, fágaimis an fhadhb sin ar leataobh, go fóill, agus tugaimis aghaidh arís ar an bhforéigean sráide sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo.
Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath úd a bhíodh ar bhéala daoine, roinnt blianta ó shoin, nó ní bhíodh i mbéal an uile dhuine, an tráth sin ach “Zero Tolerance”. Is dócha gurbh iad na Puncáin a chuir tús leis an téarma céanna sin, agus ba é ciall a bhí, agus atá, leis, nó nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith, dá mbrisfeadh sé dlí nó riail ar bith, cuma cén cineál dlí a bheadh i gceist, marú duine, nó ag caitheamh bun toitín ar an tsráid, chuirfí an dlí i bhfeidhm, go huile is go hiomlán, i ngach uile chás. Rinneadh iarracht ar sin a dhéanamh ar shráideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur tháinig an-fheabhas ar chúrsaí ansin dá bharr. Ba ghearr go raibh an mana céanna á úsáid anseo i dTír na hÉireann freisin, ach ní dóigh liom, go raibh toradh céadach air anseo, faoi mar a bhí thall!
(Tuilleadh an tseachtain seo chugainn.)
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Tús Tuile…..1
Peadar Bairéad
.
(This week I take a second look at a piece I wrote here some years ago.)
Cuimhní ag filleadh
Nuair a smaoiním anois ar an bPiarsach, tagann chugam isteach ar thonn na cuimhne, an lá úd fadó, i dtriochaidí na haoise seo caite, nuair a d’inis an Máistir Ó Cróinín, i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, Iorras, scéal an Phiarsaigh dúinn. Tagann chugam freisin, an grianghraf úd, a léirigh cló leicinn an Phiarsaigh, pictiúr, dár linne, a léirigh séimhe, macántacht, agus fearúlacht. Sea, agus tugaim chun cuimhne freisin, na huaigheanna néata, rangaithe, úd, i gCnoc an Arbhair, gona gcrainn arda lásacha, gona leacht ard, snoite, clochach. Sea, ba naoimh ar thalamh dúinne laochra an Éirí Amach.
That Terrible Beauty!
Ach thar aon rud eile, tagann línte úd an Yeatsaigh chugam, agus é ag smaoineamh ar an bPiarsach céanna sin.
“This man kept a school
And rode our winged horse..”
Agus arís…
I write it out in a verse
McDonagh and McBride
And Connolly and Pearse
Now and in time to be
Wherever the Green is worn
Are changed, changed utterly
A terrible beauty is born”
.
An Gearrscéalaí
Ach ní chuige sin atá mé, an iarraidh seo, nó is é atá ag déanamh tinnis dom sa phíosa seo, nó scéal amháin, agus altanna, leis an bPhiarsach, mar bíodh go raibh scileanna aige i mbun filíochta agus i mbun drámaíochta, agus fiú i mbun óráidíochta, is é mo thuairim fhéin, nó gur mar ghearrscéalaí ba mhó a bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin. Chuaigh sé i mbun pinn agus é an-óg, agus lean den nós sin thar na blianta fada. Sa bhliain 1902, agus é trí bliana is fiche, thosaigh sé ag scríobh altanna agus cuntais chuig an Claidheamh Solais. Cur síos ar a imeachtaí agus ar a eachtraí i gConamara, ba mhó a bhíodh idir chamáin aige sna píosaí sin. Ba chara leis an eagarthóir Eoin Ó Neachtain é, agus d’fhoilsíodh seisean chuile shórt uaidh. Ag cur síos ar aiste acu sin, “Lá Fá’n Tuaith” dúirt Ruth Dudley Edwards, ina Beathaisnéis scolártha, dea-thaighithe, faoin bPiarsach…..
“It smacked more of the schoolboy essay than of the serious literary effort of an adult. But as with oratory, so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”
Ag scaipeadh an scéil
“Fair enough”, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach ag an am gcéanna, chaithfeadh duine smaoineamh, nach raibh an oiread sin eiseamláirí ag an bPiarsach, le bheith ag déanamh aithrise orthu, an t-am sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, go raibh sé ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré inar mhair sé. Rinne sé a dhícheall ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh, le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach rogha an chircín rua fhéin, sé sin tabhairt faoin ngnó é fhéin! Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, bíodh nár chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite. Sa chéad phíosa eile, an tseachtain seo chugainn, feicfidh muid nár ró-chliste an t-ainm a bhaist sé ar an scéal céanna sin, nó lig an tAth. Ua Duinnín air, gur bhain sé ciall contráilte as an teideal céanna sin, agus é ag ligint air go mba theideal gháirsiúil é, le ceap magaidh a dhéanamh den údar óg!
.
……………………….Ar leanúint an tseachtain seo chugainn.…………………………
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Tús Tuile….2
Peadar Bairéad
.
(We continue our re–view of a piece published here some time ago.)
.
Poll an Phíobaire
Chonaic muid, an tseachtain seo caite, gur dhein an Piarsach a dhícheall le roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó nach raibh aon rogha aige ach rogha an chircín rua fhéin, sé sin, tabhairt faoi’n ngnó é fhéin! Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, ach níor chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain sé úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.
Thaitin sé le XYZ
Thaitin an scéal le Sgeilg, (Seán Ó Ceallaigh), agus rinne sé léirmheastóireacht air san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é:-
“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”
Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard na spéire é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon aithne aige ar an údar óg, ach, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán úd ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.
Níor mealladh an tAthair Ua Duinnín, áfach!
Níor buaileadh aon bhob dá leithéid áfach, ar an Athair Ua Duinnín, an foclóirí. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,
“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”
“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”
Leag an Duinníneach béim ‘ar theideal masmasach’ an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saighead sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus dá chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air, in áit Poll an Phiobaire.
As an bhFoinse céanna !
Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé cé hé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as poll an phíobaire! Fair Play! don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air le duine a bhearradh! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneoir, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, sé sin, BA agus BL, nuair a thugadh sá, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dhúinn!
Ach faoi mar a scríobh Ruth Dudley Edwards ina beathaisnéis dea–scríofa, dea–thaighdithe…..
“….but as with oratory so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”
Sea, ní raibh sa scéal sin i ndáiríre ach tús tuile.
B’fhéidir go bhfillfeadh muid ar an ábhar sin arís, amach anseo.
.
.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Scrúdú Cainte Cuid a Dó
Cad a dhéanfá dá dtoghfaí thú id’ Thaoiseach ar an tír seo?
.
Ar an gcéad dul síos, bheinn den tuairim, nach bhfuil baol ar bith ann go dtarlódh a leithéid, ach, dá dtarlódh sé, bheadh áthas an domhain orm, nó bheadh deis agam, iarracht a dhéanamh ar fhadhbanna uilig na tíre seo a leigheas.
Ba é an chéad rud a dhéanfainn nó coirpigh uilig na tíre seo a ghabháil agus a chur isteach in Ionad Ceartaithe, agus sa tslí sin, chuirfinn deireadh láithreach le mí-iompar ár ndaoine, idir óg agus aosta. Ansin, de réir mar a bheadh a gceacht foghlamtha acu, ligfinn saor arís iad, ar choinníoll nach mbrisfidís an dlí arís, agus go bhfanfadh siad glan amach ó choirpeacht, agus aindlí.
Nuair a bheadh sin déanta agam, d’fhéachfainn chuige, go mbeadh teacht isteach réasúnta ag chuile oibrí sa tír, agus ghearrfainn cáin trom ar mhilliúnaithe na tíre seo. Chuirfinn tuilleadh airgid ar fáil do na scoileanna agus do na múinteoirí. Chuirfinn deireadh le fadhb na n-ospidéal, agus nuair a bheadh an meid sin déanta agam, d’iarfainn ar an bpobal a dtuairimí fhéin a chur ar fáil don Rialtas, sa tslí go mbeadh muid in ann freastal orthu, mar ba chóir.
.
Deirtear uaireannta, gur pobal ciníoch muid anseo in Éirinn. An gceapfá go bhfuil an ceart ag na daoine adeireann sin?
.
Tá agus Níl. Mar sa chéad áit, nach ndeirtear sa tseanfhocal, gur cara gach duine go dtéann a bhó isteach i do gharraí. Bhuel, is é an chás céanna ag na hinimircigh é. Chomh fada is a fhanann siad ina dtír fhein, bíonn muid breá cairdiúil leo, agus fiú, bheadh muid sásta chuile chabhair a chur ar fáil dóibh, chomh fada is a fhanann siad ansin, ach nuair a thagann siad isteach sa tír s’againne, agus nuair a éiríonn postanna gann, ansin, ní bhíonn muid chomh cairdiúil sin ar fad leo, agus má tharlaíonn gur daoine gorma iad, na hinimircigh a thagann isteach chugainn agus a thógann na postanna ganna sin, bhuel! ansin éiríonn eascairdeas idir sinne agus na gormaigh sin. An té a thabharfadh sin faoi deara, is dócha go gceapfadh sé, agus go ndéarfadh sé, gur ciníochas lom atá á chleachtadh againn, ach i ndáiríre, dá mba dhaoine as Contae eile sa tír seo, a dhéanfadh an rud céanna sin, mhúsclófaí an t-eascairdeas céanna chucu, i gcroíthe na ndaoine a fágadh gan obair.
I ndáiríre, déarfainn fhéin nach bhfuil muid ciníoch in aon chor, ach go mbíonn drugall ar chuile dhuine, glacadh leis an rud atá strainséartha, ach chomh luath is a chuireann muid aithne cheart ar na hinimircigh, bíonn muid chomh cairdiúil leo is a bheadh muid le duine as ár dtír fhéin.
.
Céard é do mheas ar lucht polaitíochta na tíre seo?
.
Ba chóir a rá i dtosach, go bhfuil daoine ann, a cheapann, nach dtéann le polaitíocht, ach an dream a dteastaíonn uathu crónán ar mhaithe leo fhéin, agus b’fhéidir go bhfuil an corr-pholaiteoir ann, a bheadh sásta breab a ghlacadh, ar mhaithe le fábhar a dhéanamh do dhuine eicínt, agus sa tslí sin bíonn siad sásta dearmad a dheanamh de leas an phobail, ach is é mo thuairim fhéin, go bhfuil polaiteoirí againn sa tír seo, atá chomh maith, agus chomh macánta, agus níos fearr déarfainn, ná na polaiteoirí a gheofá in aon tír eile ar domhan. Anois, is féidir a rá go n-íoctar go maith iad as a saothar, ach ní bréag ar bith é a rá, go mbíonn ar an bPolaiteoir bheith i mbun a shaothair ó mhaidin go hoíche, Domhnach is Dálach, agus ó cheann ceann na bliana, nó caithfidh sé freastal ar shaoránach ar bith a thagann chuige ag lorg cabhrach.
I láthair na huaire seo, tá daoine ann a deireann seo, agus daoine a deireann siúd, faoinár dTaoiseach, Bertie Ahearne, ach, is annamh a chloiseann tú duine den dream sin ag labhairt faoin méid oibre a dhéanann an fear sin, ar mhaithe lena Thír, gan tracht in aonchor ar a ndéanann sé ar mhaithe lena Pháirtí, nó ar mhaithe lena Phobal. Iarr ar na daoine sin, a dtugann sé cabhair dóibh, cén cineál duine é Bertie, agus déarfaidh siad leat, nach bhfuil a shárú mar pholaiteoir le fáil ar dhroim talún.
Sea, caithfidh mé a rá, go bhfuil meas, agus dhá mheas, agam fhéin ar an lucht polaitíochta, as a ndúthracht, as a macántacht, agus as a dtír-ghrá, nó is dream iad, a chaitheann a gcuid ama ag saothrú ar son an phobail, agus nach deacair daoine dá leithéid sin a fháil, na laethe seo.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Scrúdú Cainte…
.
Cad e an caitheamh aimsire is fearr leat?
Is duine me ata an-tugtha do sport de chuile chineal, agus biodh go bhfuil suim agam in a lan cluichi mar an Pheil Ghaelach, an Rugar, Cruicead agus a leitheid, ach thar aon chaitheamh aimsire eile is fearr liomsa Sacar, agus ce go n-imrim a lan cluichi, is fearr liom bheith ag imirt Sacar agus da bharr sin is ball d’Fhoireann Sacar Mha Nuat me agus bim ag imirt an chluiche sin chuile Dhomhnach, agus bim ag cleachtadh don chluiche sin cupla uair sa tseachtain, agus is e adeir mo chairde go leir no gur maith chuige me.
Ach nuair a bhionn an aimsir go hainnis taobh amuigh, ansin ceard a dheanann tu leis an aimsir a chaitheamh?
Ar an gcead dul sios, ni maith liom nuair a bhionn se ag stealladh baisti taobh amuigh, agus nuair nach mbionn an aimsir oiriunach le cluichi a imirt taobh amuigh, ach nuair is crua don chailleach, caithfidh si rith, agus is e an dala ceanna liomsa e, agus bainim taitneamh as ceirnini, as an teilifis, as cluichi cartai, agus fiu as an leitheoireacht!
Agus an bhfuil aon chineal leabhair a gcuireann tu speis faoi leith ann?
Is maith liom leahair ghearrscealta, agus scealta lorgaireachta freisin, ach faoi mar aduirt me cheana, b’fhearr liom go mor fada bheith amuigh faoin aer ag imirt sacair no peile le mo chairde.
Luaigh tu an teilifis ansin freisin, cen cineal claracha is fearr leat bheith ag breathnu orthu ar an mean sin?
Caithfidh me a admhail dhuit go mbainim taitneamh nach beag as na scannain a leiritear ar an teilifis chuile oiche, ach is annamh a bhionn an t-am agam le breathnu orthu, no togann se an t-uafas ama mo cheachtanna baile, agus mo chuid staideir a dheanamh chuile oiche agus da bharr sin, is beag ama a bhionn fagtha agam le bheith ag breathnu ar scannain, agus da bharr sin, eirionn liom tamall a chaitheamh anois is aris ag breathn ar claracha nuachta, agus scannain faisneise, agus corruair bainim taitneamh as na scigchlaracha, agus na cartuin.
Ar mhaith leat labhairt linn faoi fhadhb na ndrugai agus an oil i measc an aosa oig?
Biodh nach bhfuil lan-eolas agam faoin abhar seo, ag an am gceanna, is abhar e ata i mbeal gach einne na laethe seo, agus ta a fhios fiu ag madrai an bhaile go bhfuil se easca go maith teacht ar dhrugai i ngach baile mor agus i ngach sraidbhaile o cheann ceann na tire seo i lathair na huaire seo.
Is fior-olc na hearrai iad na drugai ceanna sin, no ni thogann se i bhfad doibh greim daingean a fhail ar an te a bhaineann usaid astu, agus uaidh sin amach, ta se fior dheacair don duine sin fail reidh leo. Agus ni he sin an rud is measa futhu, mar bionn an te a thagann faoina reim, bionn se sasta, goid, robail, mugail, agus breaga a insint, le “fix” a fhail, lena mhian a shasamh tamall. Ta a fhios ag gach einne go ndeanann iompar da leitheid dochar an-mhor, ni hamhain don anduileach, ach don phobal, fri cheile.
Ma ta na drugai sin chomh holc sin, tuige mar sin a mbaineann daoine, idir og agus aosta, usaid astu?
Bhuel, go minic, is e an “Peer-bhru” a mheallann iad le trial a bhaint as druga faoi leith, agus dar ndoigh, sa tsli sin, faigheann an druga greim scoige air, agus ni bhionn ar a chumas ansin deanamh gan iad. Nach ‘in mar a bhiodh ag daoine fado i gcas an tae, nuair adeiridis go raibh siad marbh ag an tae, ach go mbeidis marbh gan e, freisin, sa tsli cheanna leis na drugai..Marbh ag drugai, agus marbh freisin gan iad, ag an te a bhionn tugtha doibh.
Aon tuairim agat faoin ol, mar sin?
Nach e an sceal ceanna e agus sceal na ndrugai, mar nach bhfuil a fhios ag madrai an bhaile fhein gurb an t-ol agus an alcoil ata folaithe ann, an druga is coitianta anseo in Eirinn. Agus nil aon dabht ach oiread, ach go ndeanann se an t-uafas dochair do na halcoiligh ata chomh tugtha sin don ol nach feidir leo deanamh da eagmais.(pronounded …eh..mush…) Milleann se an t-aos og a theann ina chealchtadh, agus ta na daoine fasta ata tugtha do millte cheana fein aige. Sea, thuig an tAthair Maitiu an sceal go maith, nuair a mhol se do mhuintir na hEireann eiri glan as an ol, agus chuige sin chuir se eagraiocht ar bun le cabhru le daoine da leitheid.
Aon fhadhb eile ag cur as don tir seo i lathair na huaire seo?
Ta, agus ualach asail diobh. Nil le deanamh ag duine ach na nuachtain a leamh, no breathnu ar an teilifis agus tuigfidh se go bhfuil an tir seo millte ag dronganna coirpeach ata eagraithe faoi mar ba arm iad, agus iad sasta dul amach ag robail, ag eigniu, ag troid, ag baint dioltais amach, agus fiu ag maru, ar mhaithe le hairgead a dheanamh. Ta daoine ann freisin adearfadh go raibh moraltacht na tire seo imithe chun an donais le roinnt blianta anuas, ach sin sceal eile ar fad. Agus ceard faoi fhadhb an Inimirce? agus an chaoi nach bhfuil daoine sasta failte a chur roimh na hinimircigh a thagann ar chuairt chugainn go minis ar thoir oibre agus saoirse. Sin fadhb a gcaithfidh muid deighleail leis sna laethe ata romhainn amach freisin, agus ni hiad an t-aos og is cuis leis an bhfadhb seo. Is iad na daoine fasta ata ciontach sa chas seo, agus ta se thar am againn ar mbeasa, sa chas seo, a athru o bhonn.