le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail.
****************
Write an Essay on…. “Timpiste a bhain dom !”
Nár mhinic a tugadh an teideal céanna sin mar ábhar aiste dúinn, agus muid ag ullmhú do na Scrúduithe Teistiméireachta, fadó? Sea, agus nach mbíodh sé deacair go maith aiste a scríobh faoi thimpiste nár bhain riamh dúinn, ach muid ag ligint orainn, agus ag cur i gcéill. Bhuel, b’in iad na smaointe a rith liom fhéin, ar an seachtú lá de Shamhain, anuraidh, nuair a tharla timpiste dhom fhéin ar Sheachród Challainn, thart ar a leathuair tar éis a dó, san iarnóin.
On our way to Clonmel.
Ar ár mbealach go Cluain Meala sea bhíomar, sé sin, mé fhéin is mo bhean, le tamall a chaitheamh ag siopadóireacht sa mbaile taitneamhach sin. Bhí an lá mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith. Bhí an ghrian ag scaladh anuas orainn, as spéir gan scamall, agus ní raibh fuacht ar bith, nó goimh dá laghad, san aimsir, bíodh to raibh muid ag druidim le lár na Samhna. Cé nach raibh aon ró-thrácht ar na bóithre, ag an am gcéanna, bhí roinnt áirithe caranna os ár gcomhair amach, agus iad ag dul ar aghaidh go deas réidh. Ní raibh aon ró-luas fúinn. Bhíomar ag druidim thar scuaine cailíní scoile, a bhí ag siúl leo go spleodrach, i lána na práinne agus muid ag druidim le Gabhal Westcourt, theastaigh ó ghluaisteánaí os ár gcomhair amach, casadh ar dheis, ach ó tharla go raibh gluaisteán ag teacht chuige, bhí air stopadh, go ngabhfhadh an gluaisteán sin thar bráid. Tharla sin de phlimp, agus b’éigean do na gluaisteáin taobh thiar den ghluaisteán a stop, b’éigean dóibhsean stopadh freisin. Anois, ó tharla nach raibh Lána na Práinne folamh, ní raibh ar ár gcumas ealó isteach ansin, agus dá bhrí sin, b’éigean dúinn stopadh láithreach, sa lána ina rabhamar. Cheap mé fhéin go raibh dóthain spáis agam le stopadh, agus imbhualadh a sheachaint, ach bhí breall orm, agus an chéad rud eile a tharla, agus mé ag coscadh liom ar mo dheargdhícheall, nó thuairteáil mé i gcoinne an ghluaisteáin a bhí os mo chomhair amach. Bhuel, a leithéid de thorann! Cheapfá go raibh an spéir tar éis titim anuas orainn!
We were alive and safe.
Ach bhíomar inár stad, agus bhíomar beo, agus b’in an rud ba thábhachtaí ar domhan, ag an am. Bhreathnaigh mé timpeall orm. Bhí an gluaisteán os ár gcomhair amach ina stad freisin. Gluaisteán mór láidir a bhí ann de dhéantús Mercedes, agus déanta na fírinne, ní raibh marc ar an ngluaisteán céanna sin, nó bhí sé chomh daingean, dobhogtha, le tanc, sea, agus rud eile a chruthaigh nach raibh aon luas, gurbh fhiú trácht air, fúinn, nó nár phléasc na málaí aeir in aon chor. Ghortaigh an crios sábhála mo bhean, ach taobh amuigh de sin, ní raibh aon chailleadh ar cheachtar againn. Nuair a thug mé an méid sin faoi deara, d’oscail mé doras an ghluaisteáin, agus amach liom, go bhfeicfinn cén bhail a bhí ar na daoine a bhí sna gluaisteáin os ár gcomhair amach. Cosúil linn fhéin, ní raibh cailleadh ar cheachtar acu, nó bhi dhá ghluaisteán stoptha os ár gcomhair amach. Tar éis dom roinnt ceisteanna a chur ar na tiománaithe, fuair mé amach go raibh an gluaisteán tosaigh, ar theastaigh uaidh iompú ar dheis, imithe leis, agus gan a thásc nó a thuairisc ag éinne!
Emergency Services.
Tharla go raibh fóinín póca ag tiománaí an Mhercedes, agus chuir seisean fios ar na Gardaí, agus “fair play” dóibhsean, ba ghearr go raibh siad ar an láthair, agus iad imithe i mbun oibre, go deas, réidh, cuirtéiseach. Ach, sular tháinig na gardaí ar an bhfód chugainn in aon chor, tharla go raibh banaltra ar an bhfód, agus tháinig sise chugainn, agus cheistigh sí sinn, agus tar éis di sinn a scrúdú, féachaint an raibh muid gortaithe go dona, agus arís, ní fhéadfadh duine ach an bhanaltra sin a mholadh as a gairmiúlacht, as a daonnacht, agus as a cúnamh, in am an ghátair. Ansin, fad is a bhí sin ar siúl, chualamar cloigín an Bhriogáid Dóiteáin ag déanamh orainn, agus go gearr ina dhiaidh sin, chualamar sianaíl ghéar, uaigneach, cluasphléascadh an otharchairr ag teacht inár dtreo. Go bhfóire Dia na Glóire orainn uilig, arsa mise liom fhéin, ach nach tapaidh a bhailigh na seirbhísí práinne sin uilig thart orainn, agus iad ag súil, is dócha, go raibh sléacht déanta orainne, san imbhualadh sin, ach nár mhaith ann iad? nó dá mbeadh duine gorthaithe go dona, bheadh gá leis na seirbhísí céanna sin, agus sin gan aon ró-mhoill. Ach, buíochas mór le Dia, ní raibh aon duine gortaithe go dona, sa timpiste sin, ar Sheachbhóthar Challainn an Chlampair, faoi mar a thugadh an dialannaí, Amhlaoibh Ó Súilleabháin, ar an mbaile álainn sin cois Abhainn an Rí.
I gcás na nGardaí, anois, dúirt mé go ndeachaigh siadsan i mbun a gcuid oibre go gairmiúil, sciliúil, díscréideach. Thóg siad na tomhaiseanna riachtanacha, tharraing siad sceitseanna, agus scríobhadar toradh a saothair ina leabhair nótaí, ar an láthair, faoi mar is dual dóibh a dhéanamh, i gcás dá leithéid. Tháinig bangharda chugainne le mám ceisteanna a chur orainn, agus arís, ní fhéadfadh sí a bheith níos sibhialta, níos cairdiúla, nó níos tuisceanaí. Chuaigh lucht na Briogáide i mbun a ngnósan freisin, agus lucht an Othairchairr mar a gcéanna. Rinne na gardaí chuile shocrú dúinn faoinár ngluaisteán, agus fúinn fhéin, agus ansin shocriagh lucht an Otharchairr sinn a thabhairt isteach chun an Ospidéil, le sinn a chur faoi scrúdú, ar eagla na heagla. Sin an modh oibre a chleachtaíonn siadsan, chuile bhabhta, adúradh linn.
To Accident and Emergency.
Chuamar ar bord, agus as go brách linn i dtreo Ospidéal Lúcáis i gCill Chainnigh. Anois, ní fhéadfadh foireann an otharchairr a bheith níos cabhraí, nó níos sibhialta, ach caithfear a rá, nach raibh an t-otharcharr fhéin thar mholadh beirte, nó mura mbeadh tinneas ort roimh dhul ar bord an otharchairr chéanna sin, geallaimse dhuit é gur ghearr go gcuirfí meadhrán nó lagar fiú, ort, le síorchraitheadh agus síorluascadh na feithicle cúnta sin. Aois na feithicle céanna ba chúis leis an mí-ádh uilig sin. Shroicheamar an tOspidéal, agus tugadh isteach ar chathaoireacha rothacha sinn, agus coinníodh ansin sinn, thart ar thrí huaire a chloig, sular deineadh aon scrúdú orainn, nó bhí scuaine daoine istigh ansin romhainn i Roinn na Práinne is na dTimpistí, agus tar éis na scrúduithe sin, fuarthas amach nach raibh clóic ar dhuine ar bith againn agus scaoileadh chun bóthair sin.
Home at last.
Shroicheamar an teach s’againne thart ar a leathuair i ndiaidh a seacht, agus sinn tuirseach, traochta, sáraithe, tar éis na tionóisce a bhain dúinn, ar Sheachbhóthar Challainn, thart ar a leathuair tar éis a dó! B’éigean dúinn Tacsaí a fhostú don ghnó sin.
Tamall ina dhiaidh sin, fuair mé bille ón mBriogáid Dóiteáin, ag cur in iúl dom, go raibh €162.34 acu orm. Tar éis dom a chur in iúl dóibh nár chuir mé fhéin fios ar an mBriogáid, agus nár mhúch siad tine nó tada dá leithéid dom, tugadh le fios dom, gur chuma faoi sin, ach go mbeadh orm mo bhille a íoc, ar an dá luathas. Bhuel, d’íoc mé faoi mar adúirt siad liom, agus i ndáiríre, is dócha go mbeadh sé deacair, seirbhís dá leithéid a fháil ar luach níos ísle ná sin, áit ar bith. Molaim an Bhriogáid chéanna sin, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain ó anocht, agus an bhail chéanna ar na Gardaí, agus ar lucht an Otharchairr freisin, a tháinig i gcabhair orainne an lá sin. Is mór atá muid faoi chomaoin ag ár Seirbhísí Éigeandála uilig.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week, Séimí a’ Droichid returns, to defend his Election forecast, given two weeks ago.)
Uachtarán Tofa
“Bhuel, a Shéimí, tá an beart déanta anois againn, mar phobal, agus tá Uachtarán tofa againn do thír seo na hÉireann, do thréimhse seacht mbliana, ar a laghad. Céard é do mheas anois, i bhfianaise ar dhúirt tú linn coicíos ó shoin, faoin toghchán fhéin, agus faoin toradh a bheadh air.”
“Tá. Go raibh iomlán an chirt agam, geall leis, faoi chúrsaí, nuair a dheineamar an scéal a chíoradh go mion, thíos sa Smugairle Róin, an oíche sin. Sílim gur thug mé le fios don náisiún, an oíche sin, gurbh é mo thuairim, nach mbeadh mórán tráchta ar na mná le linn an chomhairimh, agus lena chois sin, bhí le tuiscint uaim, nach n-éireodh le Norris nó le McGuinness, ach oiread, agus d’fhág sin triúr, agus thug mé le fios, gurbh é mo thuairim ag an bpointe sin, nach dtoghfaí an Mistéalach, agus d’fhág sin nach mbeadh sa rás ag deireadh thiar ach an bheirt, Ó hUigín agus Ó Gallchobhair, agus thug mé le fios ansin, gurbh é mo thuairim láidir, go mbeadh rith an ráis sin ag Ó Gallchobhair”
“Ach, a Shéimí, nach raibh seans ann freisin go dtoghfaí duine ar bith den seachtar ina uachtarán, nó thuig roinnt mhaith daoine go roinnfí an vótaí, réasúnta cothrom, thart ar an seachtar acu, agus ansin, go mbraithfeadh an toradh ar aistriú na vótaí ó na daoine a gcuirfí as an áireamh, toisc gur tháinig siad isteach ag bun an liosta. Nárbh ’in an fáth ar eagraíodh an oireadh sin diospóireachtaí idir na hIarrthóirí?”
“Cinnte! Ní fhágfaí duine ar bith de na hIarrthóirí ar an mblár fholaimh, nó gheobhadh chuile dhuine acu smeadar vótaí, ó chairde, ó ghaolta, agus ó dhaoine a d’aontódh lena dtuairimí, bíodh siad sin ciallmhar, nó craiceáilte, ach, má choinnigh tú súil amháin, ar a laghad, ar na toghcháin bhraite, a eagraíodh go rialta, roimh an toghchán, bheadh tuairim eicínt agat faoi aigne na vótóirí.”
Toghcháin bhraite
“ Ach nach ndeirtear nach fiú tráithnín é, an tuairim a thugtar do lucht riartha na dtoghchán bréige sin?”
“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, caithear na mílte, agus na mílte Euro ar na toghchéin chéanna sin, agus ní hé mo thuairim, go gcaithfí an oiread sin airgid, mura mbeadh fiúntas agus iontaofacht eicínt ag baint le torthaí na dtoghchán bréige sin.”
“Ach, a Shéimí, nárbh é tuairim na dtoghchán sin, i dtosach báire, go mbeadh an bua ag Micheál D. agus dealródh sé, go raibh móramh na ndaoine sásta, an tráth sin, vótáil ar son an Uigínigh.”
“Sea, ach de réir mar a chuaigh cúrsaí chun cinn, agus de réir mar a cuireadh tuairimí na nIarrthóirí os comhair na ndaoine, tuigeadh do roinnt mhaith daoine, go raibh ábhar uachtaráin den scoth os a gcomhair amach, sa Ghallchobhrach, agus cupla lá roimh lá an toghcháin, bhí móramh mór na vótóirí braite den tuairim, go gcaithfidís a vótaí ar a shon, sa chaoi, gur cheap bunús na meán, agus daoine eolgaiseacha eile freisin, go mbeadh bua glan aige Lá an Toghcháin.”
“Ní raibh an ceart acu áfach, a Shéimí, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne, ba é Micheál D. rogha na coitiantachta, agus ba air a bhronn siad a vótaí.”
An “Tweet” Cinniúnach
“B’in mar a tharla, ceart go leor, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile anois go raibh cúis eile ar fad leis an athrú poirt sin, ag an aonú huair déag. Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine anois, go raibh tionchar cinniúnach ag an “Tweet” úd, a seoladh isteach chuig an “Frontline” le linn na diospóireachta deiridh teilifíse. Agus anois, bíodh gur chaith mé fhéin mo vóta ar son an Ghallchobhraigh, agus gur thuig mé go dtoghfaí é cinnte, ag an am gcéanna, tá mé cinnte, go bhfuil togha fir tofa againn don uachtaránacht, duine léannta, duine sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, duine a bhfuil spéis agus dhá spéis aige sna healaíona frí chéile, agus cuir leis na buanna sin uilig gur Gaeilgeoir den scoth é, sea agus file freisin. Mar sin, níl locht ar bith le fáil agamsa ar ár nUachtarán Tofa. Fad saoil aige, agus gura seacht fearr a bheas sé seacht mbliana ó inniu. Ach sin uilig ráite, admhaithe, dearbhaithe, agam, tá mé go láidir den tuairim, gur baineadh tuisle gan choinne, as an bhfear eile. B’fhéidir gurb é an toradh céanna a bheadh ar an rás, ach, ní raibh mé an oiread sin ar fad ón gceart san alt sin a scríobh mé coicíos ó shoin, nuair a dhearbhaigh mé go mbeadh rith an ráis ag an nGallchobhrach. Tá mé ag ceapadh freisin, go n-éireoidh leis an nGallchobhrach, ar ball, a chás a mhíniú don phobal, agus ansin go dtuigfí an chaoi ar imríodh cleas na méaracán air, i nDiospóireacht Teilifíse, go gairid roimh Lá an Toghcháin, leis an “Tweet” úd, gan údarás, a seoladh isteach go dtí an Clár, Frontline”, agus ar baineadh úsáid as, mar ráiteas údarásach. a bhféadfaí cur leis, dá mba ghá, ar ball.
Leor sin do thuras na huaire seo.
An aontófá liom?
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
U a i r n a C i n n i ú n a
Peadar Bairéad
.
Dheamhan dabht ar domhan ach go bhfuil muid tagtha anois, i dtír seo na hÉireann, chuig tráth na cinniúna. Dhá bhealach ar aghaidh atá romhainn amach anois, ceann ar dheis, agus an ceann eile díreach ar aghaidh. Má leanann muid an ród atá romhainn amach anois, ionann sin is a rá, go bhfuil muid sásta leis an gcineál Poblachta atá i réim anseo faoi láthair, agus má iompaíonn muid ar dheis, ionann sin is a rá nach bhfuil muid sásta leis an treo a bhfuil muid ag gluaiseacht faoi láthair, agus go dteastaíonn uainn bealach nua a roghnú dúinn fhéin, bóthar a mheallfaidh muid ar bhealach ár leasa, sna blianta atá romhainn amach.
Athrú saolta?
An é nach bhfuil muid sásta leis an gcineál Éireann atá i réim in ár measc anseo, faoi láthair?
Is féidir leat a bheith cinnte nach bhfuil, nó leath-shásta fhéin, fiú.
Agus céard tá cearr leis an bPoblacht s’againne, faoi mar atá sí, i láthair na huaire seo?
Breathnaigh timpeall ort, in ainm an Áidh, agus feicfidh tú fhéin céard tá cearr lei. Ar an gcéad dul síos, tá an daonnacht caillte ag roinnt áirithe dár muintir faoi láthair, nó ní fiú an deich triuf, dár leosan, beatha an duine daonna feasta. Is féidir leat cos i bpoll a chur le duine ar bith, agus ní bheidh le déanamh agat ach thart ar chúig mhíle Euro a dhíol le gunnadóir eicínt, agus déanfaidh seisean an beart duit, agus ní bheidh ortsa fiú do lámha a shalú leis an ngníomh.
Meas a’ Mhadaidh!
Sa dara háit, níl meas a’ mhadaidh ag daoine áirithe ar dhlíthe na tíre, dlíthe a reachtaíoch le saol sibhialta, comharsanúil, daonna, a chur in áirthe dár muintir feasta. Sea, mh’anam, tá roinnt bheag daoine amuigh ansin, faoi láthair, agus chuirfidís scian, go feirc, trí lár do chroí, ar mhaithe le cupla Euro a fháil dóibh fhéin. Má tá an neart agat, bhuel, ansin, tá an ceart agat. Tá dearmad iomlán déanta acusan de na prionsabail a bhíodh i bhfeidhm fadó. Cé labhraíonn anois faoi Chothrom na Féinne? Nó faoi “troid le tréan agus taise le trua”. Nach bhfeictear an dearcadh sin á chur i bhfeidhm ar shráideanna ár gcathracha, agus ár mbailte, chuile lá anois, geall leis. Tá deireadh feasta le fearúlacht, agus le féaráilteacht, i gcúrsaí troda. Bain úsáid as an mbuille fill anois, má fhaigheann tú an deis chuige, sea, agus ná cuireadh sé as duit, a bheag nó a mhór, an chloch a bheith sa mhainchille agat.
Níl le déanamh agat ach breathnú ar na nuachtáin lá ar bith anois, agus feicfidh tú an chaoi a chaitear le créatúir bhochta nach mbíonn ar a gcumas iad fhéin a chosaint, agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh abhaile san oíche. sea, agus breathnaigh freisin ar an méid seandaoine a gcaitear go dona leo, ar mhaithe le cupla Euro a bhaint díobh!
Uair na Cinniúna
D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh ag tochrais ar an gceirtlín sin go dtiocfadh na ba abhaile, agus ní bheadh an scéal ar fad ríofa agam, ach, nach leor a bhfuil ráite agam, le tuairim a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú ar ár sráideanna, faoi láthair, agus ní hé sin an chuid is measa ar fad den scéal seo, ní hé muis! Is é an chuid is measa ar fad de, nó nach bhfuiltear ag déanamh mórán iarrachta le críoch a chur leis na céapair seo uilig.
Agus an gcreideann tú, i ndáiríre, gur féidir críoch a chur leis an mí-iompar seo uilig?
Bhuel, cuirfidh mé mar seo é, murar féidir linn críoch a chur leis, ansin bheadh sé chomh maith dúinn dul ag feadaíl, nó is gearr go mbeidh an tír ar fad faoina smacht ag na buíonta coirpeach seo, agus ansin beidh ar a gcumas rud ar bith is mian leo a dhéanamh, beidh siad in ann a gcuid drugaí a dhíol i lár an aonaigh, beidh siad in ann robáil agus mugáil a dhéanamh, tráth ar bith is mian leo, agus ní bheidh ar chumas éinne cur ina gcoinne, nó beidh fórsaí an stáit curtha faoi smacht acu, trí láimh láidir, trí bhullaíocht, trí imeaglú, agus trí chaimiléireacht de chuile chineál.
Daonlathas
Smaoinigh anois, nach bhfuil sna buíonta seo uilig ach uimhir an-bheag dár ndaonra, agus nach é an feall é, go mbreathnaíonn siad orthu fhéin faoi mar ba stát iontu fhéin iad, stát a reachtaíonn agus a chuireann a dhlíthe fhéin i bhfeidhm, beag beann ar fhórsaí slándála an Stáit Daonlathaigh s’againne. Sea, tá uair na cinniúna buailte linn, nuair a chaithfidh an Stát a chur ar a súile dóibh siúd, nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha ag pobail na tíre seo dóibh, agus go gcaithfidh siad glacadh le flaitheas agus forlámhas Rialtais cheannasaigh, thofa, na tíre seo, faoi mar a dhéanann chuile shaoránach eile…….
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Uisce Coiscricthe
Peadar Bairéad
Cuimhní Cinn
Bí ag caint ar dhul siar ar Bhóithrín na Smaointe! Ach nach bféadfá a rá, gur rud nádúrtha go leor é, – don té atá imithe anonn sna blianta, – seal a chaitheamh ag dul siar thar chuimhní na mblianta, le cibé feoil atá fanta orthu a chreimeadh ar a shástacht. Ach, cibé faoi sin, chaith mé fhéin seal, ar na mallaibh, ag dul siar ar chúrsaí aimsire, faoi mar a bhíodh blianta ó shoin, ach gan dabht ar domhan, ba iad na stoirmeacha a chuir ag tochtrais ar an gceirtlín sin mé.
Ba iad na cuimhní a rith liom i dtosach nó cuimhní na Samhraí sámha, samhrúla, a bhíodh againn le linn m’óigese. Is cuimhin liom go maith go dtéimís ag snámh chuile mhaidin, d’fhéadfá a rá, agus muid ar ár mbealach chun na scoile, agus arís, thugadh an Máistir síos chun na farraige sinn, am lóin. Sea, agus céard déarfá fúinn agus muid sáite go dtí na cluasa sa bhfarraige arís, ar ár mbealach abhaile ón scoil, tráthnóna! Ach nach mbíodh sé éasca go maith sinn a ‘stripeáil’ na laethe sin, nó ní bhíodh á gcaitheamh againn ach léine agus bríste giortach, nó ní call dom a rá go mbíodh ár mbunús cosnochtaithe, ag an am! Sea, mh’anam! laethe fada, geala, grianmhara, a mhair ó mhaidin go hoíche, sin mar is cuimhin liomsa iad anois, ar aon chuma. Caithfidh nach mbíodh chuile Shamhradh chomh breá, buacach sin, ach mura mbíodh, bí cinnte go bhfuil dearmad glan déanta agamsa de na Samhraí céanna sin!
.
Geimhrí gáifeacha
Cuimhne eile a ritheann go glé, glinn, glan, chugam anois isea cuimhne na nGeimhrí fuara, feannaideacha, reoiteacha, a thagadh aniar aduaidh orainn, anois is arís. Chuirimisne, páistí, seanbhróga le daoine fásta orainn, agus amach linn ar fud na bhfud, ag sleamhnú is ag cleasaíocht ar loch is ar linn, go dtí go mbímis préachta le fuacht is le hoighreach. Anois, caithfear a rá, nach mbíodh na Geimhrí feanntacha úd chomh flúirseach leis na Samhraí róstacha, a luaigh mé thuas.
Cuimhne amháin eile, agus sin cuimhne na stoirmeacha scanrúla úd, le toirneach agus tinntreach, a thagadh orainn cupla uair sa bhliain, agus bí ag caint ar stoirmeacha! leagfadh an ghaoth sin tarbh bliana, gan trácht ar dhuine daonna in aon chor. Ní raibh ach leigheas amháin le muintir an tí a chosaint ar an toirneach bhodhrúil, chluasphléascach, chéanna sin, agus b’in steall d’uisce coisricthe a chraitheadh thart ar cheithre choirnéal an tí. Ba ansin a thagadh mo Mham isteach sa phictiúr, nó b’ise a chraitheadh an t-uisce coisricthe ar cheithre choirnéal an tí dúinn, agus i gcuimhne na laethe sin, chuir mé cupla véarsa i dtoll a chéile i gcuimhne na ndaoine a bhí thart orm an tráth úd. Solas na soilse dóibh uilig, agus ionad saor ó stoirmeacha agus ó drochshíon go raibh acu anois agus i dtólamh.
Seo chugat na véarsaí úd anois……..
.
Uisce Coisricthe
.
Scaoileann na tonnta sleamhna a moing le gaoth,
Is pléascann go toirniúil, ar fhaill, ar chloch, ar chreag,
Cáitheadh farraige is cúr ag léim go barr an aeir.
.
Sáile goirt go searbh ar bheola bealaithe.
Gaineamh biorach go sceanach, ag dealgadh,
Trí chraiceann is trí chnámh.
.
Sianaíl thaibhsiúil ag éaló
Go piachánach bodhar
Ó scornach gortach
Na bhfarraigí ionracha.
.
.
Marcaíonn faoileán amscaí
Go gioblach, scanraithe,
Ar mhuin gháifeach
Na stoirme géire crua.
.
Rásann scamaill ghiobacha
Thar spéartha treafa, liatha.
Srónann bó a slí trí ghort guaireach géar
An ghála réabadh-reilgigh.
.
Ach le huisce coisricthe
Smachtaíonn Mam an ghaoth,
Is siúlann líon tí go costirim, slán,
Thar uiscí corraithe Loch na Gailíle.
.
*****************************
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Uisce, uisce, ar gach taobh 1
Peadar Bairéad
(This week we consider the problem of leaking water-pipes!)
.
Longbhriseadh an Hesperus
Uisce, uisce, ar gach taobh,
Na hadhmaid fhéin faoi stró;
Uisce, uisce, ar gach taobh,
Ach gan bolgam fhéin le hól.
Tuigeann muid uilig cás an tseanmháirnéalaigh bhuile ar an Hesperus fadó, agus a scúnar ar dí chórach, sáinnithe, faoi gheasa, agus an t-albatross úd crochta thart ar a mhuinéal, a iníon óg ceangailte de chrann an scúnair, ar eagla go dtuitfeadh sí thar bord, agus iad fágtha ansin sa chalm, gan braon uisce le hól ag duine ar bith acu. Ach bhí caiscín an Hesperus agus a foirne meilte, agus ar ball, shéid an stoirm úd an scúnar reoite, taibhsiúil, ar bhealach a bhasctha, go ndeachaigh sí i bhfastó ar sceir ‘Norman’s Woe.’
Oíche na Gaoithe Móire
Ait freisin, gur sa bhliain 1839, bliain Oíche na Gaoithe Móire, a tharla an stoirm uafásach sin ar chósta thoir Mheiriceá, ach amháin gur tharla Oíche na Gaoithe Móire s’againne i Mí Eanair, 1839, ach tharla stoirm an Hesperus i Mí na Nollag, an bhliain chéanna sin
“Water, water, everywhere,
And all the boards did shrink,
Water, water, everywhere,
Nor any drop to drink.”
Céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé agus me ar tí scéal a insint faoi’n bhaint a bhí agam fhéin le hUisce Éireann, ar na mallaibh?
Uisce, ní folair, easba an earra sin, ar thaobh amháin, agus a ró-fhlúirse, ar an dtaobh eile.
Na Méadair Uisce
Tá’s ag madraí an bhaile gur cuireadh isteach na méadair uisce, sna bólaí seo, an bhliain seo caite, agus iad ag gealladh dúinn, go mbeadh na chéad billí uisce chugainn in Aibreán na bliana seo, 2015. Tharla mar adúradar, ach gheall siad dúinn, go mbeadh teorainn leis na billí sin go ceann cupla bliain, sa chaoi nach mbeadh ort íoc as an méid uisce a d’úsáid tú, ach ina ionad sin, go mbeadh an bille céanna ag dul do ‘chuile theach ina mbeadh uimhir áirithe daoine ina gcónaí ann. Bhí go maith! Tháinig an bille chugainn in am tráth. Ach ar ball, nuair a scrúdaigh muid an bille céanna sin, thugamar faoi deara, nár chathair mar a tuairisc é an bille céanna sin, nó thugamar faoi deara, gur úsáid muid an t-uafás ar fad uisce, i rith na ráithe sin, ó thús Mhí Eanair go críoch Mhí na Márta. Sa tréimhse sin, dúirt an méadar gur úsáid muid 3,205.173 mhéadar ciúbach d’uisce, agus dá mbeadh orainn íoc as chuile líotar den uisce sin, bheadh orainn €11,859.57 a íoc le hUisce Éireann!!
Ag magadh fúinn atá tú?
Diabhal mugadh, nó magadh, atá idir chamáin agam anseo, ach lomchlár na dáiríreachta.
Agus ar iarr siad ort aon chuid den lab mór airgid sin a íoc?
Beag an baol! nó bhí a fhios acu go maith cén toradh a bheadh ar iarratas dá leithéid. Bí ag caint ar shúil Uí Dhubhda le hArd na Rí! Ach anois, ‘Fair Play’ dhóibh, bhí siad cineálta, dáiríreach, béasach, nuair a chuir mé glaoch fóin orthu, agus má theastaíonn uait an chuid eile den scéal corraitheach seo a fháil, bí cinnte go léifidh tú gála na seachtaine seo chugainn, nó beidh críoch an scéil le léamh agat sa phíosa sin!