le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Uisce, Uisce, ar gach taobh….2
Peadar Bairéad
( This week we continue our story about Leaking Pipes)
Longbhriseadh an Hesperus.
Uisce, uisce, ar gach taobh,
Na hadhmaid fhéin faoi stró,
Uisce, uisce, ar gach taobh,
Ach gan bolgam fhéin le hól.
Labhair mé, an tseachtain seo caite, faoin mbille úd a fuair mé ó Uisce Éireann ag cur in iúl dom, nach mbeadh orm ach €64.00 a íoc as an méid uisce a d’úsáid mé, sa ráithe ó 1 Eanair go dtí an 31 Márta 2015, ach míníodh dom, dá mbeadh orm íoc as chuile líotar uisce a d’úsáid muid sa ráithe sin, go mbeadh orm €11,859.14 a íoc leo!! Ní call dom a rá, gur bhain an bille sin stangadh asam, agus shocraigh mé láithreach go ndéanfainn chuile iarracht a fháil amach, conas a tharla gur úsáid muid an oiread sin uisce i rith na ráithe sin, nó ní call a rá, go raibh a fhios agam go maith, nach bhféadfaí an oireadh sin uisce a úsáid sa teach s’againne, sa tréimhse sin, agus dá bharr sin, nárbh fholáir nó go raibh uisce ag sileadh as na píopaí áit eicínt idir an méadar agus na buacairí sa teach s’againne.
Béasach
Chuir mé glaoch fóin orthu láithreach, agus caithfidh mé a rá, i dtosach báire, go raibh Uisce Éireann béasach, cineálta cabhraitheach liom, ó thús, sa teangmháil a bhí agamsa leo. Ba é toradh a bhí ar an gcéad ghlaoch fóin sin nó gur shocraigh siad ar oifigigh a chur chugam, le fios fátha an scéil a fhiosrú, agus iarracht a dhéanamh ar a fháil amach, cá raibh an t-uisce ag scéitheadh as na píopaí uisce. Dá mbeadh an scéitheadh sin ag tarlú taobh amuigh den teach, idir an foirgneamh agus an méadar, bheadh Uisce Éireann sásta íoc as an bpíopa fabhtach sin a dheisiú agus a chur ina cheart arís, ach dá dtarlódh sé, go raibh an scéitheadh ag tarlú taobh istigh den bhfoirgneamh s’againne, bhuel! sa chás sin, luíodh an costas ar fad ormsa!
In am tráth, tháinig na hoifigigh sin chugainn, agus tar éis dóibh tamall a chaitheamh ag iarraidh teacht ar an áit a raibh an scéith, chuadar timpeall an tí agus gléasanna speisialta acu le scéitheadh a thabhairt faoi deara, ach cibé faoi sin, níor éirigh leo an cheist sin a scaoileadh dúinn, ach thugadar le fios dúinn, nár éirigh leo teacht air, agus go gcuirfeadh siad sin in iúl d’Uisce Éireann. Ar ball arís, chuir mé glaoch eile ar an gComhlacht, agus mhínigh mé an scéal doibh. Gheall siad go gcuirfeadh siad brathaire scéithe chugainn, le teacht ar an scéith sin. Ar ball, tháinig an brathaire scéithe chugainn, agus chuaigh i mbun oibre. Líon sé na píopaí s’againne le gás, agus ansin chuaigh thart le gléas speisialta, le bonn an gháis a bhí ag éaló a chur, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag dul ó cheann ceann an phíopa uisce, thosaigh an gléas braite ag sianaíl. “Thíos faoin bpointe sin atá an scéith” arsa an brathaire scéithe, agus é ag síneadh méire i dtreo choirnéal cheann de na seomraí leapa.
Loch faoi’n urlár!
Bhí go maith! Chuir mé fios ar ár bpluiméir fhéin, agus mhínigh an scéal dó. Tháinig seisean, agus taobh istigh d’uair a chloig, bhí an poll sa phíopa uisce aimsithe aige. Chuir sé ionadh orainn an loch uisce a bhí le tabhairt faoi deara faoi urlár an tseomra sin, ach ba ghearr go raibh an píopa fabhtach deisithe aige, agus bhí an t-uisce ag teacht isteach chugainn ar lán-chumhacht arís, rud a bhí in easnamh orainn, dár linne, ó cuireadh an méadar uisce isteach, tamall maith roimhe sin.
B’in sin! Chuir mé an scéal ar fad in iúl d’Uisce Éireann ansin, agus bhíodarsan sásta nár luigh an costas orthusan! agus freisin, go raibh scéith eile sa chóras uisce deisithe, rud a d’ísleodh an méid uisce a bhí ag dul amú chuile lá as poill sna píopaí uisce. Agus arís, ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go raibh mé thar a bheith sásta leis an gcaoi ar láimhseáil siad mo ghearán-sa.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Dán
Mearbhall na mblianta dom chrá,
Fiúntas mo laethe sa mheá,
Cuimhní ag filleadh go fras
Ó laethe le fada ’tá thart.
.
Bearnaí sna cuimhní aniar
As farraigí fiaine thall,
Grianghrafanna m’óige doiléir,
Dátaí is uimhreacha dall.
.
Cnámha ag feidhmiú gan locht,
Pianta dom sheachaint gach lá
Trí fhaoiseamh a bhronnadh go docht,
In úll, i ndroim, is in alt.
.
Ach fanann mo phearsa mar bhí
Táim dall ar phian is ar chrá,
Is nuair a smaoinímse ar laethe a bhí
Ní chuimhním ar phian nó ar pháis.
.
Ní fheonn na blianta ár mbláth,
Nó ní mheathann siad úll ná alt,
Mar fanann an spiorad aclaí
Sa té úd nár gheill riamh dá dhán.
.
Ná caillimis misneach ariamh,
Cé chránn síorphianta an corp,
Mar fanann an t-anam mar a bhí
Nuair a luasc idir úll agus alt.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Úrscéal Corraitheach
.
ROOM…………………..by………………… Emma Donoghue
.
Peadar Bairéad
.
Ní bréag ar bith é a rá, gur úrscéal neamhghnách é seo, nó ní chuile lá a gheofá úrscéal bunaithe ar an ábhar is dúshraith don scéal seo. Corruair, léann muid sna nuachtáin, faoi fhear buile eicínt, a ghabh bean bhocht mar phríosúnach, agus a choinnigh i ngéibheann í, ar an gcúlráid, ar mhaithe le saol leithleach, gnéasach, a chur ar fáil dó fhéin, ar bhonn seasta. Tharla scéal scannrúil dá leithéid sin san Ostáir, cupla bliain ó shoin. Léann muid scéal dá leithéid, ó am go ham. Scannraíonn sé sinn, ach ar ball, deineann muid dearmad de, agus gabhtar sinn i ngréasán na beatha laethúla, go dtí go dtarlaíonn a leithéid, nó níos measa, arís, ach seo scéal bunaithe ar iompar, nó ar mhí-iompar, dá leithéid, agus bíodh go dtéann sé i bhfeidhm orainn, agus go bhfuil sé deacair an leabhar seo a fhágáil uait, go dtí go mbíonn an deoir deiridh dá scéal diúgtha agat, ag an am gcéanna, nuair a dhéanann tú do mharana ar an ábhar seo, thuigfeá láithreach, go dtéann an t-ábhar seo thar theorainn na daonachta amach, ach ó tharla go gcuirtear an scéal inár láthair trí ghasúr, a bhfuil na cúig bliana díreach sáraithe aige, cailltear roinnt áirithe den mhasmas, den samhnas, agus den déistean, a chuirfeadh an scéal céanna orainn, dá mba í an bhean fhéin a chuirfeadh an scéal inár láthair. Ach, b’fhéidir gur chóir dom tagairt a dhéanamh don scéal neamhghnách, scannrúil, lán-teannais seo.
An t-údar fhéin
Emma Donoghue a scríobh an scéal seo. Rugadh í sa bhliain 1969, agus scríbhneoir gairmiúil Éireannach is ea í, a bhfuil cónaí uirthi i gCeanada, ón mbliain 1998, áit a mhaireann sí, i London, Ontario, lena páirtí, agus tá beirt clainne acu.
Ach le filleadh ar an scéal. Féach mar a chuir an t-údar tús lena scéal agus í ag cur a príomhcharachtar, Jack, in aithne don léitheoir :-
“Today I’m five. I was four last night going to sleep in Wardrobe, but when I wake up in Bed in the dark I’m changed to five, abracadabra. Before that I was three, then two then one, then zero. “Was I minus numbers?
“ Hmm?” ‘Ma’ does a big stretch.”
Sea, mh’anam! Níorbh aon dóichín é an maicín é Jack s’againne. Nárbh iontach go deo an múinteoir í. ‘Ma’, nó b’in an t-ainm a bhaist an t-údar ar mháthair Jack.
Níl dabht ar bith ann, ach gurb é Jack an príomhcharachtar sa scéal seo, agus é i gcomhar lena Mham sa bhfiontar sin. “Ma” a thugann sé ar a Mham, tríd an scéal seo síos. Anois, caithfear a chur san áireamh, nach bhfuil Jack ach cúig bliana d’aois, agus nár chuir sé cos taobh amuigh den “Room” riamh. Éiríonn leis an údar seo, an saol a chur in iúl dúinn trí shúile an ghasúir óig seo.
Fios gach fátha
Conas a tharla, nár leag sé cos taobh amuigh den ‘Room’ riamh, an ea?
Bhuel! Le fios fátha an scéil sin a fháil, caithfear carachtar eile a tharraingt isteach sa scéal, ag an bpointe seo. Fear ba ea é, agus ba é ainm a bhaist ‘Ma’ agus Jack air, nó “Old Nick”. Tharla gur éirigh le “Old Nick” dallamullóg a chur ar ‘Ma’, nuair nach raibh inti ach cailín óg naoi mbliana déag d’aois. Mheall sé í. Rinne príosúnach di, agus tharlaigh abhaile leis í ina leoraí beag, gur shac sé isteach i ‘seid’ nach raibh ach aon troigh déag ar leithead faoi aon troigh déag ar fad. Ní raibh fuinneog ar bith ar an seid, nó ar an ‘Room’ seo, agus bhí an doras glasáilte an t-am ar fad, agus gan cód oscailte an ghlais sin ag éinne ach ag “Old Nick” fhéin. Thagadh sé ar chuairt chuile oíche, geall leis, agus thugadh bia agus riachtanais eile chucu, ar na hócáidí céanna sin. Dár ndóigh, bhí praghas le híoc ag ‘Ma’ as na sóláistí sin, nó dhéanadh Old Nick í a éigniú, go rialta, agus gan deis éalaithe ar bith ag ‘Ma’ bhocht. Chuile Oíche Dhomhnaigh, thagadh sé ar chuairt freisin, agus ar na hócáidí sin, thógadh sé féirín eicínt leis.
Treats ó “Old Nick”
Ar ball, dár ndóigh, rugadh Jack, agus ba bheag spéis a chuir Old Nick sa mhac céanna sin, thar an corrbhréagán a thabhairt chuige mar “Sundaytreats”. Thit an obair ar fad sin ar ‘Ma’ agus cloiseann muid an scéal ar fad trí bhéal Jack, agus óna bhfuil le rá aige sa scéal sin, tuigtear dúinn, go mba iontach, amach is amuigh, an Mam í ‘Ma’, nó do bhuachaill nach raibh ach na cúig bliana sáraithe aige, nach iontach go deo an méid atá foghlamtha aige, faoin am sin. Tá rannta, tomhaiseanna, scéalta, seanchas, agus tuilleadh, ar bharr a ghoib aige. Sea, mh’anam, agus nach líofa atá ar a chumas freisin, srian a ligint lena thaghd feirge, nuair a thuigtear dó, nach bhfuil ‘Ma’ sásta cead a chinn a thabhairt dó. Ach nach cúng go deo an domhan a bhí thart air! ‘An Room’, 11’ X 11’! nár bheag an ríocht a bhí faoina chúram aige?
Fonn Éalaithe
Ach anois, ó tharla go raibh sé cúig bliana d’aois, bhí na ceisteanna ag teacht go tiubh faoi theorainneacha an tsaoil bhig a bhí faoina aire aige, agus tuigeadh do ‘Ma’ go mbeadh uirthi tuilleadh eolais a chur ar fáil dó, feasta. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh lei sin a dhéanamh, agus ba é toradh a bhí ar sin nó gur bhuail fonn éalaithe í. Nach raibh blianta fada caite anois aici ina príosúnach gnéis, faoi smacht ag an bhfear uafásach, cruálach, mídhaonna, seo. Thosaigh sí láithreach ag pleanáil don eachtra iontach, saortha, fuascailteach, seo, a shaorfadh í ó thíoránacht, agus ó chuing na daoirse, faoina raibh sí sáinnithe.
Scéal Corraitheach, Tochtmhar
Ar éirigh lei éaló ón ‘Room’? Agus cad é an toradh a bhí ar an mian éalaithe seo? Sea, agus ar éirigh le Old Nick na cosa a thabhairt leis?
Le freagra na gceisteanna sin a fháil, caithfidh tú an leabhar corraitheach, neamhghnách, lán-teannais, seo, a fháil is a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó bheadh sé deacair leabhar níos corraithí ná an leabhar seo, ‘Room’, a fháil.

Urscéalaí den scoth
.
.
The Associate..………………..céadchló…………..2009
le
John Grisham…………………………………………..£18.99
Seo an t-aonú úrscéal fichead ó pheann líofa an údair ildánaigh Mheiriceánaigh seo, agus tá’s ag madraí an bhaile fhéin, nach scríobhann an t-údar seo ach leabhair mhór-ráchairte, leabhair a bhaineann clú agus cáil domhanda amach dá n-údar, ó cheann ceann na cruinne, nó nach mbíonn blas na taighde, agus boladh na scile, ar chuile leabhar a leagann sé os ár gcomhair amach. Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad phíosa a scríobh mé faoi leabhair an údair seo, nó déanta na fírinne, scríobh mé píosa faoi chuile cheann acu, nó caithfidh mé a admháil, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, san údar seo, ó thosaigh sé ag scríobh. Údar é, John Grisham, a bhfuil bunús a chuid leabhar bunaithe ar an dlí, agus ní taise don leabhar seo é. Rinne sé cupla iarracht ar ábhair eile a tharraingt chuige fhéin, i leabhair cosúil le, Playing for Pizza; A Painted House; Skipping Christmas; agus Bleachers; agus bíodh go bhfuil na leabhair chéanna sin spéisiúil go maith, ag an am gcéanna, níl an teannas, nó an dúthracht, nó fiú an dáiríreacht chéanna, ag baint leosan, is a bhaineann leis an gcuid eile dá shaothar. Ní gá dhom na leabhair eile a lua anseo, nó nach cuimhin le chuile dhuine agaibh, The Firm; The Pelican Brief; The Appeal; agus na cinn eile, ar liosta le háireamh iad uilig a lua anseo.
Leabhar lán teannais
Ach nach bhfuil sé thar am agam, tagairt a dhéanamh don leabhar atá idir chamáin againn anseo, “The Associate”, an leabhar is déanaí ó pheann an Grishamaigh.
Tosaíonn an scéal seo le príomhcharachtar an leabhair, le hOiliúnóir Pheil Chise ar an taobhlíne, ag breathnú ar a fhoireann ag imirt go holc, agus an bua in áirithe, cheana féin, ag a gcéilí imeartha. Seo Kyle McAvoy, a bhfuil dhá bhliain caite anois aige i mbun an ghnó seo, agus i ndáiríre, ní go ró-mhaith a d’éirigh leis diallait a bhualadh ar scileanna an Oiliúnóra, agus anois, tá socraithe aige éirí as an gceird seo agus a aire iomlán a dhíriú ar an gCúrsa Dlí atá idir chamáin aige i Scoil Dlí Yale, mar a bhfuil sé ina eagarthóir ar Iris ghradamach Dlí na Scoile sin. D’fhan sé go dtí gur cuireadh críoch oifigiúil leis an gcluiche, agus ansin, tar éis dó comhghairdeas a dhéanamh le hOiliúnóir na Foirne eile, agus lena imreoirí fhéin, d’éirigh leis éaló amach as an gCúirt Imeartha trí chúlbhealach, ach má dhein fhéin, nuair a shroich sé a charr, bhí ansin roimhe, fear a raibh cuma lorgaire air.
Bonn an Lorgaire
Bhain an t-é sin bonn as a phóca. Theaspáin do Kyle é, agus b’fhollas uaidh sin, go mba dhuine den FBI é, nó ba é adúirt an bonn nó, “Bob Plant, FBI.” Ba ghearr an mhoill go raibh leathbhádóir an Lorgaire seo ar an bhfód, agus Nelson Ginyard ab ainm dósan, nó b’in a bhí scríofa ar a bhonn seisean. Sin mar a chuirtear tús leis an scéal seo. Agus ní call dom a rá, go ndúisíonn an tús sin giorria na fiosrachta ionainn. Agus ar baillín beag, feictear dúinn, go bhfuil ar chumas an Oifigigh seo cupbard a óige a oscailt do Kyle bocht. Ba é an scéal a bhí le hinsint ag an Oifigeach seo nó go raibh scéal le plé acu le Kyle, scéal faoi eachtra a tharla, blianta roimhe sin, nuair a bhí Kyle agus a chairde ag freastal ar Ollscoil Duquesne. Féach mar a chuir Ginyard é…
“Duquesne University. Five years ago. Drunk frat boys and a
Girl.”
Dúirt Kyle leo go raibh na póilíní sásta, ag an am, nach raibh aon fhianaise acu leis an dlí a chur ar Kyle, nó ar a chairde, agus dá bhrí sin, ní dheachthas chun tosaigh leis an gcúis ina gcoinne.
Cat sa mhála!
B’fhéidir é, arsa na hOifigigh, ach tá an fhianaise ar fáil anois i bhfoirm fístéipe comhaimseartha, ach má sea fhéin, má thagann tú leis an scéal seo a phlé le hOifigeach eile, le Bennie Wright, beidh ar do chumas cos i bpoll a chur leis an gcúis dlí seo, go deo.
Casadh ar a chéile iad uilig, an oíche sin, agus tar éis do Kyle breathnú ar an bhfístéip, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach déanamh mar a dúradh leis, sé sin, dul isteach mar Chomhpháirtí, nó mar Associate, le Comhlacht ollmhór Dlí, le “Scully and Pershing”, agus ó tharla go raibh an Comhlacht sin ag feidhmiú thar cheann Tionsclóra ollmhóir, bheadh ar chumas Kyle doiciméid leochaileacha a ghoid, agus a thabhairt do Bhennie agus a lucht leanúna. Ghlac Kyle leis an dtairiscint sin, ach nárbh é rogha an dá dhíogha aige é? Ó tharla go mba é Kyle an Mac Léinn Dlí ba chumasaí i Scoil Dlí Yale, ag an am, bhí sé éasca go maith aige post a fháil le “Scully and Pershing”, agus uaidh sin amach, sa scéal, caitheann sé a dhúthracht, agus a chuid ama, ag iarraidh fuascailt na faidhbe sin a fháil.
Fadhb le scaoileadh
Conas a d’fhéadfadh sé éaló as an ngaiste ina raibh sé i sáinn ag Bennie? Ach ní raibh sé éasca an fhadhb chéanna sin a scaoileadh, nó ba ghlice é Vinnie ná mála sionnach, agus chomh maith le sin, tuigeadh do Kyle, faoin am sin, nach raibh baint ar bith ag Vinnie, nó ag a chairde, leis an FBI, nó le haon arm oifigiúil Stáit eile, ach oiread, agus dá bharr sin, tuigeadh dó, go raibh a spiairí iomadúla timpeall air, chuile bhabhta, agus tuigeadh dó freisin, go raibh gléasanna éisteachta, agus gleasanna féachana, feistithe acu i dteach agus i gcarr Kyle, ach níor lig Kyle faic air, sa chaoi go mbeadh ar a chumas dallamullóg a chur ar Vinnie is a chairde.
Ar an gcnámharlach sin a chrochann Grisham a scéal, agus caitheann sé a dhúthracht ansin, ag iarraidh feoil a chur ar an gcnámharlach céanna sin.
Ar éirigh le Kyle an lámh in uachtar a fháil ar Vinnie, agus ar a chairde? nó ar theip air sa bhfiontar sin. Cluiche báis nó beatha a bhí idir chamáin aige, agus ba mhaith a thuig sé sin, nuair a rinneadh duine dá chairde Ollscoile a dhúnmharú.
Faigh agus Léigh
Ach, más spéis leatsa freagra na gceisteanna sin a fháil, tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar seo a fháil, is a léamh, duit fhéin. Níl le rá agamsa faoin scéal, ach go gceapaim nach mbeidh a chathú sin ort. Ní raibh mé fhéin iomlán sásta leis an gcaoi ar chríochnaigh an t-údar an scéal seo, ach ag an am gcéanna, luíonn an críoch le réasún, agus ní théann sé i gcoinne fianaise, nó fírinní, an scéil.
An-leabhar, an-léamh, an-chur chuige. Is deacair an leabhar seo a chur uait, go dti go mbeidh an deoir deiridh den scéal diúgtha agat.