le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain (4)
.
(Scéal na gCuimhní ar Chamchuairt ar Albain, ar leanúint an tseachtain seo, agus scéal ár dturais ó thuaidh a ríomh agam. Mar sin, chun bóthair linn, go beo!………….).
.
Tar éis dúinn an oíche sin a chaitheamh sa Stronlossit Lodge, bhíomar réidh chun bóthair arís, ar an gCéadaoin, an 16ú Meán Fómhair, 1992, beagnach seacht mbliana déag ó shoin anois…
Dhúisigh mé go breá luath sa teach lóistin. D’fháisc orm mo bhailcaisí, gan aon ró-mhoill, agus thug m’aghaidh ar sheomra an bhia.
Bhí bean an tí ansin romham, agus í breá lách, fáilteach. Sasanach mná ba ea í, bunbhean líofa, taitneamhach, a d’fhiafraigh go béasach an mbeadh bricfeasta Sasanach agam?
‘Beidh, i nDomhnach’, arsa mise, nó bhí goile seachtar Albanach agam an mhaidin chéanna sin. Cibé faoi sin, thaitin an bricfeasta agus seanchas bhean an tí, liom.
Sa ‘Stronlossit’ dúinn
Ar ais san Óstán ‘Stronlossit’, ligeamar ár scíth, léamar scríobhamar, agus rinneamar dreas comhrá. Casadh seanphéire Sasanach orainn, eisean ina ochtóidí, ise ina seachtóidí. Ar thóir a óige, ar bhealach, a bhí seisean, nó ba sa taobh sin tíre a rinne sé a thraenáil mhíleata, breis agus trí scór bliain roimhe sin! Ba ghreannmhar na scéalta a bhí le ríomh aige, ach mar a tharlaíonn go minic, ar ócáidí dá leithéid, ní raibh an t-am le spáráil againne, le deis cheart a thabhairt dó a chuid eachtraí a ríomh dúinn. D’fhágamar slán acu agus bhuaileamar bóthar, sa mhionbhus, i dtreo Inbhear álainn Nis, tarraingt ar mheánlae.
Ó thuaidh linnn, feadh Loch Lochy, ar dtús. Ar ball, chuamar trí Fort Augustus, agus ansin, ar feadh tarraingt ar uair a chloig, ghabhamar feadh bhruach Loch álainn Nis. Choinnigh mé súil, agus dhá shúil, ar dhromhhla an locha sin, agus mé ag súil go bhfaighinn spléachadh ar Ollphéist an Locha. Cheap mé cupla babhta go raibh Ollphéist Loch Nis ar tí a nochta dom, ach, ní hé mo thuairim gurbh í a bhí ann!
B’iontach go deo na radharcanna a bhí leata os ár gcomhair amach. An Loch, chomh leibhéalta le pána gloine, báid ildaite ag treabhadh leo thar dhromchla an locha, sléibhte agus cnoic le feiceáil go glan, soiléir, i scathán an uisce. Diaidh ar ndiaidh, thugamar faoi deara, go raibh an tírdhreach ag éirí níos séimhe. Ní raibh na sléibhte linn a thuilleadh, agus bhí talmhaíocht á chelachtadh arís!
Inbhear Nis
Inbhear Nis ar deireadh, thart ar a haon a chlog. Pháirceáil Morag an mionbhus cois na habhann, agus amach linn ar fud na bhfud. D’itheamar lón in Óstán i lár an bhaile, agus chaitheamar cupla uair an chloig ag siopadóireacht. Ba ghlan, néata, dea-dheartha, an baile é, ach b’éigean dúinn aghaidh a thabhairt ar Aerfort Inbhear Nis, thart ar a trí, nó bhí orainn bualadh leis an gCornal Ó Néill ansin. Ar ar mbealach chun an Aerfoirt, chuamar thar láthair Chath Chual Odar, a bhí i ngiorracht míle, nó mar sin, don bhóthar. Bhuail fonn cumha mé, nó ar bhealach éigin, mhothaigh mé uafás an áir mhídhaonna, agus an tsléachta gan trócaire, a ndearnadh ansin, ar an 16ú Aibreán, 1746. Ba ansin, ar mhachaire an áir, a tachtadh misneach agus fís na gClann, os comhair an tsaoil mhóir, na Clanna sin, ar dhual dóibh na cnoic agus na sléibhte a chleachtadh.
An Cornal linn, ar deireadh
Ag an Aerfort, d’fháiltíomar roimh an gCornal, faoi mar ba Albannaigh sinn! Ach, nach raibh trí lá fada caite againn sa tír álainn sin, cheana féin? Chun bóthair linn arís, nó bhí turas fada romhainn amach, turas a thógfadh tarraingt ar thrí huaire a’ chloig orainn. Ach, níor mhothaíomar an t-am sin ag sleamhnú tharainn, nó bhí seanchas le déanamh, cúrsaí le cíoradh, socruithe le cinntiú, ach thar aon rud eile, bhí radharcra le blaiseadh. Ba ghearr arís gur slogadh sinn i mbolg na nGarbhchríocha. Ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin nó a laghad daoine a bhí ag cur fúthu sa tír álainn, cnocach sin, tír gan chlaí, gan fál, gan sreang, gan chur; tír a bhí fágtha faoi chaoirigh agus fhaoi fhianna. Rud eile a thug mé faoi deara, nó feabhas na mbóithre, fiú nuair a chuamar ar na fobhóithre cúnga, aonlánacha. Ní fhéadfá locht a fháil orthu, taobh amuigh dá gcúngacht. Ar deireadh, bhaineamar ár gceann scríbe, Pollhouse Hotel, amach, áit a mbeimis ag cur fúinn go maidin Dé hAoine. Óstán deas, ciúin, os cionn na mara móire, Óstán a thaitin go mór liom. Tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, agus sinn féin a ullmhú don oíche, thugamar aghaidh ar sheomra an bhia, áit ar leagadh béile ríoga os ár gcomhair amach.
Píobairí
Bhí an Halla in aice láimhe, agus cé nach raibh slua ró-mhór romhainn ansin, ba lách, caoin, cneasta, an dream iad, dream a bhain an-taitneamh as seó na hoíche sin. Bhí beirt phíobaire den scoth againn. Norman Gilleis, a chuir tús leis na himeachtaí. Thógfadh a chuid píobaireachta do chroí. D’éirigh go breá leis an bfhoireann Éireannach freisin. Chan Brian go binn, milis, blasta. Sheinn Nollaig go bríomhar, corraitheach. D’aithris Máire go blasta, líofa, croíúil, agus bhí mise sásta le m’iarrachtaí fhéin!
Ansin, rud a bhíodh an-annamh go deo i bpíobaireacht na hAlban, tháinig Píobaire mná ar an bhfód, Rhona Lightfoot, a tháinig ó Inbhear Nis, an oíche sin, le bheith linn ar an ócáid. Sheinn sise ‘Caoineadh Mhac an Taoisigh, caoineadh ón séú haois déag, agus caoineadh a deirtear a bhfuil a rian fágtha aige ar Shiomfóin an Domhain Úir, le Dvorák. Bíodh sin mar atá, ach caithfidh mé a rá, gur chuir seinm Rhona faoi gheasa mé, ionas nach ndéanfaidh mé dearmad ar an bpíobaireacht sin go dté soir anoir!
Sa Poolhouse Hotel
Ar ball, chaitheamar scathamh ag múchadh tarta, ag seanchas, agus ag cur cúrsaí an tsaoil mhóir trí chéile, sa Poolhouse Hotel, ansin ar bhruach na farraige. Ar deireadh thiar, thugamar na leapacha orainn fhéin, agus chodlaíomar go binn, go maidin gona lán-shoilse ar na mhárach.
Bí linn arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh muid ag guairdeall timpeall, inár bhfámairí Éireannacha, i dTuaisceart na hAlban.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Camchuairt in Albain (6)
(Seo an séú píosa a scríobh mé, in eireaball na bliana 1992, faoin bpáirt a ghlac mé fhéin i gCuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain i bhFómhar na bliana sin,
Mar sin, seo chugaibh an séú gála den tsraith altanna a scríobh mé faoin gcuairt sin, seacht mbliana déag ó shoin anois)
.
Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 1992, bhí mé i mo shuí ag a hocht a chlog. Ag a deich a chlog, isteach linn sa mhionbhus, agus amach linn ar fud na bhfud.
Thógamar an timpeall, feadh an chósta, le cuairt a thabhairt ar Torridon stairiúil Mhuintir MhacKenzie, agus le taitneamh a bhaint as radharcanna neamhaí na dúiche sin.
Bhí meascán iontach radharcra le blaiseadh againn. Bhí radharcanna fíor-áille mara, feadh an bhealaigh; cuanta, bánna agus locnanna, mar aon le báid ildaite de gach uile chineál, ag treabhadh leo ar ucht leathan na farraige.
Bhí turasóirí agsu fámairí ag guairdeall leo, ar chois, ar rothair, agus i ngluaisteáin. Chomh maith leis na radharcanna mara, bhí cnois agus sléibhte chomh flúirseach le móin, feadh an bhealaigh chéanna sin, Bí ag caint ar an ngobadán!
Bhíomar ó thaobh amháin go dtí an taobh eile den mhionbhus, agus muid ag iarraidh dhá thrá, ar a ladhad, a fhreastal, ag an am gcéanna! Bhí rud eile i gceist freisin, bhíomar seisear sa mhionbhus, agus seanchas agus cultúr Gael á gcíoradh agus á gcadráil go mion spéisiúil againn.
Tuigeann tú anois an cás ina rabhamar, agus an radharcra amuigh, agus an seanchas istigh, dár mealladh agus dár stróiceadh ó thaobh amháin go dtí an taobh eile. Mo chuidse de, ní hé mo thuairim, gur chaill mé mórán, ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile.
Crieff
Ar ball, d’iompaíomar isteach faoin tír, ar bhruach ‘Loch Duich’. Ba ghearr go raibhamar arís i measc na mBeann. Níor mhothaigh mé, a thuilleadh, go raibh na sléibhte seo eascairdiúil, doicheallach, faoi mar a d’airigh mé ar an Máirt, agus muid ar ar mbealach go Crieff.
An babhta seo, d’airigh mé go raibh glactha ag na sléibhte liom, mar chara, agus in ionad bheith ag iarraidh cosc a chur liom, fan na slí, gurbh amhlaidh a bhí siad tagtha síos le hais an bhóthair anois, le slán abhaile a chur liom, rud a léirionn mar a chuaigh cultúr agus pobal na hAlban i gcionn orm, i rith na seachtaine.
Ar dheis ag Invergarry, thar Thobar na Seacht agCeann, feadh Loch Lochy agus Loch Linnhe. Ghabhamar trí Bridge of Orchy agus Crianlarich agus Comrie. Ansin, tarraingt ar a sé a chlog tráthnóna, shroicheamar baile mór Crieff, (foirm Bhearla an fhocail ‘Craobh’).
Ghabhamar trína lán bailte glana, i rith na seachtaine, ach ba é seo an baile ba ghlaine díobh ar fad. Ní raibh go fiú blúirín páipéir le feiceáil ar shráideanna Chrieff.
Tarraingt ar ocht míle duine atá ag cur futhu sa mbaile seo, a dúradh liom. Cuma an airgid, agus an dul-chun-cinn, ar an áit. Ní i dTithe Ósta, ach i ngnáth-thithe a chaitheamar ár seal i gCrieff.
Alec agus Wendy Welstead, a chuir lóistín na hoíche ar fáil dom fhéin agus don Chornal Eoghan Ó Néill, in a dteach álainn, ar imeall an bhaile. Bhí baill eile na buíne ar iostais i dtithe eile, beirt anseo, agus an bheirt eile, ansiúd.
Fáilte
I dtigh mhuintir Wealstead, fáiltíodh romhainn, agus bronnadh saoirse a dtí bhreá fhairsing orainn. Folcadh, gléasadh, braoinín den stuif crua, agus comhrá lách, mar ullmhúchán don dinnéar, a bhí réidh faoinár gcomhair ag bean gheanúil an tí.
Tríd an gcomhrá, fuaireamar amach, go mba dhochtúir ardchéime é Alec, sula ndeachaigh sé ar scor. Dochtúir, a théadh, agus a théann fós, ar saoire iascaireachta go Pontún, i gContae Mhaigh Eo, bliain i ndiaidh bliana.
D’fhágamar an teach ag a hocht, agus thóg Alec go dtí an Crief Hydro muid. Teach Ósta mór, galánta, is ea an Hydro, agus i Halla mór an Óstáin seo a bhí Seó na hoíche sin.
Thosaigh an Seó ag a ceathrú tar éis a hocht. Bhí an Halla ag cur thar maoil le Gaeil lácha, chairdiúla, chuideachtúla na dúiche sin. Ba é an Dr. Alasdair Moireasdan, ‘Fear an Taighe’, an oíche sin, agus nárbh é a rinne an beart sin go cruinn, ceart, éifeachtach.
Uileam MacAoidh, Píobaire, a chuir tús leis na himeachtaí. Ansin chuir Eoghan Ó Néill na hÉireannaigh in aithne don lucht éisteachta, agus ghlaoigh sé ar Mháire Holmes, le roinnt dá dánta a aithris.
Ansin tháinig an tríréad, Pat, Dereck, agus Peter, ar an bhfód, le ceol agus amhráin Albanacha a chur i láthair. Ba bhreá, bríomhar, beoga, an bhuíon iad, agus chuir siad bróga á mbuaileadh, lámha á ngreadadh, agus coirp a luascadh. Chan Brian s’againne go binn ansin, d’aithris mé fhéin cupla dán agus ansin thóg ábhar dochtúra, Marion MacKinnon, ár gcroí, lena ceol binn, meidhreach, ar an bhfidil. Chan Janet Brown amhrán i nGaidhlig, agus le críoch a chur leis an gcéad leath den Seó, tháinig Nollaig Mac Carthaigh ar an bhfód, le ceol a sheinm ar an bPíb Úileann. Cuireadh suim, agus dhá shuim, i gceol Nollag, nó tá na hAlbanaigh an-tugtha go deo don phíobaireacht.
‘Soraidh leibh’
Bhí sos fiche neomat againn ansin, le deis a thabhairt do dhaoine cupán tae agus ceapairí a chaitheamh. Bhí fáilte roimh an tae, nó bhí an áit an-te, agus bhí ár sceadamáin, scólta, spalptha, tar éis scathaimh ar an árdán. Bhí an dara leath den Seó díreach cosúil leis an gcéad leath, ach amháin nár tháinig na hoirfidigh ar an ardán san ord céanna, an tráth seo. Cuireadh críoch le himeachtaí na hoíche Aoine sin le rúin buíochais, agus le ‘Soraidh Leibh’, sin amhrán a úsáideann Gaeil Alban le críoch a chur le clár dá leithéid. Lena bhlas a thabhairt, tabharfiadh mé véarsa amháin as anseo………
“Soraigh leibh is oidhche mhaith leibh,
Oidhche mhaith leibh ‘s beannachd leibh,
Guidheam slainte ghnath bhith mar ruibh,
Oidhche mhaith leibh ‘s beannachd leibh.”
Bhí meánoíche na gcártaí ann nuair a shroicheamar tigh Welstead, agus tar éis scathaimh a chaitheamh ag cur cúrsaí trí chéile, thugamar an leaba orainn fhéin agus chodlaíomar go sámh go maidin gona lánshoilse arna mhárach.
Agus ó tharla nach mbeidh sa tsraith seo ach alt amháin eile, bí cinnte go mbeidh tú liom an chéad bhabhta eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar ‘Babbity Bowster’ agus ar Sauchiehall Street, i measc an iliomad ábhar eile…………………………
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
…Na Blianta Deifreacha…
(This week I look back over fifty years spent in ‘Faire Kilkenny’)
Peadar Bairéad
Caoga bliain i gCill Chainnigh!
Thosaigh mé ag cleachtadh cheird na múinteoireachta i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana, 1951, agus tar éis dom seacht mbliana a chaitheamh i mbun oibre ansin, is dócha gur bhuail tochas sheacht mbliana mé, agus chun bóthair liom go dtí an Ardchathair, le go bhfeicfinn cén chaoi ar mhair an leath eile! Ach, faoi mar is gnách, fuair mé amach, nár chathair mar a tuairisc í, an Ardchathair chéanna sin, agus tar éis dom seacht mbliana eile a chaitheamh ag múineadh ansin, i gColáiste Mhuire Cois Abhann, Droichead na Dothra, is dócha gur fhill an sean-tochas céanna sin arís orm, agus níor stad mé den iarraidh sin go dtí gur ‘landáil’ mé post i gColáiste cáiliúil Chiaráin, anseo i gcathair ársa Chill Chainnigh, agus bíodh gur thosaigh mé fhéin ag obair sa Choláiste sin in eireaball na bliana 1966, níor aistrigh muid, mar chlann, ón Ardchathair, go dtí tús na bliana dár gcionn, i 1967, sin caoga bliain díreach ó shoin, rud a fhágann go bhfuil muid inár gcónaí anseo le caoga bliain anois.
Ní gá dhom a rá, go mba áit eile ar fad í an Chill Chainnigh a bhí i dtreis nuair a tháinig muidinne, mar dheoraithe isteach anseo, i dtús na bliana sin 1967, agus bíodh go raibh cuid mhaith den tír seo, Thuaidh agus Theas, feicthe agamsa faoin am sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon chur amach ró-mhór agam ar an taobh tíre seo, faoin am sin. Ní gá a rá, gur thaitin an tírdhreach go mór linn, agus gur sciob an Coláiste fhéin mo chroí ar an gcéad amharc, agus gur tuigeadh dúinn ar an gcéad radharc sin, go mbeadh sé deacair áit chomh hálainn, tarraingteach, leis an gcathair seo, gona sráideanna, gona sráidíní, gona bhfoirgnimh ealaíonta, ársa, gona caisleán, gona heaglaisí spreagúla, gona habhainn iascach, uisciúil, álainn, a fháil áit ar bith faoi luí na gréine. Agus a bhuí le Dia, níor athraigh an dearcadh sin puinn san idirlinn.
Ach ag breathnú siar ar Chill Chainnigh sin na ndachaidí, bheadh ar dhuine a admháil go raibh bóthar fada anacair le taisteal aice, le teacht chuig an áit ina bhfuil sí lonnaithe faoi láthair. An tráth sin, ní raibh tithe ósta, proinntithe, nó fiú tithe cónaithe fhéin, éasca le fáil sa chathair seo. Bhí an t-uafás oibre le déanamh fós leis an gcathair seo a mhealladh isteach sa bhfichiú haois, ach, ‘fair play’ dhóibh, chuireadar chun oibre le fonn, agus thógadar tithe, dheisíodar, agus thógadar, sráideannna, bóithre agus droichid. Tháinig feabhas ar eacnamaíocht na dúiche, agus le freastal ar na hathruithe sin uilig, tógadh Tithe Ósta, tithe, agus Proinntithe de chuile chineál, go dtí an lá atá inniu ann, agus anois, tá an chathair seo ‘gainne, chomh suas chun dáta, le haon chathair, nó baile mór, sa tír seo, agus tarraingt na mílte is na mílte turasóir uirthi, bliain i ndiaidh bliana.
D’imigh na blianta ó lár na seascaidí sna cosa in airde, agus tar éis dom breis agus scór bliain a chaitheamh i mbun oibre i gColáiste Chiaráin thainig an t-am le dul ar scor agus ceist mhor eile le scaoileadh againn, an bhfanfadh muid i gCill Chainnigh nó an raghadh muid ar scor áit eicínt eile abhus nó i gcéin? Níor cheist do-scaoilte dúinne í sin, nó bheartaíomar fanacht mar a rabhamar, mar faoin am sin, ní hé amháin go raibh aithne curtha againn ar an dúiche, ach chomh maith le sin, bhí aithne curtha againn anois ar mhuintir na dúiche freisin, agus arís, bheadh sé deacair a gcomh-mhaith de phobal a fháil áit ar bith, agus dá bharr sin, d’fhanamar mar a rabhamar, agus muid breá sásta leis an rogha a dheineamar in eireaball na n-ochtóidí.
Bhuel, sin agaibh anois cuid dem’ scéal fhéin agus mé anois im chathróir, sa chathair álainn seo, cathair a bhfuil mo mholadh tuillte, agus tuillte go maith aice, thar na blianta deifreacha a chaith mé im shaoránach anseo in bhur measc. Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo le trí véarsa, as dánta éagsúla a chum faoi’n áit seo, a leagan os bhur chomhair.
.
“Anseo cois Feoire na flúirse
Mar ar thóg Cainneach naofa a dhún,
Le pobal geal Osraí a cheapadh
I mórlíonta Dhia na nDúl.”
.
“Fáiltíonn cloch agus cré romhaibh
Go críocha seo Chainneach na scéal,
Fáiltíonn sráid agus sruth romhaibh.
Go cathair seo Chainnigh na Naomh.”
.
“A shráidíní cúnga an cheana,
Snasta ag bróga na gCainneach,
Chugaibh, trí cheo bog na mblianta,
Filleann gan seachrán mo bheannacht.”
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Slán go fóill
.
Duine eile de Bhairéadaigh sciobtha
Ag spealadóir sanntach an bháis
Is sinne uilig fágtha faoi scamall
Ag buairt, ag uaigneas, ’s ag crá.
.
Cé chreidfeadh go dtarlódh a leithéid,
Bíodh, nach gan súil leis ar fad,
A tháinig ar a chuairt chugainn gan choinne,
An buanaí ón tsaol uafar thall.
.
Ní fonn scríofa a sheolann mo chleite
thar ithir bhog bhriosc seo an bhróin,
Ach dualgas an fhile ar a mharana,
Ag caoineadh a ghaolta is a bpóir.
.
Filleann ‘nois cuimhní na hóige
Aniar chugam as tír úd an spraoi
Nuair ba gheal linne grian agus gealach
Is b’aerach linn coraí an tsaoil.
.
Dáiltear anois ithir bhog Iorrais
Le mo dheirfiúr chaoin chneasta bhocht
Is fágfar mé feasta gan sólás
Ag smaoineamh ar Shíle gan locht.
.
Cathaoir ag bord geal an Tiarna
Go raibh agatsa anois agus choích’,
Is solas na soilse dod’ threorú
Chuig d’ionad i bhfochair na Naomh.
.
.
.
.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Memories of 1947
Ní dhéanfaidh an glún atá suas anois dearmad go luath ar an gcineál aimsire a bhí againn i ndeireadh na bliana seo caite agus i dtús na bliana reatha seo, nó ní raibh aimsir chomh crua leis againn i gcuimhne an té is sine dá bhfuil beo i láthair na huaire seo. Mhair an cruas sin ar feadh tarraingt ar mhí, agus i rith na tréimhse sin, bhí clocha ceangailte agus madraí scaoilte, ó cheann ceann na tíre seo. Bhí an talamh clúdaithe le sneachta i rith bhúnus an ama sin, agus ní cuimhin liom fhéin a leithéid d’aimsir a bheith ann ó reo mór na bliana 1947. Agus ag caint ar an mbliain chrua sin, ar inis mé dhaoibh cheana, go raibh mé fhéin ag cur fúm i gColáiste Cónaithe, an bhliain sin. Sea, mh’anam, im’ nóibhíseach sea bhíos, an bhliain sin!! agus mé i bhfad ó bhaile, i bhfad ó mo dhúchas, ach sin scéal eile, do lá eicínt eile, nuair a bheidh an t-am againn seal seanchais a dhéanamh ar ár sáimhín só.
Where did the frost go?
Ach ag caint ar na blianta crua sin, nach nádúrtha an rud é ceist a chur, ag fiafraí cár imigh an sioc? Is deacair freagra sásúil a thabhair ar an gceist chéanna sin, ach d’fhéadfadh duine a rá, gur tháinig leá chúr na habhann air, nó gur imigh sé, faoi mar a d’imeodh slam de cheo, nó sinneán gaoithe, uainn. Nó faoi mar a d’imigh an saibhreas a bailíodh i rith bhlianta flúirseacha an Tíogair Cheiltigh! Bhí an saibhreas ansin ag daoine, agus súil acu go mairfeadh sé chomh fada leis na sléibhte, ach ansin, tháinig lá an léin, agus faoi mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, bhí sé imithe, imithe faoi mar a imíonn an sioc uainn, agus gan a rian fiú, fágtha ina dhiaidh.
Sea, cár imigh an sioc?
Changed Times
B’in an cheist a d’fhás mar dhris, sa chasán romham amach, agus mé ag smaoineamh ar na laethe a bhí, agus ar an saol a bhí ann tráth agus nach bhfuil fáil air a thuilleadh. Is cuimhin liom fhéin, agus mé i mo ghasúr, go raibh cónaí ar na hoileáin, amach ó chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, bhí cónaí ar dhá oileán Inis Géidhe an tráth úd, sea, agus ar Inis Gluaire freisin, ach ní mhaireann ar na hoileáin chéanna sin anois ach na héin, is na hainmhithe, a bhíonn ag iníor leo go sásta ar a sraitheanna is ar a n-ardáin. D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, tá an saol sin ar fad imithe, faoi mar a d’imigh an sioc. Ach, taobh amuigh de na cúrsaí sin uilig, tomhais cad é an rud is mó a mhothóidh mé fhéin uaim, ar mo chéad chuairt eile ar Iorras na nIontas?
Demise of the Fog Horn
Ní hé feisteas na ndaoine, nó galántacht a dtithe; nó easpa cónaí ar na hoileáin, nó meicniú na feirmeoireachta; ní hiad mh’anam! ach sé an rud is mó a mhothóidh mé fhéin uaim an chéad bhabhta eile, nó glór slóchtach, carsánach, fiáin Bhonnáin Cheo Oileán Iolair (Eagle Island Foghorn). Sin an lead a mhothóidh mé fhéin uaim, nó faoi’n am sin, beidh cos i bpoll curtha ag an dul-chun-cinn le búir bhuile an bhonnáin chéanna sin, torann a chuireadh a chodladh mé, le linn m’óige thiar, agus torann a d’fháilteoinn roimhe, chuile bhabhta a chloisfinn é, ó laethe glórmhara m’óige i leith. Ach, cosúil le chuile ghné, geall leis, den saol a bhí sa treis, le linn m’óigese, tá siad glanta leo, faoi mar a d’imigh an sioc.
Cár imigh an Sioc?
An ionadh ar bith é, mar sin, gur minic an cheist sin, Cár imigh an Sioc? ar bharr mo theanga agamsa?
Dála an scéil, chuala go raibh léitheoirí áirithe ag ceapadh, um Nollaig, gurbh é a scéal céanna é i gcás ár gColúinín fhéin, “I mBéal an Phobail”, toisc nach raibh fáil, thíos nó thuas, air, ar feadh roinnt seachtainí! Bhuel! Is féidir liom sibh a chur ar bhur suaimhneas anois, mar geallaim dhaoibh, nach bhfuil an colún céanna sin imithe leis an sioc, go fóill, ar aon nós!