le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Na Cait, go deo!
I Magh Nuad a bhí mé fhéin Lá na Craoibhe. Chaith mé scathamh ag ullmhú chuile shórt, sa chaoi go mbeadh suíochan deas compórdach in áirithe dhom, os comhair an telefiseáin, nuair a thosódh an pleancadh. Ba bheag rud i bhfoirm amhrais a bhí neadaithe i gcistin m’aigne, an mhaidin cheannann chéanna sin. Cinnte, bhainfeadh na Cait an cúigiú Craobh as a chéile agus scríobhfadh siad a n-ainmneacha i rolla glórmhar na staire, an lá cinniúnach sin! Tuige nach mbainfeadh? Nár dhein siad an beart bliain ó shoin? Agus má dhein, nár luigh sé le réasún go bhféadfadh siad an cleas céanna a imirt arís i mbliana?
Bhí mé socraithe i mo shuíochán tofa, go breá luath. Mé ag éisteacht leis na saineolaithe ag cabaireacht leo agus iad ag dearbhú os comhair an tsaoil, gur chreid siadsan freisin, go mbeadh an lá ag an Cait s’againne. Ba mhil bheach dom chluasa na briathra céanna sin an lá meala úd.
Na Deasghnátha gnácha
Ba ghearr ansin gur cuireadh tús leis na deasghnátha réamhchluiche. An tUachtarán ar an bhfód, an Banna Ceoil, Amhrán na bhFiann, agus máirseáil na bhFóirne os comhair an bhreis is ceithre scór míle duine, a bhí bailithe ar an bhfód, leis an gCluiche Craoibhe sin san Iomáint a fheiceáil. Ansin na himreoirí ag dul chun a n-áiteacha tofa agus iad ag fáil réidh don chluiche. Corr-bhéic gaisce agus misnithe ón slua. An sliotar á chaitheamh isteach ag an réiteoir, agus bhí Craobhchluiche 2010 faoi lán tseoil.
Bhí mé ag ceapadh fós go mbeadh an bua ag na Cait. Nach raibh na hiománaithe a ceapadh a bheith gortaithe, nach raibh siadsan ar an bhfód, leis an mbua sin a chur in áirithe dóibh? Ba ghearr áfach go raibh gaisce á dhéanamh ag na Tiobraidigh ar an bhfaiche imeartha. Bhí an dabht beag sin ag dul i méad i gcistin m’aigne, ach nach raibh neart ama fágtha fós ag na Cait, le cor in aghaidh an caim a thabhairt dá gcéilí imeartha? Sea, agus faoi leath-am, ní raibh ach poc báire idir an dá fhoireann. Bhí mé ag ceapadh fós go mbainfeadh na Cainnigh an cluiche cinniúnach sin.
Deoch shearbh na Díomua
Anois, níl fúmsa cuntas iomlán, buille ar bhuille, ar ar tharla le linn an chluiche cheanna sin, a thabhairt daoibh anseo, ach is féidir liom a rá, go mba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ormsa, go raibh seans ann anois, nach mar a shíl mé, a bheadh, an babhta seo. Chuaigh na Tiobraidigh ó neart go neart, agus charnaigh siad na scóranna freisin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur éirigh leo curaidh na bliana seo caite a chloí.
Bhuel, bhí sé éasca go maith dul chun cainte liomsa ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, ach ansin, rinne mé athsmaoineamh ar an scéal, agus ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dom, go raibh ardmholadh tuillte ag na Tiobraidigh, agus i ndáiríre, go raibh éacht, agus gaisce nár bheag, déanta acu ar Phairc na hImeartha. Go maire siad a mbua, agus fad saoil ag chuile dhuine de na himreoirí a thóg ár gcroí, lena ngaisce, agus lena scileanna, amuigh ansin ar Pháirc an Bháire. Sea, agus sílim, gur mar sin a bhreathnaigh bunús na gCainneach ar bhua Thiobraid Árann i gCraobhchluiche na bliana seo 2010.
Comhbhrón agus Comhghairdeas
Ach, le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ba mhaith liom, i dtosach báire, comhbhrón a dhéanamh le foireann Chill Chainnigh, ar ócáid na díomua seo, ach ag an am gcéanna ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo, as a scileanna, as a bhfearúlacht, as a misneach, agus as a ngalántacht. Mo chuidse de, thug an fhoireann chéanna seo pléisiúr agus sásamh dom, thar thréimhse fhada. Nár mhinic a thóg siad mo chroí lena ngaisce? Nár mhinic a d’éirigh leo áthas a chur orm, toisc gur shocraigh mé im aigne, blianta fada ó shin, saorántacht Osraí a bhaint amach dom fhéin, agus mo dhánsa a cheangal le dán an phobail ársa, bhródúil seo, agus bíodh go mba fhear peile mé ó dhúchas, ba ghearr an mhoill orm sa dúiche seo, go dtí go raibh mé im’ thacaí díograiseach ag Foireann Iomána Chill Chainnigh. Sea, agus mar dhuine a chuir aithne ar Bhrian Mac Óda, blianta ó shoin, i gColáiste Chiaráin, caithfidh mé a admháil gur chuir mé suim, agus dhá shuim, i ré Bhriain mar Bhainisteoir ar an bhfoireann cháiliúil sin, go nuige seo, ach go háirithe.
Tuilleadh le teacht…..
Ach, nach féidir linn uilig a bheith cinnte go mbeidh tuilleadh le clos againn faoin bhfoireann iontach s’againne, agus faoina mBainisteoir oilte, cáiliúil, sciliúil. Agus tá súil agam go mbeidh deis ag na Cainnigh deoch na bua a ól as Corn Mhic Charthaigh arís, gan aon ró-mhoill.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week I mBeal an Phobail takes a look at an article that appeared in this column 25 years ago.)
Dónall Mac Amhlaigh
.
Bhí mé ag breathnú siar ar altanna a scríobh mé don cholún seo, blianta ó shoin, agus chuir mé spéis faoi leith sa cheann seo thíos, a foilsíodh anseo cúig bliana is fiche ó shoin anois. Alt faoinár scríbhneoir fhéin, faoi Dhónall Mac Amhlaigh, fear a bhí bródúil as a cheangal leis an gcathair ársa s’againne. “Scríbhneoir Cruthaitheach” an teideal a bhí ar an alt sin, agus seo chugaibh anois é.
Scríbhneoir Cruthaitheach
“Bhí mé i láthair ag Merriman ’86, anseo i gCathair Chainnigh, mar ar seoladh úrscéal nua Mhic Amhlaigh. Ócáid ghradamúil ba ea í, agus Gaeil mhóra Éireann ar an bhfód, leis an seoladh oifigiúil a bhlaiseadh. Bhí an t-údar fhéin linn, chomh maith le, Seán séimh Mac Réamainn, Proinsias deisbhéalach Mac Aonghusa, agus Leon díograiseach Ó Broin.
Labhair an t-údar linn. É spéisiúil, greannmhar, mar is dual dó. Ní raibh duine den cheithre scór a bhí sa láthair nach raibh cóip shnasta de ‘DEORAITHE’ faoina ascaill aige. Bhí grein an fhir bháite agam fhéin ar an gcóip úr-nua, údar-shínithe, den leabhar, a bhí folaithe sa mhála plaisteach, a neadaigh go cluthair ar mo ghlúin.
Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl scríbhneoir sa tír chomh spéisiúil, nádúrtha, corraitheach, le Dónall na scéalta Mac Amhlaigh. Bhí “Schnitzer Ó Shea críochnaithe agam. Sea, agus léirmheas ar an úrscéal sin scríofa, agus curtha chun bealaigh agam, cheana féin. Tá an t-údar seo tagtha chun foirfeachta go mór, le scathamh anuas. Tuigeann sé anois an difir atá idir iriseoireacht agus scríbhneoireacht chruthaitheach. Ní haon ionadh, mar sin, gurbh fhada liom go mbeinn ag léamh leabhar Dhónaill, le go ndiúgfainn sú na beatha as, le go mbainfinn pléisiúr as, má bhí a leithéid folaithe i dtobar doimhin na bhfocal ann. Luigh mé isteach ar an obair an oíche sin. Cuireann an t-údar duine dá phríomhcharachtair in aithne dhúinn sa chéad leathanach. Luaitear a ainm cúig huaire sa leathanach tosaigh sin. Niall Ó Conaill, iarshaighdiúir ón Rinn Mhór, an chéad charachtar a chuirtear in aithne dúinn.
Trí Shnáithe
Trí shnáithe a úsáideann Dónall sa scéal seo, le taipéis ildathach an scéil a shníomh astu. Ceann de na snáitheanna sin is ea Niall. Luafaidh mé an péire eile, ar ball. Is é bun agus barr an leabhair seo, nó an t-údar ag iarraidh scéal a shníomh as tubaiste eacnamaíoch na gcaogaidí. Cad a tharla don phobal áitiúil, nuair a thit an tóin as an saol thiar?
An Niall seo, a luaigh mé thuas, ní ar an mbád bán a bhí a thriall, níorbh ea mh’anam, ach ar chathair Chainnigh cois Feoire, áit a maolófaí, de réir a chéile, ar a dhíograis agus ar a mhisneach. Tharraing sé ar Chill Chainnigh, mar bhí bearthaithe aige fhéin agus ag Ciarán Buitléar, dul i bpáirt, le gnó beag a bhunú dóibh fhéin. Trí scéal Néill a leanúint, tá an t-údar ábalta an dá thrá a fhreastal, trí bhreathnú ar chúrsaí anseo in Éirinn, agus ag an am gcéanna, ar chúrsaí thall. Tarraingíonn Dónall snáithe eile chuige sa dara caibidil. Bean óg, a thug an bád bán uirthi fhéin an lá céanna ba ea Nano Ní Chatháin, nó Nano Mháire Choilm, mar a thugtaí uirthi thiar. Bhí Nano mór le Máirtín Bhid Antaine, agus ó tharla nach raibh Máirtín ag cur cuma ar bith air fhéin, bhearthaig Nano geábh a thabhairt an an áit thall, ó tharla go raibh sí sa bhealach ar a deartháir abhus. Fuair sí post mar bhanaltra neamhoilte in Ospidéal Norwold. Is iomaí sin óigbhean dá leithéid a thréig an Ghaeltacht, thart faoin am sin, agus b’iomaí duine acu siúd a chuaigh le banaltracht, mar sin, is snáithe fírinneach, inchreidthe, atá á sníomh anseo ag an údar.
Tógann Nano lei, anonn go Sasana, tréithe an tsaoil thiar. Dílseacht dá creideamh, dá tír, agus dá buachaill bán fhéin, Máirtín Bhid Antaine. Níorbh aon Romeo ar rothaí é an Máirtín céanna sin, mar, gan dabht ar domhan, is é peata a Mhamaí é. Oibríonn an t-údar ar chruachás seo Nano. Ar chóir di fanacht dílis do Mháirtín? Nó ar chóir di saol nua a mhúnlú di fhéin thall? Is géar agus is fíochmhar mar a throideann Nano chuile chathú a thagann ina treo, ach timpeall uirthi, bhí a lán eile nár throid chomh díograiseach céanna, ná chomh minic céanna, ach a ghlac le nósanna an tsaoil thall, ach, ag an am gcéanna, bheadh trua agat do Nano bhocht, cailín a bhí á tarraingtr idir dhá chultúr.
Treabhar Bheartla Bhillí
I gCaibidil a trí, léiríonn an t-údar an tríú snáithe dúinn. Sin Treabhar Ó Nia, nó Treabhar Bheartla Bhilli, agus cé go mba churadh Chonamara é an Treabhar céanna, arís, bheadh trua agat don bhfear bocht seo, ag saothrú a choda ar shráideanna Londain.
An-chreidiúint ag dul do Chlóchomhar Teoranta, a chuiir cló so-léite, ealaíonta, ar an leaabhar breá seo. Ár mbuíochas tuillte ag an gComhairle Ealaíon, as ucht an deontais a chuir siad ar fáil don leabhar seo. Rud eile a shásaíonn go mór mé, nó gburb é seo an chéad ghála de thríológ atá idir chamáin ag an údar ildánach seo. Sladmharghadh ar £4.00.”
Faraoir géar! Níor chuir Dónall an dá leabhar eile den tríológ ar fáil dúinn, nó fuair sé bás sula raibh deis aige cur lena mhian.
Solas na bhFlaitheas dá anam dílis, Gaelach.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Dialannaí cáiliúil eile
Peadar Bairéad
Is dócha go bhfuil sé ag tarraingt ar thriocha bliain ó shoin anois, ó scríobh mé píosa sa Kilkenny People faoi Dhialannaí cáiliúil Chalainn, Amhlaoibh ildánach Ó Súilleabháin. Tharla go raibh mé tar éis léacht a thabhairt, anseo sa Chathair Álainn, faoi shaol agus faoi shaothar an Dialannaí cháiliúil chéanna sin, ag an am, agus theastaigh uaim cuid den eolas a bhí bailithe agam, a roinnt ar mo chuid léitheoirí anseo i gcolúin an Pheople. Is minic a thagann cuimhní na laethe iontacha, do-dhearmadta, sin ar ais chugam, agus mé ag fánaíocht liom síos bóithríní na cuimhne, agus cuireann sé ionadh an domhain orm, go raibh an Dialannaí céanna sin, chomh hildánach is a bhí. B’fhear é, a raibh taighde agus staidéar déanta aige ar a theanga dhúchais, b’fhear é freisin, a raibh meas an domhain air, mar fhear gnó, agus mar fhear a raibh tionchar agus saineolas aige ar chúrsaí sóisialta, agus polaitíochta, a linne, sea, agus tabhair faoi deara freisin, an t-eolas uilig sin a bhí aige faoi chúrsaí aimsire agus a leithéid. Ní náire ar bith dúinn a bheith bródúil, agus mórtasach, as Amhlaoibh s’againne.
An Dara Dialannaí
Ach sin ráite, agus admhaithe, níor chóir dúinn, ach oireadh, dearmad a dhéanamh ar Dhialannaí eile, a tháinig chugainn isteach ón dtaobh amuigh freisin, agus a chaith seal maith, tairbheach, taitneamhach, dá shaol inár measc anseo sa Chathair Álainn, agus ní gá a rá, ach oireadh, go raibh mórtas an domhain ar an údar cáiliúil céanna sin, as a ghaol agus a cheangal le Cill álainn Chainnigh. Ní gá a rá, go raibh cónaí air fhéin is ar a Mham anseo, thar bhlianta fada, agus nach iomaí sin tagairt le fáil ina chuid scríbhinní ar Chathair seo a dhídine, agus nár bhronn Bardas na Cathrach s’againne ainm an údair sin ar ionad faoi leith anseo sa Chathair Álainn. Ní gá dhom a rá, gurb é Dónall séimh Mac Amhlaigh atá i gceist agam anseo.
Alt sa “Times”
Is é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, an babhta seo, nó alt a léigh mé sa Times, i Mí Lúnasa seo ghabh tharainn, alt le Ciarán Ó Cualáin atá i gceist agam.
Cuireann Ciarán síos ina alt ar an chaoi ar chuir sé fhéin aithne ar shaothar Dhónaill, a chéaduair. Oíche Nollag a bhí ann, agus bhí Ciarán agus a athair ag siopadóireacht i mbaile mór an Longfoirt, nuair a casadh fear breá scafánta orthu, agus chuaigh athair Chiaráin agus an fear strainséartha seo i mbun chomhrá. Ar baillín beag, chuir an t-athair an fear sin in aithne do Chiarán, agus d’inis dó, go mba dhuine de na charachtair i nDialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh é. B’fhear as Conamara é, a chaith seal i mbun oibre i Sasana, toisc nach raibh a leithéid ar fáil go héasca sa tír seo, ag an am. Bhí Dónall sna triochaidí nuair a chuir sé an saothar sin de, i 1960.
Sár-údar Connachtach, faoi dheireadh
Is cuimhin liom fhéin go maith an t-áthas agus an mórtas a bhí orm fhéin tráth léigh mé an saothar sin, ag an am. Ar deireadh thiar, dár liom, bhí sár-údar Connachtach dulta i mbun pinn, agus bhí úire, nádúrthacht, agus dáiríreacht, ag baint lena shaothar. Bhí boladh na fírinne, sea, agus blas na dáiríreachta, le fáil uaidh, agus chomh maith le sin, thóg an saothar ár gcroí, toisc go bhféadfadh muid bheith ag súil le tuilleadh fíoruisce a tharraingt as an dtobar nua seo, a bhí fionnta againn. Sea, agus bhí an ceart againn sa mhéid sin, nó chuir Dónall s’againne suas le deich leabhar iontacha ar fáil dúinn idir sin agus lá a bháis.
Tuairim Chiaráin
Ach le filleadh ar an alt úd le Ciarán Ó Cualáin, níor chóir dom an píosa seo a chríochnú gan tagairt a dhéanamh dá thuairim ar Dhialann Deoraí. Féach mar a chuir sé é…
“Cuntas lom macánta atá ann ar shaol a chaith na mílte Éireannach i Sasana – na fir ag náibhíocht, ag tarraingt biatais, ag leagan ráillí nó ag tógáil tollán don iarnród; na mná ag obair mar bhanaltraí, mar chailíní aimsire is mar chúntóirí siopaí.
Sclábhaíocht ar bun ag go leor acu is iad ag cabhrú le hatógáil na tíre sin tar éis scrios an chogaidh.”
Bhíodh an leabhar sin ar chúrsa na hArdteistiméireachta tráth, ach ní hamháin nach bhfuil a leithéid sin fíor a thuilleadh, ach is dócha go bhfuil an leabhar fhéin imithe as cló faoi seo.
Is é mo thuairim fhéin, gur caitheadh go dona le Dónall s’againne, duine de na scríbhneoirí ab fhearr a chothaigh stíl, agus cur-chuige, dá chuid fhéin, sa bhfichiú haois. Bhí plean aige triológ a scríobh ag cur síos ar shaol ár n-imirceach i Sasana, lena linn, ach tar éis dó an chéad leabhar den triológ sin a chur i gcló, agus tar éis an chaoi ar caitheadh leis, shocraigh sé gan dul níos fuide leis an dtionscadal sin.
Caithfidh mé a admháil go mothaimid Dónall uainn anseo sa Chathair Álainn, nó ba dhuine dínn fhéin é, agus bhí séimhe, nádúrthacht, dáiríreacht, agus greann, fite fuaite ina phearsa, agus ina theacht i láthair, sa chaoi go raibh sé éasca, comhrá agus seanchas a dhéanamh leis. Áit ag bord an Tiarna go raibh aige anois agus i dtólamh.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
Eachtraigh Dúinn
Caibidil 20
.
Gheall mé dhaoibh go bhfillfinn ar an tsraith seo aistí arís, gan aon ró-mhoill. Ach, mar adeireadh an tseandream fadó, an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire, agus ba é an dála céanna agamsa é. Thosaigh mé á chur ar an méar fhada, ó sheachtain go seachtain. Bhuel, caithfidh mé a admháil freisin, nach raibh aon ró-fhonn orm tosú arís ag scríobh faoi thráth dem’ shaol, a d’iompair siar mé go dtí na laethe casta, céasta, buartha, sin, nuair a thréig mé an Chliarscoil, ar chúiseanna áirithe, agus nuair a chuir mé romham arís, mo bhealach a dhéanamh trí shaol guaireach, cráite, a bhí tréigthe agam leis na blianta, agus saol ar cuireadh fainic na bhfainic ormsa faoi, le linn na mblianta fada a chaith mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí sin thart anois, agus bheadh ormsa feasta, réiteach eicínt a dhéanamh le saol corrach, coireach, cam, an fichiú haois.
Labhair mé faoi dhul go hOllscoil na Gaillimhe, i bhFómhar na bliana 1950, an Bhliain Bheannaithe. D’inis mé dhaoibh freisin, go raibh mé ag cur fúm amuigh i nGarraithe an Léana Bhuí, ar imeall na cathrach, agus mhínigh mé freisin, faoi na rincí a ndéanadh mé fhéin is mo chomrádaí, Jimmy Albanach, freastal orthu, i Seapoint agus sa tseanHangar freisin, corruair. Anois, sílim nach raibh mórán taithí ar an saol mór, millteach, faighte ag Jimmy s’againne, ach an oiread liom fhéin, agus do bharúil, nach dtéadh muid beirt chuig scoil rince, cupla uair sa tseachtain, nó cuimhnigh, nach raibh taithí dá laghad, ag ceachtar againn, ar dhamhsaí, nó rincí, agus bíodh nár theastaigh uainn an scéal sin a chraobhscaoileadh i measc ár naimhde, nó fiú imeasc ár gcairde fhein, ag an am gcéanna, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! Agus ba é an dála céanna againne é, nó theastaigh uainn beirt, tosú ar ghnáthshaol a chaitheamh feasta, agus ar an ábhar sin, ní raibh an dara rogha againn, dár linne, ach rince a fhoghlaim, agus sin ar an dá luathas, nó bheadh sin i bhfad níos fearr ná bheith i muinín rince na bpréachán, faoi mar a bhíomar beirt, ag an am. D’éirigh linn go réasúnta maith, sa bhfiontar sin, agus ba ghearr go mbíodh muid amuigh ar an urlár, agus muid ag rince linn, faoi mar a bheadh Dia á rá linn. Bhí an ceart ag ár seanchara, Mártan an Tairbh, nuair a dúirt sé linn dul amach ar an urlár, faoi mar ba linne an t-urlár céanna sin! Sea, mh’anam, ba ghearr go raibh toit á baint as urlár “Seapoint” againn beirt, mé fhéin is mo sheanchara, Jimmy, ní lena chéile, dár ndóigh, ach le cailíní áille na dúiche.
Ba mhór go deo an difir idir shaol an mhac léinn Ollscoile an tráth úd, i lár na haoise seo caite, agus saol an mhac léinn Ollscoile, sa lá atá inniu ann. Ó tharla go mba í sin an Bhliain Bheannaithe, cuireadh misean ar siúl do mhic léinn Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus m’fhocal is mo lámh dhuit, go mbíodh an séipéal ag cur thar maoil do chuile léacht, agus don Aifreann freisin, chuile mhaidin. Sílim gur mhair an misean céanna sin ar feadh seachtaine. Ach fan ort neomat ansin, nach bhfuilim, anois díreach, tar éis teacht ar phictiúr beag, a bronnadh orm ag an misean céanna sin, agus do bharúil? nach bhfuil sé agam fós, nó choinnigh mé im Bhíobla é, rud a choinnigh deas, glan, néata, é, thar bhreis is leathchéad bliain. B’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach, céard tá scríofa ar an bpictiúr beag beannaithe céanna sin? Bhuel, seo chugat é…..
Souvenir of My Retreat at University College, Galway
Holy Year
22 – 29 October 1950
in honour of The Solemn Proclamation
by His Holiness Pope Pius XII
of the Dogma of the Glorious Assumption
of The Blessed Virgin Mary.
Sea, breathnaigh ar sin anois, agus ba é an tAthair Paul Waldron, Maynooth Mission to China a bhí i mbun an Chúrsa Spioradálta chéanna sin. N’fheadar an mbeadh a leithéid ar siúl in ár nOllscoileanna, sa lá atá inniu ann? Sea, mór idir inné agus inniu!
Agus ó tharla gur ag tagairt do chúrsaí spioradálta atá mé, bhíodh rud eile ar siúl againne mic léinn freisin, rud nach dtarlódh sa lá atá inniu ann, tá mé cóir a bheith cinnte! Tharla go ndeachaigh sé amach ormsa, gur cuireadh léann an tsagairt orm, agus tuigeadh dá bharr sin, go mbeadh ar mo chumas ceisteanna morálta a scaoileadh dom’ chomhleacaithe. Dá bharr sin, thagadh mic léinn chugamsa, go rialta, ag iarraidh orm treoir eicínt a dhéanamh dóibh. Ba iad na fadhbanna ba mhinicí a bhíodh á mearú nó fadhbanna gnéis. Deiridís gur dheineadar seo, nó siúd, agus iad amuigh ag suirí, nó ag pleicíocht dóibh, agus theastódh uathu a fháil amach, ar pheaca marfach é a leithéid a dhéanamh, agus ar chóir dóibh é a lua ina bhfaoistin? Bhí cíocras an domhain orthu eolas dá leithéid a fháil, agus ag breathnú siar ar na cúrsaí sin anois, is dócha gurbh é ba chúis leis uilig, nó nár mhínigh éinne scéal na mbeach is na n-éan riamh dóibh, agus b’in iad ansin, iad fásta suas, iad ag dul amach le cailíní, agus gan rialacha an bhóthair foghlamhta fós acu, mar adéarfá. Rinne mé mo dhícheall iad a chur ar an eolas, chomh fada is a d’fhéadfainn, nó tuigeadh dom, nach raghaidís chuig anamchara nó comhairleoir ar bith eile, mura n-éireodh liomsa a dtart a mhúchadh!
Tríd an obair sin go léir, bhí mé fhéin ag foghlaim uathusan freisin, agus diaidh ar ndiaidh, bhí mé ag cur eolas ar chúrsaí an tsaoil daonna seo, agus dá bharr sin, ba ghearr gur thosaigh mé fhéin ag tionlacan cailíní abhaile ó na damhsaí. Ní call dom a rá, gur bheag dochar a bhí sa tionlacan céanna sin. Is dócha nach raibh ann ach bheith i gcomhluadar ban, bheith ag comhrá leo, ag iarraidh iad a thuiscint, ag baint taitnimh as a n-áilleacht, agus ansin, póigín neamhurchóideach ag geata theach an chailín, mar luach saothair, nó mar mhisniú, corruair, b’fhéidir. Sea, caithfidh mé a admháil anois gur bhain mé fhéin agus Jimmy taitneamh nár bheag as ár n-eachtraí sna Hallaí Damhsa, i rith na bliana Ollscoile céanna sin, 1950 – ’51. Agus chomh maith le sin, d’éirigh liom fhéin breacaithne éadomhain a chur ar an gcorrdheoch freisin. Ba chuid dem’ oiliúint ar chúrsaí an tsaoil mhóir é, agus geallaimse dhuit é, nár fhás aon ró-charadas idir mé fhéin agus na deochanna meisciúla céanna sin, an tráth úd, nó riamh ó shoin, nó tharla nach raibh mé tugtha dóibh, nó aon ró-fhonn orm éirí mór leo! Sea, nár inis mé dhaoibh faoin mbuidéal fíona úd a d’ólamar ar ár mbealach go Cóbh Chorcaí fadó, agus faoin gceacht a d’fhoghlaimíomar an lá sin?
Ná ceap anois gur chaith mé an t-am uilig ag dul chuig na damhsaí agus ag ól, nó ní mar sin a bhí. Bhí mé ansin le “H. Dip in Ed.” a bhaint amach, ag deireadh na bliana sin, agus caithfidh mé a rá, gur luigh mé isteach ar an ngnó sin, le fonn, agus le flosc, agus nuair a tháinig deireadh na bliana sin, bhí mé breá ullamh chuige.
.
le Peter Barrett | 2017/04/04 | Gan Chatagóir
dúshaothrú, exploitation; rogha an dá dhíogha, Hobson’s choice; an lá spriocáilte, the appointed day; le flosc is le fuadar, with eager haste; gan mórán achair, quickly; gaisce, a feat; ina múrtha, in great amounts; paltóg, a blow.
.
I m B é a l a n P h o b a i l
.
A Job at last
.
Peadar Bairéad
Ar deireadh thiar thall, bhí post múinteoireachta faighte agam, agus sin chomh cóngarach don bhaile is a d’fhéadfadh sé a bheith, nó ní raibh Béal an Átha chomh fada sin ar fad ó Iorras na nIontas. Bhí sé sa chontae céanna, agus bheinn ag freastal ar óige mo mhuintire fhéin, sea, agus bheadh £160 punt in aghaidh na bliana mar thuarastal agam!! Ag breathnú siar air anois, feictear dhom nach raibh ann ach dúshaothrú lom á imirt orainn ag an Stát, nó fuair siad obair bliana, saor in aisce uainn, agus fiú an Eaglais fhéin, ní raibh aon ghaisce á dhéanamh acusan dúinn, ach oiread. Ach b’in mar a bhí chúrsaí, an tráth úd, agus gan an dara rogha againne ach glacadh leis, nó diúltú dó, agus b’ionann sin dúinne agus rogha an dá dhíogha a thairscint dúinn, ach amháin gur mheasa rogha amháin acu sin ná an rogha eile, bíodh nach raibh rogha ar bith acu thar mholadh beirte!
Ar aon chuma, rinne mé mé fhéin a ullmhú don phost sin, chomh maith is a d’fhéadfainn, agus nuair a tháinig an lá spriocáilte, thaistil mé ar an mbus, ó bhaile na Druime go Béal an Átha.
Agus nach raibh gluaisteán ar bith agat an tráth úd?
Car? In your dreams!
Bí ag caint ar ghluaisteán! ní raibh fiú rothar nó asal fhéin agam le cur faoi mo thóin Gaelach ag an am, le mé a iompar an dá scór míle sin. Ach, ní haon mhaith bheith ag caoineadh is an anachain déanta. Ghlac mé le mo dhán, agus luigh mé isteach ar an obair a bhí le déanamh agam, le flosc is le fuadar. Ghlac mé seilbh ar mo sheomra, thuas staighre, i gColáiste Mhuireadhaigh, istigh ansin i measc na sagart, agus shocraigh mé mo chip is mo mheanaithe, istigh sa seomra sin. Níor sheomra ró-mhór é, ach oiread, ach ag an am gcéanna, bhí sé mór a dhóthain domsa. Bhí ann, leaba, leabhragán, cófra éadaigh, tinteán, agus báisín níocháin. Agus bíodh go raibh mé cuachta istigh ansin imeasc na sagart im sheoimrín beag, níor chuir sin isteach puinn ormsa, nó chomh fada is a bhain sé liomsa, ba phálás ríoga é, a thug neamhspleáchas agus scoiteacht ón saol mór amuigh dom, agus cuimhnigh freisin, go raibh bunús mo shaoil, mar dhuine fásta, caite agamsa i measc sagart, agus ar an ábhar sin, ba nádúrtha an leagan amach é.
In St. Muredach’s College
I dtús Mheán Fómhair na bliana sin, 1951, mar sin, chuaigh mé fhéin i mbun mo cheirde mar mheánmhúinteoir. An tráth úd, ní raibh an oiread sin scoláirí ar fad i gColáiste Mhuireadhaigh. Déarfainn nach raibh sa scoil ar fad, an tráth úd, ach thart ar chéad dalta is caoga, sa chaoi go raibh chuile dhuine acusan agamsa mar scoláire im ranganna. Nach mór idir inné agus inniu, nó déarfainn go bhfuil breis is a cheithre oiread sin de dhaltaí acu sa scoil chéanna, sa lá atá inniu ann. Ní raibh ach beirt tuatach ar fhoireann na scoile an tráth úd, nó ba shagairt ar fad an chuid eile díobh. Caithfidh mé a admháil anseo, go raibh mé thar a bheith sásta lem’ chuidse dem’ mhargadh, sa phost céanna sin, agus bheadh sé deacair Ardmháistir níos carthannaí, níos Críostaí, nó níos tuisceanaí, a fháil, ó cheann ceann na tíre, ná an Doc Loftus. Ba dhuine uasal den scoth é, agus fear ar cuireadh léann an tsagairt air sa Róimh fhéin, agus ná tógtar orm é, má deirim go raibh a chuma sin air! Chuir mé aithne ar mo chomhúinteoirí gan mórán achair, nó ní raibh an oiread sin díobh sin ann, ag an am sin. Déarfainn nach raibh thar dheichniúr dínn ar fad, i mbun oibre sa Choláiste sin, ag an am. Is glas a fhanann a gcuimhne siúd i gcistin m’aigne, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba bhreá ar fad na comhleacaithe iad, agus gan ina measc ach daoine a raghadh píosa maith den bhóthar leat, le cabhair agus cúnamh a chur ar fáil dhuit. B’in iad na daoine a mhúnlaigh mé mar mhúinteoir, agus má d’éirigh liom aon ghaisce a dhéanamh le linn mo thréimhse i mbun na ceirde sin, bheadh a bhuíochas sin ag dul dóibhsean, cuid mhaith. Ba ghearr freisin, gur chuir mé aithne ar na daltaí a bhí ag freastal ar an gColáiste, an tráth úd, agus arís, ba dhuine faoi leith é chuile dhuine acu sin, agus cosúil leis na múinteoirí a mhúin an oiread sin domsa, caithfear a rá freisin, gur éirigh leis na daltaí sin a rian fhéin a fhágáil orm.
Corporal Punishment
Is cuimhin liom go maith, go mbíodh an tslat a húsáid coitianta ag an am, agus i dtosach báire, tuigeadh dom fhéin gur cheart dom a bheith i lár an aonaigh, leis an gcineál sin smachta, chomh maith le duine. Tharla lá amháin, áfach, gur thug mé leadóg do ghasúr acu, agus tharraing sí fuil, nó b’in mar a tuigeadh domsa, ar aon nós. Ba leor sin dom. Bhí mo cheacht foghlamta agam, agus uaidh sin amach, b’éigean dom modhanna eile múinte a tharraingt orm fhéin, le dul i gcionn ar mo chuid scoláirí.
Is maith í an óige, mar adúirt an bhean fadó, agus í tar éis léim thar sruthán a ghearradh! Ba é an scéal céanna agamsa é, nó níl dabht ar domhan ann, ach go raibh ormsa bheith ag sclábhaíocht liom, ar mo mhíle dhícheall, le mo chuid oibre i gColáiste Mhuireadhaigh a dhéanamh. Bhí ullmhúcháin le déanamh chuile thráthnóna, agus bhí cleachtaí ina múrtha le ceartú, agus chomh maith le sin uilig, bhí an mhúinteoireacht fhéin le déanamh. Níor bheag sin mar ualach ar dhroim ar bith, agus cá bhfaighfeá dream chomh díograiseach le mic léinn le cruacheisteanna a chur ar mhúinteoir, go háirithe má cheapann siad, go bhfuil seans ar domhan ann, go bhféadfaí an múinteoir céanna sin a chur i sáinn le paltóg de cheist a bhualadh air, díreach idir an dá shúil? Cuir le sin uilig, nach raibh ionamsa ach printíseach, agus nár mhaith liom ceist a chur ar mo chomhleacaithe, ar eagla go léireoinn dóibhsean nach raibh mé in ann don ghnó a bhí idir lámha agam! Thuig cuid áirithe de na comhleacaithe céanna an tsáinn ina raibh mé, agus tháinig siadsan chugamsa lena gcúnamh a chur ar fáil dom. Ar aon nós, taobh istigh de théarma amháin, bhí an chuid ba mhó dhe chleasa mo cheirde foglamhtha agam, agus mé ag treabhadh liom i dtreo na foirfeachta.
No great age difference
Bhí rud eile i gceist sa scéal seo freisin, agus b’in nach raibh an oireadh sin difríochta idir aois na ndaltaí ba shine a bhí faoi mo chúram, agus m’aois fhéin, agus dá bharr sin, bhí ar mo chumas, sílim, dul i gcionn orthu, i bhfad níos éasca, nó fuineadh agus fáisceadh sinn araon, as an saol agus as an bpobal céanna, bíodh gur chaith mé fhéin roinnt mhaith blianta scoite amach ó shaol na cosmhuintire, ag an am gcéanna, bhí mé i dteangmháil leis an saol sin, trí litreacha, trí chomhrá, agus trí laethe saoire. Bhí meas agam ar na daltaí sin, agus go bhfios domsa, bhí meas acusan ormsa freisin, sea, agus maireann an meas sin anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Agus nach mbínn amuigh ar Pháirc an Bháire ag imirt peile leo, go mion minic, agus sa tslí sin, chuireamar aithne ar a chéile, ar go leor bealaí! Fonn díoltais ar an gcorrdhuine acusan, agus fonn cosanta corruair ormsa, nó bhíodh súil in airde agam i gcónaí le hionsaí dá leithéid a chosaint.
Ní gá a rá go mbínn corrtha, tnáite, suncaithe, sáraithe, ag deireadh gach seachtaine, agus bíodh a fhios agat, go mbíodh sé lá oibre againn, an tráth úd, i ngach uile sheachtain sa bhliain scoile! Ach b’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo. Bí liom an chéad bhabhta eile, agus beidh tuilleadh le rá agam faoi na blianta a chaith mé i gColáiste Mhuireadhaigh, ar bhruacha méithe, féarmhara, na Muaidhe, i gcaogaidí na haoise seo caite.