Cruinneas sa Ghaeilge!

Cruinneas sa Ghaeilge!

Ní raibh cl ar bith agam cad a bhí romhainn, mar ní rabhamar i nGleann Cholm Cille riamh roimhe sin. Roinn mé mo chéad imprisean den cheantar seo leat an tseachtain seo caite, agus anois ba mhaith liom cúpla focal a scríobh faoin gcúrsa ar fhreastal mé air i nGleann Cholm Cille.

Nuair a shroicheamar Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar an Satharn, chuir bean den fhoireann fáilte romhainn agus threoraigh sí muid go dtí ár lóistín ar imeall an bhaile. Lóistín leaba agus bricfeasta a bhí ann agus bhí seomra mór dúbailte againn (mé féin agus mo bhean chéile) le seomra folctha en-suite.  Is trua é nach raibh lánlóistín ar fáil, cosúil leis an lóistín a bhí againn i nGleann Fhinne an tseachtain roimhe, ach sin a bhfuil.

D’fhreastail céad is fiche daoine ar an gcruinne ionduchtaithe ag a seacht a chlog Dé Satharn, agus mhínigh ceann de na heagarthóirí gach rud dúinn maidir le hOideas Gael agus na cúrsaí a bheadh ar fáil dúinn. Go háirithe, dúirt sé go mbeadh ranganna Ghaeilge ar fáil dúinn ar sheacht leibhéal agus cúrsa speisialta eile darb ainm Cruinneas sa Ghaeilge. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge labhartha acu, a bhfuil roinnt eolais acu cheana ar ghramadach na teanga ach ar mian leo eolas níos fearr a fháil uirthi. Bíonn an bhéim ar scríobh agus ar léamh na teanga ach le gníomhaíochtaí cainte i gceist chomh maith. Ní raibh an dara rogha agam ach freastal ar an gcúrsa seo!

Bhí na seacht rang eile níos ginearálta agus an bhéim ar Ghaeilge labhartha. Shínigh mo bhean chéile suas le ceann dóibh agus thaitin an cúrsa go mór léi.  Bhí sceideal gnóthach againn, agus ranganna ar siúl gach lá (Luan go hAoine) óna deich a chlog ar maidin go dtí am lóin at a haon, agus arís óna trí go dtí a cúig a chlog sa tráthnóna.

Bhí deichniúr i mo rang, agus bhí múinteoir iontach againn darb ainm Dubhán. Bhí aithne agam air cheana féin, mar mhúin sé an t-ardrang dúinn i nGleann Fhinne an tseachtain roimhe. Fear an-eolach ar ábhar na Gaeilge is ea Dubhán, agus PhD idir lámha aige in Ollscoil Uladh, ar na laoithe Fiannaíochta. Is scríbhneoir cruthaitheach é freisin, agus tá cnuasach filíochta foilsithe aige darb ainm ‘IDEO Locator’. Leag Dubhán amach an cúrsa bunaithe ar an téacsleabhar a scríobh Éamonn Ó Dónaill MA, Gramadach gan Stró.  Mhúin Éamonn an cúrsa céanna blianta ó shin, ag úsáid a leabhar féin.

B’aoibhinn liom an cur chuige a bhí ag Dubhán. Níor thosaigh sé le caibidil 1, caibidil 2 agus mar sin tríd an leabhar, leathanach i ndiaidh leathanaigh. In ionad sin, roghnaigh ábhair shuimiúla, agus ansin mhúin sé ceachtanna ag plé na n-ábhar sin agus ag úsáid an leabhair chun léargas a thabhairt dúinn. Rinneamar obair bhaile as an leabhar freisin, chun na pointí a chur ina luí orainn.

Seo a leanas cúpla sampla den ábhair.

Aidiachtaí sa Tuiseal Ginideach: Ní raibh a fhios agam roimh an rang seo go bhfuil trí dhíochlaonadh den aidiachtaí! D’fhoghlaimíomar fúthu agus faoi na rialacha ag baint leo.

Uimhreacha: Thum Dubhán go domhain isteach san ábhar seo, agus d’fhoghlaimíomar rudaí mar seo: tús na chéad seachtaine, ach tús an dara seachtain; deireadh na haon bhliana fada móire agus luach an dá theach déag.  

Ainm briathartha – tuiseal ginideach: De ghnáth bíonn an tuiseal ginideach seo mar an gcéanna leis an aidiacht briathartha. Mar shampla: ag caitheamh tobac, ach lucht caite tobac, ag glanadh na leithreas, ach fear glanta na leithreas.

Foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh: ábhar deacair é seonuair a thagann dhá (nó níos mó) fhocal le chéile sa tuiseal ginideach cad iad na hathruithe is gá a dhéanamh dá bhrí sin? Is gá foghlaim faoin Aonad Brí (Cinnte agus Éiginnte) ar dtús, chun a thuiscint na rialacha ag baint leis. Sampla: ag plé fhadhbanna mhac Sheáin.

Leaganacha cainte: mar shampla – Ní chreidim a dheise a bhí an teach; ‘níl fear dá láidre nach lagaíonn an aois é; ‘dá chliste tú, tá mise níos cliste; ‘tá an fear ag dul i laige.

Níl spás agam ábhair eile a lua, ach thóg na samplaí thuasluaite blas beag duit den chúrsa. Bhí seachtain iontach againn ag foghlaim an t-am go léir, agus gan dabht beidh mé ar ais chun freastal ar chúrsa eile roimh i bhfad. Má tá suim agat feabhas a chuir ar do chuid Gaeilge, molaim go hard na cúrsaí a chuireann Oideas Gael ar siúl i nGleann Cholm Cille agus bíonn cúrsaí ar fáil ar líne freisin!

.

.

.

.

.

.

Gleann Cholm Cille!

Gleann Cholm Cille!

Gleann Cholm Cille

Braillín na ngort ag cur thar maoil

Tonnta ag sleamhnú síos an gleann

Ag titim i dtreo na farraige laistíos

Chuig an áit is áille ar an domhan

.

Gleann Cholm Cille an t-ainm atá air

‘s ní fhaca mé a leithéidse riamh

Muintir iontach chroíúil ina gcónaí ann

Is stair faoi leith ag baint leis an suíomh

.

Lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall

In áit álainn, iargúlta amuigh faoin tuath

Tagann daoine anseo as gach uile aird

Chun Gaeilge a labhairt gan stró is gan dua

.

Chuaigh tú go smior ionam, Ó Gleann Cholm Cille

Táim curtha faoi dhraíocht agat amach is amach

Táim athraithe ó bhonn mar bhog tú mo chroí

Braithfidh mé uaim thú is mé ar ais i mo theach

.

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Níl do leithéid ar fáil, bíodh sé sean nó nua

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Beimid ar ais le chéile, bíodh sé mall nó luath

.

Níl aon argóint faoi áilleacht Ghleann Cholm Cille. Ba bheag nár baineadh mo shúile as mo cheann nuair a bhíomar ag tiomáint an bóthar ó Ard an Rátha síos agus nochtadh radharc dochreidte os ár gcomhar amach, ag síneadh síos go dtí an fharraige lonrach, agus baile Ghleann Cholm Cille ina shuí in ucht an ghleanna, cóirithe i bhfráma na gcnoc maorga a thiteann le fána go géar isteach sna tonnta coipeacha ar chladach an Aigéin Atlantaigh. Is deacair cur síos a dhéanamh ar an áit seo, gan dul leis an bhfilíocht, chun na mothúcháin ag baint leis an radharc a chur in iúl duit. Sin an fáth a scríobh mé an dán thuasluaite. Scríobh mé gearrdhán as Béarla freisin – seo é:

Glencolmcille

Fresh green-fielded quiltwork spills,

Pleats and folds tumbling down hills,

Gliding through glistening, gulleted glen,

Riven by meandering river Murlin

Cloud-swaddled as it cradles spangled sainted land,

Then Softly surrenders to the sea’s silver sand.

.

Tá go leor le moladh faoin nGleann agus a cheantar, maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar fáil. Tá ceanncheathrú Oideas Gael ar imeall an bhaile, agus eagraíonn siad cúrsaí Gaeilge ó thús deireadh an tsamhraidh, ar gach leibhéal. Tá cúrsaí eile ar fáil freisin – seandálaíocht agus cnocadóireacht san áireamh – go léir as Gaeilge. Bíonn daoine ag casadh le chéile i nGleann Cholm Cille a bhfuil grá cultúir agus teanga go láidir acu, agus cé gur Éireannaigh an chuid is mó dóibh, bíonn eachtrannaigh páirteach freisin. Beidh mé ag scríobh alt faoi na cúrsaí céanna in alt eile, ach inniu tá léargas ginearálta ann, faoi Ghleann Cholm Cille agus an ceantar ina bhfuil sé suite.

Áiseanna agus lóistín

Tá siopaí, bialanna, tithe tábhairne agus garáiste sa bhaile. Is féidir lóistín leaba is bricfeasta nó árasáin féinfhreastal a fháil, ach bíonn an-tóir orthu. Mar sin, tá sé deacair go leor aon saghas lóistín a fháil sa bhaile féin agus go minic bíonn ar dhaoine lóistín a fháil in áit éigin eile, cosúil le Na Cealla Beaga, agus ansin a bheith ag comaitéireacht chuig an nGleann.

Slí Cholmcille agus Turas Cholmcille

Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, ag déanamh cuairt ar láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an Naoimh. Tá an tSlí seo mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Gach bliain, bíonn oilithreacht a heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair phleanála teanga. Bíonn treoraithe sléibhe agus cainteoirí dúchais ag treorú na siúlóidí, de ghnáth.

I nGleann Cholm Cille féin, leanann Slí Cholmcille bealach Thuras Cholmcille. Téann daoine ar oilithreacht i nGleann Cholm Cille gach bliain idir an 9ú Meitheamh (féile an Naoimh) agus an 15ú Lúnasa (féile na Deastógála). Tá roinnt seanchloch (siar go dtí 3000 RCh) agus gallán (siar go dtí 500-700 AD) le feiceáil ag na 15 suíomh atá mar stadanna ar an turas.

An Clachán

Osclaíodh an ‘clachán’ i 1967, mar thogra pobail bunaithe ag an Athair Mhic Daibhir, sagart cáiliúil a bhunaigh go leor scéimeanna sóisialta. Tá seacht dteach ceann tuí lonnaithe faoin sliabh in aice leis an trá mhór, a thugann léargas don chuairteoir ar shaol na háite sna 18ú, 19ú agus 20ú céadta in iarthar Dhún na nGall. Tá siopa ceardaíochta agus caife deas ann freisin.

Conclúid

Is áit iontach álainn iargúlta é Gleann Cholm Cille, le go leor áiseanna agus gníomhaíochtaí ar fáil ann. Mholfainn go hard duit cuairt a thabhairt air agus go háirithe má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.

.

.

.

.

.

.

.

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Fáilte Roimh Chách – Inné, Inniu agus Amárach!

Níl sé rófhada ó shin nuair ba bheag smaoineamh a bheadh ag aon duine go bhfeicfí an lá choíche nuair a bheadh daoine ina dtuile ag déanamh ar chóstaí ár dtírín, ag iarraidh bheith istigh a fháil inár measc.  Nach sa tslí chontráilte a bhí an tuile dhaonna ag sní amach uainn, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus bliain i ndiaidh bliana? Ní chloisfeá ón gcosmhuintir an tráth sin ach gearán agus casaoid faoi bhochtaineacht na tíre seo ’gainne. Bhí an port céanna ag gach duine, iad go léir ag maíomh go raibh an tír s’againne imithe i mbealach a basctha.  Bhí na meáin chumarsáide ag dearbhú an dearcaidh chéanna, ag rá go raibh an tír seo ‘gainne “banjaxed”, agus í imithe le sruth, síos poll an leithris, chun na mara móire. 

Bhí ár gcóras oideachais fiú, dírithe ar phoist a fháil dár ndaoine óga i dtíortha thar sáile, agus bhíomar ag oiliúint dochtúirí, banaltraí, sagairt, múinteoirí agus tuilleadh, nach raibh seans acu post a fháil ACH thar sáile.  Chomh maith leis sin, bhí muintir na tíre seo ar nós cuma liom faoi imirce na ndaoine oilte sin, nó faoin ‘Brain Drain’ mar a thugtar air as Béarla.

Gan dabht, d’éirigh go maith leo siúd a chuaigh ar an imirce, ach dár ndóigh, níor chóir ligean i ndearmad riamh an éagóir a ndearnadh orthu, nuair nach raibh muid, mar phobal, ábalta riar dóibh abhus, ina dtír dhúchais féin. gur éirigh leo slí bheatha maith a bhaint amach, ba mhinic a shil siad deora goirte na deoraíochta, mar nach mbeadh sé i bhfad níb fhearr an rath céanna a bheith acu ina dtír féin? Daoine iontacha a bhí iontu, a sheol airgead abhaile chugainn nuair a bhí géarghá lena leithéid abhus.

Teacht an Tíogair Cheiltigh

Thosaigh athruithe móra sna nóchaidí, go mall ar dtús agus ansin níos tapúla, go dtí nach raibh Conchubhar Mór sa Chúinne againn a thuilleadh. Bhí daoine óga ag dul ar saoire chuig áiteanna imchiana an domhain. Bhí gluaisteáin ag daoine nár chleacht riamh ach Neidí bocht na gceithre gcos is na gcluas fada. Bhí daoine ag dul amach chuig tithe ósta, agus chuig proinntithe, le béilí a chaitheamh iontu. Agus chomh maith le sin, bhí daoine gléasta go galánta, Domhnach is Dálach. Bhí cuma, blas agus boladh an airgid le fáil, thíos agus thuas, abhus agus thall, ó cheann ceann na tíre. Ní chloisfeá daoine ag rá feasta ar an Raidió nó ar an Teilifís go raibh an tírín s’againne “banjaxed”, nó bhí na daoine a bhíodh ag canadh an phoirt sin ina suí go te anois, agus carn airgid á shaothrú acu in aghaidh na bliana, as sparán an Stáitín “bhanjaxed” céanna sin.  Le scéal gairid a dhéanamh de, ba ghearr go raibh ainm an airgid amuigh orainn, ó cheann ceann na cruinne.

Na  Leanaí Gorma

Ní raibh ach toradh amháin ar cháil sin an airgid, agus b’in gur tháinig daoine ag déanamh ar chóstaí na tíre seo, ag súil go roinnfí go fial leo anseo. Tháinig na daoine sin, ina nduine agus ina nduine i dtosach, ansin ina mionghrúpaí, agus ar ball, tháinig siad ina dtuile tréan, do-stoptha. I dtosach báire, níor chaith muid chomh fial, flaithiúil, sin leis na strainséirí úd a tháinig inár measc, nó ní raibh aon chleachtadh againn ar a leithéid, ach le himeacht aimsire, b’éigean dúinn glacadh leis, go raibh dualgas orainn feasta, déileáil leo, le dínit agus le meas. Nár chaitheamar blianta fada sa tír seo ag tiomsú pinginí do na “Leanaí Gorma”, ach nuair a d’fhás na Leanaí céanna sin suas, agus nuair a tháinig siad ag iarraidh bheith istigh a fháil uainn, bhuel ba scéal eile ar fad é! Ach diaidh ar ndiaidh, cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh an dara rogha againn ach tearmann a thabhairt dóibh, nuair a bhí a leithéid dlite dóibh, agus chomh maith le sin, d’fháiltíomar roimh oibrithe riachtanacha a sheol chugainn ina gcaise thréan, dóchasach, do-stoptha, agus ní haon ionadh gur fháiltíomar rompu, nó chuidíodar linn an Tíogar gortach, Ceilteach, s’againne, a bheathú agus a ramhrú. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ba chóir dúinn fáilte is fiche a fhearadh roimh na daoine fíréanta sin a thagann chugainn, ar thóir tearmainn, nó oibre, agus ba chóir go mbeadh muid sásta freisin saoránacht ár dtíre a bhronnadh orthu, dá dtuillfeadh siad a leithéid. 

Anois, níorbh iad na “Leanaí Gorma” amháin a tháinig chun an dorais chugainn, nó chomh luath is a scaip an scéal, go raibh obair agus saothrú den scoth le fáil abhus, thosaigh daoine ó chiníocha éagsúla ag ardú a seolta, lena mbealach a dhéanamh chun na tíre seo.

Fáilte roimh Chách

Cé go bhfuil sé níos deacra déileáil le níos mó daoine, caithfimid cloí leis ár mbunphrionsabail ina ainneoin sin.  Nár dhéanaimid dearmad riamh ar na milliúin dúinne a theith an tír seo in am an ghátair sa Ghorta Mhór agus a fuair tearmann i dtíortha eile, an Cheanada agus na Stáit Aontaithe san áireamh.  Dá dheacracht é, is ea is fearr é rud a dhéanamh, i mo thuairim, go háirithe i gcás mar seo. Ní hé sin a rá nach bhfuil gá le rialacha, mar tá, ach nuair a ligtear isteach aon duine go dlíthiúil sa tír, agus go háirithe iad ag lorg tearmainn, tá dualgas orainn chaitheamh go maith leo. Nuair a fheicim rudaí uafásacha ag tarlú i mBaile Átha Cliath, áit ar cuireadh campa do lucht iarrthóra tearmainn faoi thine, nó i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, agus iar-scoil curtha faoi thine, a bhí beagnach réidh chun tearmann a thabhairt do theifigh ón Úcráin, tagann idir dhíomá agus dhéistin orm.  Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh, agus tá sé in am dúinn sa tír seo dul i ngleic leis an tseineafóibe, agus lámh chúnta a thairiscint do na teifigh ar ghlac ár rialtas isteach iad sa chéad áit, chun saol nua a thabhairt dóibh. Níl aon leithscéal againn agus caithfimid an rud ceart a dhéanamh as seo amach.  

.

  

.

.

.

Go gCana sí leis na hAingil!

Go gCana sí leis na hAingil!

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil Sinéad O’Connor imithe ar shlí na fírinne. Tá súil agam go mbeidh sí saor ó bhuairt faoi dheireadh, murab ionann is ina saol.  

Gortuithe a hóige

Bhí tionchar ag an tógáil a fuair Sinéad ar a saol ar fad, agus go háirithe ar a meabhairshláinte. Rinne sí cur síos faoi ina leabhar dírbheathaisnéise dar teideal “Rememberings”.

Rugadh í i nGleann na gCaorach (Glenageary) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966. Sa bhliain 1975, d’imigh a hathair agus bhí a teaghlach scoilte. Chuaigh Sinéad agus a deartháir beag chun cónaí lena n-athair, ach d’airigh siad uathu go mór a máthair an t-am go léir. Mar sin, tar éis tamaill chuaigh siad chun cónaí lena máthair.  Céasadh a bhí sa rud uilig do Shinéad, mar bhuail a máthair an cac aisti arís agus arís eile. Nuair a bhí sí ach trí bliana déag d’aois, d’fhreastail Sinéad ar ionad athshlánúcháin do chailíní le fadhbanna iompair.  Is beag leas a bhain sí as sin, áfach, agus d’fhág sí an t-ionad tar éis ach cúpla bliain. D’fhreastail sí ar scoil chónaithe ansin i bPort Láirge. Ar laethanta saoire an tsamhraidh, chuaigh sí isteach i mbanna ceoil.  Nuair a chuaigh sí ar ais ar scoil, d’airigh sí uaithi an banna, agus d’éalaigh sí ón scoil agus ansin fuair sí seomra suí is leapa di féin. Sa bhliain 1985, fuair a máthair bás i dtimpiste ghluaisteáin. Ní raibh Sinéad ach ocht mbliana déag ag an am. Níos déanaí sa bhliain chéanna, shínigh sí conradh le ‘Ensign Records’, agus d’fhág sí an tír agus chuaigh sí go Londain. Tá a fhios ag an saol Fódlach cad a tharla ina dhiaidh sin!

Clú agus Saibhreas

Fuair Sinéad Grammy don taispeántas rac-cheoil is fearr sa bhliain 1989, leis a céad albam ‘The Lion and the Cobra’, agus ní raibh ann ach an tús. Nuair a eisíodh an t-amhrán Nothing Compares 2 U i 1990, bhain sí amach aitheantas idirnáisiúnta mar amhránaí, agus chuaigh an t-amhrán go barr na gcairteacha ar fud an domhain. Bhí an físeán ceoil a eisíodh in éineacht leis an amhrán ar fheabhas freisin, agus seasann mar eiseamláir iontach den ealaín sin fós.  Ainmníodh ‘Nothing Compares 2 U’ le trí ghradam Oscar agus d’ainmnigh an iris ‘Rolling Stone’ Sinéad mar ‘Artist of the Year’ sa bhliain 1991. D’eisigh sí 10 n-albam in iomlán, agus amhráin aici i seánraí ceoil ó rac-cheol go ceol reggae, ó phunc go ceol traidisiúnta.

Gníomhaí Díbhirceach

Ach ní ceoltóir amháin a bhí inti, mar bhí sí ina gníomhaí díbhirceach ar son chearta an duine, agus ní raibh aon imní uirthi a hardán domhanda a úsáid chun labhairt amach gan scáth ná faitíos in aghaidh na ndaoine a dhéanann sárú ar chearta an duine.

Tharraing Sinéad míchlú uirthi féin nuair a shrac sí pictiúir Phápa na Róimhe os comhar an domhain ar an seó cáiliúil ‘Saturday Night Live’. Bhí sí ag léiriú na déistine a bhí uirthi maidir le hiompar na hEaglaise Caitlicigh, agus go háirithe maidir le sagairt Caitlicigh a bhain mí-úsáid ghnéis ar leanaí.  Chothaigh sracadh an phictiúir trioblóid do Shinéad O’Connor, agus chaill sí formhór a lucht leanúna sna Stáit Aontaithe de bharr sin, cé go raibh an ceart aici go hiomlán faoi cad a bhí ar siúl.

Ach an té ab fhaide teanga agus ba lú cúthaileacht a bhí inti, agus lean Sinéad ar aghaidh ag labhairt amach ar son na ndaoine ar bhualadh cos orthu, is cuma cén chaoi.

In Éirinn, thóg sí tacaíocht phoiblí do dhaoine a bhí ag streachailt le HIV/AIDS, tráth a bhí stiogma mór ag baint leis. Labhair sé amach ar son cearta na mban agus ar son cearta inimirceach freisin.

An Traic Dheireanach!

Bhí saol deacair aici, mar bhí drochshláinte leanúnach uirthi, idir chorp (fibrimiailge) agus intinne (neamhord dépholach). Agus níos measa di ná aon rud eile, fuair a mac Shane bás go tragóideach de thoradh féinmharaithe i 2022, agus bhris a bás a croí.

Ar an Iúil 11, coicíse roimh a bás i Londain, d’fhógair Sinéad go raibh albam nua beagnach críochnaithe aici (gan ach traic amháin fágtha di). Bhí sí ag obair ar an albam le cúig bliana anuas, a céad albam i ndiaidh a halbam “I’m Not Bossy, I’m the Boss” (2014).

bhfuair Sinéad féin aon chlabhsúr, idir cheol agus obair. Mar sin, is é an rud is fearr dúinn a dhéanamh chun saghas clabhsúr a fháil di ná leanúint ar aghaidh leis an troid ar mhaithe le cúis fhiúntach, ar son daoine faoi chois! Ba mhaith léi é sin, gan dabht ar bith! Tá súil agam go mbeidh sí in ann canadh lena guth iontach sin a bhí dosháraithe, so-aitheanta, cumhachtach agus uaireanta uaigneach, pé áit ina mbeidh!

.

.

Dírbheathaisnéis: 2 – Tús Ré Nua!

Dírbheathaisnéis: 2 – Tús Ré Nua!

D’fhreastail mé ar scoil náisiúnta i gCluain Tarbh ar feadh bliain nó dhó, tar éis an ‘Holy Faith Convent’. Páiste leochaileach a bhí ionam, agus thit mé tinn arís nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois. Ní raibh orm fanacht san ospidéal an t-am seo, ach bhí mé lag go leor ar feadh cúpla bliain ina ndiaidh. Bhí gach easna le feiceáil orm, bhí mé chomh tanaí sin. Dé chúis mé a bheith chomh tinn, áfach, níor fhás mé mórán, ach an oiread. Sa mhullach air sin, bhí asma orm. Ní haon ionadh nár thaitin spóirt fhisiciúla liom.

Leabharlann

Théimis go dtí an leabharlann i mBinn Éadair gach coicís, mar léitheoir cíocrach ba í mo mháthair. Léadh sí ceithre leabhar gach coicís, agus nuair a shroich mé seacht mbliana d’aois, fuair mé cárta leabharlainne dom féin. Fuair mé cúpla leabhar gach coicís, agus léigh mé iad gan stad, bhí siad chomh suimiúil dom. Nuair a léigh mé leabhar maith, osclaíodh geataí isteach go domhan nua draíochtúil, ionas go ndearna dearmad ar gach rud eile a bhí ar siúl! B’aoibhinn liom gach saghas leabhair do dhaoine óga. Mar shampla, léighcúpla sraith ón údar iontach Enid Blyton, cosúil le ‘The Famous Five’ agus ‘The Secret Seven’. B’aoibhinn liom an tsraith ‘The Hardy Boys’ freisin. Ní haon ionadh é, mar sin, gurb í an léitheoireacht ceann de na gníomhaíochtaí is ansa liom fós!  

An timaistear laethúil go Marian College agus cuimhní ag baint leis

D’athraigh mé scoil nua sa cheathrú rang sa bhunscoil. Bhínn an-sásta léim isteach inár gcarr le mo Dhaid, chun freastal ar Marian College– mise mar dhalta, agus eisean mar mhúinteoir! Is cuimhin liom ár gcarr beag comaitéireachta, den saghas Lloyd Alexander; Daid ag feadaíl agus ag canadh “I’m late, I’m late, for a very important date” ar an tslí go dtí an scoil ar Bhóthar Lansdún.  

Ag tiomáint ó Chluain Tarbh go Bóthar Lansdún, théimis thar Philéar Nelson ar Shráid Uí Chonaill. Chuamar suas chuig barr an philéir uair amháin timpeall 1964 agus bhí radharc iontach againn den chathair agus den timpeallacht. Ní raibh a fhios againn ag an am nach mbeadh an deis sin againn arís go deo!  

Bhí an dealbh den aimiréal Briotanach cáiliúil ina sainchomhartha i mBaile Átha Cliath le 161 bliain anuas, ach séideadh é le buama beag in 1966.  Ba é Liam Sutcliffe, ball de scoiltghrúpa míleata, a rinne é. Fuaireamar cloch eibhir ón bpiléar, agus bhí sé agam mar chuimhneachán ar feadh tamaill.

Ag an am céanna agus struchtúr amháin á scriosadh, bhí struchtúr eile á thógáilan foirgneamh darb ainm Halla na Saoirse (Béarla:Liberty Hall), suite in aice leis an Life i mBaile Átha Cliath. Ba é an foirgneamh ab airde é ní hamháin sa chathair, ach sa tír, sular tógadh an tÁras Contae i gCorcaigh sa bhliain 1968. Bhíomar an-bhródúil as an bhfoirgneamh nua-aimseartha sin, mar bhí sé ar an gcéad scríobaire spéire sa tír. Tús ré nua a bhí ann, i ndáiríre.

Bhí nasc láidir idir na Stáit Aontaithe agus Éire ag an am sin, mar atá fós, mar bhí méid mhór eisimirceach a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe óÉirinn, ach go háirithe le linn an Ghorta Mhóir (1845-1847). Is cuimhin liom go maith nuair a feallmharaíodh Uachtarán John F. Kennedy, mar bhí an-bhrón ar mo thuismitheoi faoi. Bhí mo mháthair ag caoineadh agus ag rá cé chomh maith agus a bhí Kennedy, a raibh nasc láidir aige le hÉirinn, agus arb é an chéad uachtarán Caitliceach i Meiriceá riamh!  

Uair amháin, sa bhliain 1964, tar éis dúinn í a fheiceáil ar ár dtimaistear laethúil, thug m’athair mé ar cuairt ar bord na loinge thrádála núicléiche ó Mheiriceá, an N.S. Savannah. Cé nár thuig mé ag an am cad a bhí i gceist le hárthach núicléach, d’aithin mé gur teicneolaíocht nuálach, cumhachtach agus nua-aimseartha a bhí ann.

Ní raibh Cultúr na caoithiúlachta’ tagtha fós!

Ach in ainneoin na scríobairí spéire agus na cumhachta núicléiche, bhí píosa fada le dul againn mar thír fós, i gcomparáid leis an lá atá inniu ann. Seo cúpla rud nach gcreidfeá b’fhéidir, faoin am sin.

Ní fhaca mé soilse tráchta go dtí i bhfad ní ba dhéanaí. Rinne na gardaí an jab sin ag an am; lámhainní bána orthu agus iad ina seasamh i lár an bhóthair ag stiúradh an tráchta le baitíní.

Níor tháinig an teilifís dhaite ar an bhfód go dtí deireadh na seascaidí!

Ní raibh aon ríomhairí pearsanta, agus ní raibh fiú ach cúpla mór-ríomhairí sa tír – ag Cómhlucht Siúicre Éireann!

É sin go léir gan trácht ar an bhfón cliste, a bhfuil ceann ag nach mór gach duine sa tír anois, agus nach mbeadh ceaptha fós le deicheanna de bhlianta!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge