Ceacht Giotáir agus Féinchomhlíonadh!

Ceacht Giotáir agus Féinchomhlíonadh!

Ceacht Giotáir

Le linn na paindéime COVID-19, thosaigh mé ag foghlaim an ghiotáir ar líne. Ní ranganna beo a bhí i gceist, ach ranganna réamhthaifeadtha ar líne. Thaitin siad go mór liom, agus rinne mé staidéar agus cleachtadh go díograiseach ar feadh cúpla bliain. Ansin, rith sé liom go raibh mé beagnach críochnaithe leis an gcúrsa, agus nach raibh a fhios agam cad a dhéanfainn ansin chun níos mó a fhoghlaim. Sheol mé r-phost chuig múinteoir an ranga, an Dochtúir McAllister, ag lorg a chomhairle ar an ábhar. Ba é an rud a dúirt sé ná go mbeadh sé i mo cheantar i gceann cúpla seachtain, agus go mbeadh sé sásta casadh liom agus rang a bheith againn le chéile. Cé go raibh mé neirbhíseach faoi, ghlac mé leis an moladh sin. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, chasamar le chéile agus thosaíomar an rang.

Cheap mé go raibh gach seans go mbeimid ag seinm amhráin le chéile arís is arís eile, go dtí go mbeinn in ann é a sheinm go han-mhaith. Ach ní hé sin a tharla, ar chor ar bith. Níor iarr sé orm amhrán a sheinm ach cúpla uair, agus é ag seinm giotár rithime mar thionlacan. Ansin, stadamar agus seo mar dúirt sé liom:

“Tá tú in ann amhráin a fhoghlaim agus a sheinm, agus mar sin ní gá dúinn am a chaitheamh sa tslí sin. Tá sé in am duit teicnicí a fhoghlaim, ionas go mbeidh sé níos éasca duit feabhsú agus an chéad leibhéal eile a bhaint amach.” Ansin, thaispeáin sé dom nach raibh mo lámh chlé sa treoshuíomh ceart ar an gclár stiallóg, ach bhí sé claonta. Bhí an ceart aige, agus cé go raibh sé éasca dó é sin a fheiceáil, níor thug mé é sin faoi deara roimhe sin.

“Tá do mhatáin rótheann, a Mhichíl, agus is rud deacair saoráid stíle a bheith agat gan matáin ligthe a bheith agat. Mar sin is túisce scíste ná seinm!” arsa an Dochtúir McAllister.

Léargas

Tharraing sé sin m’aird ar an toirt, mar bhí mo bhean chéile tar éis an ruda chéanna a rá liom le déanaí. Bhíomar tar éis cúpla seachtain a chaitheamh ar thuras bus – rud a raibh mé neirbhíseach faoi roimh ré, toisc go dtagann tinneas taistil orm éasca go leor. Ar an dea-uair, ní raibh mórán faidhbe agam leis an tráth seo. Ach thug mo bhean chéile rud faoi deara nuair a bhí an bus ag luascadh anonn is anall. “Bíonn tú ag troid in aghaidh gluaiseachta an bhus, agus tú ar tinneall in ionad scaoileadh leis go réchúiseach. Tá matáin teannta agat ní hamháin ar an mbus, ach an t-am go léir, agus ní rud maith é sin. Caithfidh tú rud éigin a dhéanamh faoi sin!” a dúirt sí.

Bhí an bheirt acu -mo bhean chéile agus mo mhúinteoir giotáir ag rá go soiléir go raibh fadhb agam leis an strus, ach cad faoin spéir a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi?

Moladh

D’iarr mé ar ChatGPT (Intleacht Shaorga) cad é an bealach is fearr dom teannas fisiciúil agus strus meabhrach a mhaolú, agus seo an freagra a fuair mé ar ais (agus atá curtha in eagar agam):

An bealach is fearr duit chun teannas fisiciúil agus strus meabhrach a mhaolú ná anáil dhomhain chomhtháite le gluaiseacht a dhéanamh – mar shampla, ióga, tai chi, nó siúlóid aireach (mindful walking).

  • Cén fáth? Comhcheanglaítear gluaiseacht réidh le hanáil rialaithe – rud a scaoileann teannas na matán agus a laghdaíonn leibhéil struis san intinn.
  • Conas é a dhéanamh? Roghnaigh gníomhaíocht a thugann rithim nádúrtha d’análú agus do ghluaiseacht – rud a chuirfidh ar do chumas do chorp agus d’intinn a nascadh le chéile i staid scíthe agus cothromaíochta.

Dá mbeadh ort ceann amháin a roghnú, is é siúlóid aireach an rogha is simplí agus is éifeachtaí.

Seanfhear Craiceáilte

Lá amháin, nuair a bhí an t-infheisteoir cáiliúil Marc Andreessen, ag tiomáint i Palo Alto i Silicon Valley, ba bheag nár bhuail sé seanfhear craiceáilte a bhí ag trasnú an bhóthair. Ag amharc siar air, thug sé faoi deara an geansaí muineál turtair agus jíons gorma a bhí á chaitheamh ag an bhfear. “A Chríost na bhflaitheas, ba bheag nár bhuail mé Steve Jobs!” arsa Andreessen leis féin. Bhí an ceart aige. Bhí Jobs ag siúl gar dá chomhlacht Apple. Bhí clú agus cáil air sa cheantar maidir leis na siúlóidí fada a thógfadh sé. Chreid sé go raibh buntáistí móra ag baint leo – chun aclaíocht agus machnamh a dhéanamh, chun fadhbanna a réiteach, agus fiú chun cruinnithe gnó a bheith aige. Bhí an ceart aige agus aontaíonn na saineolaithe go bhfuil na buntáistí sin ag baint le siúlóidí.

Tá súil agam nach smaoineoidh tú gur fear craiceáilte mé, agus mé amuigh ag siúl gach lá cosúil le Steve Jobs, nó Forrest Gump! Ach in ainneoin an riosca sin, leanfaidh mé ar aghaidh leis na siúlóidí céanna, mar tá siad an déanamh maitheas dom cheana féin, gan dabht. Faigheann na siúlóidí réidh le strus fisiciúil agus intinne, agus má tá strus d’aon saghas ort féin, cuir ort do chuid bróga agus téigh ar shiúlóid!

 

 

 

 

 

 

Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

An Namhaid Laistigh

Tá gach rud iompaithe bunoscionn i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair, agus is mór an trua é. Ní féidir le haon tír eile muinín a bheith aici as SAM níos mó. Braitheann sé go bhfuil an tUachtarán Trump ag iompú go dtí an taobh eile – taobh na Rúise. Tá sé ag tabhairt aire na huibhe circe don Rúis, agus ag an am céanna ag tabhairt droim láimhe dá Chomhghuaillithe, an tAontas Eorpach (Éire san áireamh!), an Úcráin, Ceanada agus Meicsiceo, chun ach cúpla a lua. Beidh droch-chríoch leis an scéal seo, gan dabht ar bith.

Fiú amháin sna Stáit Aontaithe féin, tá Trump agus a mhaidríní lathaí ag caitheamh le sciar mór dá saoránaigh féin amhail gur namhaid iad. Tá a chomhghuaillí mór, Elon Musk, ag tabhairt bata agus bóthair do na mílte fostaí ag obair don rialtas, i slí atá brúidiúil agus cruálach agus, dé réir dealramh, mídhleathach freisin. Cuireann sé sin i gcuimhne dom scannán darb ainm ‘Up in the Air’, le George Clooney sa phríomhról, agus an dualgas aige bata agus bóthar a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre. Nuair a mholann a bhas dó go mbeadh sé níos fearr a obair a dhéanamh ar ‘Zoom’ nó a leithéid, bíonn fadhb mhór aige leis an gcur chuige sin, mar tá coinsias aige.

Téann Musk cúpla céim níos faide ná seo, mar thug sé bata agus bóthar do go leor daoine ag an am céanna, le r-phost amháin. Níl bun ná barr leis atá a dhéanamh aige, agus tá go leor daoine ag fulaingt mar iarmhairt. Seo cúpla scéal pearsanta ó dhaoine a chaill a phoist fheidearálacha le déanaí.

Samantha Leach

Bhí áthas ar Samantha Leach ocht mí ó shin. Fuair sí an post a thaitin go mór léi sa Bhiúró Feidearálach Greanadóireachta agus Priontála, ag obair le foireann a raibh meas aici ar a scileanna agus a díograis.

Tháinig laghdú ar an lúcháir sin níos luaithe an mhí seo. Fuair sí amach (le r-phost) go raibh sí i measc na mílte fostaí de chuid an rialtais fheidearálaigh ar promhadh, ar bhriseadh as a bpoist go tobann iad. Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a léigh sí gur theip uirthi a dualgais a chomhlíonadh sa phost. Ach fuair Samantha an rátáil is airde – cúig as a cúig, ina hathbhreithniú is déanaí maidir le comhlíonadh a dualgais.

“Bhí mé go maith, go han-mhaith ag an obair a bhí faoi chaibidil agam. Rinne mé gach rud i gceart – go litriúil! Ach in ainneoin gach rud, tugadh an doras dom. Ba mhillteanach an bhuile é sin, do dhuine cosúil liomsa nach bhfuil uaim ach a bheith san áit is dual dom, ag cur le rath an rialtais fheidearálaigh”.

Tony Ruiz

Briseadh as a phost Tony Ruiz, arb as Orange County, California é, ar 3 Feabhra, díreach deich lá sula raibh deireadh lena thréimhse phromhaidh mar Ionadaí Seirbhíse ag obair sa Roinn um Ghnóthaí Iarshaighdiúirí.

Dúirt an t-iarshaighdiúir airm míchumasach gur earcaíodh é tar éis 15 bliana san earnáil phríobháideach, chun cabhair a thabhairt d’iarshaighdiúirí maidir le héilimh shochair a bhí acu – mar shampla, cabhair le páipéarachas chun gnáthamh leighis a cheadú, nó chun céile a chur ar pholasaí. Dúirt Tony gur minic a láimhseálann sé suas le 40 éileamh in aghaidh an lae.

Bhí alltacht agus uafás air nuair a léigh sé ina litir foirceanta go raibh caighdeán a oibre do-ghlactha. I mí Lúnasa seo caite, bhí Tony ar an chéad fhostaí ina rannóg a bhuaigh gradam “fostaí an ráithe”, a raibh duais airgid $1,000 ag dul leis.

“Tá tú ag insint dom (go bhfuil) duine de na fostaithe is fearr, ar bronnadh airgead air, agus a bhí ina fhostaí an ráithe …gur duine gan mhaith ná maoin mé?” ar seisean.

Bhí sé deacair do Tony fiú an teach a fhágáil ar dtús agus tá sé ag tógáil roinnt ama chun teacht chuige féin tar éis a tharla dó.

“Tá mé croíbhriste, tá mé trína chéile,” a dúirt Tony. “Ní dóigh liom go bhfuil sé seo tuillte ag aon fhostaí feidearálach Meiriceánach, go háirithe iarshaighdiúir.”

Anailís

Tá go leor damáiste déanta ag Musk agus a fhoireann don rialtas feidearálach agus a fhostaithe. Chonaiceamar Musk ar an stáitse le sábh slabhrach ag taispeáint cé chomh dírithe is atá sé ar bhearta costchiorraithe sa rialtas. Is dóigh gur sháraigh Musk a údarás agus gur sháraigh sé dlíthe a thugann cosaint d’fhostaithe feidearálacha. Dhírigh sé ar an FAA (Údarás Eitlíochta feidearálach), USAID (Gníomhaireacht na Stáit Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta) agus NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis), fiú ag iarraidh USAID a dhúnadh. Bíonn Musk á iompar féin amhail is gur cuid dá ghnólachtaí é rialtas SAM. Ach níl an rialtas ann chun brabús a dhéanamh, ach ar mhaithe pobal na tíre.

Níl airí Trump sásta le cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus Musk ag cur a ladar ina ngnóthaí. Cé gur thug Musk an bhróg do go leor daoine, is ar na hairí amháin atá an fhreagracht pholaitiúil as a ndearna sé. Bhí cruinniú teasaí sa teach bán le déanaí, le Trump, a airí agus Musk sa seomra. Bhí argóint mhór idir Musk agus cúpla Rúnaí, agus go háirithe an Rúnaí Stáit Marco Rubio, a bhfuil USAID faoina cheannas. Rinne an cinneadh ansin nach mbeadh Musk in ann an bóthar a thabhairt go díreach d’fhostaithe feidearálacha níos mó. Cuirfidh sé moltaí chun cinn ar an ábhar, ach beidh an chumhacht ag na hairí iad a ghlacadh nó a dhiúltú.

Coimhlint cumhachta atá ar siúl, idir Musk agus airí Trump. Buaileadh buille ar Musk leis an gcinneadh ina mbeidh sé ina mholtóir gan cumhacht gníomhaithe aige. Ach ní buille maraithe é sin fós, agus ceapaim nach ngéillfidh Musk leis gan troid. Ach ba cheart go mbeadh an chumhacht ag airí Trump, agus mar sin is dóigh go dtabharfaidh siad an lá leo. Gan dabht, tá an tóin ag titim as plean Musk, agus é féin agus Trump go muineál i gcásanna dlí. Chomh maith leis sin, tá míshásamh an phobail ag treisiú maidir le gníomhartha Musk. Tá sé soiléir nach mbeidh aon dúil ag Trump nó a airí dul níos faide síos an bóthar céanna. Dúirt Trump féin gur gá dóibh sceanóg a úsáid in ionad tua, mar tuigeann sé na rioscaí polaitiúla ag baint le cur chuige Musk suas go dtí seo. Tá súil agam go mbeadh ar rialtas SAM caitheamh mar is cuí leis a lucht oibre, agus go gcuirfear stad le drochíde a thabhairt do na daoine breátha ionraice sin atá mar chnámh droma an rialtais!

 

 

 

 

 

 

M’Iarmhúinteoir Gaeilge!

M’Iarmhúinteoir Gaeilge!

Fógra: Beidh Micheál Ó’Diarmada ag tabhairt léachta ar an 16 Márta ag 7:30 p.m. i dteach tábhairne Bollards i gCill Chainnigh. Beidh sé ag díriú ar na focail Gaeilge a bhí coitianta sa Bhéarla agus é ag fás aníos. Beidh sé ag caint freisin ar an gcanúint dhifriúil sa chontae. Déanfaidh sé tabhairt freisin do chúpla amhrán Gaeilge a bhain le Cill Chainnigh agus a logainmneacha. Beidh an oíche idir shiamsúil agus fhaisnéiseach.

————————————————————————————————-

Ní raibh cliú agam ag an am, ach bheadh tionchar mór agus leanúnach ag m’iarmhúinteoir Gaeilge, Micheál Ó’Diarmada, orm le fada an lá.

Bhí ardchaighdeán Gaeilge ag gach múinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, Micheál Ó’Diarmada san áireamh. Bhí Micheál mar mhúinteoir agam sa cheathrú agus cúigiú bliain ar scoil, suas go dtí an Ardteistiméireacht.

Fear óg bríomhar ba ea Micheál ag an am. Mar go raibh sé chomh hóg sin, bhí sé in ann a dhaltaí a thuiscint go maith. Chomh maith leis sin, ba dhuine de na buachaillí é, dar linn. Cén fáth? Bhris sé an deighilt idir an múinteoir agus an dalta, rud nach bhfacthas go minic, go háirithe ag an am sin, sna seachtóidí in Éirinn. Bhain stíl thiarnúil leis an gcuid is mó de mhúinteoirí sa tír, curtha i bhfeidhm leis an tslat! Chuir an tslat teorainn chrua idir an múinteoir agus daltaí a rang. Agus rinne sé sin damáiste don chaidreamh eatarthu.

Níor úsáid Micheál an tslat riamh. Níor chuir sé pionós d’aon saghas orainn. D’úsáid roinnt mhaith múinteoirí an tslat mar mhaide croise, agus bhíodar ag brath air chun smacht a choimeád sa rang, agus chun brú a chur orainn obair baile a dhéanamh. Ach seo an rud draíochtúil agus fiú ait i slí – níor choimeád Micheál smacht orainn! Níor chuir sé brú orainn obair baile a dhéanamh, ach an oiread. Níor ghá dó mar bhí trust aige asainn agus againn as! Tá sé chomh simplí leis sin, ach cumhachtach ag an am céanna.

Sa lá atá inniu ann bíonn daltaí in ann ceisteanna a chur ar an múinteoir agus comhrá a bheith acu leis, gan srian. Ach ag an am sin, áfach, bhíodh an chumhacht go léir ag an múinteoir, agus ní raibh dalta in ann labhairt gan a lámh a ardú ar dtús chun cead an mhúinteora a fháil. Múinteoir forásach a bhí i Micheál, agus bhí sé chun tosaigh ar lucht na linne maidir le cleachtadh múinteoireachta. Bhí cur chuige cairdiúil agus ionchuimsitheach aige, agus dá bhrí sin bhí timpeallacht réchúiseach sa rang, ina rabhamar níos oscailte agus ina raibh sé níos éasca dúinn rudaí nua a fhoghlaim. Níor bhraitheamar aon bhagairt ó Micheál riamh.

Bhí acmhainn grinn an-díreach ag Micheál, rud a neartaigh an nasc eadrainn sa rang. Bhí leabhar ar an gcuraclam – Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne – nach raibh éasca a léamh ná a thuiscint. De ghnáth, bheadh sé pianmhar an leabhar sin a léamh agus plé a dhéanamh air sa rang. Ach ní raibh sé mar sin dúinn – a mhalairt ar fad. Chuir Micheál an bhéim ar an scéal féin, a phlota agus na carachtair, agus ansin tharraing sé isteach muid sa díospóireacht. D’inis sé jócanna dúinn, ag an am céanna agus a bhí sé ag míniú pointe gramadaí nó brí focail. Chuir sé ceisteanna géara orainn freisin, nach rabhamar in ann a fhreagairt gan tuiscint an ábhair a bheith againn. Chuireamar ceisteanna ar Mhicheál freisin, ar dtús chun an t-ábhar a bhí idir lámha againn a thuiscint, agus ansin chun a cheisteanna a fhreagairt. Bhíomar ag comhrá le chéile agus le Micheál go nádúrtha as Gaeilge le linn an ranga agus muid ag foghlaim na teanga labhartha ag an am céanna. Cuimhnigh nach raibh béim ar an teanga labhartha ag an am sin, agus go minic múineadh Gaeilge amhail ba theanga mharbh a bhí i gceist. Bhí fonn orainn  Gaeilge a fhoghlaim, idir labhartha agus scríofa, mar eispéireas taitneamhach a bhí i gceist i gcónaí. Ní haon ionadh é, mar sin, nach raibh mórán deacrachtaí againn – daltaí Mhichíl – leis an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht. Ar son gach dalta a raibh an t-ádh air Micheál a bheith aige mar mhúinteoir, mise san áireamh – buíochas ar leith duit, a Mhichíl!

 

 

 

Dírbheathaisnéis 12 – Jackie Robinson!

Dírbheathaisnéis 12 – Jackie Robinson!

Sa chaibidil dheireanach, bhí mé ag scríobh faoi laethanta saoire an tsamhraidh, agus cad a bhíodh á dhéanamh agam le linn na samhraí iontacha sin a shíneadh amach beagnach go deo ag an am. Ach ar an drochuair, ní thugann gach rud maith ach a sheal, agus faoi dheireadh bhíodh orm filleadh ar scoil. Bhíodh an t-athrú sin deacair go leor, mar ní hamháin dul ar ais ag freastal ar ranganna a bhíodh i gceist, ach bhíodh orm freisin mo chip agus mo mheanaí a bhailiú agus slán a fhágáil do mo theach is mo theaghlach go dtí na chéad laethanta saoire eile. Tar éis an tsamhraidh, bhíodh cónaí orm sa scoil ar feadh trí mhí go dtí go mbeadh sos maith agam um Nollaig. Bhíodh rud beag féinsmachta de dhíth orm tar slán as a bheith faoi ghlas chomh fada sin. Ach éagsúil le formhór na ndaltaí, a raibh orthu fanacht sa scoil gach deireadh seachtaine, bhíodh faoiseamh cúpla lá agam gach seachtain sa bhaile, rud ab aoibhinn liom.

Ba shaol uaigneach a bhíodh agam ar scoil, áfach. Leaid leochaileach a raibh asma orm a bhí ionam, agus mar sin ní raibh spóirt mhachaire ag teacht liom. D’fhás comrádaíocht mhaith idir na himreoirí peile agus iománaíochta, ach ní raibh an deis sin agam. D’imrínn liathróid láimhe agus cé nach raibh líon rómhór daltaí á n-imirt, bhí cúpla imreoir rialta eile ann agus a ndearna mé cairde dóibh dá bhrí sin.

B’aoibhinn liom saol an léinn, agus bhínn ag staidéar nó ag léamh gach seans a bhíodh agam. Sheas mé amach mar b’fhearr le beagnach gach dalta eile sa scoil a bheith taobh amuigh, ag imirt le chéile. Bhí cúpla dalta eile a raibh suim acu sna rudaí céanna liomsa, agus bhíomar an-mhór le chéile ón tús. Aithníonn ciaróg ciaróg eile, mar a deir an seanfhocal, agus bhí sé fíor i mo chás, gan dabht.

Mo chillín sa Suanlios

Sa chéad bhliain ar scoil bhí mé i suanlios beag Naomh Columba. Intreoir séimh a bhí ann, mar ní raibh ach deichniúr dínn, agus bhí maoirseoir againn – fear óg a bhí ag staidéar sa chliarscoil, darb ainm Jackie Robinson. Bhí mo chillín in aice an dorais, agus ní raibh mórán príomháideachais agam, ach ba chuma liom. Ba mise ar an dara bhuachaill ba bhige sa suanlios, agus bhíodh na daltaí eile ag pleidhcíocht le chéile roimh dúinn dul a chodladh gach oíche. De ghnáth ní bhínn páirteach sna cluichí sin, cé go mbíodh an buachaill ba bhige, Seán Ó’Cúiv, i lár an aicsin gach uair.  Bhí asma orm agus ní raibh mé róláidir, dá bhrí sin. Nuair a chloiseadh Jackie an screadach ag teacht amach an doras go dtí an seomra ina raibh sé féin, thagadh sé isteach agus shocraíodh sé síos muid. Ansin, mhúchadh sé an solas. Théimis a chodladh ar an toirt, mar bhíodh tuirse orainn tar éis na ranganna, an staidéir agus tar éis a bheith ag imirt agus ag rith aon seans a bhíodh againn.

Mar nach mbínn ag pleidhcíocht leis na buachaillí eile, tharraing mé a n-aird orm, agus bhídís ag cur ceisteanna orm ag iarraidh a thuiscint cén fáth nach raibh mé páirteach leo sna cluichí a bhíodh acu san oíche. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh cuma an lagracháin orm, agus rinne mé leithscéal eile go raibh tuirseach orm nó rud éigin mar sin. Ach níor chreid na buachaillí focal de, agus thosaíodar ag caitheamh anuas orm gach oíche. Uair amháin, chonaic Jackie mé ag caochadh na súl chun cúl a choinneáil ar na deora. Bhí focal aige liom go discréideach, agus d’iarr sé orm cad a bhí ar siúl. D’inis mé dó go raibh na buachaillí eile sa suanlios ag seasamh le chéile i m’aghaidh, agus ag caitheamh maslaí liom agus ag tabhairt ainmneacha gránna orm. Sméid sé a cheann agus d’imigh leis. Is cuimhin liom fós gur stad na maslaí agus na hainmneacha roimh i bhfad. Thosaigh na buachaillí eile ag déanamh comhrá liom, agus tar éis tamaillín bhí mé ar mo chompord sa suanlios, agus ag gáire agus ag caint le gach buachaill ann.

An chéad uair eile a bhí torann ard sa suanlios, rith Jackie isteach chun stop a chur leis. D’fhéach sé go heolach orm, agus dúirt sé: “Agus tusa freisin, a Mhichíl – ar ais go dtí do chillín agus tóg do philiúr leat!” Leath meangadh mór gáire ar a aghaidh, agus amach an doras leis. Ba dhuine de na leaideanna mé anois, agus bhí mé an-bhródúil as sin.

Níl a fhios agam fós cad a rinne Jackie sa chúlra, ach tá sé soiléir go raibh cúpla focal aige le gach ceann de na leaideanna. Mar go raibh meas mór ag gach duine againn ar Jackie, d’éisteamar lena raibh le rá aige dúinn. Rinne sé an gnó i ngan fhios dom, ach ag an am céanna thuig mé go ndearna sé an gnó. D’fhoghlaim mé ceacht iontach atá ráite go maith ag ár sinsear: is iomaí slí chun beithíoch a fheannadh. Gan dabht, is í taidhleoireacht an tslí is fearr chun a dheimhniú go mbeadh suíocháin ann. Bhí saol níos fearr agam ar scoil tar éis sin, agus táim an-bhuíoch i gcónaí do Jackie as a ndearna sé dom.

Fibriliú Atriach – cuid 2!

Fibriliú Atriach – cuid 2!

Bhí mé chomh cróga le leon suas go dtí an lá roimh an obráid. Ach bhuail fírinne an scéil mé ansin, agus thuig mé den chéad uair gur obráid chroí a bhí i gceist. Thuig mé na focail níos luaithe ach níor thuig mé iad go pearsanta agus ag baint liom féin. Bheadh an obráid sin éasca do dhuine eile, ach anois thuig mé i gceart nach duine eile a bhí i gceist. B’fhéidir go bhfaighinn bás a dúirt mé liom féin. Ná bí amaideach, a dúirt guth eile i mo cheann. Is mionobráid atá i gceist, agus beidh mé ar ais abhaile tráthnóna amárach. Maith go leor, arsa an guth eile, má théann gach rud gan fadhb, ach b’fhéidir go mbeadh fadhb, agus cad a tharlódh ansin? Bhí an guth eile réidh leis. Tá tú chomh sábháilte le bille bainc, a mhic! Déanann Dochtúir Gibson an obráid ceannann céanna lá i ndiaidh lae, agus ní raibh fadhb mhór ag a othair riamh. Agus rud eile, d’inis sé duit faoin teicníc mháinliachta nua níos sábháilte fós atá á cleachtadh aige faoi láthair. Bíonn an obráid níos gairide, agus bíonn daoine ar ais ar a seanléim níos tapúla freisin. Tuigim arsa an chéad ghuth, ach nach féidir liom aon riosca a sheachaint agus leanúint ar aghaidh le mo réim cógas? Ach tá rioscaí ag baint leis an treo sin freisin. Tá do fibriliú atriach ag éirí níos measa le himeacht ama, agus is riocht a chiorraíonn do shaol é cheana féin. Ní hamháin sin, ach is dóichí ná a mhalairt nach mbeidh an dara rogha agat ach an obráid a fháil sna blianta tá amach romhainn. Sa chás sin seans maith nach n-éireodh chomh maith leis an obráid nuair a bheadh an galar níos measa ort.

 

Tuigim cad atá á rá agat a ghuth chiallmhar, agus cé go bhfuil mé fós buartha faoi, is é an rud ceart ach an obráid a fháil gan mhoill.

Leis sin chuaigh mé a chodladh agus ar maidin d’ullmhaigh mé chun dul isteach san ospidéal. Bhí lá troscaidh agam roimh an obráid de bharr go mbeinn ag dul faoi ainéistéiseach ginearálta.

Dúradh liom teacht isteach ag a haon déag a chlog. Tar éis leathuair sa seomra feithimh tógadh isteach sa seomra réamhrobráide. Chuir mé orm fallaing mháinliachta, agus ansin bhí orm fanacht. Bhí mo bhean chéile liom agus bhíomar in ann caint agus comhrá le chéile. Ar an drochuair, áfach, bhí cúpla cás deacair ag an máinlia a chuir moill ar m’obráid. Lá fada a bhí ann, agus ag a cúig a chlog tháinig an máinlia agus dúirt sé go raibh brón air go raibh moill ar mo chás, agus go mbeadh sé chun an obráid a dhéanamh ar aon nós, agus go bhfanfainn san ospidéal thar oíche. Bhí mo bhean chéile in ann dul abhaile mar sin, agus chuirfeadh an máinlia glaoch uirthi tar éis na hobráide.

Bhí mé stiúgtha leis an ocras agus spalptha leis an tart, ach ní raibh mé in ann bia nó deoch a bheith agam. Tar éis tamaill, chuir an ainéistéiseolaí é féin in aithne dom, agus chuir sé cúpla cheist orm chun cinntiú go raibh gach rud i gceart. D’inis sé dom faoin bpróiseas maidir leis an ainéistéiseach, agus go n-ionsáfaí tiúb i mo scornach chun cuidiú le m’análú le linn na hobráide.

Faoi dheireadh, timpeall a seacht a chlog san oíche, tógadh isteach mé san obrádlann agus ansin ar an mbord obráide. Bhí meaisíní móra ar gach taobh agus múr scáileán ag léiriú tomhas agus íomhánna de gach saghas. Bhí lucht leighis sa seomra freisin, agus bhí siad go léir an-ghnóthach ag déanamh tascanna éagsúla. Chuir duine amháin braiteoirí ar m’ucht agus ar mo dhroim. Ansin, cuireadh i mo luí mé. Bhí an ainéistéiseolaí suite ar mo chúl. Ní raibh an máinlia ann fós.

An chéad rud eile, bhí mé ar air sa seomra réamhobráide, agus i mo dhúiseacht. Dúirt altra liom go ndeachaigh gach rud go maith, agus go raibh mo chroí sa rithim cheart anois – rud a chonaic mé ar scáileáin in aice mo leaba. Tugadh go foirgneamh eile mé ar thralaí, agus isteach i seomra deas a raibh radharc deas uaidh de chathair San Diego. Bhí orm fanacht i mo luí ar feadh ceithre huaire, chun a chinntiú nach mbeadh aon fhadhb le m’artaire féimearach ag cur fola. Thug altra uisce agus bia dom (brioscaí). D’ith mé gach rud a bhí ann agus d’ól mé go leor uisce. Ní raibh mé in ann dul a chodladh de dheasca pian bheag a bhí orm i m’ucht. Thug an t-altra cógas dom chun mo phian a mhaolú, agus roimh i bhfad bhí mé in ann codladh.

Go moch ar maidin, d’ordaigh mé bricfeasta mór, agus d’alp mé siar é gan mhoill. Ansin, sheol mé téacs chuig mo bhean chéile, agus ansin chuir mé scairt gutháin uirthi. Bhí sí an-sásta scéal a fháil uaim, agus dúirt sí gur chuir an máinlia scairt uirthi tar éis na hobráide, ag rá go raibh sé sásta leis an obráid, agus go raibh mise ag téarnamh.

Tháinig mo bhean chéile go dtí an t-ospidéal, agus faoin am lón bhíomar seiceálaithe amach agus ar ár slí abhaile. Bhí ordaithe iarobráide faighte agam, agus ba é an príomhordú ná é a ghlacadh go réidh ar feadh seachtaine – gan aon aclaíocht a dhéanamh seachas siúl, agus gan aon rud trom a thógáil. Lean mé na treoracha gan aon cheist, agus ní raibh aon fhadhb agam. Thosaigh mé ar ghnáthimeachtaí an tsaoil ansin, aclaíocht san áireamh. Ní raibh fadhb ar bith agam ach a mhalairt ar fad. Bhraith mé níos fearr ná riamh, agus bhí mé in ann gach rud agus níos mó a dhéanamh tar éis na hobráide ná mar a bhí roimhe. Tá sé ag druidim le dhá mhí ón obráid agus é seo á scríobh agam, agus tá mé ag dul ó neart go neart ó thaobh fuinnimh de. Má bhíonn aon neamhrialtacht i rithim do chroí, mholfainn duit dul go dtí an dochtúir gan mhoill. Agus má bhíonn fibriliú ort, bí cinnte ceist a chur ar an speisialtóir maidir le heisidiú. D’fhéadfadh an obráid sin do shaol a athrú go radacach agus do shláinte a thabhairt ar ais duit. Agus ná bí buartha faoi, is fiú an tairbhe an trioblóid, gan dabht ar bith!

 

 

 

 

 

 

 

 

gaGaeilge