Casphointe!

Casphointe!

Ó am go ham, cruthaíonn nuálaíocht mhór casphointe cinniúnach. In amanna mar seo, athraíonn an domhan go tapa. Is minic a fhágtar cuideachtaí nó tíortha atá dírithe ar theicneolaíochtaí seanbhunaithe—na cinn chéanna a thug rath neamhghnách dóibh sa chéad áit – in áit na leathphingine, agus cinn eile sásta glacadh leis an teicneolaíocht nua agus é a bhrú chun cinn go hionsaitheach. Is féidir leis na hiarmhairtí a bheith domhain, ag athmhúnlú margaí, struchtúir chumhachta, agus fiú ord an domhain.

Pléitear an dinimic seo i leabhar tábhachtach Clayton Christensen, The Innovator’s Dilemma. Léirigh Christensen go dteipeann ar cheannairí ní maidir le drochbhainistiú, ach le heaspa cinnteoireachta straitéisí. Leanann siad orthu ag infheistiú i dteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar chustaiméirí agus ar shruthanna ioncaim atá acu cheana féin, agus cuireann siad teicneolaíochtaí nua i leataobh mar rudaí laga, contúirteacha nó neamhbhrabúsacha.

I dtosach báire, bíonn an measúnú sin go minic ceart. Bíonn teicneolaíochtaí nua neamhaibí, costasach, agus níos laige ná na cinn seanbhunaithe. Ach le himeacht ama, athraíonn an chothromaíocht. Feabhsaíonn an teicneolaíocht nua go tapa, agus sroicheann an tseanteicneolaíocht a teorainneacha fisiciúla. Laghdaíonn brabúsacht an chórais oidhreachta díreach mar a mhéadaíonn cumas an ceann nua. Faoin am a dtuigeann na ceannairí seanbhunaithe cad atá ag tarlú, bíonn an bhearna rómhór le líonadh. Níl an dara rogha acu ansin ach a bheith ina lucht leanúna nó níos measa, a bheith curtha ó mhaith.

Tá sé thar a bheith deacair casadh mar sin a aithint roimh ré, áfach. Uaireanta, is aláraim bhréige iad na comharthaí a fheictear. Is sampla clúiteach é Betamax i gcoinne VHS maidir le fístaifeadadh. Measadh go forleathan go raibh Betamax níos fearr ná VHS ó thaobh na teicneolaíochta de. Dá bhrí sin, cheap go leor anailísithe go mbuafadh Betamax an cath. Ina ionad sin, bhailigh VHS nirt, mar bhí an teicneolaíocht sin níos saoire, níos solúbtha, agus le tacaíocht níos láidre ó earnáil na tionsclaíochta. Scriosadh iad siúd a lean glaoch mealltach Betamax.

Sa lá atá inniu ann, táimid ag feiceáil casphointí móra i réimsí an fhuinnimh agus na hintleachta saorga (AI), agus sa mheascán den dá rud. Le fada an lá, bhí (agus tá fós) seasamh ceannasach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) i mbreoslaí iontaise. Is í SAM an táirgeoir ola is mó ar domhan faoi láthair, le cúlchistí ollmhóra agus éiceachóras eacnamaíoch fairsing bunaithe ar hidreacarbóin. Mhúnlaigh an seasamh seo ord an domhain, ó pholasaithe eachtracha go bonneagar intíre.

Ach tá an ré sin ag druidim chun deiridh. Tá córas fuinnimh an domhain ag casadh i dtreo fuinnimh inathnuaite go tapa. Tá fuinneamh gréine níos saoire anois ná fuinneamh ola. Tá sé níos saoire feithiclí leictreacha a thiomáint ná feithiclí peitril. Ach is í an tSín príomhthiománaí na n-athruithe seo. Tá infheistíochtaí ollmhóra déanta ag an tSín i ndéantúsaíocht fuinnimh, i dteicneolaíocht cadhnraí agus i bhfeithiclí leictreacha. Ní mar dheiseanna tráchtála amháin a fheiceann sí na tionscail seo, ach mar thosaíochtaí straitéiseacha.

Tá na torthaí soiléir. Tá cuideachtaí Síneacha i gceannas anois ar tháirgeadh painéal gréine. Tá siad chun tosaigh i ndéantúsaíocht cadhnraí. Agus i réimse na bhfeithiclí leictreacha, tá BYD na Síne tar éis Tesla a shárú ó thaobh sciar dhomhanda de. In áit dul san iomaíocht go díreach, tá polasaithe cosanta glactha ag SAM—mar shampla le taraifí arda ar fheithiclí Síneacha. D’fhéadfadh sé sin déantóirí baile a chosaint sa ghearrthéarma, ach léiríonn an stair gur drochstraitéis fhadtéarmach í sin.

Tá cur chuige SAM níos measa fós toisc gur cúis lárnach den athrú aeráide í breoslaí iontaise. Ní athraíonn an pholaitíocht an fhisic. Cé go leanann an díospóireacht, feicimid go léir an t-athrú aeráide atá ar siúl. Idir an dá linn, leanann an tSín uirthi ag onnmhairiú teicneolaíochtaí inathnuaite agus ag daingniú a ról mar phríomhsholáthraí córas fuinnimh sa todhchaí.

Is é an baol do SAM ná imeallú. De réir mar a luasghéaraíonn glacadh domhanda le fuinneamh inathnuaite, beidh tíortha ag brath níos mó ar shlabhraí soláthair agus ar shaineolas na Síne. Má chuireann SAM moill rófhada ar chúrsaí, beidh uirthi na teicneolaíochtaí seo a ghlacadh ó áit laige. Sa chás sin, ní féidir fiú le Silicon Valley a bheith cinnte go dtiocfaidh sí slán.

Léirigh a tharla le déanaí go bhfuil cumhacht na Síne ag méadú go tapa. Chuir bagairt na Síne chun srian a chur ar mhianraí tearc-chré, mar aon lena ceannasaíocht iomlán i dtaighde agus forbairt an fhuinnimh ghlain, iallach ar SAM cúlú óna gcuid pleananna le haghaidh taraifí pionósacha 60% a ghearradh ar an tSín. Léirigh an frithbheart straitéiseach seo go raibh smacht Beijing ar mhaoin intleachtúil agus ar shlabhraí soláthair sa todhchaí ina arm níos cumhachtaí ná smachtbhannaí eacnamaíocha traidisiúnta Washington.

Tá comórtas comhchosúil ar siúl i réimse na hintleachta saorga. Anseo, tá SAM chun tosaigh fós i samhlacha bunúsacha agus bogearraí. Ach tá an tSín ag dul chun cinn go tapa. D’fhéadfadh an meascán d’intleacht shaorga agus fuinneamh a bheith cinniúnach. Smaoinigh ar róbait dhaonnúla. Ní hamháin go mbraitheann siad ar bhogearraí, ach ar chrua-earraí, déantúsaíocht agus córais chumhachta freisin (fuinneamh gréine, cadhnraí agus araile). Tugann neart na Síne sna réimsí sin buntáiste struchtúrach di. Léiríonn tuairiscí go bhfuil róbait dhaonnúla á n-úsáid cheana féin chun patról a dhéanamh i gcathracha ar nós Shenzhen, rud a mbeidh tionchar mór aige ar chúrsaí tráchtála agus slándála.

Seans mór go bhfuilimid ar imeall ré nua. Tá sé soiléir go bhfuil SAM ag dul sa treo mícheart. Bíonn réimeas na tíre ag bagairt ar a chomhghuallaithe i gCeanada agus san Eoraip agus ag cur taraifí orthu ag an am céanna agus atá siad an-chairdiúil le réimeas Putin sa Rúis. Tá deighilt mhór pholaitíochta oscailte sa tír freisin, ina bhfuil an daonlathas faoi bhrú ag an údarásaíochas.

Dá bharr sin, tá an Eoraip agus Ceanada ag neartú a gceangail leis an tSín, leis an India agus le Meiriceá Theas. Athróidh sé seo trádáil dhomhanda, agus is í SAM is measa a bheidh buailte. Is é an baol freisin, gan cheannasaíocht SAM mar churadh an daonlathais, go sleamhnóidh ord an domhain i dtreo ceannais údarásaigh. Léiríonn an stair gur cosán fada agus foréigneach é sin.

Táimid déanach sa chluiche, ach ní bhíonn sé riamh ródhéanach i ndáiríre. Is gá do SAM comhghuaillíochtaí a atógáil, infheistíocht dáiríre a dhéanamh i dteicneolaíocht an todhchaí, agus muinín a athbhunú inti féin. Is ar éigean a tháinig muid slán san aois núicléach tríd an srianadh agus an comhoibriú. D’fhéadfadh intleacht shaorga a bheith níos contúirtí fós i lámha deachtóirí nach bhfuil ach a leas féin ar a n-aire acu.

Tá an casphointe gar dúinn anois. Conas a thabharfaidh muintir SAM faoin dúshlán seo—sin í an cheist ríthábhachtach dúinn go léir.

 

Ag seasamh ar mo dhá chos féin arís

Ag seasamh ar mo dhá chos féin arís

Beagnach ceithre mhí ó shin, thit mé agus mé ag siúl sléibhe. Bhris mé mo rúitín agus mo chos dheas, agus rinneadh dochar do na ballnaisc timpeall an rúitín. Cuireadh i mbuatais mhór mé chun an chos a dhíluailiú, agus ar mhaidí croise chun an meáchan a choinneáil di. Tá mé in ann siúl arís, faoi dheireadh thiar. Tá mo théarnamh beagnach críochnaithe.

D’fhoghlaim mé i bhfad níos mó ná mar a shíl mé riamh faoi cad is brí le bheith i do dhuine faoi mhíchumas.

Céimeanna i ngach áit

Tá ár dteach tógtha ar fhána. Tá céimeanna lasmuigh agus tuilleadh istigh ann. Nuair a théann tú isteach, tá céimeanna beaga idir na seomraí ar urlár na talún. Tá an príomhsheomra codlata thuas staighre.

Chuir an dochtúir scútar soghluaisteachta ar fáil dom, ach ní raibh mórán tairbhe ann. Ní raibh sé in ann dul suas ná síos céimeanna, istigh ná amuigh. Ní raibh sé úsáideach ach sa chistin. Sa deireadh, ba iad na maidí croise a bhí liom i gcónaí.

D’éirigh liom na céimeanna beaga idir seomraí thíos staighre a láimhseáil, ach bhí na staighrí suas go dtí an chéad urlár róchontúirteach. Mar sin, bhog mé isteach sa seomra leapa thíos staighre. Ba é sin ach ceann de na comhréitigh iomadúla a bhí le déanamh agam.

Gan cead tiomána

Ní raibh cead agam tiomáint ar feadh na chéad trí mhí. Bhí mé ag brath go hiomlán ar mo bhean chéile chun dul amach as an teach. Níor thuig mé go dtí sin cé chomh lárnach is atá an carr sa saol comhaimseartha.

Fiú agus duine eile ag tiomáint, tháinig fadhbanna nua chun cinn. Páirceáil an ceann ba mhó díobh. Ní raibh mé in ann dul rófhada ar na maidí croise, agus mar sin bhí sé riachtanach páirceáil gar don doras. Rinneamar iarratas ar phas sealadach páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, agus fuaireamar é.

Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas níos leithne, agus tá cúis leis sin. Caithfidh tú an doras a oscailt go hiomlán, an dá chos a chur amach, do chothromaíocht a aimsiú, agus na maidí croise a chur ina n-áit sula seasann tú. Ní cheadaíonn gnáthspásanna an méid sin. Níl dóthain spáis iontu.

An rud eile a d’fhoghlaimíomar ná nach bhfuil dóthain spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil. Is minic a bhí siad ar fad lán. Nuair a tharla sin, d’fhág mo bhean chéile mé ag an mbealach isteach agus chuaigh sí ag páirceáil. Agus muid ag imeacht, bhí uirthi dul ar ais don charr agus é a thabhairt chugam arís.

Doirse agus rampaí

Ba bheannacht iad doirse uathoibríocha. B’fhadhb iad doirse láimhe, go háirithe na cinn throm a raibh cuma orthu go raibh siad ag iarraidh dúnadh ort. Bhí sé beagnach dodhéanta iad a oscailt agus cothromaíocht á coinneáil agat ar na maidí croise, agus iad a choinneáil oscailte go leor chun dul tríd. Go minic, tháinig strainséirí chun cabhrú liom.

Bhí céimeanna gan rampaí ina ndúshlán eile. D’éirigh liom na céimeanna a láimhseáil nuair ba ghá, ach ní raibh mé róchompordach á n-úsáid.

Déanann daoine an difríocht

Uair amháin, chuamar chuig ócáid cheoil sa cheantar. Lig an fhoireann dom dul isteach go luath. Bhí suíocháin inrochtana agus bord réidh romham, le radharc maith ar an mbanna. Láimhseáladh é go ciúin agus go nádúrtha, gan fadhb ar bith.

Roimh an gceolchoirm sin, bhí scuaine lasmuigh. Dúirt fear ag tosach na scuaine le mo bhean chéile go mbeinn ceart go leor ag fanacht mar a bhí gach duine eile. Dheimhnigh sí leis an bhfoireann. Lig siad isteach muid. Ní raibh an fear sásta. Ní raibh aon tuiscint aige cé chomh míchompordach is a bhí sé dom seasamh ar chos amháin le maidí croise ar feadh tamaill. Agus níor chuir sé ceist ach an oiread.

Tá daoine leithleacha — na begrudgers — mar chuid den tírdhreach. Foghlaimíonn tú maireachtáil leo.

Ag féachaint ar an saol ar bhealach eile

Ba é an rud ba mhó a chuir iontas orm ná cé chomh tapa agus a athraíonn do dhearcadh. Tosaíonn tú ag tabhairt faoi deara colbhaí, céimeanna agus doirse. Tosaíonn tú ag tabhairt faoi deara cé na háiteanna atá furasta dul isteach iontu, agus cé na cinn nach bhfuil.

Tosaíonn tú ag féachaint ar an domhan mar áit atá deartha do chineál áirithe coirp, ag gluaiseacht ar luas áirithe. Agus tuigeann tú nach leat féin an corp sin i gcónaí.

Nuair nach mbímid faoi mhíchumas, bímid ag súil le rochtain éasca i ngach áit. Nuair nach mbíonn sí ann dúinne féin, bímid míshásta. Nuair nach mbíonn sí ann do dhaoine eile, is minic nach dtugaimid faoi deara í ar chor ar bith.

Níor bhain mo ghortú ach le catagóir amháin: míchumas soghluaisteachta. Sna Stáit Aontaithe, aithnítear ceithre chatagóir déag de mhíchumas, ó mhíchumas céadfach nó cognaíoch amach go míchumas néareolaíoch nó meabhairshláinte. Ba leor dom ceann amháin a bhlaiseadh, fiú go sealadach, chun tuiscint a fháil ar chomh casta agus ilghnéitheach is atá an cheist.

In Éirinn, tá creat dlíthiúil cuimsitheach ann maidir le míchumas. Clúdaíonn sé rochtain ar fhoirgnimh agus ar sheirbhísí poiblí, oideachas, fostaíocht, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, agus inrochtaineacht dhigiteach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. Cabhraíonn sé, cé go n-athraíonn an taithí ar an talamh fós, gan dabht.

Níor thaistil mé ar  iompar poiblí ná ar aerthaisteal le linn na míonna sin, ach is furasta dom a shamhlú cé chomh tábhachtach is atá an tacaíocht sna cásanna sin. Cé chomh riachtanach is atá sé go bhfeicfí thú ní mar fhadhb le bainistiú, ach mar dhuine atá ag bogadh tríd an saol ar bhealach agus ar luas eile.

Conclúid

D’fhoghlaim mé rudaí eile freisin. D’fhoghlaim mé cé mhéad duine atá ciúin cabhrach. Cé chomh minic is a thagann tacaíocht gan iarraidh. D’fhoghlaim mé mo luas a mhoilliú. Ní féidir leat a bheith faoi dheifir agus tú ar na maidí croise.

Tá thart ar cheathrú den daonra ina gcónaí le cineál éigin míchumais. Beidh go leor eile againn, go sealadach nó go buan, ag pointe éigin dár saol.

Táimid an-ámharach nuair atáimid láidir agus slán. Ach is slat tomhais fíor é an chaoi a gcaitheann sochaí lena cuid ball ar fad, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais éagsúla acu.

An ceacht is mó a d’fhan liom ná seo: is fiú dúinn an iarracht a dhéanamh freastal ar riachtanais gach duine, ní amháin riachtanais na ndaoine cumasacha.

 

Litir ó Mheiriceá –  Aird an domhain ar Mhinneapolis

Litir ó Mheiriceá – Aird an domhain ar Mhinneapolis

Ní bhaineann an méid atá ag tarlú i Minneapolis le déanaí le hinimirce mhídhleathach amháin. Is tástáil struis ar dhaonlathas Mheiriceá é, le hiarmhairtí a théann i bhfad níos faide ná cathair amháin, stát amháin, ná fiú tír amháin.

Maraíodh beirt shaoránach Mheiriceánaigh tar éis teagmhálacha le gníomhairí feidearálacha le linn agóidí a léiríonn finnéithe agus fístaifeadtaí mar agóidí síochánta. Ní raibh taifead coiriúil ag ceachtar acu. Sa dá chás, chuir oifigigh shinsearacha feidearálacha an lipéad “sceimhlitheoirí baile” orthu beagnach láithreach, sular deineadh aon imscrúdú neamhspleách agus gan aon fhianaise a chur os comhair an phobail. Sa dá chás freisin, insíonn físeáin fóin scéal atá éagsúil go bunúsach ón leagan oifigiúil.

Mar a chonacthas le déanaí leis an mbrú a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) ar an Danmhairg maidir leis an nGraonlainn, ní ceist intíre amháin í cobhsaíocht pholaitiúil Mheiriceá. Nuair a lagaítear noirm dhaonlathacha i Washington, braitear na hiarmhairtí i bhfad is i ngar. Braitheann tíortha ar an gcóras idirnáisiúnta a bheith i bhfeidhm agus ar gach mórchumhacht cloí lena dualgais. Do thíortha cosúil le hÉirinn, a bhfuil a leasanna eacnamaíocha agus slándála ceangailte go dlúth le cobhsaíocht Mheiriceá, is bagairt phraiticiúil í an creimeadh seo.

Agóidí Síochánta

Agóidí síochánta a bhí ar shráideanna Minneapolis. Bhí an slua ag spalpadh manaí. Cháin siad gníomhairí feidearálacha ó Phatról Teorann na Stát Aontaithe (CBP) agus ó Fhorfheidhmiú Inimirce agus Custam (ICE). Rinneadar fístaifeadtaí ar a gcuid fón. Is gníomhaíochtaí dleathacha iad seo ar fad, cosanta faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht SAM.

Ina ainneoin sin, léiríonn na fístaifeadtaí go soiléir gur fhreagair na gníomhairí feidearálacha le fórsa. Úsáideadh sprae piobair agus deoirghás. Úsáideadh bataí. Cuireadh daoine go talamh, cuireadh ceangail phlaisteacha orthu, agus tugadh faoi choimeád iad i gcoinne a dtola, in ainneoin nach raibh aon fhianaise ar ionsaí fisiciúil ó lucht na hagóide.

Marú Alex Pretti

Mhaígh oifigigh fheidearálacha ar dtús gur ionsaigh Alex Pretti gníomhairí feidearálacha agus gunna aige. Ní thacaíonn na fístaifeadtaí leis an dearcadh sin ar chor ar bith.

Bhí Pretti ag iompar gunna faoi cheilt go dleathach agus bhí na ceadanna riachtanacha aige. Níor tharraing sé an gunna.

Chonaic Pretti bean i dtrioblóid tar éis do ghníomhaire í a bhrú chun talaimh agus í a spraeáil le sprae piobair. Bhí sé ag iarraidh cabhair a thabhairt di. Spraeáladh Pretti féin, cuireadh chun talaimh é ag seisear nó seachtar gníomhairí. Bhuail gníomhaire amháin é agus thóg gníomhaire eile a ghunna. Ansin, agus é ina luí gan chosaint ar an talamh, scaoil gníomhaire amháin urchair leis, agus ansin gníomhaire eile. Buaileadh deich n-uaire é agus fuair sé bás.

Tar éis an lámhaigh sin, níor daingníodh an láthair de réir ghnáthnósanna imscrúdaithe. D’imigh na gníomhairí, gan an láthair a chaomhnú ná fianaise a dhaingniú.

Bhí Pretti ag glacadh páirte in agóid shíochánta, gníomh a chosnaítear faoin gCéad Leasú an Bhunreachta. Bhí sé armtha go dleathach faoi dhlí an stáit agus faoin méid a thuig sé féin a bheith dleathach de réir an Dara Leasaithe. Ar an mbonn sin, ardaíonn na fístaifeadtaí ceisteanna tromchúiseacha faoi riachtanas agus comhréir an fhórsa mharfaigh a úsáideadh.

Marú Nicole Good

Lean bás Nicole Good patrún comhchosúil. Maraíodh í tar éis do ghníomhairí iarracht í a bhaint as a carr agus í ag iarraidh imeacht. Gan aon imscrúdú neamhspleách déanta, dúradh go hoifigiúil gur sceimhlitheoir a bhí inti, sular scrúdaíodh na fíricí go poiblí.

Arís eile, léiríonn fístaifeadtaí agus cuntais finnéithe bearna shoiléir idir an méid a dúradh go hoifigiúil agus an méid atá le feiceáil. Mar a tharla le Pretti, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha cead a thabhairt do ghníomhairí stáit nó don FBI imscrúdú neamhspleách a dhéanamh, ag maíomh go mbeadh athbhreithniú inmheánach amháin ann. Mar is eol dúinn go léir, ní féidir le cuntasacht a bheith ann nuair a dhéanann na daoine a úsáideann fórsa imscrúdú orthu féin.

Fóin Chliste

Tá fóin chliste anois ar cheann de na huirlisí daonlathacha is tábhachtaí den ré nua-aimseartha. Nochtann siad aon chontrárthacht idir ráitis oifigiúla agus an méid atá le feiceáil sna fístaifeadtaí. Ligeann siad don phobal na himeachtaí a fheiceáil dóibh féin agus a mbreithiúnas féin a dhéanamh, gan brath ar ráitis oifigiúla amháin.

Mhol Gobharnóir Minnesota, Tim Walz, do dhaoine a bhfóin a iompar leo i gcónaí agus idirghníomhaíocht le gníomhairí feidearálacha a thaifeadadh. Is gníomh dleathach é seo. Cruthaíonn taifeadtaí fianaise bhuan ar féidir le cúirteanna, reachtóirí, iriseoirí agus an pobal iad a scrúdú níos déanaí.

Forlámhas gan Chuntasacht

Sa dá bhás, dhiúltaigh na húdaráis fheidearálacha imscrúdú neamhspleách a cheadú. Ag an am céanna, tá Gobharnóir Walz agus Méara Minneapolis faoi fhiosrúchán mar dhiúltaigh siad comhoibriú le CBP agus ICE, agus iad ag maíomh go raibh údarás an stáit agus cearta sibhialta á sárú.

Má leanann na cleachtais seo gan dúshlán, is dócha go leathnóidh siad. D’fhéadfadh cathracha eile a bheith thíos leo. D’fhéadfadh gníomhairí feidearálacha a bheith imlonnaithe le linn tréimhsí toghcháin, ag cur brú ar vótálaithe faoi leithscéal slándála. Is annamh a fhanann creimeadh cearta sibhialta teoranta d’áit amháin.

Níor thosaigh réimeas údarásach na Gearmáine, an Aontais Shóivéadaigh ná na Síne le dúnmharuithe ar scála mór. Thosaigh siad le heasaontóirí a chur i láthair mar namhaid agus le héilimh ar chách cloí in ainm an ordaithe.

Freagra

Níl muintir Mheiriceá gan chumhacht. Is féidir leo agóidí síochánta a eagrú. Tá vótaí acu sna toghcháin. Tá fóin acu. Is féidir leo brú a chur ar ionadaithe tofa agus cuntasacht a éileamh.

Tá ról ag an bpobal idirnáisiúnta freisin. Léirigh iarrachtaí SAM le déanaí ar chomhéigean geopholaitiúil, lena n-áirítear brú maidir leis an nGraonlainn, go n-oibríonn cur i gcoinne comhordaithe. Thaispeáin freagraí aontaithe ón Aontas Eorpach agus ó Cheanada cad is brí le dlúthpháirtíocht dhaonlathach, gan dul i muinín teannais ná bagairtí.

Is léir anois go bhfuil an córas idirnáisiúnta ag athrú. I bhfianaise na bhforbairtí seo, tá sé réasúnach do thíortha beaga athmhachnamh a dhéanamh ar a spleáchas agus ar a straitéisí amach anseo, agus súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí daonlathais.

 

 

 

Litir ó Mheiriceá –  Scéal Dochreidte Donna Hughes-Brown

Litir ó Mheiriceá – Scéal Dochreidte Donna Hughes-Brown

Scaoileadh Donna Hughes-Brown saor ó Ionad Coinneála Chontae Campbell i Kentucky, na céadta míle óna teaghlach i Missouri, tar éis di cúig mhí a chaitheamh faoi ghlas. A coir? Dhá sheic dhona (arbh fhiú $80 iad in iomlán) a scríobh sí ag siopa grósaera breis agus deich mbliana ó shin agus a ndearna sí aisíoc orthu cheana féin.

Is cúis mhór faoisimh é go bhfuil an tseanmháthair Éireannach seo saor anois, tar éis di a bheith gafa i gcontúirt na gníomhaíochta imirce atá ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair. Deir a fear céile, Jim Brown, gur chuir an polasaí “isteach go hiomlán” ar a dteaghlach agus go léiríonn sé cruálacht rialtas SAM go soiléir.

Fadhb gan choinne i Chicago

Thosaigh an tromluí i mí Iúil 2025. Bhí Donna agus a fear céile Jim Brown tar éis taisteal go hÉirinn chun freastal ar shochraid aintín Donna. Turas rialta a bhí ann do Donna, a rugadh i Sasana do thuismitheoirí Éireannacha i 1966 agus a bhog go dtí na Stáit Aontaithe i 1977 ag aois 11.

In ainneoin Cárta Glas a bheith aici le beagnach leathchéad bliain agus a bheith tar éis taisteal go hidirnáisiúnta go minic gan aon fhadhb, bhí an uair seo difriúil. De réir Jim, ní raibh fadhb ar bith ag Donna ag Réamh-imréiteach Custaim SAM i mBaile Átha Cliath. Mar sin féin, nuair a thuirling sí ag Aerfort Idirnáisiúnta O’Hare i Chicago, scaradh an lánúin.

“Tugadh cead iontrála di i mBaile Átha Cliath agus gabhadh í mar sin féin,” a dúirt Jim Brown le déanaí. Dúradh leis nach raibh de dhíth ar a bhean chéile ach roinnt cáipéisí a shíniú. Ina áit sin, cuireadh iall láimhe uirthi, choinnigh Forfheidhmiú Inimirce agus Custaim (ICE) í, agus cuireadh i bpríosún i Kentucky í.

Shínigh Trump an “One Big Beautiful Bill Act” ar 4 Iúil, 2025. Mar pháirt den bhille sin, leasaíodh reachtaíocht an Achta Imirce agus Náisiúntachta, ag rá gur féidir leis an rialtas daoine (nach saoránaigh iad) a ghabháil ar sháraigh aon dlí le fiche bliain anuas. Tháinig an dlí i bhfeidhm ar 24 Iúil, nuair a bhí Donna agus Jim in Éirinn cheana féin.

“Coireanna Suarachais Mhorálta”

Idir 2012 agus 2015, ba mháthair shingil í Donna a bhí ag streachailt agus ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim airgeadais thromchúiseach. Scríobh sí dhá sheic dhona ag siopa grósaera áitiúil.

“Ba le haghaidh níos lú ná $80 iad le chéile,” a mhínigh Jim Brown i bhfianaise a thug sé ag éisteacht Comhdhála. “Cúisíodh í as mí-iompar, d’íoc sí an cúiteamh, agus chríochnaigh sí bliain amháin promhaidh. Tharla sé sin deich mbliana ó shin.” Faoin léiriú nua ar an dlí imirce, tá na mí-iompraíochtaí seo á n-aicmiú anois mar “choireanna suarachais mhorálta.” Is féidir leis an rialtas ceart cónaithe Donna a bhaint di agus í a dhíbirt ó SAM ar an mbonn sin.

Feachtas Tábhachtach

Tá Jim i mbun feachtais le míonna anuas ar son a mhná céile. Admhaíonn sé gur vótáil sé ar son Donald Trump, mar chreid sé gealltanais Trump go ngabhfaí inimircigh a bhí ina gcoirpigh fhoréigneacha, agus go ndíbreofaí iad ón tír. Ach creideann sé anois go bhfuil an rialtas ag díriú ar dhaoine cosúil lena bhean chéile chun cuótaí díbeartha a bhaint amach.

“Féach ar an nuacht, agus níl an rialtas ag insint na fírinne faoi cad atá ag tarraging do go leor inimirceach dlíthiúil,” a dúirt Jim. “Is é an rud is measa ná go bhfuil Trump chomh dímheasúil do dhaoine, chomh ceannairceach agus chomh frithbheartach go bhfuil eagla ar dhaoine aon rud a rá.”

Aighneas i Washington

Bhain an cás buaicphointe amach i Washington, D.C., le linn éisteachta ar “Worldwide Threats to the Homeland.” Sheas Jim Brown san áiléar agus chuir ionadaithe Daonlathacha brú láidir ar Kristi Noem, Rúnaí DHS agus comhghuaillí de chuid Trump, maidir le mímhoráltacht Donna a bheith faoi choinneáil gan triail.

Chuir an tIonadaí ó Rhode Island, Seth Magaziner, iallach ar Noem aghaidh a thabhairt ar an gcostas daonna a bhaineann le beartais a ranna. “Is iarshaighdiúir cogaidh de chuid an Chabhlaigh é, a rinne seirbhís dár dtír i gCogadh na Murascaille,” a dúirt Magaziner, ag tagairt do Jim. “Tá sé pósta le bean darb ainm Donna a tháinig go dtí ár dtír go dlíthiúil nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois… Mar gheall ortsa, tá Donna i bpríosún le ceithre mhí anuas.”

Nuair a rinne Noem iarracht an cheist a sheachaint, ag rá nach raibh sí freagrach as cén dlíthe ba chóir a fhorfheidhmiú, bhrúigh Magaziner ar ais, ag tabhairt faoi deara a lánrogha leathan mar Rúnaí parúl a eisiúint. Faoi shúil an choiste agus faoi shúil an fhir chéile atá trína chéile, ghéill Noem sa deireadh: “Déanfaidh mé athbhreithniú ar an gcás.”

Patrún dírithe

Ní eachtra aonair é an cruachás atá ag Donna. Tá cosúlachtaí suntasacha idir a cás agus cás Éireannaigh eile – Cliona Ward. Cé go bhfuil Cárta Glas aici, gabhadh Ward ag Aerfort Idirnáisiúnta San Francisco i mí Aibreáin 2025 tar éis cuairte ar Éirinn, mar gheall ar mhionchoireanna freisin a théann siar beagnach 20 bliain. Cé gur scaoileadh Ward saor faoi dheireadh i mí na Bealtaine, thug a coinneáil le fios go raibh tús á chur leis an straitéis nua fhorfheidhmithe ionsaitheach seo.

Teacht Abhaile don Nollaig

Tháinig deireadh sona leis an scéal ag an éisteacht chúirte ríthábhachtach ar an 18 Nollaig. In ainneoin na n-eagla go gcuirfí moill eile air, scaoileadh Donna saor ó choimeád ICE.

Roimhe sin, dúirt Jim: “Taispeáin dom cá bhfuil sé scríofa sa Bhíobla go bhfuil sé ceart rud mar seo a dhéanamh. Tá sé mícheart, lánstad!” Anois, tar éis cúig mhí de chruatan agus éiginnteacht, beidh Donna in ann an Nollaig a cheiliúradh sa bhaile lena muintir i Missouri.

“Tá sí céad faoin gcéad neamhchiontach. Tá sí sa tír seo go dleathach,” a dúirt Jim. Anois, faoi dheireadh, tá an ceart bainte amach acu.

Léirmheas Scannáin – Hamnet

Léirmheas Scannáin – Hamnet

Bhuaigh Jessie Buckley Gradam Golden Globe as a ról cumhachtach mar Agnes sa scannán Hamnet, éacht a dheimhníonn a stádas mar cheann de na haisteoirí is fearr dá glúin. Tá gradaim mhóra eile bailithe ag an scannán freisin, ina measc an Scannán is Fearr agus an Stiúrthóir is Fearr ag féilte scannán idirnáisiúnta. Tugann na buanna suntasacha seo údar maith dúinn breathnú níos doimhne ar an sárshaothar seo. Seo thíos léirmheas cuimsitheach ar an scannán a bhfuil an domhan mór ag caint faoi, faoi láthair. Agus tá na Gradaim Oscar fós le teacht!

San athchóiriú nua corraitheach atá déanta ag Chloé Zhao ar leabhar Maggie O’Farrell, Hamnet, díríonn an ceamara ar bheatha an phríomhcharachtair – William Shakespeare (Paul Mescal). Nochtann an scannán a anam trí chora crua a shaoil, agus feiceann tú conas a eascraíonn a chuid ealaíne síoraí astu.

Ní scannán beathaisnéise sa chiall thraidisiúnta é seo. Ar bhealach, is scéal é faoi dhá bhreith: breith fhisiciúil mic, faoi chúram máthar i bhforaoisí Stratford, agus breith mheitifisiciúil dráma, faoi chúram athar i Londain. Is í tragóid a shaoil go bhfuil sé as láthair nuair a fhaigheann a mhac fisiciúil Hamnet (Jacobi Jupe) bás.

Scéal Dhá Dhomhan

Cuireann an Stiúrthóir Chloé Zhao, a bhfuil cáil uirthi as a máistreacht maidir le tírdhreacha nádúrtha (Nomadland, mar shampla), an chéad ghníomh suite go daingean i gceantar tuaithe in aice le Stratford-upon-Avon. Anseo, casaimid le hAgnes (Jessie Buckley, atá fíochmhar sa ról), bean na coille, bean leighis agus bean feasa atá níos compordaí i gcuideachta fabhcúin ná i measc daoine. Is iníon cailleach na coille í Agnes. Téann teagascóir óg Laidine (Paul Mescal) sa tóir uirthi agus ní ghlacann sé le diúltú.

Is fórsa cumhachtach í an cheimic athraitheach idir Buckley agus Mescal a thiomáineann an scannán chun cinn gan staonadh. Imríonn Mescal ról an drámadóra mar fhear óg tiomanta atá spreagtha chun peann a chur le pár. Áfach, de réir mar a mhéadaíonn an teaghlach agus na héilimh air, méadaíonn an t-achar eatarthu freisin. Caitheann sé cuid mhór dá chuid ama i Londain, a fhad is a bhíonn a bhean chéile ag tógáil a gclainne léi féin. Léiríonn an scannán é seo trí ghearradh go tapa idir solas órga an fhómhair i Stratford agus na hamharclanna clástrafóbacha faoi sholas coinnle i Londain.

Is mór an trua é nach bhfuil Shakespeare sa bhaile ach go hannamh agus a mhac, Hamnet, ag fás aníos. Is rud cruálach íorónta é go bhfuil Shakespeare i Londain ag cruthú ríthe agus fuirseoirí nuair atá a mhac féin, Hamnet, ag fáil bháis mar íobairt ag an bplá bhúbónach atá ag scuabadh na tíre.

Déantar scannánú ar thinneas Hamnet le dlúithe scanrúil. Feicimid cé chomh dona is atá an Galar Dubh, agus Hamnet ag fulaingt go huafásach. Feicimid fulaingt a mháthar freisin, agus í trína chéile ar fad ag screadach, gan William a bheith ann chun cabhrú. Tá a fhios go maith aici nach féidir lena luibheanna a mac a shábháil. Nuair a fhilleann William ar Stratford faoi dheireadh, tá sé ródhéanach agus tá Hamnet imithe ar shlí na fírinne.

Ailceimic an Bhróin

Tá Jessie Buckley go hiontach mar Agnes, ag léiriú a cuid mothúchán trína corp. Ní fheiceann tú William ag caoineadh bhás a mhic sa tslí chéanna. Ina ionad sin, cúlaíonn sé go Londain, ag fágáil a theaghlaigh ina dhiaidh uair amháin eile, chun dráma a scríobh a iompraíonn leagan d’ainm a mhic mhairbh.

Do hAgnes, agus b’fhéidir don lucht féachana freisin, mothaíonn sé seo mar fheillbheart. Méadaíonn an teannas i dtreo bhuaic mhór an scannáin, seicheamh a athraíonn Hamnet ó dhráma baile go sárshaothar scannánaíochta den chéad scoth.

An Chríoch Mhór

Taistealaíonn Agnes go Londain den chéad uair ansin, ag iarraidh a thuiscint cad atá i gceist ag Shakespeare lena dhráma in ainm a mhic. Téann sí isteach san amharclann. Seasann sí os comhair an stáitse agus tosaíonn sí ag féachaint ar an dráma. Agus í ag faire ar an aisteoir atá ag imirt Hamlet (deartháir Jacobi Jupe), feiceann Agnes a mac caillte. Agus ansin, tagann an Taibhse i láthair ar an stáitse. Le buille sárstiúrthóireachta, is é William féin Taibhse an Rí. Sa dráma, faigheann an t-athair bás ionas gur féidir leis an mac maireachtáil. Tá áit a mhic tógtha ag Shakespeare féin, i malartú suntasach.

Fanann an ceamara ar aghaidh Agnes agus an tuiscint seo ag teacht uirthi. Feictear mothúcháin éagsúla á léiriú ar a haghaidh, agus an fhearg ag athrú diaidh ar ndiaidh go tuiscint dhomhain choscrach.

Máistreacht Theicniúil

Is minic a bhíonn an ceamara láimhe in úsáid. Úsáidtear foinsí nádúrtha aon uair is féidir – tine, solas coinnle, agus fiú grian bhán Shasana. Cruthaíonn na teicnící cineamatagrafaíochta seo nasc níos dlúithe idir an ceamara agus an lucht féachana.

Tá an luas máistriúil freisin. In ainneoin an ábhair shollúnta, níl aon spotaí leamh ann. Tá móiminteam gan staonadh ag an scéal, tiomáinte ag práinn na plá sa chéad leath agus mistéir an dráma sa dara leath. Láimhseáiltear na cora agus na castaí le teagmháil dheaslámhach a chuirfidh iontas fiú orthu siúd a bhfuil eolas acu ar stair Shakespeare.

Breithiúnas

Is scannán é Hamnet a éilíonn go bhfeicfear é ar an scáileán is mó agus is féidir, chun an t-eispéireas tumthach a fháil ina iomláine. Is scéal é faoi chostas na huaillmhéine agus cumhacht shlánaithe na healaíne. Iarrann sé orainn machnamh a dhéanamh faoin tslí is fearr dúinn cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus cé chomh tábhachtach is atá sé am a chaitheamh sa bhaile i dteannta ár dteaghlaigh. Taispeánann sé dúinn freisin cumhacht na healaíne atá in ann réimse leathan na staide daonna a chur in iúl, idir mhaith agus olc.

Maidir leis na Gradaim Oscar, is dócha go mbeidh an bheirt Éireannach cáiliúla sin – Mescal agus Buckley – mar roghanna don Aisteoir is Fearr. Agus is dócha go mbeidh an scannán féin mar iomaitheoir láidir don Scannán is Fearr. Ba chóir do gach duine an t-am a ghlacadh chun an scannán seo a fheiceáil.

gaGaeilge