Fibriliú Atriach – cuid 1!

Fibriliú Atriach – cuid 1!

Nóiméad amháin, mhothaigh mé go maith. Ansin, gan aon rabhadh, bhí sé amhail is gur rug lámh láidir greim docht ar mo chroí agus thosaigh á chroitheadh agus á fháisceadh go fiáin. Bhí fadhb mhór agam! Chuamar go dtí Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás i gCill Chainnigh gan mhoill, mo bhean chéile ag tiomáint. Bhí go leor daoine eile ag feitheamh sa rannóg éigeandála, agus gach saghas ruda mícheart leo. Thóg sé ceithre huaire sula bhfaca mé an dochtúir agus bhí mo chroí socraithe síos faoin am sin. Bhí ardbhrú fola orm an chéad uair a sheiceáil an dochtúir mo bhrú fola, ach nuair a sheiceáil sé arís é, bhí sé ag an ngnáthleibhéal. Dúirt mé go raibh mé faoi strus, mar fuair m’athair bás le déanaí, agus ní raibh sé éasca dom déileáil leis sin. Dúirt an dochtúir liom gurb í sin an fhadhb, agus go raibh sé tábhachtach dom cleachtaí análaithe a dhéanamh gach lá, agus go gcuideodh sé liom strus an tsaoil a dhíbirt. Sin an méid!  Abhaile linn arís!

Dar liomsa, bhí an scéal gan réiteach fós, mar ní raibh a fhios agam cad a bhí mícheart liom. Rinne mé mar a mhol an dochtúir, rud a dhéanaim fós gach lá. Bhí go maith agus ní raibh go holc! Thángamar ar ais go California an tseachtain ina dhiaidh sin, agus leanamar ar aghaidh lenár ngnáthchúraimí. Thug sé muinín gan bhonn dom ar feadh tamaill, agus bhí mé ag ceapadh go raibh an ceart ag an dochtúir agus gur strus amháin a bhí ann. Ba ar éigean a bhí sé ligthe i ndearmad agam nuair a tharla sé arís. Bhí mé in ann dul go dtí mo dhochtúir an lá céanna, agus thóg sé leictreacardagram (ECG). Dúirt sé go raibh buille croí ag teacht róluath ó am go ham ach nach raibh fadhb leis sin. Chuaigh mé abhaile, ach níor mhothaigh mé i gceart. Rinne mé coinne eile le mo dhochtúir, agus thóg sé leictreacardagram eile. “Ó!’’ a dúirt sé. “Gabh mo leithscéal nach bhfaca mé é seo an uair dheireanach, ach tá fibriliú atriach ort nó ‘A-Fib’!”

“Sin a cheap mé, a dhochtúir!” arsa mise. “Tá fibriliú atriach i mo theaghlach agus ní haon ionadh go bhfuil sé orm anois.” Cuireadh ar aghaidh mé chuig cairdeolaí ansin. Rinne an cairdeolaí gach saghas teastais ar mo chroí – ECG, íomhá athshondais mhaighnéadach (MRI), macallagram (Béarla: echocardiogram) agus tástáil strus ar meaisín reatha. Bhí A-Fib orm fós, agus d’ordaigh an cairdeolaí cógas chun stop a chur leis an neamhrialtacht i rithim mo chroí. Thóg sé níos mó ná seachtain, ach faoi dheireadh chuaigh rithim mo chroí ar ais go rithim chuais, nó rithim rialta. Ansin, rinne an dochtúir amach oideas do chúpla cógas, antaithéachtach (Béarla: anticoagulant) san áireamh. Dúirt sé go raibh riosca i bhfad níos airde stróc a fháil ag daoine a raibh A-Fib orthu.

Lean mé ar aghaidh mar sin ar feadh cúpla bliain, nuair a tharla eipeasóid A-Fib arís. Rinne an dochtúir amach oideas do chógas, agus nuair a thóg mé é stad sé an A-Fib. Dúirt sé liom an cógas sin a thabhairt aon uair a bheadh A-Fib orm. Ar dtús, ní raibh ach eipeasóid A-Fib orm ach cúpla uair sa bhliain. Ach de réir a chéile, tharla an A-Fib níos minice. Cé go raibh mé in ann stad a chur leis, ní raibh sé go deas a bheith in A-Fib. Bhraith mé míchompordach agus imníoch aon uair a bhíodh A-Fib orm, agus thóg sé trí nó ceithre huaire don chógas stad a chur leis.

Faoi dheireadh, dúirt an cairdeolaí go raibh sé in am dom casadh leis an leictrifiseolaí (Béarla: electrophysiologist). Is speisialtóir é leictrifiseolaí, le saineolas aige nó aici faoin gcóras leictreach sa chroí. Rialaíonn an córas sin ráta bhuille croí chomh maith le crapadh agus ligean matán an croí. Nuair a bhíonn A-Fib ort, bíonn fadhb leis an gciorcad leictreach sa chroí, ionas nach mbuaileann do chroí go rialta mar is gnáth. Mar sin, ní oibríonn an croí chomh maith agus ba cheart dó a dhéanamh, ó thaobh imshruthú na fola de. Bíonn gearranáil agus tuirse ort dá bhrí sin, chomh maith leis an míchompord san ucht.

Chonaic mé an leictrifiseolaí gan mhoill, agus rinne sé athbhreithniú ar thorthaí na tástála a bhí déanta agam leis an gcairdeolaí. Fear macánta, deisbhéalach is é Dochtúir Gibson, agus dúirt sé gur féidir liom leanúint ar aghaidh leis an gcógas, más mian liom. Ach dúirt sé go raibh rogha eile agam freisin, is é sin eisídiú (‘ablation’ as Béarla) a fháil. Mhínigh sé dom ansin cad a bhí i gceist leis an ngnáthamh leighis sin. Bheinn faoi ainéistéiseach ginearálta le linn na hobráide. Chuirfí cataitéar isteach san artaire féimearach, agus ansin suas an artaire agus isteach i mo chroí. D’úsáidfí bíoga fuinnimh leichtrigh (Béarla: pulses of elecrical energy) chun an fíochán galrach (Béarla: diseased tissue) sa chóras leictreach an chroí a mharú. Bheadh seans maith ansin go mbeadh an A-Fib imithe go hiomlán nó ar feadh tamaill mhaith ar a laghad. “Tá an t-eolas agat anois, agus caithfidh tusa an cinneadh a dhéanamh!” arsa an Dochtúir Gibson liom. “Níl aon deifir ort – smaoinigh air, agus tar ar ais dom le do chinneadh ansin.” Ní raibh orm machnamh a dhéanamh. “Má tá seans maith agam fáil réidh leis an ngalar sin, fiú ar feadh tamaill, b’fhiú an tairbhe an trioblóid. Cé chomh luath agus is féidir an obráid a dhéanamh?” arsa mise.

..

Dírbheathaisnéis 11 – Raidió Luxemburg!

Dírbheathaisnéis 11 – Raidió Luxemburg!

Dírbheathaisnéis 11 – Raidió Luxemburg!

Nuair a bhí mé i mo scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin, b’aoibhinn liom na laethanta saoire, mar bhíodh seans agam a bheith i mo chónaí sa bhaile arís, ag baint sult as gach buntáiste a bhí ag baint leis sin – béilí blasta, leaba chompordach agus príobháideachas san áireamh. Chomh maith leis sin, bhínn in ann am a chaitheamh le mo theaghlach féin agus mo chairde féin. Agus bhínn in ann dul amach liom féin nó le mo chairde ag imirt cluichí agus ag déanamh na rudaí de gach saghas ar mhaith le daoine óga a dhéanamh. Bhíodh am agam leabhair a léamh agus breathnú ar an teilifís san oíche, agus ní bhíodh orm dul a chodladh róluath. I bhfocal amháin – bhíodh saoirse agam!

As na laethanta saoire go leor a bhíodh againn, ba iad laethanta saoire an tsamhraidh na cinn ab fhearr. Bhíodh sos trí mhí agam, bhíodh an aimsir go breá den chuid is mó, agus ní ghabhadh an ghrian síos go dtí a naoi nó a deich a chlog. Chonacthas dom nach mbeadh deireadh leis na laethanta saoire an tsamhraidh, ach faoi dheireadh dhruididís chun deiridh agus bhíodh orm bogadh ar ais go dtí an scoil.

Bhí dlúthchara agam darb ainm Tomás, a bhí cúpla bliain níos óige ná mise. Chaithimis gach samhradh le chéile agus bhímis in ann iománaíocht agus peil a imirt, mar bhímis ar an leibhéal céanna, agus ní imrímis iad mar spórt teagmhála. Sa tslí sin, bhíodh rochtain againn ar scileanna agus sásaimh an spórt. Théimis amach sa ghort taobh thiar de mo’ theach, le sliotar agus camáin agus bhímis ag imirt i gcraobh na hÉireann. Nó d’d’imrímis sacar sa ghairdín cúil, le geansaithe mar chuaillí. Aon uair a d’fheiceadh mo thuismitheoirí muid amuigh sa ghairdín ag ciceáil liathróide, bhuailidís siad ar an bhfuinneog agus iad ag screadach “Amach as an ngairdín, scriosfaidh sibh ár rósanna!” Ach ní stadaimis, mar nach raibh an Corn Domhanda ar siúl agus mé chun cic pionóis a scóráil. Go minic, bhíodh ár ndeartháireacha agus deirfiúracha ag imirt linn agus bhíodh an-chraic againn go léir.

Uaireanta, théadh Tomás agus mé féin ar eachtraí le chéile, agus barraíocht samhlaíochta againn. Bhí sean comhbhuainteoir a raibh cuma na scríbe air ina suí sa ghort taobh thiar de theach Thomáis. Chaithimis go leor ama ann gach samhradh. Dúinne, ní comhbhuainteoir a bhíodh i gceist, ach spásárthach ag taiscéaladh an réaltra. D’fhaighimis ár spreagadh ó ‘The Invaders’ agus ‘Star Trek’, sraitheanna ficsean eolaíochta a bhí á craoladh ag RTÉ ag an am. D’imíodh gach rud eile as radharc agus bhímis sa spás, ag troid le spásárthaigh eachtrán – agus an bua againn gach am! Thugaimis cuairteanna ar phláinéid nua agus chasaimis le heachtráin, idir chairde agus naimhde. Faoi dheireadh, chluinimis mam Thomáis ag scairteadh orainn agus dhúisímis ónár mbrionglóidí don lá sin. Ach bhímis ar ais ar an spásárthach an chéad seans eile a bhíodh againn.

Bhí teach iargúlta suas an bóthar amuigh faoin tuath, agus cé go raibh daoine ina gcónaí ann, ní bhíodh duine ar bith le feiceáil riamh ann. Bhí rud éigin mícheart, agus b’éigean dúinn spiaireacht a dhéanamh ar na comharsana sin, chun a fháil amach cad a bhí ar siúl acu. Bhí coill bheag in aice leis an teach, agus bhíodh Tomás agus mé féin inár bhfolach ann, ag iarraidh muintir an tí a fheiceáil. Is cosúil nach spiairí maithe muid mar, in ainneoin an t-uafás ama a chaithimis ag spiaireacht, ní fhacamar muintir an tí fiú uair amháin. Nó b’fhéidir go raibh siadsan ina spiairí proifisiúnta, agus ag déanamh monatóireacht orainn. Tar éis tamaill, d’d’éiríomar neirbhíseach agus tuirseach den obair sin, agus tháinig deireadh luath leis ár ngairmeacha bheatha mar bhleachtairí.

Thaitin popcheol go mór leis an mbeirt againn, agus b’aoibhinn linn a bheith ag éisteacht le ceol na linne ar Raidió Luxembourg ar 208 FM. Bhí raidió trasraitheora againn sa bhaile, agus gach tráthnóna Domhnaigh nuair a bhíodh an aimsir go breá, d’fhaighinn ar iasacht é. Théimis ar shiúlóid suas an bhóthair píosa go dtí áit chiúin iargúlta, trasna an bhóthair ón teach thuasluaite, mar a tharla. Shuímis síos agus chuirimis an raidió ar siúl ar 208FM, agus d’d’éistimis leis an ‘Top 20’ le Kid Jensen. Bhímis sna flaithis bheaga ag éisteacht leis an 20 amhrán a raibh an ráchairt ba mhó orthu an tseachtain sin. Is cuimhin liom ceoltóirí agus bannaí cosúil le: Don McClean, Slade, Gary Glitter, Gilbert O’Sullivan, Diana Ross, The Who, Winds, David Bowie, Mott the Hoople agus T-Rex chun ach sampla beag a lua. B’aoibhinn linn na fuaimeanna nua úra nua-aimseartha a chloisteáil ar an raidió sin, a raibh cuid mhaith acu ina n-éistphéisteanna. Fós féin, suas go dtí an lá seo, nuair a chloisim foinn as an am sin, tugann siad ar ais mé chuig laethanta m’óige – na fuaimeanna, na bolaithe, na radhairc agus na mothúcháin ó am atá imithe le fada. Go háirithe, nuair a chloisim ‘Get it on (bang a gong)’ ó T-Rex, bím i mo dhéagóir ar thaobh an bhóthair le mo chara Tomás, ag éisteacht leis an amhrán ar an raidió trasraitheora sin. Nach maith is cuimhin liom na laethanta sin. Níor inis mé an rud ba ghreannmhaire a tharlaíodh dúinn nuair a bhímis ag éisteacht leis an ‘Top 20’.  Ní bhímis inár n-aonar mar lucht éisteachta. Nuair a thiontaímis thart, bhíodh tréad bó ina seasamh ag an gclaí agus iad faoi dhraíocht an cheoil – díreach cosúil le Tomás agus mé féin!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Litir ó Mheiriceá – D.O.G.E!

Litir ó Mheiriceá – D.O.G.E!

Chruthaigh Donald Trump agus Elon Musk gníomhaireacht chomhairleach taobh amuigh de rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá (SAM), a thabharfaidh comhairle do Trump conas méid mór caiteachais a ghearradh ó bhuiséad an rialtais fheidearálaigh. Cheap Musk ar dtús gur féidir leis $2 trilliún a ghearradh, ach d’admhaigh sé níos déanaí gur suim níos lú a bheadh i gceist. Ach ní bheidh sé éasca sciar maith a ghearradh – méid a dhéanfadh difríocht mhór. Chun é sin a thuiscint, is gá cúpla rud a mhíniú faoin mbuiséad feidearálach SAM.

Buiséad Feidearálach SAM

Tá buiséad de $6.75 trilliún ag an rialtas feidearálach don bhliain 2024. Tá an buiséad roinnte ina dhá chuid: caiteachas éigeantach agus caiteachas lánroghnach. Ní féidir caiteachas éigeantach a ghearradh siar, rud a dhearbhaigh Trump féin, más beag nó mór is fiú é. Sa chatagóir sin, cláir mar: sláinte (Medicare agus eile): 28%; slándáil shóisialach: 21%; cosaint: 18% agus aisíocaíochtaí ar an bhfiachas náisiúnta: 14%. Sin 81% den bhuiséad feidearálach, nó beagnach $5.5 trilliún as an $6.75. Fiú má ghearrtar amach gach rud sa bhuiséad lánroghnach (sochair d’iarshaighdiúirí, iompar, talmhaíocht, sochair dhífhostaíochta agus cúnamh tithíochta agus tuilleadh lena chois), ní bheadh ach $1.25 trilliún gearrtha agat. Ach ní bheadh sé réalaíoch gach rud lánroghnach a chur ar ceal.

Níl go leor ar eolas againn faoi cad atá ar intinn ag Musk maidir le gearradh siar. Dála an scéil, bhí Vivek Ramaswamy, iar-iarrthóir uachtaránachta agus billiúnaí ardteicneolaíochta, mar chomhpháirtí Musk ar dtús, ach tá sé ag fágáil an phoist sin chun seasamh sa toghchán gobharnóra in Ohio. Ach tá daoine eile, réaltaí ardteicneolaíochta cosúil leis an gcaipitlí fiontair, Marc Andreessen, ag obair le Musk i D.O.G.E. Ní bheidh aon easpa daoine cliste ann, gan dabht!

Pleananna D.O.G.E.

Scríobh Musk agus Ramaswamy go mbeadh laghdú ar líon na bhfostaithe ar fud an mhaorlathais fheidearálaigh” i gceist go príomha. Seachas sin, áfach, tá an scéal faoi bhrat rúndachta. Ní haon ionadh go bhfuil fainic ar fhostaithe feidearálacha i ngeall ar ar éiginnteacht atá ann ó thaobh a ngairme de. Is furasta a chreidiúint go bhfuil na fostaithe céanna faoi uamhan agus faoi eagla, go háirithe nuair a smaoiníonn siad faoi cad a rinne Musk le Twitter tar éis é a cheannach is é sin gearradh siar 80% dá fhostaithe a dhéanamh.

Ar an lámh eile, áfach, mar a fuair ceannairí na tionsclaíochta eile amach, tá difríochtaí suntasacha idir an rialtas agus earnáil na tionsclaíochta. Is tasc gan bhuíochas é aon ghné den rialtas a ghearradh siar fiú a athrú – ó líon na ndaoine go dtí an buiséad go dtí na leathanaigh rialacha sa chlár feidearálach.

Na dúshláin roimh D.O.G.E.

Ar aon nós, ní bheidh sé éasca do Musk agus a fhostaithe i D.O.G.E. a chuspóir a bhaint amach. Seo cúpla deacracht a bheidh acu:

 Ní shábhálfaí céatadán mór den bhuiséad le gearradh siar ar an líon fhostaithe. Fiú má chuireann tú deireadh le 25% de phoist fheidearálacha, ní shábhálfaí ach 1% den chaiteachas feidearálach.
 Ní ghlacfadh fostaithe feidearálacha go humhal le bheith scaoilte chun siúil. Tá milliún dóibh mar bhaill i gceardchumainn, a bheidh ag obair ar a shon chun a phoist a chosaint.
 Ní bheidh cumhacht faoi leith ag D.O.G.E. Ní bheidh D.O.G.E. in ann bata agus bóthar a thabhairt d’aon fhostaí feidearálach, mar níl an chumhacht sin acu. Is meitheal smaointe é D.O.G.E. a bheidh in ann moltaí a dhéanamh don rialtas. Beidh sé ar Trump iad a chur i bhfeidhm, agus caithfidh sé calcalas polaitiúil a chur san áireamh roimh aon chinneadh mar sin a dhéanamh.

Dúshlán eile!

Ní hé seo an chéad uair a rinneadh iarracht caiteachas feidearálach a ghearradh siar. Ag breathnú siar 50 bliain, níor laghdaíodh caiteachas feidearálach bliantúil ach cúig huaire, agus ní raibh aon laghdú níos mó ná 8% bainte amach. Tháinig na laghduithe sin i gcásanna speisialtatar éis an géarchéim airgeadais 2008-9, agus tar éis na pandéime 2020-2023. Fiú amháin sna hochtóidí faoi réim Ronald Reagan féin, a chruthaigh coimisiún chun an caiteachas feidearálach a laghdú agus a d’ordaigh dá chomhaltaí “obair ar nós fola gan staonadh,” mhéadaigh caiteachas gach bliain.

Conclúid

Is í Comhdháil na Stát Aontaithe atá i gceannas ar chaiteachas. Ar lámh amháin, deir a baill gur gá gearradh siar ar chaiteachas an rialtais, ach ar an lámh eile (agus cúis mhaith leis freisin!) níl siad sásta gearradh siar ar chaiteachas ina toghcheantair féin.

Cuireann sé sin D.O.G.E. i bponc, agus de réir a chéile tá an fhírinne lom á bhfoghlaim acu sa roinn sin. Dúirt Musk le déanaí gurb é gearradh $2 trilliún an cás is fearr a bheadh ann, agus cé go mbainfeadh sé triail as an gcuspóir sin a bhaint amach, seans níos fearr go sroichfidís $1 trilliún. Tá sé ar tí ag D.O.G.E. a fhostaithe féin a chur in ionad i ngníomhaíochtaí feidearálacha le tamaill mhaith, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar a n-oibríochtaí agus a neamhéifeachtúlacht.

Tá sé mar chuspóir ag Musk agus D.O.G.E. an tasc a bheith déanta faoi Iúil 4, 2026. Sa tslí sin, má tá reachtaíocht de dhíth, beidh sé mhí ag an gComhdháil é a rith. Nuair a smaoiníonn tú ar cé chomh mór agus chomh casta is atá rialtas SAM, beidh gach nóiméad den am sin ag teastáil uathu i D.O.G.E. don tasc ollmhór agus ríchasta seo!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Léirmheas Scannáin – A Complete Unknown

Léirmheas Scannáin – A Complete Unknown

Léirmheas Scannáin – A Complete Unknown

Tagann an fear óg seo ar an láthair gan choinne agus níl a fhios againn dada faoi. Níl fíorainm an fhir seo ar eolas ag an gcuid is mó againn fós, tar éis na ndeicheanna de bhlianta dó sa spotsolas. Ach abair a ainm stáitse – ‘Bob Dylan’ – agus beidh eolas ag beagnach gach duine faoin réalta seo. Léirigh sé conas a mhothaigh glúin nua a d’fhás aníos sna seascaidí i Meiriceá tar éis an Dara Cogadh Domhanda i measc sochaí ina raibh cúrsaí an-mhíshocair agus ag athrú go tapa. Ba ghlúin í a bhí ag lorg síochána, ag lorg cearta comhionanna, agus nach raibh sásta a bheith sáite i gcogadh gan bhrí i Vítneam. Lena chuid ceoil, d’éirigh le Dylan meon a glúine agus fiú meon na tíre a chur in iúl ag uain chinniúnach i stair Mheiriceá.

Dá mbeadh orm tráth ríthábhachtach a roghnú sna seascaidí nuair a thug glúin amháin an lóchrann don chéad ghlúin eile, is é Féile Ceol Tíre i Newport, Rhode Island sa bhliain 1965 a roghnóinn, nuair a phlugáil Dylan isteach a ghiotár leictreach.

Is scannán seanré iontach é ‘A Complete Unknown’ a thugann an cúlra agus an stair ag baint leis an gceolchoirm eachtrach seo. Tosaíonn an scannán ag tús na bliana 1961, le Dylan (Timothée Chalamet) ag 19 mbliana d’aois ag tabhairt cuairt ar a laoch, Woody Guthrie (Scoot McNairy), a bhfuil galar Huntington air, agus é faoi éagumas. Ba é Guthrie guth a ghlúine féin, an ghlúin díreach roimh ghlúin Dylan. Díríonn sé a mhéar i dtreo ghiotár Dylan, agus seinneann Dylan amhrán a scríobh sé ina ómós darb ainm ‘Song to Woody’. Aithnímid ar a ghnúis go dtuigeann Woody gurb é Dylan a chomharba dealraitheach. Ag deireadh an amhráin, buaileann Woody buillí troma dá dhorn ar an mbord cois a leapa.

Ní mó ná gur bheannaigh Dylan don duine eile sa seomra, Pete Seeger (Edward Norton). Is cosúil go dtuigeann Seeger go bhfuil sé ag féachaint ar thús ré nua, ré Dylan.

Chomh luath agus a fheiceann sé Dylan den chéad uair, bogann an tionscnóir iomráiteach Albert Grossman (Dan Fogler) isteach mar a bhainisteoir. Chomh luath agus a chloiseann Joan Baez é ag seinm, tuigeann sí ar an toirt go bhfuil sí ag féachaint ar a hiomaitheoir. Is tallann iontach na ré í féin, le guth gléghlan agus le raon beagnach gan teorainn. Beidh sí le feiceáil roimh i bhfad ar chlúdach na hirise Time. Ach fiú níos mó ná Baez, is é Dylan a mheallann an lucht féachana, lena phearsantacht neamhghnách ach fós maighnéadach.

Níl ach teip i ndiaidh teipe i ndán do Dylan maidir le cúrsaí grá, b’fhéidir toisc go bhfuil sé i ngrá lena chuid ceoil den chuid is mó. Bíonn caidreamh aige leis an bpéintéir Sylvie Russo (Elle Fanning), leagan ficseanúil dá chailín fadtréimhseach Suze Rotolo, agus ansin níos déanaí caidreamh le Joan Baez (Monica Barbaro).

Duine leithleach is é Dylan, agus is annamh a thugann sé aitheantas do cheoltóirí eile. Mar shampla, cé go bhfuil Seeger i gcónaí ag obair ar a shon, is léir nach bhfuil meas ag Dylan ar Seeger mar cheoltóir. Eisceacht amháin is é fear na gormacha Jesse Moffet (Big Bill Morganfield), mac Muddy Waters féin (a raibh cáil mhór air lena linn féin mar cheoltóir na gormacha). Nuair atá Dylan déanach le haghaidh beo-léiriú ar an teilifís, seasann Moffet isteach ina ionad. Ach tagann Dylan isteach cé go bhfuil sé déanach agus tosaíonn sé ag caint le Moffet agus ansin tosaíonn Moffet ag seinm ar a ghiotár. Tá Dylan tógtha leis a bhfuil á dhéanamh ag Moffet, agus é á staidéar go cúramach an t-am go léir.

Nuair a shroicheann Dylan Newport i 1965, tá an domhan ar fad ag faire agus ag fanacht le léiriú íocónach agus sainiúil ón máistir. Ach nuair a ardaíonn sé an fhuaim ar a ghiotár leictreach agus nuair a sheinneann sé ‘Maggie’s Farm’, déanann leath an slua faireach faoi. Tá fearg ar Seeger agus déanann sé gach iarracht an chumhacht a ghearradh, ach ní éiríonn leis. Tar éis an tríú hamhrán, fágann Dylan an stáitse. Tugann Johnny Cash (Boyd Holbrook), atá le feiceáil i radhairc eile ag canadh a aintiúin féin, a ghiotár acústach dó. Filleann Dylan ar an stáitse agus seinneann sé ‘It’s all over now, Baby Blue!’

Níl i bhfad níos mó eolais agat faoi Bob Zimmerman ag deireadh an scannáin ná mar a bhí agat ag a thús. B’fhéidir gurb é sin an pointe – is daoine dothuigthe iad ceannródaithe dá shórt. Ar thaobh amháin, feicimid agus cloisimid torthaí a shaothair agus cé chomh hiontach is atá siad. Ar an taobh eile, feicimid duine mar chách ina shaol príobháideach. Is léir agus is suimiúil an chodarsnacht idir na gnéithe sin, atá leagtha amach go soiléir sa scannán.

Mar a deir Dylan féin le Sylvie: “Bíonn ceist ag daoine cárbh as na hamhráin, ach nuair a bhreathnaíonn tú ar a n-aghaidh, ní hé sin atá á n-iarraidh acu. Tá siad ag iarraidh a thuiscint cén fáth nár chum siad féin iad.” Cé gur féidir linn cruthaitheacht in airde láin mar sin a fheiceáil, níl sé de chumas ionainn an draíocht ag baint leis a thuiscint go hiomlán. Is oiriúnach an radharc deiridh – Dylan ag reibheáil a ghluaisrothar agus ag imeacht síos an bóthar, de réir mar a thiteann dorchacht ar an scáileán. Don uair dheireanach, éalaíonn an príomhphearsa uainn.

Tá portfóilió láidir ag stiúrthóir agus comhscríbhneoir na scripte, James Mangold. I measc na scannán a stiúir sé tá ‘Girl, Interrupted’ (1999), ‘Walk the Line’ (2005), a chomh-scríobh sé freisin, ‘3:10 go Yuma’ (2007), ‘The Wolverine’ (2013), agus ‘Logan’ (2017). Rinne Mangold jab iontach ag cruthú peirspictíochta úrnua faoi Dylan, bunaithe ar an leabhar le Elijah Wald dar teideal ‘Dylan Goes Electric!’

Bhí na haisteoirí go hiontach agus an-diongbháilte dá róil – ach go háirithe Timothée Chalamet agus Monica Barbaro. Chaith an bheirt acu tamall fada ag foghlaim agus ag cleachtadh a ról mar Dylan agus Baez, ar gach gné a saoil. Beidh fiú lucht féachana nach raibh aon eolas acu faoi Dylan nó Baez roimh ré, ag teacht amach as an amharclann ina lucht leanúna na n-amhránaithe. Ná caill an deis chun an scannán seo a fheiceáil ar an scáileán mór!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

Litir ó Mheiriceá – Los Angeles ar lasadh!

Litir ó Mheiriceá – Los Angeles ar lasadh!

Nuair a shroicheamar California na blianta ó shin, ní raibh mótarbhealach nó saorbhealach feicthe againn riamh cheana ach amháin ar an teilifís. Bhí an débhealach ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Nás an rud ba chosúla a bhí againn in Éirinn an tráth sin.

Bhí eagla an domhain orm rompu agus rinne mé mo dhícheall fanacht glan orthu. D’éirigh liom ar dtús, ach tháinig deireadh leis sin go tapa nuair a thiomáin mé suas caolbhealach isteach de thaisme. Ní raibh faic le déanamh ansin ach dul leis an sruth agus ansin bhíomar ar an saorbhealach! Bhí greim báis ar an roth stiúrtha agam agus mé cromtha anuas air. Bhí mé ag bárcadh allais! D’fhan mé sa lána mall agus lean mé ag tiomáint. Thuigeamar go mbeadh orainn tiomáint amach caolbhealach amach chomh luath agus ab fhéidir linn nó chríochnóimis suas i San Francisco.

Faoi dheireadh, d’éirigh liom éalú ón saorbhealach ag áit ar a dtugtar ‘Pacific Palisades’ air. Seans go n-aithneofá an t-ainm mar tá sé i mbéal an phobail ar fud na cruinne faoi láthair.

Sna laethanta luatha sin cheapamar go raibh muid i Neamh ar thalamh. Bhí an aimsir go breá gach lá agus bhí cultúr na caoithiúlachta i bhfeidhm. Ba ghearr a mhair sé, ar an drochuair, agus tháinig deireadh tobann lenár mí na meala lá amháin nuair a bhí crith talún ann. Bhí an teilifís ar siúl againn agus chuaigh an tuairisceoir nuachta i bhfolach faoin deasc nuachta gan mhoill. Bhí ár bhfoirgneamh ag luascadh anonn is anall ach d’fhan sé slán. Shílfeá nach stopfaí an croitheadh, ach faoi dheireadh stad sé.

Rinne sé go leor báistí ann le linn sa chéad gheimhreadh a bhíomar inár gcónaí i Los Angeles, agus dá bhrí sin bhí sciorrthaí talún agus láibe agus scriosadh roinnt tithe.

Cé gur tharla falscaithe inár laethanta tosaigh i gCalifornia a rinne damáiste suntasach, d’éirigh cúrsaí níos measa le himeacht ama. Tarlaíonn falscaithe níos minice agus iad níos contúirtí sa lá atá inniu ann ná riamh. Is dócha go bhfuil baint ag téamh domhanda leis sin. Bhíomar inár gcónaí ar imeall cainneoin ar feadh roinnt mhaith blianta, agus muid aineolach go hiomlán ar chontúirt dóiteáin. Cheannaíomar teach in aice na farraige fiche cúig bliana ó shin ionas go mbeimis níos gaire dár n-ionaid oibre, agus táimid ann fós. Níor thuigeamar ag an am go raibh buntáiste mór ag baint leis sin – is annamh a bhíonn falscaithe anseo, mar níl na sléibhte gar dúinn. Bhí falscaí uafásach sa chontae seo (San Diego) sa bhliain 2003, agus chaill roinnt mhaith de mo chomhghleacaithe a tithe san fhalscaí sin –  an ‘Cedar Fire’. Bhí ar mo mhac agus mé féin tiomáint in aice leis an bhfalscaí sin agus muid ag teacht abhaile tar éis turas bóthair. Chuir sé eagla an domhain orainn a bheith gar do lasracha a theagmhaigh leis an spéir féin. Bhí an t-aer te agus bhí boladh dó láidir ann. Bhíomar in ann cnagarnach challánach na tine a chloisteáil freisin. Nuair a fheiceann tú agus cloiseann tú falscaí chomh mór sin agus chomh gar duit, bíonn tuiscint nua agat faoi dhainséar, scála agus scóip falscaithe. Fanann tuiscint mar sin leat go deo.

Gan dabht, chonaic tú na falscaithe i ‘Pacific Palisades’ agus in ‘Altadena’ ar an teilifís, agus chuala tú an nuacht go léir faoi. Tá na falscaithe ag réabadh agus ag scriosadh gach rud ina bealach, beag, meánach nó mór agus tá na fobhailte sin díreach sa bhealach. Idir ‘Pacific Palisades’ agus ‘Altadena’, dódh níos mó ná 12,000 foirgneamh go dtí seo. Fuair 25 duine ar a laghad bás faoin am seo. Is tubaiste uafásach é ag cur isteach go mór ar go leor teaghlaigh, agus beidh sé an-deacair dóibh siúd le blianta fada as seo amach.

Tá dhá phríomhchúis leis na falscaithe uafásacha seo. Ar an gcéad dul síos, táimid buailte ag triomach le 8 mí anuas. Dá bhrí sin, tá an fásra go léir an-tirim. Ar an dara dul síos, tá gaotha tirime na bhfásach (‘Santa Anas’) ag séideadh ina ngála le seachtain anuas, ar ardluas suas go 160 km san uair. Le dálaí aeráide mar sin, ní thógann sé ach spréach amháin chun falscaí a lasadh agus is é sin díreach a tharla sna cásanna seo.

Bíonn sé deacair i gcónaí déileáil le tubaistí chomh mór sin de réir mar a tharlaíonn siad, agus cé go raibh foireann dóiteáin ar an láthair tapa go leor, agus cé go raibh aerárthaigh múchta tine ag ligean anuas dómhoillitheach, tháinig fadhbanna éagsúla chun solais go luath. Níl a dóthain acmhainní ar fáil ag an bhfoireann dóiteáin, dá bhrí leithdháileadh a buiséid a bheith ciorraithe bliain i ndiaidh bliana. Chomh maith leis sin, thriomaigh cuid de na hiodraint dóiteán níos faide suas na sléibhte, ionas nach raibh uisce ar fáil do chomhraiceoirí dóiteáin ag am criticiúil. Níl an córas uisce cónaithe deartha chun déileáil le héilimh chomh mór agus a cuireadh air. Déanfar go leor imscrúduithe chun na ceisteanna seo a phlé agus a thuiscint chun féachaint cad is féidir linn a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.

Faoi láthair, tá 8 bhfalscaí ar lasadh sa réigiún, agus tá na mílte comhraiceoirí dóiteáin ag obair go dian chun iad a mhúchadh. Tháinig comhraiceoirí dóiteáin ó gach cearn le cuidiú – ó Chalifornia, ó stáit eile sna Stáit Aontaithe, ó Cheanada agus ó Mheicsiceo. Tá FEMA (an tÚdarás Feidearálach um Bainistiú Éigeandála) ar an talamh ag tabhairt aire agus comhairle d’íospartaigh na tubaiste, agus ag cur airgid ar fáil dóibh. Tá na céadta póilíní (LAPD) agus gardaí náisiúnta ar patról sa cheantar, chun coireacht a chosc.

Is tréimhse an-deacair é dóibh siúd a bhfuil baill teaghlaigh nó cairde caillte acu. Níl sé éasca dóibh siúd atá gan dídean anois ach an oiread, go háirithe iad ar dódh amach as a gcuid tithe iad. Tá beagnach 100,000 duine faoi ordú aslonnaithe faoi láthair, agus an-deacair dóibh dídean a fháil anois. Tógfaidh sé go leor ama chun glanadh suas a dhéanamh, agus na blianta fada chun atógáil a dhéanamh.

Ach is é fírinne an scéil go bhfuil Deisceart California faoi bhagairt leanúnach maidir le tubaistí nádúrtha, creathanna talún san áireamh. Is dócha go n-éireoidh na falscaithe, na tuilte agus na sciorrthaí níos measa le himeacht ama. Leis sin, méadóidh na dúshláin romhainn agus beidh sé níos dainséaraí a bheith inár gcónaí anseo. Cé gur Neamh ar thalamh é formhór an ama, is Ifreann ar thalamh é uaireanta eile!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge