Fírinne nó Finscéal!

Fírinne nó Finscéal!

 

Baineadh siar asam le déanaí agus mé ag geabaireacht le mo dhlúthchara, fear a thugtar ‘Saineolaí Steve’ air. Fear iontach ábalta atá ann gan cheist. Ollamh is ea é atá mar chathaoirleach sa Roinn Eolaíocht Pholaitiúil in Ollscoil cháiliúil. Ag an am céanna, sárcheoltóir is ea é, a sheinneann giotár leictreach i mbanna ceoil atá aithne mhaith ag muintir na háite air. Chomh maith leis sin, is lúthchleasaí amaitéarach é, a ghlacann páirt i maratóin agus rásaí seasmhachta. Múineann sé rang rothair aclaíochta sa spórtlann áitiúil freisin, agus freastalaím ar a rang cúpla uair gach seachtain.  Chuir mé aithne air sa rang sin, agus sula i bhfad d’fhás dlúthchairdeas eadrainn, mar bhí suim againn sna rudaí céanna. Tá meas mór agam ar an bhfear seo, go háirithe mar is duine umhal é, in ainneoin cé chomh cumasach is atá sé. Agus nuair a chuireann sé a thuairim in iúl, éisteann daoine. Ar aon nós, agus muid ag déanamh dreas comhrá tar éis a rang, chuir mé ceist air.

‘Cad a cheapann tú faoi na éisteachtaí táinsimh a bhí ar súil ar an teilifís?a d’fhiafraigh mé de. Go tobann, tháinig féachaint dháiríre ina ghnúis.  Tháinig sé níos cóngaraí dom ansin agus labhair sé iontach íseal.

I ndáiríre, ní raibh sé ach b’fhéidir coicís ó shin nuair a cheap mé go raibh tábhacht ag baint leis an fhírinne sa pholaitíocht, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Agus mar sin, cheap mé go seasfadh fíricí na héisteachtaí leo féin, agus go dtabharfaidís an chúbláil a bhí ar siúl chun solais, ionas go mbeadh comhaontú idir na Poblachtaí agus na Daonlathaithe go raibh sé ceart an tUachtarán Trump a tháinsimh agus é a chur as post. Bhí mé ag brionglóideach!Stad sé ag caint, lig sé osna mhór agus tharraing sé anáil dhomhain sular lean sé ar aghaidh.

Agus ansin, chonaic mé an solas.’ Stad sé le dul i gcion orm, is dócha.  B’éigean dom rud a rá.

Lean ar aghaidh anois, tá cluas le héisteacht orm!’ a dúirt mé, go mífhoighneach.

‘Bhuel, mar a dúirt mé, chonaic mé an solas. Tá an finscéal tar éis éirí níos tábhachtaí ná an fíorscéal. Agus scríobhann iad i gcumhacht an finscéal, agus creideann a lán daoine é. Ach nuair a tharlaíonn sé sin sa réimse polaitíochta, tá sé an-dainséarach ar fad. Agus sin é mo thuairimse!’ D’fháisc sé a lámh ar mo ghualainn ansin, agus bhí sé ar tí imeacht. Ach ní raibh mé sásta fós.

A Steve, tuigim céard atá á rá agat, agus aontaím leat go hiomlán. Cén fáth nár tharla an teip pholaitiúil uafásach níos luaithe – bhí an córas polaitiúil céanna ann le fada?

‘Ceist mhaith é sin, a chara. Cé go bhfuil an córas céanna ann, níl an timpeallacht pholaitiúil chéanna ann anois. Mar shampla, tá athruithe móra tagtha ar an déimeagrafach sa daonáireamh. Agus ná déan dearmad ar an idirlíon áit ina bhfuil an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal.  De bharr na timpeallachta nua atá againn anois, tá brú nua ar an gcóras freisin.Bhí sé ag éirí beagán mífhoighneach, is dócha, agus chuir sé gothaí imeachta air féin.

‘Gabh mo leithscéal, ach tá ceist amháin eile agam, má tá an t-am agat?’ agus d’fhéach mé air go himpíoch.

‘Caithfidh mé imeacht laistigh de cúig nóiméad – lean ar aghaidh mar sin!’ ar sé go grod.

An bhfuil na Stáit Aontaithe críochnaithe, mar sin, an gceapann tú?’ arsa mise.

An gceapann tú gur fáidh mé anois? Níl liathróid chriostail agam. Ach é sin ráite, tá tuairim agam.  Dá fhad an lá tagann an tráthnóna, mar a deir an seanfhocal, agus ceapaim go bhfuil sé mar sin do na Stáit Aontaithe freisin. sórt cothrom míshuaimhneach anois idir an eite dheas agus an eite chlé, ach tá an eite chlé ag méadú.  Tá na Poblachtaigh ag streachailt leis an mbás anois, agus déanfaidh siad aon rud chun a gcumhacht a choimeád sula mbeidh sé ródhéanach. Ach teipfidh orthu, i mo thuairim. Agus mar sin, níl na Stáit Aontaithe críochnaithe, ach tá na Poblachtaigh críochnaithe, mura nathróidh siad a gcóras creidimh. Agus sin é mo thuairim.’

Agus leis sin, chas sé timpeall agus bhí sé imithe!  Thug an plé sin ábhar machnaimh dom, gan dabht!

.

.

.

Fírinne nó Finscéal!

Ár dTeanga – Tuar!

Nuair atá tú ag iarraidh rud éigin a thuar tá sé úsáideach ar dtús staidéar a dhéanamh ar an am atá caite.  Sin an cur chuige a ghlacaim anseo, ag féachaint ar ais ar staid na Gaeilge timpeall céad bliain ó shin, ansin ag féachaint air anois, agus sa deireadh ag déanamh tuar dána faoi.

Cé go raibh dúchas Éireannach aige, ba Shasanach é Robin Flowers, a rugadh i Yorkshire sa bhliain 1881. Tar éis dó céim sna clasaicí a bhaint amach agus post a fháil i Músaem na Breataine, thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge.  Chuaigh sé go Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1910 ag staidéar na Gaeilge faoi Carl Marstrander, teangeolaí cáiliúil ón Iorua.  Chuaigh Marstrander go dtí an Blascaod Mór i 1907 chun Gaeilge a fhoghlaim, agus bhuail sé le Tomás Ó’Criomhthain. D’fhás dlúthchairdeas eatarthu, agus bhí Tomás mar mhúinteoir do Carl.

Chuaigh Robin féin go dtí an t-oileán i 1910 agus an bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh Robin agus a bhean chéile ann ar mhí na meala, am a thugadh an t-ainm ceana ‘Bláithín’ dó. Chuaigh Robin agus a chlann ar ais beagnach gach samhradh ina dhiaidh sin ar a laethanta saoire. Scríobh Flowers an leabhar ‘The Western Island’ faoi na Blascaodaí agus d’aistrigh sé dírbheathaisnéis Ó’Criomhthain darb ainm ‘An tOileánach faoin teideal ‘The Islandman. Fuair muintir na mBlascaodaí, agus go háirithe na scríbhneoirí, aitheantas forleathan tar éis sin. D’aithin daoine go raibh siad ag féachaint ar mhodh maireachtála tuaithe a bhí ar an dé deiridh, ní amháin in Éirinn, ach in Iarthar na hEorpa. Ach is i mBéarla a scaipeadh an teachtaireacht seo, chun dul i gcion ar phobal níos leithne.  Nach raibh an ceart ag Tomás Ó’Criomhthain mar sin, nuair a scríobh sé nach mbeadh a leithéidí arís ann?

Bhí an ceart aige is dócha, ach measaim go mbeadh beagán iontas air a fheiceáil nach bhfuil an cultúr nó an teanga marbh fós. Tá ár gcultúr faoi bhláth, cé go bhfuil sé athruithe le himeacht ama, cosúil le haon chultúr eile.

Cad faoinár dteanga? De réir UNESCO, tá an Ghaeilge i gcatagóir ‘gan dabht i mbaol’, mar ní fhoghlaimíonn formhór na páistí an teanga mar a theanga dhúchais.

Is fíor é sin, ach cé go bhfuil sé déanach, níl sé ródhéanach an Ghaeilge a shábháil. Rinneadh cúpla rud maith le déanaí, agus tá rudaí maithe eile ag tarlú gach lá.  

Cén rudaí? Bhuel déanfaidh mé tagairt do chúpla ceann anseo, chun blas a thabhairt duit ar na rudaí éagsúla atá ar siúl ó thaobh caomhnú na teanga de.

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.  Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004 chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.

Tá an Ghaeilge fheiceálach go maith ar na meáin agus leathann an tionchar sin ar fud na tíre gach bliain. Chomh maith le Raidió na Gaeltachta, tá Raidió na Life (Baile Átha Cliath) agus Raidió Fáilte (Béal Feirste) ar an aer anois, agus tá Raidió Rí-Rá ar an idirlíon. an cainéal teilifíse TG4 ag éirí go maith, agus tá an-éileamh ar an gclár Ros na Rún.

Tá méadú mór tagtha ar na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí, agus tá liostaí feithimh ag cuid acu, mar tá éileamh láidir ann.

Tá ‘Popup Gaeltachta’ ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is féidir leat freastal ar ranganna Gaeilge nó ar chiorcal comhrá ar an idirlíon, is cuma cén áit ina bhfuil tú. Agus tá a lán acmhainn ar fáil ar an idirlíon, cosúil le foclóirí, irisí, ranganna, fís-sruthú TG4 agus eile.

I mo thuairim, cé go bhfuil fadhbanna móra leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha na tíre, ar an taobh eile den scéal, is ábhar dóchais é na rudaí dearfacha don teanga atá ar siúl faoi láthair.

Mar sin geallaimse duit go mbeidh an teanga beo fós i gceann céad bliain eile!  Daoine fadcheannaigh is muid muintir na hÉireann, atá bródúil as ár bhféiniúlacht náisiúnta agus a thuigeann go maith cé chomh tábhachtach is atá ár dteanga mar chuid den fhéiniúlacht sin! Agus mar a chonaiceamar i gcás Ó’Criomhthain nó Flowers, cúpla duine in ann torthaí iontacha a bhaint amach! Is é an cleas is fearr gan tabhairt isteach go deo!

.

.

  .

Fírinne nó Finscéal!

Contúirt Dhúbailte!

Aon uair a bhíonn tú ag déanamh trua duit féin agus don ár dtír, bog siar nóiméad agus smaoinigh ar an bpictiúr mór.  Go minic, d’fhéadfaí cúrsaí a bheith i bhfad níos measa. Inniu tá scéal agam faoi thír bheag a bhfuil an dearg-mhí-ádh uirthi.  Tar éis an scéil seo a léamh, is dócha go mbeidh tú in ann rudaí a fheiceáil go difriúil agus a bheith buíoch as an saol iontach atá againn sa tír álainn seo.  Ach beidh rabhadh dúinn sa scéal freisin.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ghabh na Stáit Aontaithe seilbh ar an gcuid is mó den Mhicrinéis i lár an Aigéin Chiúin, lonnaithe idir Havaí agus an Astráil.  Tá níos mó ná dhá mhíle oileán sa Mhicrinéis agus tá an tír i gceist (Poblacht na hOileáin Marshall) sa ghrúpa seo. Tá na tíortha seo saor anois.

An Chéad Chontúirt – Radaíocht

Tá fiche naoi n-atall coiréil agus cúig oileán coiréil sa tír, scaipeadh amach tríd leathmhilliún ciliméadar cearnach san aigéan, le timpeall is seasca céad daoine ina gcónaí ann.  Is í ceann de na tíortha is iargúlta ar an domhan. Is chuige sin go díreach gur roghnaigh na Stáit Aontaithe í chun tástáil núicléach a dhéanamh tar éis an chogaidh. Idir 1946 agus 1958, pléascadh seasca seacht mbuama adamhacha sa tástáil seo, buamaí hidrigine san áireamh.  Cé go n-aslonnaítear muintir na háite ó láthair thástála go dtí oileán eile, ina ainneoin sin fuair a lán daoine tinneas radaíochta agus ailse. Rinneadh damáiste géiniteach dóibh freisin, ionas go raibh neamhghnácha galair ag go leor naíonáin nuabheirthe. Ní fhéadfaí cónaí ar chuid de na hoileáin sin anois agus le tamall fada sa todhchaí, de bharr truailliú radaighníomhach ó phlútóiniam-239 agus caeisiam-137. 

Tá sé dochreidte go raibh a fhios ag Rialtas na Stáit Aontaithe go mbeadh na hoileánaigh ina gcónaí in áiteanna a bhí éillithe ag radaighníomhaíocht.  Rinne muca guine dóibh chun taighde a dhéanamh ar an dochar a dhéanann radaíocht núicléach mar sin do dhaoine. Ba é sin Tionscadal 4.1 a bhí leagtha amach ag Rialtas na Stáit Aontaithe, agus tionscadal uafásach ba ea é a lean ar aghaidh ar feadh tríocha bliana.  Deirtear go bhfuil áiteanna sa réigiún ina bhfuil an leibhéal radaíochta chomh hard le Searnóbail nó Fukishima fós. 

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe críochnaithe leis an tástáil núicléach seo, chuir siad an smionagar núicléach (ochtó míle méadar ciúbach) isteach i gcruinneachán clúdaithe le díon coincréite ar oileán Runit agus d’imigh siad abhaile, ag fágáil léirscrios na timpeallachta ina ndiaidh.

Tá na hOileáin Marshall fós ag lorg níos mó cabhrach ó na Stáit Aontaithe, ach deir na Stáit Aontaithe go bhfuil siad cothrom leo cheana féin ó thaobh tacaíocht de. 

Séanann na Stáit Aontaithe go ndearna siad aon rud mícheart, agus gur leis na hOileáin Marshall aon fhadhbanna atá acu a réiteach, maidir le cúrsaí radaíochta agus an cruinneachán Runit (nó an ‘Tuama’ mar a thugtar air) san áireamh.

An Dara Contúirt – Uisce

D’fhógair rialtas na nOileán Marshall géarchéim aeráide náisiúnta le déanaí, ag iarraidh ar an bpobal idirnáisiúnta fhreagairt don ghéarchéim seo agus iad ba chúis leis sa chéad áit.

Níl na hOileáin Marshall ach cúpla méadar in airde os cionn leibhéal na farraige ar an meán, agus toisc go bhfuil an leibhéal uisce ag ardú, tá damáiste ag tarlú ann anois, agus ag éirí níos measa gach bliain.  Tá seans mór, mura ndéantar aon rud, nach bhféadfaí daoine maireachtáil sa tír tar éis 2050.

Tarlaíonn triomaigh fada agus neamhshéasúrach níos minice anois ann, agus tá sáile ag meascadh isteach le fíoruisce.  Is é a dúirt Michael Gerrard, ó Ollscoil Columbia ná: “Traein earraí is í an t-athrú aeráide ag réabadh díreach i dtreo na hOileáin Marshall.  Níl cúis chomh láidir ag aon tír eile géarchéim a fhógairt!”

Contúirt Dhúbailte – Rabhadh

Sna hoileáin mhí-ámharacha seo, tá an riosca núicléach agus an riosca athrú aeráide ceangailte le chéile i dtaispeántas marfach a léiríonn na contúirtí mar gheall ar easpa gníomhaíochta tíortha an domhain – go háirithe na Stáit Aontaithe.  Má thógtar neamhaird do na rioscaí sin, beidh orainn aghaidh a thabhairt ar an scéal sin luath nó mall. 

Ar an drochuair, níl an dara rogha ag muintir na hOileáin Marshall – caithfidh siad rud éigin a dhéanamh anois roimh thubaiste núicléach nó roimh bhá a dtír.

.

.

  .

Fírinne nó Finscéal!

I gCuimhne Gay Byrne

(Peadar Bairéad) 

Ba bheag nár baineadh as ár seasamh sinn, ar an Luan, an ceathrú lá de Shamhain nuair a chualamar go raibh Gay Byrne básaithe. Is fíor go raibh seal fada caite aige tinn, ag an am gcéanna nuair a tháinig an bás, ní raibh muid ag súil leis chomh luath sin, ach mar a deir an seanfhocal …’Galar fada ní abrann síoraí bréag’. Agus ní bréag ar bith a rá go raibh croí an náisiúin faoi dhraíocht ag an Gay céanna sin, a chomhartha sin, an slua ollmhór a tháinig ar an bhfód leis an gcré a roinnt lena laoch galánta. Cuir leo sin na mílte, agus na mílte, a chaith bunús an lae sin, faoi gheasa ag na searmanais a léiríodh ar an Teilifís  anseo in Éirinn, agus i dtíortha iasachta freisin, ach leor sin den chaint agus fágaimis slán lenár laoch, agus guímis áit ag bord an Tiarna go raibh aige, anois agus i dtólamh. Seo thíos cúpla véarsa, mar iarracht ar ár mbrón a chur i bhfoirm dána.

 

I gCuimhne Gay Byrne

 

Codail go sámh a chara, tá an greann arís le dúiseacht,

Níl éinne suas anois le croí ár náisiúin a mhúscailt,

Nuair a thiocfaidh do chom-mhaith ar fhód ghlas Inse Fáil,

Cuimhneofar ort fhéin Gay, is do mhiongháire caoin gan smál.

 

Fear nár spreag an bhuairt, nó an t-anró riamh,

Ach fíor dá ainm, an mheidhir is an  cion gan chlaon

Feasta nuair a smaoineoimid ar spraoi is ar ghreann gan ghruaim,

Cuimhneoimid gan teip, ar Gay is a gháire caoin faoi ghuaim.

 

.

.

  .

Fírinne nó Finscéal!

Harmagadón sa Mheánoirthear 2!

I mBéal an Phobail

 

Peadar agus Micheál Bairéad

.

Tháinig ocras orainn, agus cheannaigh mé cúpla ceapaire agus pota tae eile dúinn. Mar is eol duit, bhí Séimí an Droichid agus mé féin thíos sa Phota Caife, ag déanamh dreas comhrá agus ag réiteach fadhbanna an domhain. Bhíomar ag caint faoin Meánoirthear, agus gan dabht, tá a dhá dhóthain den mhí-ádh ar na tíortha sa réigiún. Bhí sé ráite ag Séimí go ndearna an tUachtarán Trump ar a laghad trí bhotún mór maidir leis an Meánoirthear. D’aontaíomar gurb é an chéad cheann ná an Socrú Núicléach Iaránach a chur ar ceal.

“Agus céard faoin dara ceann?” a d’fhiafraigh Séimí díom.

‘Sin ceist deacair!’ arsa mise. ‘Scaoilfidh mé an ceann seo tharam!’

“Ní scaoilfidh mé leat chomh héasca sin!’ arsa Séimí, ag caochadh súile go slítheánta orm. “Tabharfaidh mé nod duit! Léirigh an cinneadh seo go soiléir go bhfuil airgead níos tábhachtaí ná an bheatha féin do Trump!”

“An é atá i gceist ná an tacaíocht a thugann Trump do Mohammad bin Salman (MBS), Rídhamhna na hAraibe Sádaí?”

“Tá an ceart agat, a Mhichíl! Is é an freagra díreach a bhí agam ná an dúnmharú brúdiúil Jamal Khassogi i gConsalacht na hAraibe Sádaí in Iostanbúl an bhliain seo caite. Mhaigh an CIA gur ordaigh MBS an gníomh uafar sin. Ach cé gurb áitritheoir de chuid na Stát Aontaithe é Khassogi, agus colúnaí an nuachtáin cháiliúil sin ‘The Washington Post’, thug Trump neamhaird ar an ainghníomh seo, agus lean gach rud ar aghaidh gan cáineadh ná pionós ar bith. Is é MBS a rinne idirghabháil mhíleata ar Éimin i 2015, i gcomhrialtas le timpeall is deich dtír eile sa réigiún.  Bíodh agus go bhfuil stair casta ag Éimin, mar sin féin tá an sléacht uafásach a rinneadh ar shibhialtaigh neamhchiontacha agus an gorta forleathan a bhí ag gabháil leis do-ghlactha. Is rud náireach é gur thug na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe tacaíocht don Araibe Sádaí dá n-iarrachtaí. A Mhichíl, ní fhéadfaí é sin a mhaitheamh dóibh, nach bhfuil an ceart agam?” Tharraing sé anáil dhomhain, agus bhain sé slog as a deoch thae.

“Ní thiocfadh liom easaontú leis an anailís ghéar a rinne tú!” a d’fhreagair mé go tapa.

“Agus a Mhichíl, an aontaíonn tú liom nach cuma leis na cumhachtaí sin sa sioc faoi Thadhg an mhargaidh, mar tá an Dollar Uilechumhachtach níos tábhachtaí dóibh?” Chríochnaigh Séimí a phointe go diongbháilte.

“Gan dabht, sin é lomchlár na fírinne agat!” a dúirt mé, roimh bholgam a bhaint as mo chupán tae. “Agus céard faoin tríú fhadhb, níl tú chun iarraidh orm cad atá i gceist ansin, tá súil agam!”

“Seo anois,” ar seisean go mealltach liom. “Má cheap tú go scaoilfinn leat an babhta seo, bhí dul amú ort, a Mhichíl! Agus leis sin, céard é an tríú bhotún?”

Rinne mé mo sheacht ndícheall an tríú fhadhb a oibriú amach.

“Caithfidh mé a rá go raibh an t-ionsaí drón agus diúracán ar áiseanna ola na hAraibe Sádaí an-chontúirteach ar fad. Cé go ndúirt na reibiliúnaigh Houthi gurbh iad a bhí freagrach, ag an am céanna, d’admhaigh Mike Pompeo, Rúnaí Stáit sna Stáit Aontaithe, gurb í an Iaráin a bhí cúisithe. Is ábhar mór buartha é sin, i mo thuairim, a Shéimí!”

“Iarracht iontach é sin, a Mhichíl, agus cé go raibh fadhb eile ar intinn agam, tá an ceann seo lán chomh maith leis! Maith thú!” D’fhéach sé orm go measúil.

“Ach céard a bhí ar intinn agat?” a d’iarr mé air go fiosrach.

“Ná bac leis sin anois, a Mhichíl,” a dúirt sé. “Ach nach furasta cogadh domhanda a spréachadh sa Mheánoirthear, le míthuiscint nó dearmad amháin?”

“Níl mé in ann easaontú leat, a Shéimí!” arsa mise.

“Is mór an faoiseamh dom é sin, a Mhichíl! Cheap mé ar dtús nár chreid tú mé! Ach feicim anois gur fear atá ar eolas ar chúrsaí domhanda tú, fear a thuigeann rioscaí móra an tsaoil chomhaimseartha, go háirithe sa Mheánoirthear.”

“Go raibh maith agat, a Shéimí!” arsa mise. “Agus caithfidh mé a admháil go raibh mé ag smaoineamh go leisciúil ar dtús, agus gur chuir tú i dtreo léargais mé.”  

Creidim go diongbháilte é sin! Múineann Séimí teachtaireacht spreagúil dúinn go léir: Níl aon údar sástachta againn faoi chúrsaí domhanda a bhfuil tionchar mór acu orainn go léir!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

  .

gaGaeilge