Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Is díol iontais é líon na ndaoine ar fud an domhain a bhfuil fadhbanna acu mar gheall ar a gcultúr agus a dteanga. Beagnach i gcónaí, is leacht cuimhneacháin don choilíneachas é meath na teanga. Tar éis seilbh a ghlacadh ar thír agus an fhorghabháil impiriúil i bhfeidhm, cuireann an tír impiriúla i gceist an pobal dúchasach faoi chois pé slí is féidir.  Coigistítear a gcuid tailte, agus sáraítear a gcearta daonna. Ansin, cuirtear bearta i bhfeidhm chun a dteanga agus a gcultúr a chur faoi chois. Feictear an patrún céanna gach uair á úsáid ag an tír impiriúla, is cuma cé acu an Bhreatain, na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, agus araile atá i gceist. Nach bhfuil muidne in Éirinn róchleachtaithe leis an bport céanna?  

Ach nuair atá deireadh ráite, agus an impireacht bhrúidiúil cloíte agus imithe, cad is féidir leat a dhéanamh chun do thír a atógáil? Go minic tarlaíonn cogadh cathartha mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre agus an folús polaitíochta a bhaineann leis.  Sa deireadh thiar thall, bíonn córas buanseasmhach bunaithe, agus leis sin athshlánú na tíre. Go hiondúil, ní bhíonn béim ar chultúr agus teanga na tíre ar dtús, mar níl tús áite acu, agus ar a mhéad cuirtear foráil i mbunreacht na tíre mar gheall orthu.  Tar éis bunú an stáit ar an drochuair, tá sé ró-éasca gan cinnteoireacht réamhghníomhach a dhéanamh agus in ionad sin athbheochan an chultúir agus na teanga a chur ar an méar fhada.

I mbeagnach gach tír i gcás den sórt sin, Éire san áireamh, tagann cúpla gnáthdhuine chun cinn mar laochra na cúise agus spreagann siad muid go léir, agus is mar sin a fhásann gluaiseacht i measc an phobail. Seo scéal laoich mar sin.

Bhí ar Benoit Fader Keita an mhuince a chaitheamh a lán uaireanta ar scoil. Cnámh bó ceangailte ar phíosa téide a bhí ann – rud gránna gan dabht. Bhí sé níos measa ná sin, mar bhí stiogma ag baint leis an muince seo. Ach sin a dhéantar don té a bheadh de dhánacht aige a theanga féin a labhairt sa scoil. Cuireann sé i gcuimhne dom an ‘Bata Scoir’ a bhí ar dhaltaí in Éirinn a chaitheamh nuair a labhair siadsan Gaeilge sa scoil timpeall dhá chéad bhliain ó shin! Úsáideadh cleachtach uafásaigh mar seo sa tSeineagáil suas go dtí an bhliain 2000 ar a laghad – deicheanna de bhlianta i ndiaidh imeacht na bhFrancach i 1960!  Creideann a lán daoine sa tSeineagáil go bhfuil buntáistí ag daoine a bhfuil cumas sa Fhraincis iontu, agus is í teanga oifigeach na tíre fós, cé nach labhraíonn ach 12% í, i gcomparáid le b’fhéidir 80% a labhraíonn Wolof, ceann de na teangacha dúchasaigh! Tá 25 teanga dúchas sa tír a bhfuil stádas ‘teanga náisiúnta’ acu, Wolof san áireamh, ach is í an Fhraincis príomhtheanga an rialtais agus gnólachtaí tráchtála. Cén seans a bheadh ag Menik, teanga Benoit Fade Keita agus príomhtheanga 3,000 duine ar a mhéid?  Caolsheans gan daoine cosúil le Keita, geallaimse duit!

Is sghrafadóir é atá ag obair le seirbhís nuachta ar líne, ach is ceoltóir é freisin. Cumann sé amhráin rap agus reggae as Menik agus cuireann sé ar an idirlíon iad. Rinneadh mearscaipeadh ar a chuid físeáin ceoil i measc daoine óga. Dá bhrí sin, athrú meoin tagtha orthu agus is cúis bhróid a dteanga anois in ionad cúis náire! B’fhéidir go bhfaca Keita físeán ceoil ar chainéal ‘TG Lurgan’ ar Youtube! Tá an-tóir ar na físeáin sin, ina bhfuil scoláirí an Choláiste ag seinm agus ag canadh popcheol as Gaeilge. Ar aon nós, is straitéis iontach é chun aosaigh óga a mhealladh isteach ina gcultúr agus a dteanga féin.

Tá rialtas na Seineagáile ag obair ar cháipéis teangeolaíochta chun teangacha na tíre a chosaint, ach níl na hacmhainní ar fáil dóibh chun é a bhogadh ar aghaidh. Tá an dréachtdoiciméad athbheochana a bhí foilsithe i 2010 ag tarraingt dusta ó shin i leith.

Is misean spreagúil atá ar siúl ag Keita, agus guímid gach rath air. Ceapaim go bhfuil ceacht oiriúnach dúinn ann freisin má tá rud tábhachtach le déanamh, ní féidir brath ar an rialtas. Gan dabht, cé gur fiú é brú a choimeád ar an rialtas faoi, is é an rud is éifeachtaí is féidir leat a dhéanamh ná a bheith ag obair le baill eile den chosmhuintir a bhfuil an dearcadh agus an fhís chéanna acu agus atá agat.  

.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

  

.

Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Scéal Tani Adewumi!

Seans beag gur chuala tú riamh faoi bhuachaill darb ainm Tani Adewumi. Ach seans mór go bhfaca tú an mhionsraith seacht gcuid, eisithe ag Netflix darb ainm ‘The Queen’s Gambit’. Tá an mhionsraith seo bunaithe ar úrscéal ón údar Walter Tevis. Is í Beth Harmon (Anya Taylor-Joy) an príomhcharachtar agus is imreoir éachtach fichille í óna hóige ar aghaidh, in ainneoin na dúshláin phearsanta a tharlaíonn ina saol féin. Bhí saol deacair aici ón am a fuair a máthair bás agus gur tógadh chuig dílleachtlann í. Nuair a fheiceann sí airíoch na scoile ag foghlaim na fichille san íoslach, bíonn sí fiosrach agus múineann an t-airíoch ficheall di. Bíonn sé gafa leis an bhficheall agus tosaíonn sí ag iomaíocht i gcomórtais fichille agus ag buachan an t-am go léir. Bíonn an scéal ag dul siar agus aniar idir na comórtais agus a saol pearsanta atá fite fuaite le chéile. Sraith thar barr atá ann agus má thosaíonn tú ag breathnú uirthi, ní bheidh tú in ann éirí as!

Cad faoi Tani Adewumi, an ea?  Bhuel, tá cosúlachtaí ar díol iontais iad idir Beth Harmon agus Tani Adewumi. Ach tá difríochtaí suntasacha ann freisin, ní ba lú ina measc gur fíorscéal é scéal Tani. Scéal dochreidte agus inspioráideach atá ann, agus seo achoimre an scéil sin, roinnte ina dhá chuid.

Tani – ocht mbliana d’aois

Cúpla bliain ó shin, scríobh Nicholas Kristof, colúnaí tuairimíochta sa ‘New York Times’, scéal faoi Tani Adewumi. Tháinig Tani go dtí Nua Eabhrac sna Stáit Aontaithe an bhliain roimhe sin (2017). Theith Tani agus a theaghlach as an Nigéir ar eagla go n-ionsódh sceimhlitheoirí antoisceacha Ioslamaigh ó Boko Haram iad, toisc gur Caitlicigh iad. Thug sagart paróiste cabhair dóibh agus fuair sé áit dóibh in ionad do dhaoine gan dídean i Manhattan. Ansin, d’aimsigh an sagart bunscoil do Thani, agus d’fhreastal Tani ar an scoil sin – Scoil Phoiblí 116. Ba ansin a d’fhoghlaim Tani conas ficheall a imirt. Bhí múinteoir aige, Russell Makofsky, agus do mhúin sé an cluiche sa scoil. Ní raibh sé ar acmhainn Tani na táillí teagaisc a íoc, ach leag Makofsky an riail sin ar leataobh do Thani. Sa chéad chomórtas fichille inar imir sé, tháinig Tani san áit dheireanach. Ach bliain ina dhiaidh sin, agus é ocht mbliana d’aois, bhuaigh sé craobh Stáit Nua Eabhrac ina aoisghrúpa, an chéad iomaitheoir a bhuaigh an duais sin ar a chéad iarracht! Páiste éachtach a bhí ann, gan dabht! Tar éis colún Kristof agus le cabhair ó Makofsky an múinteoir, tosaíodh feachtas ‘GoFundMe’ ar son Tani agus a theaghlach. Tháinig an t-airgead isteach go tiubh tréan, agus sula i bhfad bhí méid mór airgid bailithe – $250,000! Ansin, dhíol bronntóir anaithnid cíos árasáin díobh ar feadh bliana! Bhog an teaghlach go dtí an t-árasán sin i gConnecticut. Ach cad a rinne siad leis an airgead, an ea? Bhuel, thug siad an deichiú cuid don eaglais, agus chuir siad an chuid eile isteach i bhfondúireacht a thosaigh siad, darb ainm “Tanitoluwa Adewumi Foundation’’. Beidh an t-airgead san fhondúireacht sin á úsáid acu chun cabhair a thabhairt d’imircigh ón Afraic atá ar an ngannchuid. Chuir an colúnaí ceist ar athair Tani – “nach gcoimeádfaidh tú aon airgead?” “Fuair mé beannacht Dé, agus ba mhaith liom é a roinnt le daoine eile!” a d’fhreagair sé. D’aontaigh Tani leis an gcinneadh sin, freisin.

Tani – deich mbliana d’aois

Scríobh Kristof alt nua faoi Tani le déanaí. Ghlac Tani páirt i gcomórtas fichille oscailte i gConnecticut . Bhí imreoirí ann de gach aois ach bhuaigh Tani an comórtas sin, agus dá bhrí sin fuair sé rátáil fhichille de 2223. Leis an rátáil ard sin, rinneadh Máistir Náisiúnta de, agus é ach deich mbliana d’aois! Níl sé ag imirt fichille ach trí bliana anuas agus é ina Máistir Náisiúnta – is iontach an gaisce é sin! Ach tá sé mar aidhm ag Tani anois a bheith ina Ardmháistir Idirnáisiúnta roimh i bhfad. Chonaic Tani ‘The Queen’s Gambit’, agus dúirt sé go bhfaca sé é féin sa mhionsraith sin! Agus seans mór go mbeidh scannán faoi Tani féin ar an scannán mór luath go leor, eisithe ag ‘Paramount Pictures.’

Is é an scéal mór scríofa i saol Tani ná: Is rud uilíoch é an tallann, ach ar an drochuair níl aon chinnteacht ann maidir le cothromaíocht deiseanna. De ghnáth ní bhíonn deiseanna mar sin ag teifigh, ar chaill siad gach rud gan aon locht orthusan mar gheall air. Ach léiríonn an scéal seo nach bhfuil aon teorainn le spiorad dochloíte daoine , ach amháin an deis a bheith ann agus duine nó beirt toilteanach cabhrú leo!

.

.

.

.

.

Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Séimí an Droichid ar Zoom -Cuid a Dó!

An tseachtain seo caite, bhíomar leath bealaigh tríd ár scéal faoi Séimí an Droichid agus leanaimis ar aghaidh leis anois.

Bhí Séimí ar tí a thuairimí polaitiúla a chur in iúl go tréan maidir le cúrsaí reatha sa Tuaisceart, agus go háirithe faoin DUP.

“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?” a d’fhiafraigh mé de agus mo theanga dingthe go maith i mo phluc agam.

Ná bí ag deifriú ar mhaithe liomsa!” arsa Séimí. D’fhéach sé ar a ghloine a bhí folamh faoin tráth sin, agus é ag beartú a ghloine san aer. “Táim sásta an deis seo a thapú chun mo ghloine a athlíonadh!”

Thóg an bheirt againn sos beag agus rinne mé cupán deas tae dom féin roimh leanúint ar aghaidh ar Zoom.

“Cá raibh mé, a Mhichíl?” arsa Séimí agus é ar ais ina shuí arís. Bhain sé slog as an deoch nua a bhí aige, lig sé osna mhór áthais uaidh, agus ansin d’fhreagair sé a cheist féin.

“Sea, d’iompar a pháirtí féin in aghaidh Arlene Foster, a Mhichíl, mar ní raibh sí ag cloí le seasamh an pháirtí, agus mar nach bhféadfaí glacadh leis an iompar sin, bheadh uirthi imeacht.”

Mura miste leat mé ag teacht romhat, a Shéimí, ach tá ceist agam!” arsa mise.

Ní faic é!” arsa Séimí go lách. “Lean ort!”

“Cad iad na rudaí a rinne sí nach raibh ag teacht le polasaithe agus fealsúnacht an DUP?”

“Ceist mhaith! Bhuel, ar an gcéad dul síos, ní raibh an DUP sásta mar gheall ar an tslí ar láimhsigh Foster an Breatimeacht.  Chuaigh Foster i bpáirt le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, ar chúiseanna sothuigthe. Dúirt Johnson rud amháin ach rinne sé a mhalairt. Sé seachtain tar éis dó aitheasc a thabhairt ag comhdháil an DUP, ag rá nach nglacfadh rialtas na Breataine leis an bPrótacal iarBhreatimeachta, ghlac sé leis an bPrótacal céanna. De réir an tsocraithe sin, chun cloí leis an gComhaontú Aoine an Chéasta, bheadh teorainn chustaim curtha i Muir Éireann idir Tuaisceart na hÉireann agus an Bhreatain Mhór. Tromluí a bheadh ann don DUP agus a lucht tacaíochta, mar bheadh rialacha difriúla sa Tuaisceart i gcomparáid leis an mBreatain Mhór, agus ní raibh siad sásta leis sin ar chor ar bith. Cuireadh an milleán ar Foster, mar or sheas sí an fód ar son a pháirtí, dar leo, agus tá sé ina ghéarchéim pholaitiúil anois. An bhfuil tú liom, a Mhichíl?” Stad Séimí ag caint chun bolgam beorach a ól, agus é ag fanacht le mo fhreagra.

Tuigim, cinnte – ach nach le Boris Johnson an locht? Cén fáth ar leag a pháirtí féin an locht ar Foster?” D’fhreagair mé ceist amháin le ceist eile.

Ceapaim go bhfuil an ceart agat, a Mhichíl agus rinneadh ceap milleáin de Foster tar éis do Johnson feall a dhéanamh ar an Tuaisceart. Ach tá rudaí eile a bhfuil baint acu leis an scéal freisin, agus nuair a chuireann tú gach rud le chéile, tugadh an chúis go cnámh na huillinne.  

Mar shampla, d’amharctaí ar thuairimí Foster faoi cheisteanna sóisialta mar sheasamh rólag agus róliobrálach.  Páirtí le dearcadh an-choimeádach is é an DUP, agus easaontaíonn siad go láidir le ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis, mar shampla. Bhíothas míshásta mar sin le déanaí, nuair a staon Foster ó vóta faoi theiripe athraithe homaighnéasachta, agus b’fhéidir gurb é sin buille maraithe na muice! Dála an scéil, cé go bhfuil an DUP in aghaidh reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach, bhí Foster níos oscailte ná formhór a pháirtí ar an gceist sin freisin.  Thug Séimí sos beag chun deoch eile a fháil. Nuair a shuigh sé síos arís, chuir mé ceist eile air.

Tuigim gach rud atá á rá agat anois, a Mhichíl. ceist deiridh agam ar an ábhar. Roghnaigh an DUP Edwin Poots mar cheannaire – cad a cheapann tú faoi sin?”

In ainm Dé, a Mhichíl, sin scéal eile ar fad, agus níl an t-am againn inniu na sonraí ar fad a leagan amach. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dúinn fanacht tamall, ar aon nós, agus feicfimid cén chaoi a mbeidh cúrsaí. Ach geallaimse duit nach dtiocfaidh maith ar bith as an roghnú sin, mar ní céim sa treo ceart atá ann ar chor ar bith! Ar aon nós, a Mhichíl, bhí sé go hiontach tú a fheiceáil arís, fiú amháin ar Zoom. Tá mé ag teacht isteach ar Zoom agus níl sé deacair é a úsáid. Go raibh maith agat agus slán go fóill!”

Slán!” arsa mise agus dhún mé Zoom. Mar is gnách, thug Séimí ábhar machnaimh dom.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Séimí an Droichid ar Zoom – Cuid a hAon!

Ní féidir liom a dhath a chloisteáil! Oscail do mhaidhc!” arsa mise, agus frustrachas le sonrú i mo thuin chainte. Cúpla soicind ina dhiaidh sin, chuala mé é!

Gabh mo leithscéal, a Mhichíl, ach tá mé aineolach ar an teicneolaíocht nua seo, Zoom a thugtar air, an ea?” arsa Séimí an Droichid. B’fhearr leis go mór a bheith sa “Smugairle Róin” liom, agus muid ag socrú síos sa chúinne in aice leis an tine, agus piontaí pórtair ordaithe againn. Ach ní raibh an Smugairle ar oscailt, de dheasca an víris, agus ní raibh an dara rogha againn ach casadh le chéile ar líne. Cé go raibh cupán tae agamsa, thug mé faoi deara go raibh gloine beorach ar an mbord ag Séimí os a chomhair amach.  

“Aon scéal agat ?”a d’fhiafraigh mé de Shéimí, chun an chaid a chaitheamh in airde.

Bhuel, tá mé vacsaínithe anois, a Mhichíl, ach níl mórán oscailte fós. B’fhéidir roimh i bhfad, beidh rudaí ag teacht ar ais ina gceart arís!”

“Ní bhfuair mé féin an vacsaín fós, ach i gceann cúpla seachtain nó mar sin gheobhaidh mé é freisin. Agus beidh rudaí ag feabhsú le linn an tsamhraidh, ceapaim. B’fhéidir le Dia go mbeimid in ann bualadh le chéile an chéad uair eile ag an Smugairle!”

“Le cúnamh Dé!” arsa Séimí. “Agus beidh deoch níos láidre agat an t-am sin, geallaimse duit!” ar seisean de gháire.

“Beidh, cinnte! Níl beár agam sa bhaile, murab ionann is go leor eile!”  arsa mise agus mé ag spochadh as.

“Múineann gá seift, a Mhichíl!” arsa Séimí, ag caochadh súil go slítheánta orm. Ansin, d’ól sé slog as a dheoch, agus dhearg sé a phíopa. Luigh sé siar sa chathaoir ar a shuaimhneas.  Ansin, gan choinne, tháinig sé aniar aduaidh orm!

Is dócha gur chuala tú an nuacht le déanaí faoi Arlene Foster, agus í chun éirí as mar cheannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann. Cad a cheapann tú faoi sin, a Mhichíl?” D’ardaigh sé a mhala go ceisteach agus ansin bhain sé gal as a phíopa, agus stán sé idir an dá shúil orm go foighneach.

“Tá cealg sa cheist sin, nach bhfuil?” arsa mise. Bhí mé míchompordach mar bhí Séimí fós ag cur na súl tríom. Nuair a bhí mé i mo stócach, le linn na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí, chuir m’athair comhairle stuama orm. Coinnigh do thuairimí polaitíochta duit féin, go háirithe mar gheall ar an Tuaisceart.  Is binn béal ina thost! “ a dúirt sé. Chloígh mé go dílis lena chomhairle agus táim buíoch as an gcomhairle sin i gcónaí. Ach mar is eol do chách, níl srian ar bith mar sin ar Shéimí! “Ach tá mé aineolach go maith ar an gceist sin. B’fhéidir go roinnfeá d’eolas agus do thuairimí liom, a Shéimí?”

“Chun an fhírinne ghlan a dhéanamh, a Mhichíl, is í an fhadhb bhunúsach atá ann ná go bhfuil an DUP ag maireachtáil san am atá thart, agus is le ré eile a bhaineann a dtuairimí polaitíochta. Rinne Arlene Foster iarracht cos a choinneáil leis an aimsir, agus ba í sin a rinne a haimhleas. An dtuigeann tú?”

l mé cinnte, a Shéimí. Cheap mé go mbeadh sí críochnaithe leis an scéim fuinnimh in-athnuaite a bhí mar bhuille marfach ar an gcomhoibriú idir an DUP agus Sinn Féin, agus ar Chomhthionól Stormont féin de bharr na conspóide sin. I mo thuairim, bhí ionadh orm go raibh sí i gcumhacht fós!”

Dóbair di, ach tháinig sí slán an uair sin, tá an ceart agat! Ach níor tháinig an DUP salach uirthi, agus sin an difríocht anois. Níor chloígh sí le script a páirtí, agus sin an fáth go raibh litir mhímhuiníne i gceannasaíocht Foster ar an DUP sínithe ag an gcuid is mó de na Comhaltaí den Tionól Reachtach atá sa pháirtí. Dá bhrí sin, bhí uirthi éirí as a post. An bhfuil tú liom anois?”   

D’iompaigh a pháirtí féin ina haghaidh mar bhí siad den tuairim go raibh sí tar éis éirí níos liobrálaí agus nach raibh sí ag teacht le fealsúnacht choimeádach an DUP níos mó, an é sin atá i gceist, a Shéimí?” a d’fhreagair mé, ag dul sa seans.

“Sin é díreach!” arsa Séimí, agus é ag lasadh a phíopa arís. Ní raibh aon deifir ar Shéimí, mar bhí sé ag baint sult as an seisiún Zoom anois.

Tuilleadh le teacht an tseachtain seo chugainn!

.

.

.

.

Tír eile – an Seanscéal Céanna!

Emilio an Bearbóir

Thug mé an madra amach ag siúl sa chomharsanacht, le déanaí, ní ar ár ngnáthbhealach ach ar bhealach dhifriúil, mar athrú.  Chuamar thar ionad siopadóireachta beag sa bhaile a mbainim úsáid as go minic, mar tá cúpla siopa beag ann agus an siopa bearbóra lonnaithe san ionad céanna. Suas go dtí dianghlasáil na pandéime, bhínn ann go minic ag siopadóireacht, agus gach mí nó mar sin, d’fhaighinn bearradh gruaige sa siopa bearbóra. Tá an bearbóir céanna agam le bliain is fiche anois. Emilio is ainm dó, fear as Cúba ó dhúchas. Is leis an siopa bearbóra, agus cabhraíonn bearbóir eile leis, fear darb ainm John, ó am go ham, agus go háirithe nuair a bhíonn a lán custaiméirí ag fanacht.

Rith sé liom dul go dtí an siopa bearbóra, chun a fháil amach an raibh sé ar oscailt, ós é gur cheadaíodh iad a bheith ar oscailt arís cúpla seachtain ó shin. B’fhéidir go bhféachainn mo chara agus go mbeadh an deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis. Nach mbeadh sé sin go hiontach! Shiúl mé díreach go dtí an siopa, ach bhí an doras dúnta. ‘’Níor oscail sé fós, b’fhéidir roimh i bhfad!” Sin a cheapas ar aon nós! Ní raibh sé éasca féachaint isteach sa siopa mar bhí screamh dhorcha ar na fuinneoga ionas nach mbeadh daoine in ann an taobh istigh a fheiceáil. Ach nuair a chuir mé mo lámh os comhair mo shúile, agus mé in éadan na fuinneoige, bhí mé in ann gach rud a fheiceáil. Baineadh droch-chroitheadh asam ar an toirt!

Ní raibh ann anois ach seomra stórais don teach tábhairne béal dorais. Bhí stólta arda agus lampaí teasa caite sa mhullach ar a chéile, agus gach rud a bhíodh sa siopa imithe. Tháinig tocht orm agus tháinig go leor cuimhní ar ais go tréan chugam.

Nach ann a thugainn mo mhac chun bearradh gruaige a fháil, agus é fós ina luathdhéagóir! Nuair a bhíodh sé ag bearradh a ghruaige, thaispeánadh Emilio fístéipeanna dó – cartúin Disney agus a leithéid. B’aoibhinn le mo mhac dul ann agus bhíodh sé i gcónaí ag tnúth leis an chéad chuairt eile go Emilio. Déanta na fírinne, b’aoibhinn liomsa dul ann freisin. Agus é ag bearradh mo chuid gruaige, bhímis ag geabaireacht an t-am go léir faoi gach ábhar faoin spéir. Go minic, athraíodh ábhar an chomhrá go cúrsaí i gCúba nó in Éirinn, mar bhí suim mhór ag Emilio in Éirinn agus suim mhór agam i gCúba. D’insímis scéalta dá chéile faoi eachtraí ár n-óige inár dtíortha dúchais agus ceol aigeanta na seascaidí agus na seachtóidí le cloisteáil sa chúlra. Ní bearradh gruaige a bhí i gceist dom riamh – ach amthaisteal.

Thagadh cuairteoirí chuig an siopa freisin agus bhíodh fáilte mhór ag Emilio roimh gach cuairteoir, fiú amháin daoine nach raibh bearradh gruaige ag teastáil uathu, agus bhí scéalta iontacha ag gach duine acu agus go háirithe ag na cuairteoirí seasta. Club sóisialta a bhí ann, i ndáiríre, agus bearradh gruaige mar leithscéal teacht le chéile.

Tar éis tamaill mar chustaiméir ann, neartaigh an cairdeas eadrainn.  Nuair a bhí mé in Éirinn samhradh amháin, cheannaigh mé cúpla mionbhuidéal fuisce sa siopa saor ó dhleacht san aerfort. Ar mo chéad chuairt eile go dtí an siopa bearbóra, thug mé mionbhuidéal liom ag deireadh an lae. Fuair mé mo bhearradh gruaige, agus ansin thóg mé amach cúpla mionbhuidéal agus d’ólamar iad. B’aoibhinn le Emilio gach saghas fuisce, ach go háirithe fuisce braiche as Éirinn. Neartaigh an deoch sin an nasc eadrainn agus gineadh nós nua ansin. Gach uair tar éis dom mo bhearradh gruaige a fháil, tharraingínn amach cúpla mionbhuidéal, agus bhíodh an-chraic againn ansin. Uaireanta, bhíodh rum Cúbach ag Emilio, agus d’ólaimis rum iontach cosúil le ’Havana Club Gran Reserva’.   

Tar éis tamaill agus an nós sin againn, nuair a d’fhéachadh Emilio mé ag teacht, deireadh sé: “Ah, seo mo ‘Irish Connection’ ag teacht.” Bhí aithne ag na custaiméirí go léir orm roimh i bhfad agus mise orthu – ach ní raibh a fhios acu cén fáth ar thug Emilio an t-ainm sin orm. Sin rún a d’fhan idir Emilio agus mé féin – go dtí an nóiméad seo, ar aon nós!

Braithim uaim go mór an siopa bearbóra sin, agus go háirithe mo bhearbóir phearsanta agus mo ‘Cuban Connection’. Fuair seoid bheag áitiúil bás, áit sóisialta do mhuintir na háite, agus ní bheidh a leithéid le feiceáil arís, is dócha. Ceapaim go bhfuil mo phost mar an ‘Irish connection’ caillte go deo, freisin! Ní bheidh an saol ach go háirithe bearradh gruaige mar an gcéanna arís!

.

.

.

.

.

gaGaeilge