Ar Bhealach a Shlánaithe!

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Buaileann na ‘Sopranos’ leis an ‘Apprentice’!  B’in é an smaoineamh a bhí agam nuair a chonaic mé Michael Cohen ag tabhairt fianaise do Chomhdháil na Stát Aontaithe le déanaí.  Saghas teilifís réaltachta atá ar siúl, ach ag an am céanna, tá a fhios agam gur eachtra stairiúil atá ar siúl, cosúil le cúrsaí Nixon sa seachtóidí.

D’éist mé le beagnach gach rud a tharla agus bhí cúpla rud aisteach le tabhairt faoi deara.  Seo na rudaí is tábhachtaí a d’fhan liom tar éis na n-Éisteachtaí sin.

Iar-dhlíodóir an Uachtaráin Trump is ea Michael Cohen.  Seo an fear a dúirt uair amháin go nglacfadh sé piléar don Uachtarán.  Ach, ar chlár na mionn, ba scéal eile ar fad aige é. Rinne sé a lán rudaí a d’iarr Trump air a dhéanamh, nuair a bhí a fhios aige nach raibh siad ceart nó dlíthiúil.  Agus cuirfear sa phríosún é ar feadh trí bliana dá mbarr.

Ag tús a fhianaise, leag sé síos an chaoi a mbeadh cúrsaí an chuid eile den lá, nuair a d’fhógair sé gan frapa gan taca faoin Uachtarán Trump: “Tá náire orm mar tá a fhios agam cén saghas duine é an tUasal Trump.  Is ciníoch é, is cneámhaire é agus is séitéir é!” Focail thintrí ba ea iad sin, go háirithe nuair a thuigtear nach raibh sé ag caint faoi cheann feadhna ar bhuíon coirpeach, ach faoi Uachtarán Mheiriceá féin!

Thug Cohen a lán samplaí de rudaí dona ar chabhraigh sé le Trump iad a dhéanamh.  Mhínigh sé a ról in a lán gníomhaíochtaí neamhcheadaithe, ó imeachtaí eastát réadach go ceannach portráid an Uachtaráin, ó litreacha bagracha faoi mharcanna an Trumpaigh ar scoil go híocaíochtaí Stormy Daniels!

D’inis sé dúinn faoi rudaí a chonaic sé á ndéanamh, agus ar chuala sé á rá ag an Uachtarán agus ag oibrí sa Teach Bán.  I gcás amháin, nuair a bhí sé leis an Uachtarán ag tiomáint trí cheantar bocht i Chicago, dúirt an tUachtarán gurb iad na daoine gorma amháin a chaithfeadh a saol mar sin.  I gcás eile, dúirt an tUachtarán go raibh an breithiúnas is measa ar domhan ag a mhac is sine, Donald Trump Junior. Bhí sé sin ag tagairt do chruinnithe leis na Rúisigh faoi Thúr Trump agus b’fhéidir faoi thoghchán na hUachtaránachta.  I gcás eile fós, bhí a fhios roimh ré ag Trump faoi dhumpáil ríomhphost na nDaonlathach ó Wikileaks, mar chuala Cohen Trump agus Roger Stone ag caint faoi ar fón callaire cúpla lá roimh an sceitheadh sin.

Cé go bhfuil na liostaí thuas neamhiomlán, caithfidh tú a admháil nach bhfuil aon easpa eachtraí amhrasacha iontu!

Tar éis a ráiteas tosaigh, chuir Ionadaithe na Comhdhála ceisteanna ar Cohen.  Dá mba Phoblachtánach Comhdhála a bhí ag cur ceisteanna, chuir sé/sí an bhéim go léir ar a phearsantacht, ag iarraidh a thaispeáint gur bhréagadóir a bhí ann, agus gur bréagadóir anois é freisin.  Níor caitheadh mórán ama ag cosaint an Uachtaráin. Má ba Daonlathach Chomhdhála a bhí ann, chaith sé/sí a lán ama ag aontú le Cohen, agus ag ionsaí an Uachtaráin.

Tar éis na gceisteanna, dúirt Cohen an rud aisteach seo:

“Tá imní orm má theipeann air an toghchán a bhuachaint i 2020, nach mbeidh athrú cumhachta síochánta riamh ann agus sin an fáth ar aontaigh mé teacht os bhur gcomhair inniu.”

Bhí focail tábhachtacha le rá ag Cathaoirleach na hÉisteachta, Elijah Cummings (Daonlathach Maryland) ag an deireadh.  Seo mar a dúirt sé:-

“Tá a fhios agam go raibh sé sin deacair.  Tá a fhios agam go bhfuil dúshlán mór romhat.  Tá a fhios agam go bhfuil tú imníoch ar son do chlainne.  Ach is é seo cuid de do chinniúint. Agus tá súil againn go dtreoróidh an chuid seo de do chinniúint chuig an Michael Cohen is fearr,  chuig an Donal Trump is fearr, chuig na Stáit Aontaite ís fearr, agus chuig domhan níos fearr dúinn uilig! Ó mo chroí istigh a thagann an ghuí sin.  Nuair a bhímid ag damhsa leis na haingil, cuirfear an cheist, i 2019, céard a rinneamar chun a chinntiú go mbeadh ár ndaonlathas slán? Ar sheasamar ar leataobh gan tada a rá?  Ar shuíomar fúinn?”

Nach cumhachtach na focail iad sin!  Nach am ríthábhachtach é seo, nuair a tharlaíonn rudaí mar sin sa domhan, fiú amháin i Mheiriceá!

Tá an domhan go léir ag breathnú orainn anois, agus tá súil againn go ndéanfaimid mar ba cheart, agus mar ba chóir dúinn a dhéanamh.

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Eachtra sa Chainneon Mór!

Timpeall is cúig bhliain ó shin chuaigh me ar chuairt specialta go dtí an cainneon mór in Arizona.  Ceann d’Iontaisí an domhain is ea an cainneoin seo agus chomh luath agus a fheiceann tú é, baineann sé an chaint díot!

Cé gurb álainn an radharc é ón imeall, tá sé i bhfad níos áille fós é a fheiceáil laistigh den chainneon fhéin.

Tá a fhios agam sin mar téim ar siúlóid mór sa chainneon seo beagnach gach bliain.  Uaireanta tosaím an t-siúlóid ón taobh thuaidh agus uaireanta eile ón taobh theas. De ghnáth siúlaim síos go dtí an abha mhór ag bun an chainneoin, Abha an Cholorado, agus ansin aníos agus ar ais go dtí imeall an chainneoin.

An t-am seo atá i gceist agam, thosaigh mé ar m’eachtra ag a ceathair a chlog ar maidin.  Thug me faoi deara go raibh storm mhór ar siúl, b’fheidir fiche ciliméadar i bhfad uaim. Chonaic mé splancacha tintrí agus chuala mé pléascanna toirní ach bhí an aimsir maith go leor sa chainneon féin.  Bhí se ag cur beagán baistí san áit ina raibh mé fhéin agus chuir mé orm mo chóta baistí agus ar aghaidh liom!

Bhí go maith agus ni raibh go holc, agus tar éis trí uaire, nó mar sin, bhí an storm ar siúl fós agus ní raibh sé chomh fada uaim anois is a bhí sé níos luaithe.  Bhí an bháisteach níos troime anois freisin. Lean mé ar aghaidh go dtí an ‘Phantom Ranch’ ag bun an chainneoin. Sin baile beag ina bhfuil siopa agus b’fhéidir fiche bothán beag.  Tá sruthán mór in aice leis darb ainm ‘Bright Angel Creek’. Chonaic me a lán daoine ar bruach an t-srutháin, agus díreach ina dhiaidh sin chuala me torann bodhraitheach cosúil le h-eitleán cogaidh.  Ghabh me síos go dtí an bruach agus chonaic mé go raibh sé ag rith go tapa, agus ag déanamh torainn mhóir mar bhí na clocha lastigh ag tormáil. Bhí an t-uisce féin ag coipeadh go tiubh agus é chomh dearg le fuil, geall leis, agus bhí géaga crann á scuabadh leo ar uachtar an uisce.  Ní fhaca me a leithéid riamh. Cuirfeadh sé faitíos ar dhuine ar bith! D’fhiafraigh mé de dhuine éigean céard a bhí ar siúl. ‘Maidhm thuile’ atá ann adúirt sé, nach uamhnach é? Sea! a d’fhreagair mé.

Thuig mé díreach cen fáth go bhfuil an cainneon seo mar atá sé anois.  Seo cumhacht an nádúir, agus go háirithe, cumhacht an uisce ag obair thar thréimhse fada!

Ach ní raibh mé in ann fanacht mar bhí orm filleadh ar ais.  Bhí faitíos orm, ach mar sin féin, thosaigh mé ag siúl romham.  Uaireantra, chonaic mé uisce ag scuabadh léi in áiteanna nach sníonn sí de ghnáth.  Sin mar a scéith an abha, a dúirt mé liom féin. Bhí deifir orm anois mar bhí mé neirbhíseach.

I dtobainne, chonaic me go raibh uisce ar gach thaobh dom, ag rith go tapa.  Bhí me gafa anseo; bhí athbhuile ar mo chroí agus bhí sé deacair anáil a tharraingt..  “Ná cuir scaoll fúm!” adúirt mé liom féin, “fan anseo noiméad agus smaoinigh ar an rud is fearr duit a dhéanamh!”  Tharraing mé m’anáil go deas mall, cúpla uair, agus mé ag comháireamh go dtí a deich gach uair. Ansin, rinne mé taithscéalaíocht agus chonaic mé go raibh sruth amháin níos laige ná na cinn eile.   Thosaigh mé ag dul trasna an tsrutha sin, agus ag úsaid mo bhataí siúil chun fanacht ar mo chothrom. Bhí an t-uisce go coim orm ,agus bhí se an-deacair dul trasna. Dá dtitfinn thitfeadh mé isteach in eas a bhí sa sruth agus bheinn caillte.  Ach d’éirigh liom agus tar éis sin ní raibh aon fhadhb eile agam ag dul ar ais go dtí an bruach.

Nuair a bhailíonn báisteach i sruthanna beaga, agus nuair a ritheann na sruthanna sin síos meascann siad le sruthanna eile, agus go luath méadaíonn siad go dtí go mbionn abha mhór agus cumhacht dochreidte iontu!  Maidhm thuile a tugtar ar an feinimeán seo, agus tá sé an-dáinséarach ar fad do gach rud beo ina bealach.

Bhí an t-ádh dearg i mo chaipín nár tharla timpiste dom, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé i bhfad níos cúramaí anois nuair a théim ar siúlóid, agus bím ag éisteacht go haireach le tuar na haimsire!

.

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Sága an Leathanbhanda!

Níl leathanbhanda ardluais agam fós, mar tá fadhbanna móra ag baint leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.  Mura bhfuil a fhios agat cad atá i gceist agam, agus cén fáth gur ábhar tábhachtach é, is é atá i gceist ná rochtain idirlín in Éirinn.  Tá rochtain idirlín mar ocsaigin nó uisce sa lá atá inniu ann. Tá sé tábhachtach do dhaoine sa bhaile agus do ghnólachtaí. Tá sé tábhachtach d’eacnamaíocht na tíre anois, agus beidh sé i bhfad níos tábhachtaí sa todhchaí.  Níl seirbhísí idirlín ag breis is milliún daoine sna ceantair thuaithe. Agus mar sin, déanann na fadhbanna leis an bplean dochar millteanach do na ceantair sin. Ní rud maith don tír é seo!

Táimse féin ag fanacht le leathanbhanda le blianta anuas anois.  Tháinig cábla snáthoptaice chomh gairid dom le leath ciliméadair, ach stad sé ansin.  Tá mo theach i gCarraig Seabhac i ndeisceart an chontae. Shocraigh mé beagán taighde a dhéanamh ar an ábhar, le teann caidéise.  Bhain a bhfuair mé amach siar asam.

Tá scéal an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda dochreidte.  Níl spás anseo an scéal go léir a insint, ach seo na buaicphointí.  Bhí an plean cumtha i 2012 le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do gach duine agus gach comhlacht in Éirinn faoi dheireadh 2020.  Thógfadh sé sin cáblaí snáthoptaice a crochadh go 840,000 áitreabh. Chuir an Rialtas amach cuireadh chun tairisceana don togra seo. I lár 2016 phioc siad trí thairgeoir agus thosaigh an chéad chéim eile den phróiseas ansin.  Thosaigh an trioblóid freisin.

I lár 2017 rinne ceann de na tairgeoirí – Eir, margadh leis an Rialtas, chun breis ar 300,000 do na háitreabh a choimeád dóibh féin, le gealltanas seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil dóibh roimh dheireadh 2018  . D’fhan Eir in iomaíocht leis an dá thairgeoir eile freisin, sin SIRO (ilchomhlacht ESB agus Vodaphone) agus ENET (comhlacht snáthoptaice faoi úinéireacht Granahan McCourt ag an am sin).

I Meán Fómhair 2017, tharraing SIRO amach, ag rá nach raibh cás tráchtála ann a thuilleadh.  Is dócha tar éis na 300,000 áitreabh a bhaint amach, bhí an cás tráchtála níos measa dóibh.

In Eanáir 2018, tharraing Eir amach, ag rá go raibh imní orthu faoi rialacháin agus praghsáil.   Thart ar an am sin, tháinig SSE (comhlacht fóntais as Albain) agus John Laing (comhlacht forbraíocht infreastruchtúr) isteach le ENET sa mhargadh.  Ansin ní raibh ach an cuibhreannas sin fágtha. An iomaíocht go léir imithe! Agus anois bhí Dave McCourt (fiontraí Gael-Meiriceánach agus bunaitheoir a comhlacht infheistíochta Granahan McCourt Capital) mar chathaoirleach an cuibhreannas.

I lár na bliana 2018, bhí go leor cruinnithe idir an tAire Dennis Naughten, agus Dave McCourt.  I mí Iúl d’fhág SSE an cuibhreannas tairiscint. Rinne Granahan McCourt margadh le Irish Infrastructure Fund (IIF) ( comhlacht infheistíochta faoi thacaíocht an Stáit), agus cheannaigh IIF an chuid is mó den chomhlacht ENET.

I Meán Fómhair fuair an Rialtas an tairiscint dheireanach ón gcuibhreannas.  Bhí an cuibhreannas sin ag athrú fós, mar d’imigh John Laing amach agus tháinig Actavo (comhlacht Denis O’Brien), Nokia, The Kelly Group agus KN Group isteach.  Thart ar an am sin, d’íol McCourt an píosa ENET a bhí fágtha aige go IIF.

Beagán ina dhiaidh sin, thug comhlacht Luxembourg – Cube, cás i leith McCourt, ag deimhniú gur gheall sé go ndíolfadh sé cuid den ENET dóibh, agus mar sin go raibh sé ag sárú an chonartha eatarthu.

Agus ansin, fuair daoine amach go raibh cruinnithe idir Naughten agus McCourt, cruinnithe  príobháideacha san áireamh. Tarraingíodh go leor ceisteanna eiticiúla ansin faoi na cruinnithe sin.   Bhí brú ollmhór ar Naughten ansin, agus d’éirigh sé as a phost go luath ina dhiaidh sin.

I mí an Mhárta 2019, níl aon socrú fós.  Beidh an togra seo an daor – suas le 3 billiún Euro a deirtear.

Scéal an-chasta is ea é, agus ag deireadh an lae, níl ach tairgeoir amháin fágtha, atá tar éis athrú an oiread sin nach é an t-eintiteas céanna anois é.  B’fhéidir go bhfuil sé in am don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean, mar chomh maith le fadhbanna tairgeoirí, is fiú bheith ag machnamh ar theicneolaíochtaí nua freisin atá ar fáil anois nó go luath.

Idir an dá linn, ní bheinn ag féachaint ar Netflix ag mo theach go ceann tamall maith eile!

.

.

.

.

.

.

Ar Bhealach a Shlánaithe!

An tOileánach Deireanach

Comhthéacs

Do scríobhas go mion-chruinn ar a lán dár gcúrsaí d’fhonn go mbeadh cuimhne i ball éigin ortha agus thugas iarracht ar mheon na ndaoine bhí im’ thimcheall a chur síos chun go mbeadh ár dtuairisc ’ár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann.

Scríobh Tomás ó Criomhthain é seo sa bhliain 1926, sa leabhar “An tOileánach. Bhí údair cháiliúla eile ó na Blascaodaí ag scríobh leabhair thart ag an am céanna, go háirithe Peig Sayers (Peig) agus Muiris Ó’Suilleabháin (Fiche Bliain ag Fás).

Ba iad eachtrannaigh a thóg faoi deara go raibh Gaelchultúr speisialta caomhnaithe ar na Blascaodaí, agus nach raibh aon áit eile san Eoraip ina raibh seanchultúr beo fós. Ar dtús, i 1907, tháinig an tOllamh Carl Marstrander ón Iorua chun Gaeilge a fhoghlaim. Ba é ‘an Viking’ an leasainm a chur na daoine áitiúla air. Chas le Tomás Ó’Criomhthain agus déirigh sé soiléir gan mhoill gurb é Tomás an Máistir  agus Carl an scoláire. Chuaigh Carl go Baile Átha Cliath tar éis sin ag obair mar Ollamh an tSean-Ghaeilge. Tháinig mac léinn ón Bhreatain Mhór darb ainm Robin Flowers, chun staidéar a dhéanamh faoi stiúir Carl. Spreag Carl é turas a thabhairt ar an Bhlascaod Mór. Thit na hOileánaigh i ngrá le Bláithín, an leasainm a thugtar air!

Tinig daoine eile ansin chun foghlaim agus staidéar a dhéanamh. D’iarr siad ar na hOileánaigh a scéalta féin a scríobh síos ionas nach gcailltear iad. Mar sin scríobh roinnt bheag Oileánaigh na leabhair tábhachtaigh thuas. Léiríonn na leabhair cháiliúla saol mhuintir na Blascaodaí dúinn go léir.  

.

The Loneliest Boy in the World

Le déanaí, léigh mé leabhar Béarla darb ainm “The Loneliest Boy in the World”, le Gearóid Cheaist Ó Catháin agus Patricia Ahern. Chuirmé i gcuimhne na smaointe thuas.

Déanann Gearóid cur síos ar shaol ar an Bhlascaod Mór sular aistríodh amach ar an míntír an tríocha duine a bhí fágtha. Scríobh Liam Robinson alt faoi Ghearóid i 1949, ina ndúirt sé gurb é Gearóid ‘the loneliest boy in the world’, mar ní raibh páiste eile ar an oileán ag an am sin. Cé nach raibh sé sin fíor, bhain Gearóid cáil amach de bharr sin.  

Nuair a chonaic an t-údar Patricia Ahern agallamh teilifíse le Ghearóid ar TG4, bheartaigh sí teagmháil a dhéanamh leis chun comhobair ar leabhar. Ar dtús, níor chreid sé go mbeadh aon suim ag daoine ina shaol. Ach chuir Patricia a mhalairt ina luí air, agus scríobh siad an leabhar.  Bhain sé na deora asam, mar táimid ag léamh scéal brónach faoi dheireadh.

Sa leabhar, buailimid le clann Ghearóid daoine iontacha flaithiúla cé go bhfuil saol deacair acu. Is rud iontach an ceangal idir Gearóid agus a chlann, go háirithe a sheantuismitheoirí. Déanann Gearóid cur síos maith ar shaol a mhuintir ar an Oileán agus i nDún Chaoin inár shocraigh siad tar éis bhogadh ón Oiln i 1954.

D’fhreastal sé ar scoil Naomh Seosamh in Achadh Úr i gCill Chainnigh ar feadh tamaillín, ach níor thaitin sé leis mar scoil forbhannach a bhí ann. Bhí sé níos sásta ag freastal ar scoil sa Daingean agus ba bhreá lena chroí é. Thosaigh sé ag imirt peile le foireann na scoile, and d’éirí go mór leis sa spórt sin.

Tar éis scoil, thosaigh sé ag obair i gCorcaigh le comhlacht leictreachais. Bhí poist éagsúla aige tar éis sin. Phós sé a bhean chéile i gCorcaigh agus bhí beirt chlainne acu.

Sna hochtóidí nuair a d’ iarr Meiriceánach an Blascaod mór a cheannach, tháinig cuthach feirge ar Ghearóid agus chuaigh sé isteach i bhFondúireacht an Bhlascaod agus d’éirigh leo stad a chur leis. Ag an am seo, is leis an Rialtas dhá thrian den Blascaod Mór ach tá an chuid eile le húinéireacht phríobháideach. Dá bhrí sin, níl an Rialtas in ann Páirc Náisiúnta a chruthú fós, ach tá súil againn go mbeidh Páirc Náisiúnta ann lá amháin chun cuimhní cultúr speisialta na háite a chaomhnú. Bheadh sé sin ina Clabhsúr iontach chomh maith le tosach úrnua i ról cultúrtha do na hOileáin speisialta seo.

.

Ar Bhealach a Shlánaithe!

Dialann Scoláire

Bhí mé ag siortú trí mo tharraiceáin le déanaí agus rún agam slacht a chur orthu.  Bhí mé istigh ina gceartlár nuair a tharraing rud éigin m’aird. Leabhar nótaí stróicthe a bhí ann, agus bhí m’ainm lámhscríofa go bródúil ar an gclúdach.  Thuig mé láithreach go mba leabhar an-sean a bhí ann, agus bhí sé sin deimhnithe nuair a d’oscail mé é.

Bhí dáta scríofa ag barr gach leathanach, os cionn scríbhneoireacht pháistiúil.  Dialann bheag as Gaeilge a bhí ann, dar m’fhocal, agus míorúilt a bhí ann gur tháinig sé slán chomh fada sin.  Bhí mé ar bís le tosú ar é a léamh. Bhí sé an-suimiúil ar fad agus taisceadán todhchaí mo shaoil féin a bhí ann.  Ó ré eile ar fad an diallann beag seo, agus b’fhéidir go mbeadh suim agat mionsampla as a fheiceáil, mar tugann sé spléachadh daoibh ar shaol scoláire cónaithe i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh ag tús na seachtóidí.

Seo iad an chéad chúpla iontráil dialainne, le cúpla ceartúchán beag.  Cuirim cúpla nóta lena bhfuil ráite, freisin.

Eanáir 21

Tá mé sa staidéar anois, agus tá mé ag obair go dian.  Tá buachaill mór ina shuí ar bhinse os comhair an ranga.  Tá sé i bhfeighil an staidéir, agus má bhíonn aon duine ag cogarnach nó ag casadh timpeall le linn an staidéir, glaonn sé ar an mbuachaill sin agus iarann sé air dul suas go dtí oifig an Athar Ó’Conchubhair agus a insint dó go raibh sé dána.  Ar an drochuair dom, bhí mé féin gafa ag cogarnach, agus bhí orm é sin a insint don Déan, an tAthair Ó’Conchubhair. Geallaimse duit go raibh pian i mo lámha agam agus mé ag teacht ar ais óna sheomra.

Nótaí:

Halla staidéir a bhí i gceist anseo.  Bhí ar na scoláirí cónaithe a bheith ag staidéar sa halla seo ar feadh trí huaire gach lá sa tseachtain.  Bhí briseadh againn i lár an lae chun an dinnéar a ithe. Bhí sé in am dul a chodladh díreach tar éis an staidéir.

Bhí scoláire sinsearach inár gceannas i rith an staidéir, agus cuireadh an locht airsean mar gheall ar iompar a ranga.  Bhí diansmacht curtha i bhfeidhm, mar ba chroíphrionsabal é san oideachas ag an am sin, faoi thacaíocht phionós corpartha.  Is deacair dúinn a chreidiúint go raibh pionós corpartha inghlactha riamh inár scoileanna. D’fhéadfaí tú a chur i gcarcair trí lámh a leagan ar scoláire sa lá atá inniu ann.

Eanáir 22

Tá mé im scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin agus ní maith liom é, mar níl an bia go deas.  Bhí na béilí sa bhaile i bhfad níos fearr.

Ní maith liom bheith ar scoil mar buaileann na múinteoirí mé.

Tá sé fuar sa leaba agus níl ach trí bhlaincéad thanaí orm.

Tá a lán scrúdaithe le déanamh agam – cúig cinn sa bhliain!  Níl ach trí cinn le déanamh ag buachaillí i scoileanna eile.

Ach nuair a bheidh mé mór, beidh a fhios agam ag an am sin gurbh é seo an rogha scoile ab fhearr.

Nótaí:

Is léir dúinn ón iontráil seo go raibh mé ag streachailt leis na dálaí maireachtála ar an iliomad slí.  Tá sé rí-shoiléir go raibh deacracht agam le pionós corpartha, mar luaigh mé é sa chéad iontráil freisin.  Bhí sé seo ríthábhachtach i mo shaol féin, mar dar liom, bhain an scoil mí-úsáid as a gcuid údarás. Spreag an imeagla fisiciúil sin dubhfhuath údaráis ionam don chuid eile dem shaol.  Dar liomsa, theip go mór ar an scoil agus ar an chóras oideachais an rud a bhí beartaithe a chur i gcrích.

I gcás na rudaí eile, ní raibh siad chomh tromchúiseach mar ba  iad gnáthdheacrachtaí an scoláire cónaithe ag an am sin. Sea – ní raibh an  leaba ró-chompordach; ní raibh bia an phroinntí ró-bhlasta agus dar ndóigh, bhí an iomarca scrúdaithe dúshlánacha againn.  Ach neartaigh na rudaí sin ár gcarachtair, agus d’ullmhaigh siad muid don saol mór.

Agus cé go raibh mé míshásta tríd is tríd, bhí a fhios agam, go mbeadh saol níos fearr agam sa todhchaí, agus mar sin gurbh fhiú dom cur suas leis an míchompord sealadach sin!

B’fhéidir go bhfuil ceacht ann dúinn go léir anseo – go háirithe sna laethanta rathúla atá ann anois!

.

gaGaeilge