Tromluí Meiriceánach!

Tromluí Meiriceánach!

Leanfaidh mé ar aghaidh leis an dara scéal mar gheall ar mhuintir Petrocelli as Staten Island i Nua-Eabhrac. Sa chéad scéal tubaisteach, chualamar faoi chúlra na clainne, agus ansin go háirithe faoi cad a tharla do Mark Petrocelli ar an lá sin na cinniúna, 11 Meán Fómhair, 2001.

Cailliúint ollmhór ba ea bás Mark don chlann, ach lean siad ar aghaidh chomh maith agus a thiocfadh leo. Chuidigh a gcreideamh go mór leo déileáil leis an tragóid uafásach, ach ní raibh lá éasca acu riamh. Bhí sé an-tábhachtach dóibh iad féin a choimeád gnóthach, agus d’oibrigh Ginger agus Al (tuismitheoirí Mark) mar Mhinistrí Eocairiste ag an eaglais áitiúil – eaglais na Maighdine Muire, Réalt na Mara. Bhí Al ar bord iontaobhaithe na heaglaise agus bhí sé ina léitheoir san eaglais freisin. Bhí Ginger ar fhoireann babhlála na heaglaise.

Sa bhaile, b’aoibhinn le hAl aire a thabhairt dona gharraí glasraí, agus bhíodh sé an-ghnóthach leis an obair sin, go háirithe san earrach. Go minic, rinne Ginger agus Al sealaíocht ar a chéile ag tiomáint a ngariníonacha Emily agus Lily, go dtí a scoil agus imeachtaí éagsúla.

Lá amháin sa bhliain 2015, gan coinne ar bith, fuair siad scairt gutháin ó Michael Coppotelli, alumnas na meánscoile céanna ar fhreastal Mark uirthi. Stiúrthóir cúnta scoileanna Ard-deoise Nua-Eabhrac ba ea Michael anois, agus thug sé cuireadh don chlann freastal ar dheasghnátha ilchreidmheach a bheadh ar siúl ag an Ionad Cuimhneacháin san Ionad Trádála Domhanda.  Bhí an Pápa ar cheann de na ceannairí reiligiúnacha a bheadh i bhfeighil ag an gcomóradh. Ghlac an chlann go fonnmhar leis an gcuireadh.

Gan mhoill ina dhiaidh sin, oíche amháin, bhí brionglóid ag Albert. Sa bhrionglóid, dúradh leis a phaidrín agus cártaí urnaí ar son a mhac Mark a thabhairt leis go dtí an comóradh, agus go mbeannódh an Pápa iad.

“Ní raibh a fhios agam an dtarlódh a leithéid, nó cén chaoi a dtarlódh sé,” arsa Al. “Bhí mé ag únfairt an oíche ar fad, ag smaoineamh dá mbeinn in ann na rudaí a thabhairt do Chairdinéal Ó Dóláin, b’fhéidir go mbeadh sé in ann iad a thabhairt don Phápa.

Ag an searmanas, bhí an t-ádh dearg ar Ginger agus Al, mar bhí siad suite gar don tosach. Nuair a bhí an Pápa ag fágáil, d’fhéach sé ar Al, agus thapaigh Al an deis sin.

“Athair Ró-Naofa,” a dúirt Al, “ar mhiste leat na paidríní agus cártaí urnaí seo a bheannú ar son ár mac Mark?” Agus bheannaigh an Pápa iad, rinne sé comhartha na Croise, agus leag sé a lámh orthu.

“Tarlaíonn míorúiltí,” arsa Al. “Uaireanta, is gá dúinn a bheith oscailte do na féidearthachtaí!”

.

.

Ar Lá Fhéile Pádraig seo caite (2020), thug Al cuairt ar a dhochtúir mar d’airigh sé tinn. Ar 24 Márta, diagnóisíodh go raibh an galar COVID-19 air. Thug Ginger aire dó ar feadh cúpla lá, agus bhí sé an-lag, agus ina chodladh formhór an ama. Ach nuair a d’éirigh sé deacair dó a anáil a tharraingt, tugadh go dtí an t-ospidéal é. Fuair sé bás ar an chéad lá d’Aibreán, nuair nach raibh ach 73 bliana slánaithe aige.

Ag labhairt faoi thionchar na dtragóidí, dúirt Al Óg:   

“I gcás Mark, bhí sochraid againn san eaglais gan a chorp. Agus i gcás m’athair, bhí a chorp againn ach ní raibh sochraid ceadaithe de dheasca an víris.  Saghas Amharclann na hÉigéille atá i gceist, I ndáiríre.”

D’admhaigh Al Óg gur fágadh ina staic é nuair a chuala sé drochscéala a athair!

Ar 11 Meán Fómhair, 2001, bhí a fhios ag Al Óg agus a athair go maith go raibh an t-aer lán le truailleán nimhiúil, ach ní raibh aon rud ar domhan a d’fhéadfadh stop a chur leis a gcuardach tábhachtach.

Cé nach bhfuil fianaise dhoshéanta ar fáil fós, tá sé soiléir go léir go bhfuil na freagróirí éigeandála 11 Meán Fómhair i níos mó contúirte an galar COVID-19 a tholg ná an gnáthphobal.

Mar sin, is é an rud is aistí faoi scéalta mhuintir Petrocelli, ná seans maith go raibh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta freagrach as ní hamháin bás Mark, ach bás a athair freisin.  Fiú fiche bliain ina dhiaidh ionsaithe uafásaigh 11 Meán Fómhair, tá an Tromluí Meiriceánach sin ag marú daoine fós – dochreidte!   

.

.

Tromluí Meiriceánach!

Aisling Mheiriceánach!

Tugtar ‘eachtra eala duibhe’ nó ‘Black Swan event’ as Béarla ar eachtra neamhghnách a bhfuil tionchar mór ag baint leis, ach go bhfuil ach seans an-bheag a tharlóidh sé. Tá sé deacair go leor a shamhlú eachtra amháin mar sin ag tarlú, ach céard faoi dhá eachtra mar sin agus iad araon ag dul i bhfeidhm go mór ar theaghlach amháin. Lig dom scéal dochreidte a insint duit anois.

Aisling Mheiriceánach

Bhí aithne mhaith ar Albert Petrocelli le fada ina cheantar in Staten Island, i Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe.  Dá mba thiománaí é Albert, ní bheadh an clú céanna ag baint leis. Ach b’fhearr le hAlbert siúl gach seans ar féidir leis. Bheadh sé feicthe agat beagnach gach maidin agus é ag dul ar Aifreann. Bheadh a fhios agat gur fear diaganta a bhí ann, mar bhíodh an choróin Mhuire ar a mhéara aige agus é ag siúl. Bhí na clocha paidrín déanta as marmar Chonamara. Cheapfá gur rud ait é sin, go dtí go bhfuair tú amach go raibh sé pósta le Gael-Mheiriceánach.

Chas Albert le Ginger Walsh ag siopa uachtair reoite nuair a bhí an bheirt acu fós ag freastal ar an meánscoil. Go luath ina dhiaidh sin thosaigh siad ag siúl amach le chéile agus laistigh de bhliain bhí siad geallta. Ansin, coinscríobhadh Albert san arm, agus sula i bhfad roghnaíodh é le dualgas gníomhach i Vítneam. Phósadh iad faoi dheifir ansin sular imlonnaíodh é, ar an 18 Márta, 1967, idir Lá Fhéile Pádraig agus Lá Fhéile Iósaf – féile thábhachtach san Iodáil.
Tháinig Albert slán abhaile ó Vítneam tar éis bliana ann, agus sula i bhfad bhí beirt mhac acu, Albert agus Mark. Thairg an Rannóg Dóiteáin Chathair Nua-Eabhrac post dó mar chomhraiceoir tine, agus ghlac sé é. Rinne sé staidéar agus bhain sé amach cáilíocht ghairmiúil, íoctha as ag an Arm faoin ‘GI Bill’.  D’éirigh sé a bhealach aníos trí na céimeanna go dtí go raibh sé ina cheannaire cathláin. Tógadh na mic i dteaghlach grámhar. Lean Albert Óg a athair agus d’oibrigh sé don Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac.  Tar éis tamall, ceapadh ina cheannaire cathláin é. Lean Mark slí eile agus fuair sé post mar chléireach ag obair do bhróicéirí tráchtearraí, ag seachadadh orduithe dóibh san ionad trádála. Tar éis dóibh pósadh, cheannaigh na mic tithe sa cheantar, gar don áit inár rugadh agus tógadh iad. Bhí iníon ag Albert agus a bhean, agus ceapadh Mark mar bhróicéir tráchtearraí ar an 9 Meán Fómhar, 2001.

Mhaithfí duit dá smaoineofá gur fíoraíodh an aisling Mheiriceánach dóibh, agus bheadh an ceart agat go pointe áirithe. Ar an drochuair, ní mar an gcéanna fíorú na haislinge agus í a choinneáil beo –  go háirithe nuair a tharlaíonn eachtra eala duibhe duit!

.

Tromluí Meiriceánach

Sular fhág Mark a theach ar maidin an 9 Meán Fómhar, dúirt sé lena bhean chéile go mbeadh a chéad chruinne bróicéirí ar siúl ‘thuas staighre’. Ní raibh a fhios ag Nicole gur chiallaigh sé sin an dara hurlár is nócha sa Túr Thuaidh san Ionad Trádála Domhanda Trádála. Cheap sí gurb é an foirgneamh inar oibrigh sé de ghnáth a bhí i gceist. Faraor, bhí an-dearmad uirthi! Bhí an chruinne ar siúl nuair a bhuail an chéad eitleán, agus níor mhair fiú duine amháin ar an urlár sin.

Sa tráthnóna, chuaigh Albert Mór agus Albert Óg go dtí láthair na tubaiste, ag lorg Mark. Tar éis dóibh dhá lá ag cuardach taisí Mark, thit an lug ar an lag orthu ar an tríú lá, agus ar a thríochadú lá breithe.

De réir a chéile, fuarthas baill choirp Mark. Nuair a fuair siad a ghiall, dea-scéala dóite a bhí ann. Thug sé saghas clabhsúr dóibh agus ag an am céanna thug sé sólás dóibh, mar meabhraítear dóibh a mheangadh mór nádúrtha – saintréith an fhir mhacánta seo.

Ar an 10 Lúnasa, 2002, créamadh a thaisí, i Reilig an Aiséirí, gar don áit ar chaith sé a shaol go léir.

Thóg athair Mark leacht cuimhneacháin dó ina ghairdín cúil, le bratacha chun urraim a thabhairt do na daoine a cailleadh ar 9/11. Bhí dealbha aingeal timpeall croise bige déanta as cruach ón Ionad Trádála Domhanda, agus bhí portráid Mark ar lá a phósta i measc na n-aingeal.

Ar bhealach éigin, fuair an teaghlach an misneach le leanúint ar aghaidh, agus chuimhnigh siad ar Mark gach aon uile lá.

Inseoidh mé scéal faoin dara heala dhubh duit an tseachtain seo chugainn.

.

.

.

.

.

.

Tromluí Meiriceánach!

Dialanna an Ghorta Mhóir!

Tharraing leabhar amháin m’aird sa siopa leabhar le déanaí, agus cheannaigh mé é gan mhoill. “1847 Famine Ship Diary” darb ainm dó, scríofa ag Robert Whyte. Leabhar beag atá ann, agus léigh mé an leabhar go hiomlán i gceann cúpla lá.

Scríobh an t-eagarthóir James Mangan an Réamhrá, agus dúirt sé go soiléir nach ndearna sé ach mionathruithe don bhunleagan ar scríobh Robert Whyte. Sa réamhrá sin, rinne Mangan tagairt do dhialann eile ó Gerald Keegan, ar scríobh sé leabhair faoi roimhe sin. Tharraing sé sin m’aird, mar bhí mé cinnte gur chuala mé rud éigin faoi dhialann Gerald Keegan tamall ó shin.

Ar aon nós, bhí an leabhar beag an-suimiúil, scríofa i stíl réasúnta crochta, le cur síos ar an long, ar an gcaptaen agus a bhean chéile, ar an máta loinge agus an fhoireann loinge, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, ar na paisinéirí mí-ábharacha a bhí pulctha isteach sa bholg lasta. Scríobh Whyte faoin drochdhóigh a bhí ar na teifigh sin, agus iad ar anchaoi. Bhí easpa spás, easpa bia agus easpa uisce ann agus an tífeas ag scaipeadh ar luas lasrach ina measc. Fuair méid mór daoine bás ón ngalar ar muir agus méid mór eile i gcoraintín i Gross Île i gCeanada. Ó am go ham, rinne Robert Whyte mionchur síos ar áilleacht na háite, agus iad ar a dturas suas Abhainn San Labhrás i gCeanada. Codarsnacht mhór a bhí ann idir céard a bhí le feiceáil taobh amuigh agus taobh istigh den long gorta sin, agus níorbh fhéidir liom iad a réiteach i m’intinn ar chor ar bith. Bhí codarsnacht mhór freisin idir ceathrú an criú agus ceathrú na bpaisinéirí bochta. Cé go raibh spás fairsing agus neart le nithe agus le hól ag an gcriú, ní raibh faic ag na teifigh faoin deic! Baineadh na deora asam, caithfidh mé a rá! Bhí fearg an domhain orm freisin, faoin drochíde a fuair pobal na hÉireann ó rialtas na Breataine ag an am!

Tar éis dom an leabhar a chríochnú, rinne mé taighde ar James Mangan agus baineadh stangadh asam leis na torthaí a fuair mé faoin ngaotaire neamhscrupallach sin! Rugadh agus tógadh Mangan i 1907 in Ontario i gCeanada, agus rinneadh bráthair de la Salle agus múinteoir de. Bhí gaol i bhfad amach idir James Mangan agus an file cáiliúil Éireannach James Clarence Mangan. Ach is é an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé faoi James Mangan ná nach raibh aon cháilíocht ar chor ar bith aige ag baint le hábhar a leabhair.

D’fhoilsigh Mangan dialann Keegan trí huaire in achar deich mbliana, ag rá go dtí an tríú leabhar gur ficsean a bhí ann agus ansin leis an tríú leabhar “Famine Diary: Journey to a New World, gur neamhfhicsean a bhí ann. Ní raibh mórán difríocht idir na leabhair áfach agus dúirt Mangan go raibh siad go léir bunaithe ar fhótachóip dialainne Keegan a fuair sé, ach ní raibh aon fhianaise chomhthacaíoch againn riamh faoin dialann líomhanta sin. D’fhoilsítear an tríú leabhar sin “Famine Diary” in am don Chothrom 150 bliain ó thús an Ghorta Mhóir, agus bhain an leabhar barr an liosta sárdhíola amach go tobann! Tharraing an leabhar aird na staraithe ansin, agus chruthaigh siad nach raibh sa leabhar ach cur i gcéill.

Cheap mé go mbeadh an scéal i bhfad níos fearr i gcás dialann Robert Whyte, ach ní raibh! Cé gur fhoilsítear dialann Robert Whyte sa bhliain 1848, agus cé nach ndearna Mangan athruithe móra air, ina ainneoin sin bhí ceisteanna ann faoi Robert Whyte agus a scéal. Mar shampla, ní raibh na staraithe in ann a fháil amach cé hé an fear seo Whyte ó cheart, mar níor éirigh leo teacht ar aon taifead stairiúla faoi. Sampla eile é nár ainmnigh Whyte an long nó na daoine tábhachtacha (an Captaen, an Máta) ina dhialann. Mhol Mangan gurb é Ajax ainm na loinge, ach ní aontaíonn sé sin leis an taifead stairiúla.

Caithfidh mé mo chuid feirge a atreorú ar dtús i dtreo James Mangan, agus ar deireadh thiar i mo threo féin. Nach amadán saonta atá ionam, ag creidiúint an ‘Fake News’ sin! B’fhéidir é ach, cé nár tharla na rudaí díreach mar atá scríofa sna dialanna amhrasacha sin, tharla rudaí uafásacha an-chosúil leo agus gan dabht is ar rialtas na Breataine ag an am a bhí an locht! Ó – agus rud eile – ba cheart ‘FICSEAN’ a chur i gcló ar chlúdaigh na leabhar thuasluaite i litreacha troma móra!

.

.

.

.

Tromluí Meiriceánach!

Ginid an Lampa!

Tháinig mé ar chomhad bosca le déanaí a bhí curtha i bhfolach ag m’athair tamall ó shin.  I measc na ráitis bhainc, polasaithe árachais, admhálacha agus cáipéisí dlí, bhí cuimhneacháin éagsúla agus go háirithe cuimhneacháin teaghlaigh. Bhí idir ghrianghraif, thorthaí scrúdaithe agus litreacha ann. Turas draíochta ón aimsir anallód a bhí ann, scaoileadh saor ón mbosca sin ar nós ginid an lampa ag éalú.  Bhí mé ag taistil siar ar bhóithrín na smaointe ansin, gan aon rogha agam!  

Bhí mo thorthaí scrúdaithe ón meánscoil ann, beagnach iad go léir, agus thóg sé cúpla nóiméad dom taistil ar ais go dtí mo laethanta mar scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin i bhfad ó shin. Is maith is cuimhin liom na laethanta sin, nuair a bhí m’athair agus mé féin ag freastal ar an gColáiste ársa sin – mise mar scoláire agus m’athair mar mhúinteoir Gaeilge. cur síos ar chúpla cuimhne ón ré sin i leabhar m’athair darb ainm ‘Doirse Dé’, agus mura bhfuil an leabhar iontach sin léite fós agat, molaim go hard duit é a léamh go luath – tá sé ar díol sa Siopa Leabhar ar líne ag www.siopaleabhar.ie.

Ba é ceann amháin de na cuimhní atá luaite sa leabhar sin ná an ‘visitation’. Is maith is cuimhin liom an ‘visitation’ céanna a ndearna m’athair tagairt dó. Tar éis gach scrúdú, thagadh an tUachtarán agus duine de na déin ar cuairt do gach rang, chun athbhreithniú mion a dhéanamh ar an scrúdú sórt scrúdú iarbháis a bhí ann. Tar éis measúnú an Uachtaráin, d’iarradh sé ar an an pionós a chuir ar dhaltaí nach raibh torthaí maithe faighte acu. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na daltaí mí-ámharaigh agus iad ag scréachach le gach paltóg chrua a fuaireadar. Nach nós ait agus cruálach a bhí ann? Rith sé liom agus mé ag féachaint ar mo thorthaí féin, go raibh an t-ádh dearg orm, mar ní bhfuair torthaí dona riamh agus mar sin ní bhíodh aon suim ag an Uachtarán ionam!  

Is cuimhin liom gach múinteoir a bhí agam i gColáiste Chiaráin, agus múinteoirí den scoth beagnach iad go léir. Spreag siad mo shuim i ngach sórt eolas, agus thug siad bunús iontach dom i ngach ábhar a bhí á staidéar agam.  Níl aon dabht ach go raibh an-tionchar ag cúpla dóibh go háirithe orm.

Thug Micheál Ó’Duibhir an chéad bhlaiseadh den fhisic dom, ag míniú na coincheapa iontacha dúinn agus ag cur turgnaimh i gcrích chun beocht a chur iontu.  D’oscail an rang sin doirse domhain nua dom, domhan iontach dofheicthe á rialú ag dlíthe fisice agus go háirithe á dtiomáint ag samhlaíocht na fisiceoirí saoithiúla anuas na cianta.     

Chuaigh paisean an mhúinteora iontaigh seo i bhfeidhm go mór orm. Faoi dheireadh bhain mé amach máistreacht in innealtóireacht leictreachas agus ríomhaireachta. Bhain mé slí bheatha amach mar innealtóir ag déanamh taighde ar chumarsáid dhigiteach gan sreang, agus bhain mé an-taitneamh as.

Nuair a bhí mé ag staidéar don Ardteistiméireacht, bhí múinteoir Gaeilge den scoth agam. Bhí máistreacht ag Micheál Ó’Diarmada ar an teanga agus níos tábhachtaí, bhí grá mór aige don teanga agus don chultúr. Bhí gach rang ar mhúin sé spreagúil, spraoiúil agus difriúil ag an am céanna. Sa tslí sin, choinnigh Micheál ár n-aird air an t-am go léir. Bhíomar ag foghlaim gan fhios dúinn agus muid go léir ag tnúth go mór leis a chéad rang Gaeilge eile. In éindí le m’athair, chothaigh Micheál grá agus paisean don teanga agus don chultúr ionam nár chaill mé riamh é!

Agus céard faoi Art Anglin! Cúram dúshlánach é múinteoireacht na matamaitice de ghnáth, ach ní gnáthmhúinteoir a bhí in Art! Mhínigh Art na coincheapa a bhí taobh thiar de phrionsabail na matamaitice ar dtús, agus ansin na sonraí beachta ag baint leo. Faoi dheireadh, thaispeáin Art dúinn conas a úsáidtear an t-eolas sin chun fadhbanna matamaitice a réiteach.   Chaith Art am linn lasmuigh den rang freisin, ag freagairt ceisteanna dúinn, ag obair linn ar fhadhbanna matamaitice agus ag ullmhú do scrúduithe. B’aoibhinn liom Art agus ná rudaí ar fhoghlaim mé ina rang iad – rudaí cosúil le calcalas agus uimhreacha coimpléascacha. D’úsáidinn a lán rudaí ar fhoghlaim mé ó Art beagnach gach lá i rith mo bhlianta ag obair!

Ó! Agus dála an scéil! Ní fhaca mé aon mhúinteoir thuasluaite ag leagan lámh ná méar ar dhalta riamh!

.

.

.

.

Tromluí Meiriceánach!

An tAire ina thost!

Bhí sé ar intinn agam alt eile ar fad a scríobh an tseachtain seo, go dtí gur léigh mé alt i dTuairisc.ie a chuir isteach go mór orm. Níor chabhraigh sé le cúrsaí gur scríobh mé cúpla alt le déanaí ina bpléitear an cheist: “An bhfuil an rialtas i ndáiríre faoi ghéarchéim ár dteanga, nó ag tabhairt béalghrá di?” Tar éis dom anailís bheag a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Plean Gníomhaíochta 2018-2022, tháinig mé ar an tuairim láidir nach bhfuil an rialtas i ndáiríre faoi chothú agus cur chun cinn na teanga.  Scríobh mé, mar fhocal scoir, go raibh easpa muiníne agam le ceapachán (agus an dóigh ar léiríodh é) Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta!

Ar an drochuair, tá gach cosúlacht ar an scéal go raibh an ceart agam.  Agus an t-alt seo idir lámha agam, feicim ceannlíne mhór ag gabháil trasna an phríomhleathanach gréasáin ar www.tuairisc.ie, á rá: “JACK CHAMBERS / Breis agus mí sa phost agus gan aon agallamh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta.” Nuair a chonaic mé é sin, rith sé liom go díreach go raibh mo thromluí ba mheasa i mbun fíorú.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie ar an ábhar, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “cúis imní” di nach bhfuil aon “ráiteas poiblí” déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo. Dúirt sí freisin go mba cheart don Aire atá i mbun cúraimí na Gaeltachta agallaimh a dhéanamh leis na meáin. Ach diúltaíodh do gach iarracht a rinne Tuairisc.ie agallamh a fháil le Chambers go dtí seo.  “Bliain chinniúnach atá inti don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar gheall ar an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht agus an phráinn a bhaineann le foilsiú an bhille teanga. Tá gá le tuiscint a fháil ar sheasamh an Aire Gaeltachta ar na ceisteanna seo,” a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt Catherine freisin gur cheart go léifeadh an bheirt airí nua alt a foilsíodh san iris Comhar darb ainm ‘An Spidéal curtha ina thost …, le tuiscint a fháil ar na deacrachtaí atá sna bailte Gaeltachta.

Aontaím go hiomlán le gach rud a bhí le rá ag Catherine. Cé go bhfuil sé tábhachtach don Aire Stáit Gaeltachta paisean a bheith aige don Ghaeilge agus Gaeilge líofa a bheith aige san áireamh, sé chomh tábhachtach agus b’fhéidir níos tábhachtaí fós go bhfuil mioneolas aige faoi chomhthéacs cultúrtha na Gaeilge.

Más amhlaidh nach dtuigeann tú conas a imríonn na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta ar an teanga, níl ort ach breathnú ar chainéal TG Lurgan ar Youtube chun tuiscint an-mhaith a fháil. Is é sin an cainéal mionteanga is lucht féachana ar domhan – níos mó ná 40 milliún duine! Cén fáth? Mar bíonn eispéireas cultúrtha tarraingteach agus saibhir ag daoine agus iad ag baint taitneamh as seó ceoil thar barr, curtha le chéile ag daltaí agus múinteoirí Coláiste Lurgan. Is aoibhinn le daoine rudaí mar sin.

Go háirithe sna Gaeltachtaí, tá traidisiún ceoil agus damhsa, trí mheán na Gaeilge, an-láidir. laghdófaí aon páirt den éiceachóras Gaelach sin, laghdófaí gach páirt, mar tá siad go léir ceangailte le chéile; go léir idirspleách.   

San alt An Spidéal curtha ina thost …a ndearna mé tagairt dó níos luaithe, míníonn an t-údar Tony Quinn cad a tharla i Spidéal nuair a thosaigh na beáranna ag dúnadh síos. Dá dheasca sin, ní raibh sé chomh héasca dealaíontóirí (ceoltóirí, rinceoirí, amhránaithe srl.) bailiú le chéile sa phub, agus de réir a chéile bhí an Spidéal curtha ina thost. D’fhulaing ár dteanga mar nuair a bhí an ionad cultúrtha sin imithe, ní raibh an deis chéanna ag daoine a bheith ag caint as Gaeilge.

Cé gur chuir an rialtas infheistíocht shubstaintiúil i scéimeanna fostaíochta, cosúil le Gteic (mol digiteach agus nuálaíochta), ní leor é sin a dhéanamh mura ndéanfar an cúram céanna don éiceachóras cultúrtha agus intleachtúil a chothaíonn leis an nuálaíocht chéanna. Fanfaidh níos mó daoine sa cheantar má tá deiseanna fostaíochta ann, go deimhin, ach ní cinnteacht é sin go mbeidh níos mó daoine ag caint Gaeilge! Ach níor thuig an rialtas é sin, mar or thuig siad éiceachóras na nGaeltachtaí.

Ar an drochuair, ní hamháin an Spidéal atá ina thost anois, ach an tAire Stáit na Gaeltachta féin. Is droch-chomhartha é sin don Ghaeilge agus dúinn go léir!    

.

.

gaGaeilge