Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

go bhfuil Peadar ina chónaí i gCill Chainnigh an t-am go léir, bímse féin i mo chónaí cuid den bhliain in Éirinn agus an chuid eile i gCalifornia. Cuireann an turas fada seo scannán i gcuimhne dom darb ainm ‘Planes, Trains and Automobiles’ le Steve Martin. Scannán grinn é sin, ach is mór idir é agus an fíor-rud! Seo achoimre de mo thuras is déanaí, ó San Diego go Nuad.

Fuair saor-reic ar eitiltí ar an idirlíon, ag imeacht ó Los Angeles ar Alaska Airlines go Seattle, agus ansin ag eitilt ar Aer Lingus go Baile Átha Cliath. Bheadh orainnbhí mo mhac liom taistil ó Contae San Diego go aerfort Los Angeles ar dtús.

Traen agus Bus

Shocraigh an traen a fháil dúinn chun dul go dtí an aerfort, mar sin.  Bhí an traen an-chompórdach, agus bhí radharcanna áille le fáil den Aigéan Ciúin agus fiú amháin na surfáilithe ag bogadáil ar an uisce!

Nuair a shroicheamar croílár Los Angeles tar éis breis is dhá uair, bhí orainn tointeálaí a fháil ó Union Station go dtí an t-aerfort. raibh a fhios agam ag an am sin, ach tar éis an turas iontach ar an traen, thit an tóin as cúrsaí as sin amach!

Ag breathnú siar, níor thug mé an chéad rian beag faoi deara. Bhí moill beag ar an traen agus shroich an stásiún cuig nóimead déanach. De bharr an moill beag sin, chailleamar an bus a bhí ar intinn again a fháil, agus bhí orainn an chéad bus eile a fháil leathuair níos déanaí. De ghnáth, tógann thart ar daichead a cúig nóiméad taistil go dtí an aerfort. Ach ar an seo, thóg uair go leith!   Chuamar isteach san aerfort agus gheit mo chroí nuair a chonaic an líne fhada le seiceáil isteach – a Dhiabhal!

Eitleáin agus Carr

Nuair a shroiceamar barr na líne, ní raibh ach uair fágtha agus cheap go mbeadh fadhb mór againn. irt an gníomhaire linn nach raibh in ann pas bordála a chur ar fail dúinn don eitilt Aer Lingus ó Seattle go Baile Átha Cliath, ach chun iad a fháil i Seattle ag an an deasc suite ag an geata amach. I gcúl mo chinn, bhí a fhios agam go mb’fhéidir go mbeadh fadhb againn leis sin níos déanaí, ach thug neamhaird ar sin.

Ritheamar go dtí an geata imeachta, agus ar bord an eitleáin. Is ar éigean a bhíomar tar éis suí síos gur rinneadh fógra go raibh fadhb meicniúla leis an eitleán agus bhí orainn dul amach arís agus fanacht fad a dheisítear an eitleán. Nuair a d’éiríomar in airde faoi dheireadh, bhíomar uair go leith déanach agus mbeadh ach uair againn an chéad eitilt eile a fháil.

Nuair a shroicheamar aerfort Seattle, rinneamar deifir dul go dtí an geata imeachta. Ar an drochuair, bhí orainn traen a fháil chun dul go dtí críochfort eile. Ansin, thosaíomar ag rith mar bhí ár ngeata ag deireadh an críochfoirt. Is ag an am sin a chuimhnigh nach raibh pasanna bordála againn fós, agus go mbeadh orainn iad a fháil ag an geata. Agus ansin chonaic é – líne fada ag an geata chun pasanna bordála a fháil. raibh meaisín pas bordála ann, agus bhí an líne ag bogadh go moill. Mhothaigh mo sceadamán ag teannadh agus mo scornach ag tirimiú. Ach faoi dheireach fuaireamar na pasanna, agus chuamar ar bord an eitleán ansin.

Tar éis eitilt shuaite ar Aer Lingus, bhíomar an-sásta Baile Átha Cliath a fheiceáil!  Fuaireamar ár gcarr agus ar aghaidh linn!

Ceachtanna

Agus cad a d’fhoghlaíomar ón eachtra taistil sin?

Ar an gcéad dul síos, fág neart am le gach ceangal taistil atá agat.

Ar an dara dul síos, faigh ach eitilt amháin, más féidir, beidh rudaí níos casta. Mar shampla, b’fhéidir nach bhfaighidh gach pas bordála ar dtús, mar a tharla dúinn. B’fhéidir go mbeidh eitilt amháin déanach, agus beidh an chéad eitilt eile caillte agat. B’fhéidir go gcaillfear do bhagáiste.

Faoi dheireadh, tóg bia leat mar uaireanta níl dóthain ama béile a fháil ag bialann san aerfort. Agus más féidir, seachas suíocháin sáinnithe i lár an eitleáin, ionas go mbeidh níos éasca dul go dtí an leithreas. Agus go n-éirí leat!

.

Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

Googliú na Gaeilge!

Gach bliain, de réir alt 30 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, is gá don Choimisinéir Teanga tuarascáil a chuir ar fáil don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Tá Tuarascáil Bhliantúil 2018 eagraithe go gairmiúil, agus tá a lán le foghlaim ann faoi shláinte ár dteanga náisiúnta. Ar an drochuair, tá an Ghaeilge i staid náireach ag an am seo.  Faigheann teanga bás gach coicís ar an meán, agus ba mhór an feall é dá dtarlódh sé don Ghaeilge, mar níl aon leithscéal dúinn é sin a ligean. Léiríonn an Tuarascáil seo nach bhfuil cuid den ár gcomhlachtaí poiblí ag comhlíonadh an tAcht, agus is mór an trua é sin, go deimhin.  Tá orainn go léir labhairt amach sula mbeidh sé ródhéanach!

Má tá suim agat, tá an Tuarascáil go léir le fáil ar an suíomh: https://www.coimisineir.ie/userfiles/files/Tuarascail_Bhliantuil_2018.pdf.

San alt seo, roghnaím ach sampla amháin, mar gheall ar an tseafóid atá ag baint leis, go príomha.

Déanfaidh mé turgnamh beag ort ar dtús – léigh an pasáiste beag ábhartha seo as an Tuarascáil, faoi Comhairle Contae Chorcaí (tá brón orm Comhairle Contae Chorcaí!):

Fuair ​​imscrúdú amach gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an oibleagáid teanga reachtúil atá i Fo-alt 18 (1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a mhéid toisc go mbaineann sé le soláthar a scéim teanga reachtúil trí Ghaeilge a sholáthar leagan den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle trí úsáid na seirbhíse aistriúcháin meaisín Google Translate.  Fuair ​​mé gearán ó bhall den phobal a úsáideann a bhí á dhéanamh de chóras aistriúcháin meaisín le soláthar an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí.

Cad a cheapann tú?  Nach bhfuil sé uafásach?

Ach fan nóiméad.  Tá ceann eile agam – anois léigh an pasáiste seo:

Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 fad is a bhaineann sé le cur i bhfeidhm mír de scéim teanga reachtúil tríd an leagan Gaeilge den ábhar statach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a sholáthar tríd an tseirbhís meaisínaistriúcháin Google Translate. Rinne duine den phobal gearán liom go raibh leas á bhaint as córas meaisínaistriúcháin chun an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí a chur ar fáil.

Anois, cad a cheapann tú?  Nach bhfuil tú in ann é a thuiscint?  Nach mór an difríocht idir an dá phasáiste sin?  Céard ‘tá ar siúl?

Don chéad cheann thóg mé an leagan Béarla den phasáiste i gceist agus d’úsáid mé é sin mar ionchar do ‘Google Translate’ chun é a aistriú go Gaeilge.  Scríobh an Coimisinéir an dara ceann díreach as Gaeilge. Is follas nach bhfuil an chéad cheann inúsáidte.

Tá mé trína chéile a fháil amach gur úsáid Comhairle Contae Chorcaí – contae ina bhfuil Gaeltacht Múscráí – ‘Google Translate’ chun buanábhar ar shuíomh gréasáin na Comhairle Contae a chur ar fáil i nGaeilge.   Ag iarraidh an cleachtadh seo a chosaint, dúirt an Chomhairle nach raibh an t-airgead nó an t-am acu comhlacht príobháideach aistriúcháin a úsáid, agus go raibh seans mór ar aon nós go ndéanfar athdhearadh ar an suíomh.  Cheap siad freisin nach sháródh an t-aistriúchán Gaeilge a bhí á chur ar fáil trí chóras meaisínaistriúcháin amháin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt siad gur beart sealadach a bhí ann go dtí go mbeidís in ann aistriúchán níos cruinne a chur ar fáil.

Tar éis an t-ábhar a phlé leis an gCoimisinéir, ghlac an Chomhairle Contae leis, áfach, nach raibh aistriúchán ar ábhar statach an tsuímh gréasáin ar an gcaighdeán céanna leis an mbunleagan Béarla agus chuireadh plean in áit aistriú cruinne a dhéanamh in imeacht bliana, agus an dá leagan a choimeád i sionc le chéile as sin amach.

Dúirt an Coimisinéir gur féidir go dtiocfadh an lá fós a mbeidh aistriúcháin á gcur ar fáil ag meaisínaistriúchán as féin ar chaighdeán atá sásúil ó thaobh chruinneas na cumarsáide chun críocha oifigiúla de, ach nach raibh sé léir dó go bhfuil an lá sin tagtha go fóill.

Sin sampla amháin den obair den chéad scoth atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir.  Is trua go bhfuil gá ann le Geatóir Teanga mar seo, ach tá an t-ádh dearg orainn go léir go bhfuil geatóir chomh héifeachtach le Rónán Ó Domhnaill againn ag an am ríthábhachtach seo i saol ár dteanga agus ár gcultúr.

.

.

.

.

.

Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

Tranglam Tráchta ar Sliabh Everest!

Táimid go léir croíbhriste tar éis bás beirt shléibhteoir láidre Éireannaigh taobh istigh de sheachtain le chéile.  Fuair Seamus Lawless bás agus é ag teacht anuas tar éis mullach Everest a bhaint amach, nuair a thit sé ón sliabh in áit darb ainm an Bhalcóin ag 8,300 méadar in airde. Chas an tÉireannach eile, Kevin Hynes, timpeall sular shroich sé an mullach, nuair a tháinig breoiteacht airde air. Fuair sé bás ina phuball ag 7,000 méadar in airde. Cé go bhfuair an bheirt bás, is iad an saghas duine ba cheart a bheith ag dreapadóireacht ar an sliabh Everest, agus taispeánann a deireadh brónach cé chomh dainséarach is a bhfuil an spórt seo, fiú amháin do shaineolaithe cosúil leosan.

Ní féidir timpistí mar seo a sheachaint, ach is féidir báis daoine eile a sheachaint ar Everest. Seo ceann de na séasúir dhreapadóireachta is measa le déanaí ar Everest, le 11 duine ar a laghad marbh.

I mo thuairim, tá dhá fhadhb mhór i gceist anseo, ar a laghad, go háirithe i Neipeal.

Fadhb a haon: An Iomarca sléibhteoirí

Ar an 22ú de Mheitheamh 2019, thóg dreapadóir grianghraf iontach ag taispeáint líne fada dreapadóirí ag sní suas agus anuas géardhroim lastuas de campa 4 ag 8,000 méadar. Bhí siad go léir greamaithe do rópa amháin agus iad ag súil go spadánta.

“Ní raibh an aimsir chomh maith an séasúr seo, agus nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann, déanann na dreapadóirí an t-aistriú,” a dúirt Danduraj Ghimire, príomhfheidhmeannach Roinn Turasóireachta Neipeal. “Tar éis roinnt laethanta drochaimsire, d’oscail fuinneog bheag dea-aimsire agus dhreapadh níos mó ná dhá chéad sléibhteoirí an chéad lá. Is é an chúis is mó leis an mbás ar Everest ná breoiteacht sléibhe, rud atá fíor don chuid is mó de na sléibhteoirí a chaill a shaol an séasúr seo freisin. “

D’eisigh Rialtas an Neipeal 381 ceadúnais Everest an bhliain seo, agus bíonn treoir amháin ar a laghad in éineacht le gach sléibhteoir, ionas go raibh breis is ocht gcéad daoine ag iarraidh an sliabh Everest a dhreapadh. Cosnaíonn sé $11,000 le ceadúnas a cheannach, a lán airgid i Neipeal.

Níl uasteorann ar cé mhéad ceadanna a eisítear, ach an oiread. Fadhb mhór é sin, mar níl an dóthain spás leis an méid daoine a cheadaíonn siad, go háirithe nuair a bhíonn fuinneog bheag dea-aimsire ann. An bhliain seo caite bhí aon lá dhéag san fhuinneog sin, ach an bhliain seo ní raibh ach timpeall cúig lá . Ach bhí an méid céanna daoine ag iarraidh dul suas sa dá bhliain, agus mar sin bhí i bhfad níos mó daoine ag dreapadóireacht gach lá an bhliain seo.

An Dara Fhadhb: Córas Ceadúnais beagmhaitheasach

Níl aon chritéir cháilitheachta chun ceadúnas a fháil, seachas deimhniú aclaí ó dhochtúir. Mar sin, tá duine in ann ceadúnas a fháil gan aon taithí dhreapadóireachta a bheith aige nó aici. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, níl aon chritéir cháilitheachta do na cuideachtaí eachtraíochta ceadúnas oibriúcháin a fháil, ach an oiread. Comhcheangal marfach é sin! Tá sé an-tábhachtach moladh maith a thabhairt dona cliaint i ngach cás, ach go háirithe cinntí maith a dhéanamh maidir le cathain an mullach Everest a bhaint amach. Méadaíonn ar an riosca do na daoine eile freisin, mar tá ach líne amháin ag dul suas agus ceann eile ag teacht anuas, le rópa amháin, agus caithfidh gach duine dul chomh mall agus an duine is moille sa líne. Lastuas de 8,000 méadar ar airde, ceist bháis nó beatha atá ann, mar sa ‘zón báis’ sin, tá gach uile nóiméad tábhachtach, go háirithe mar is gá sorcóir ocsaigine a úsáid chun anáil a tharraingt. Faigheann daoine bás chuige sin go díreach, ar an drochuair.

Conclúid

Sa Tibéid, ceadaítear ach aon trian de dhreapadóirí dul suas Everest i gcomparáid le Neipeal, agus tá an próiseas ceadúnais níos fearr . Caithfidh na cuideachtaí eachtraíochta caighdeáin riachtanacha a bhaint amach freisin, go háirithe ó thaobh an tsábháilteacht de. Agus cuireann siad teorann ar cé mhéad ceadúnais a eisítear. Ba cheart teorann a chur ar an méid daoine a cheadaítear dul suas ar aon lá freisin, chun an tranglam tráchta a sheachaint.

Tá sé thar am do rialtas Neipeal seasamh prionsabálta a ghlacadh agus a n-aghaidh a thabhairt ar an mbunfhadhb uafásach seo!

.

.

.

Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

Aitheantas Aghaidhe!

Is iontaí an fhírinne ná finscéal

.

Seachtó bliain ó shin, foilsíodh an leabhar ‘1984’ le George Orwell.  Nuair a léigh mé an leabhar sin, blianta ó shin, bhí sé an-soiléir dom gur ficsean eolaíochta a bhí ann, agus cheap mé go raibh samhlaíocht an-chumhachtach ag an údar.  Ní raibh a fhios agam ag an am rud aisteach a bhaineann le ficsean eolaíochta – go minic, le himeacht aimsire, athraíonn an ficsean go dtí an fhírinne. Deirtear más féidir rud a shamhlú, gur féidir é a dhéanamh, agus creidim go láidir an prionsabal sin.

Sa sárleabhar sin, samhlaítear domhan ina ndéanfaí faire ar gach duine le córas mór leictreonach.  Ar an dea-uair, níl faireachas mar sin ar siúl ar fud an domhain. Ach ar an droch-uair, tá sé ar siúl i dtíortha áirithe.  Féachfaimid ar dhá áit an-difriúla maidir le láimhseáil an fhairachais sin.  Tig leat do rogha adhmad a dhéanamh cé acu ab fhearr leat féin!

San Francisco, California, Na Stáit Aontaithe

.

Níl aon argóint ann ach go bhfuil a fhios maith ag an áit seo faoi nuálaíocht teicneolaíochta.  Sin an fáth go bhfuil sé aisteach gurb í seo an chéad áit i Meiriceá a chuir cosc ar na gardaí agus ar ghníomhaireachtaí poiblí eile an teicneolaíocht darb ainm ‘aitheantas aghaidhe’ a úsáid.  Úsáideann an teicneolaíocht sin algartaim intleachta saorga chun daoine a aithint ó bhunachar sonraí ghrianghraf bailithe ó theilifís chiorcad iata (TCI) atá lonnaithe in áiteanna poiblí, ó cheadúnais tiománaí, pas, agus mar sin de.  Deir na daoine ar son an pholasaí seo go bhfuil na rioscaí rómhór, agus go mbeadh sé éasca ansin faireachas a dhéanamh ar dhaoine, agus nach bhfuil sé sin oiriúnach i ndaonlathas sláintiúil. Deir na daoine in aghaidh an pholasaí seo go bhfuil an teicneolaíocht éigeantach do shábháilteacht in aerfoirt agus ag teorainneacha, agus gur féidir rialacháin a chur in áit chun mí-úsáid a chosc.

Hotan, Xinjiang, an tSín

.

Tá campaí speisialta athoideachasúla i bproibhinse Xinjiang in iarthar na tíre sin, áit ina bhfuil níos mó ná 10 milliún Moslamach ina gcónaí, an chuid is mó díobh sin as grúpa eithneach darb ainm Uyghur.  Sa tSín ar fad, tá formhór an daonra as grúpa eithneach eile darb ainm Han.

Deir an rialtas go gcaithfidh siad athoideachas a chur ar na Uyghur, mar tá sceimhlitheoirí Moslamacha  i Xinjiang, nach n-aontaíonn le prionsabail na Síne. Deirtear go bhfuil idir 800,000 agus suas le 3 milliún Uyghur i gcampaí.

I Hotan, tá gardaí, seicphointí, agus TCI, i ngach áit, ag bailiú eolais agus ag déanamh faire ar gach éinne.  Nuair a iarrtar eolas orthu, agus tharlaíonn sin go minic, caithfidh daoine a gcártaí aitheantais a thaispeáint le scanadh, agus ansin tógtar grianghraif agus méarlorg agus scan imrisc díobh.  Caithfidh gach duine a fón póca a thabhairt don gharda chun gach rud a íoslódáil, agus tá ar gach duine earraí spiaireachta an rialtais a bheith ar an bhfón.

Tá scrúdú dochtúra éigeantach ag gach duine freisin, ina mbailítear faisnéis pearsanta.

Agus conas a úsáidtear an t-eolas ata ag an rialtas?

Tá córas mór digiteach faireachais darb ainm IJOP acu, a úsáideann gach píosa eolais chun an faire a dhéanamh, agus cinntí a dhéanamh faoi gach duine, ó thaobh na sábháilteachta de.  Cuirtear aon duine atá rangaithe mar bhaol don tír isteach i gcampa athoideachasúil. Tá na campaí go huafásach, mar ní amháin go bhfuil a gcuid dálaí maireachtála go hainnis, ach déantar céasadh coirp agus intinne ar na daoine bochta freisin.  Úsáideann an réimeas ollsmachtach, an teicneolaíocht, agus go háirithe aitheantas aghaidhe chun a saoirse a bhaint de na hUyghur.

Conclúid

.

Is fearr glas ná amhras, gan dabht, agus aontaím go hiomlán le rialtas San Francisco.  Cé go bhfuil buntáistí ag baint leis an aitheantas aghaidhe agus teicneolaíochta faireachais eile, tá contúirtí móra muna n-úsáidtear iad mar is cóir.  Tharlaíonn rudaí dona nuair a théann an teicneolaíocht i gcoinne an dlí – nach léir é sin i gcás Facebook, mar shampla. B’fhéidir go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh tuiscint níos fearr againn chun dlíthe oiriúnacha a chur in áit, ach go dtí an lá sin, bheadh sé níos ciallmhaire feitheamh, agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh dona agus a d’fhéadfadh sé a bheith!

Tá an fhírinne sin chomh huafásach nach mbeadh fiú amháin George Orwell fhéin ábalta é a chreidiúint!

.

Eitleáin, Traenacha agus Caranna!

Géarchéim Drugaí Ópóideacha

Tá géarchéim uafásach ar siúl sna Stáit Aontaithe, faoi láthair,  a mharaíonn níos mó ná 70,000 duine gach bliain – níos mó daoine ná a cailleadh go hiomlán i gChogadh Vítneam!  Drugaí atá i gceist anseo agam, agus ’siad na cinn is measa diobh sin ná na drugaí ópóideacha, cinn nádúrtha cosúil le hearóin, ach go háirithe cinn sintéiseacha, cosúil le feantáinil agus a hanalóga.

Conas a tharla an ghéarchéim seo i Meiriceá, agus cén ceachtanna atá le foghlaim againn uaidh in Éirinn?  Chun an ábhair a thuiscint agus a chur ina comhthéacs, bheadh cuntas gairid an-chuidiúil.

.

Céim 1: Purdue Pharmaceutical agus Oxycontin

Thosaigh an ghéarchéim ópóideach i 1995, tar éis do Purdue Pharma faomhadh an Rialtais a fháil chun pianmhúchán láidir darb ainm OxyContin a dhíol.  Mangaire drugaí ba ea Purdue, i ndáiríre, agus chuir siad brú ar a n-ionadaí díolocháin an oiread OxyContin a dhíol agus ab fhéidir leo. Dúirt Purdue gur druga neamh-andúile ba ea OxyContin, cé go raibh a fhios maith acu narbhh fhíor sin.  Chuir a lán daoine andúil in OxyContin, agus bhí sé ródhéanach nuair a d’admhaigh Purdue gur druga andúile é. Faoin am sin, bhí uair na cinniúna buailte leo, agus bhí go leor andúiligh ar fud na tíre. Sa bhliain 2007, gearradh pionós mór ($634 milliúin) ar Purdue as na bréaga a d’inis siad faoi OxyContin.  Sa bhliain 2010, chuir siad amach piollaí nua dobhearnaithe. Ní raibh sé éasca níos mó an druga a fháil chun instealladh a thabhairt. Bhrostaigh sé sin géarchéim nua isteach, mar ansin thosaigh andúiligh ag úsáid hearóin in ionad OxyContin.

.

Céim 2: Hearóin Mheicsiceach

Chun an bhearna a líonadh tar éis 2010, chuir feirmeoirí Meicsiceacha dlús le táirgeacht lus an chodlata, agus rinne na cairtéil Mheicsiceacha hearóin chun smuigleáil isteach sna Stáit Aontaithe.  D’éirigh go geal leis an ngnó céanna seo, agus cé gur iarradh ar Rialtas Mheicsiceo agus ar Rialtas na Stát Aontaithe an cath in éadan drugaí a bhuachan, theip orthu.

.

Céim 3:  Feantáinil Síneach

Ach tháinig athrú mór ar an ngnó le cúpla bliain anuas, nuair a thosaigh na gáinneálaithe drugaí ag úsáid drugaí ópóideacha sintéiseacha, go háirithe an druga feantáinil agus a hanalóga.  Mheasc siad an feantáinil le drugaí eile, agus do dhíol siad é leis féin freisin. Cén fáth ar tharla an t-athrú mór seo? Bhí feantáinil níos saoire mar is i saotharlann a dhéantar é agus bhí sé níos fusa é a smuigleáil mar tá sé níos éadroime ná hearóin.  De ghnáth, déanadh sa tSín í. Úsáideann déileálaithe Síneacha na seirbhísí poist chun drugaí a smuigleáil isteach go dtí na gáinneálaithe drugaí sna Stáit Aontaithe. Ceannaíonn fiú amháin na cairtéil Mheicsiceacha feantáinil ón tSín. Dá bharr sin, agus go híorónta, tá an margadh agus an tionscal hearóin ag laghdú, faoi dheireadh.

Cuireann na gáinneálaithe feantáinil isteach i ngach druga atá á dhíol acu.  Níl a fhios ag na handúiligh cén drugaí atá iontu, agus is cuma leo, fad is a éiríonn go maith leo.  Ach tá feantáinil i bhfad níos contúirtí ná hearóin, agus sa lá atá inniu ann faigheann níos mó daoine bás de bharr a ródháileog ná riamh.  Tá an feantáinil céad uaire níos láidre ná hearóin, agus tá sé éasca an iomarca a meascadh isteach le drugaí eile. Níos measa fós tá druga ópóideach eile ann a úsáidtear darb ainm carfeantáinil, agus tá sé sin céad uaire níos láidre ná feantáinil féin!  Tá sé

sin chomh láidir sin, nach mbeadh uait ach céad gram le gach duine in Éirinn a mharú!

.

Smaointe Deiridh

Is measa anois an ghéarchéim ópóiodeach ná riamh sna Stáit Aontaithe.  Tá a Rialtas ag cur brú ar an tSín stop a chur le táirgeadh na ndrugaí ópóideacha.  Cé gur gheall siad é sin a dhéanamh, níor tharla aon rud fós.

Agus cén fáth nach bhfuil fadhb mhór mar seo in Éirinn agus i dtíortha eile san Eoraip?  Ceapann formhór na saineolaithe gur cúiseanna eacnamaíochta atá freagrach as sin. Tá hearóin ón Afganastáin go flúirseach agus go saor san Eoraip, agus tá sé deacair an saghas seo hearóin a mheascadh le feantáinil.

Ach lá éigin, athróidh cúrsaí agus beidh cúinsí eacnamaíochta níos fábhraí do dhrugaí ópóideacha san Eoraip.  Idir an dá linn, tá orainn scéim nua in éadan géarchéime ópóidí a bhunú san AE, agus in Éirinn freisin, agus brú a chur ar an tSín ag an am céanna.  Ní tráth ar bith faille é!

.

gaGaeilge