Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Séimí ar chuairt !

Is beag nár thit mé as mo sheasamh le hiontas nuair a d’oscail mé an doras agus tháinig mé ar Shéimí an Droichid ina seasamh lasmuigh.  Chonaic mé go deireanach é b’fhéidir bliain ó shin, ag teach m’athair, mar is cairde iadsan le fada. Ach is cuimhin liom go maith go ndúirt m’athair liom súil seabhaic a choinneáil air, mar go ndéanadh Séimí cibé rud ba mhian leis, agus bhí sé lán de dhiabhlaíocht!  Chonaic mé ródhéanach cé chomh fíor a bhí an tuairim sin!

Shiúil Séimí díreach isteach sa chistin; chuir sé uisce sa chiteal, agus ansin chuir sé ar fiuchadh é.  Shuigh sé síos ag an mbord, dhearg a phíopa, agus thosaigh ag caint.

“A Mhichíl, A dhiabhail, cé’ chaoi a bhfuil tú in aon chor?”  a dúirt sé, roimh ghal a bhaint as a phíopa, agus é ag féachaint orm, le súile bioracha.

“Go maith, a Shéimí, agus tú féin?” a d’fhreagair mé go himníoch.

“Bhuel, tá na cúlfhiacla curtha go maith agam anois, ach in ainneoin sin, ní gearánta dhom!” a dúirt Séimí agus é ag gáire.  “Agus d’athair, an bhfuil Peadar go maith?” dfhiafraigh sé díom.

“Tá sé maith go leor, nuair a chuireann tú gach rud san áireamh.  Chuaigh sé faoi scian cúpla mí ó shin, agus tá sé ag teacht chuige féin, diaidh ar ndiaidh, ó shoin” arsa mise.

“Tabhair mo ghean dó, agus abair leis go dtabharfaidh mé cuairt air, at ball”, arsa Séimí.

“Déarfaidh mé, gan dabht”, arsa mise.  Ansin, fuair mé arán donn, agus im agus subh agus chur mé ar an mbord iad.  Réitigh mé braon tae agus chur mé an taephota ar an mbord. Fuair mé soithí, cupáin, agus cúpla scian agus chur mé iadsan ar an mbord freisin.  Thosaíomar ag ithe agus ag ól gan a thuilleadh moille. Bhreathnaigh mé ar Shéimí, agus chonaic mé go raibh sé chomh sásta le rí.

“Bhí aighneas beag idir mé féin agus Éamonn Mór Ó’Dálaigh.  An bhfuil aithne agat ar Éamonn Mór?” arsa Séimí.

“Go deimhin tá”, arsa mise, “cara le m’athair é Éamonn Mór le blianta anuas.  Fear le tuairimí láidre é!”

“Sin é, go díreach, a Mhichíl.  Leag tú do mhéar ar a phearsantacht, cinnte, nó tuigtear dó go mbíonn an ceart aige i gcónaí ar an ábhar a bhíonn á phlé againn.  Ach níl mé lánchinnte faoi sin. Sin an fáth a gcaithfidh mé ceist a chur ortsa, a Mhíchíl.”

Ansin, tharraing Séimí ar a phíopa go dtí go raibh scamall toite san aer thart orainn.  Ní raibh aon deifir air anois, mar bhí a fhios aige go raibh lucht éisteachta aige nach raibh in ann éalú.  Nuair a bhí sé réidh, lean sé ar aghaidh.

“Polaitíocht atá i gceist anseo!” a dúirt Séimí.

“Polaitíocht!  Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann léargas a thabhairt ar an Pholaitíocht!” arsa mise go míchompordach.

“Nach gcaitheann tú go leor ama sna Stáit, a Mhichíl?” Chuir sé an cheist orm agus ansin thóg sé cupán eile tae.  Chonaic mé an treo ina rabhamar ag dul, ach bhí sé ródhéanach dom éalú anois, mar bhí mé gafa go maith anois aige.

“Caithim sciar maith ama ann, tá an ceart agat a Shéimí!”

“Bhuel mar sin, nach bhfuil tú ar an talamh ansin i Meiriceá, i bhfad níos gaire don pholaitíocht thall ná Éamonn Mór, nó mise?” agus leis sin, shuigh Séimí siar sa suíochán agus thóg sé tarraingt mhór ar a phíopa agus é ag féachaint orm go cúramach.  Bhí an t-iasc beagán i bhfostú aige anois!

Ní raibh an dara rogha agam anois ach géilleadh do Shéimí!  Tharraing mé anáil fhada dhomhain, agus d’fhreagair mé mar seo é.

“Tá an ceart agat, a Shéimí – bím thall ansin i Meiriceá, agus gach lá cloisim agus feicim nuacht gan stad faoi chúrsaí polaitíochta.”  Lig mé osna mhór asam!

“Bhuel, an gceapann tú go bhfuil an tír sin críochnaithe?” arsa Séimí, agus é réidh an duán a chur i mbreac.

“B’fhéidir go bhfuil ach is daonlathas é, agus tá srianta agus ceartúcháin sa chóras sin le fada.  Mar sin, b’fhéidir go dtabharfadh an tír is cumhachtaí ar domhan na cosa léi ón ghéarchéim seo. Tá spré dóchais agam agus ag muintir Mheiriceá freisin go bhfuil.”

“Tá súil agam nach bhfuil an dóchais sin as riocht, a chara!” arsa Séimí.  “Dúirt Éamonn nach bhfuil aon dóchas aige ar chor ar bith. Dúirt sé freisin nach fíor-dhaonlathas atá ann, agus sin é fréamh na faidhbe.  Ar chuala tú é sin riamh? Mar níor chuala mise é” –dúirt mé le hÉamonn gur “fake news” é sin, mar a déarfá! “Nach raibh an ceart agam? Braon tae eile?”

.

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

An Dealbh (Naomhóg Inis Géidh)

Dealbh donn sraoilleach

Ag síneadh a mhéarar Neamh

Ina sheasamh ar fhiarsceabha

Comharthaí nirt i bhfad siar

Dealramh dúilmhear dóchasach

Ar laoch cróga an ghainimh ghil

Ag fanacht go foighdeach

Le míorúilt a dhéanamh ar muir

Ag stánadh gan faiteadh na súl

Ar fharraige choipthe chontúirteach

Iarchuradh na ndaoine áitiúla

A chuir na tonnta chun suain

imithe i ndearmad anois

Gan láithreacht a chosantóirí

Leannán tréigthe na nglún

A chreid ina chumhacht fadó

Ach dóchas ina chroí fós

Ag súil le míorúilt féin

Nuair a nochtfadh a Chruthaitheoir Diaga

Misean tábhachtach nua

.

Micheál Bairéad

Is dócha gur dhein T.H. White, údar Sasanach, roinnt taighde ar chúrsaí Inis Géidh, tráth raibh ina chónaí in Iorras, le linn an chogaidh mhóir.  Ní raibh seisean sásta dul san arm thall, ag an am, agus is dócha nár theastaigh uaidh blianta a chaitheamh i bpríosún! Scríobh sé leabhar, ar ball, ar ar bhaist “The Blackamoor And The Godstone”.  Ba é an Blackamoor, nó Gormach a thagadh go rialta go Béal an Mhuirthead, ar laethe aonaigh, le cleasa de chuile chineál a dhéanamh, agus bhain an “Godstone” le hoileáin Inis Géidh. Ag caint ar “an Naomhóg”, a bhí , Naomhóg Inis Géidh.  Ní currach atá i gceist againn anseo, faoi mar a bheadh ag na Muimhnigh, ní hea, in aon chor, ach dealbh bheag, de chineál eicínt. Dealbh ársa, b’fhéidir, faoi mar a bhí coitianta go maith ar fud na Críostaíochta fadó, dealbh a raibh cumhachtaí áirithe aici, in am an ghátair.  B’ionann Naomhóg agus Naoimhín. B’féidir gurbh í Deirbhile fhéin, Colmcille, a d’fhág an Naoimhín céanna acu, mar chuimhneachán, fadó. De réir na scéalta, choinnítí an dealbh sin i dteach áirithe, ar feadh bliana, agus ansin, ag deireadh na bliana sin, tar éis do mhuintir an tí culaith nua flainín a chur uirthi, sheoladh siad ar aghaidh í go teach eile, agus mar sin dóibh, ó bhliain go chéile.  Bhí de bhua ag an “Naomhóg” chéanna sin, go gciúnódh sí an stoirm, nó ar ócáidí eile, go bhféadfadh sí stoirm a thógáil. Ba é a dhéanadh siad nó an dealbh a thógáil leo síos chun na farraige, agus ansin, agus na daoine timpeall uirthi i gciorcal, agus paidreacha áirithe á rá acu, agus an dealbh á thumadh san uisce acu, d’ísleodh an ghaoth, dá mba é sin a bhí á lorg ag na daoine. . Anois, b’in mar a bhaintí úsáid as “Naomhóg” Inis Géidh, ach dár le T.H. White, bhí baint eicínt ag an “Naomhóg” le torthúlacht, agus chaith sé roinnt mhaith ama, ag iarraidh cosa a chur faoin dearcadh sin.  Féach mar a chuireann an t-údar é….

“T.H. White thought that the naomhóg may have been used as a fertility symbol, and although this does not appear to have been the case, he pursued this concept throughout his research.”

Dá mbeadh an chumhacht sin uilig ag an “Naomhóg” sin Inis Géidh, tuige nár baineadh úsáid aisti, le linn na stoirme uafásaí úd, a shéid ar na farraigí thiar, i nDeireadh Fómhair na bliana sin 1927, nuair a báitheadh an deichniúr sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag?  Bhuel, tá cúis mhaith le sin, nó tharla sa dara leath den naoú haois déag, gur ghabh an sagart paráiste an “Naomhóg”, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, chuir sé cos i bpoll lei. Ba é cúis a bhí leis an ionsaí sin ar an ndealbh, nó go raibh daoine ag maíomh go raibh dia bréige á adhradh ag muintir Inis Géidh. Feach mar a scriobh The Rev T.A. Armstrong,

“Still more gross superstition was practised in the neighbouring island of Inishkea where a stone idol was invoked for the protection of the inhabitants and vengeance on their enemies.”  

Is dócha gur spreag altanna leithéid na sagairt chun gnímh, agus ba é deireadh an scéil é gur báitheadh an “Naomhóg” i ndoimhneas na Farraige Móire, gar go maith dá pobal dílis, mar a bhfanann i ndoimhneas na Farraige Móire go dtí an atá inniu fhéin ann, agus í ag fanacht go foighdeach ar an a bhfillfidh sí ar a muintir dhílis, oileánach arís, len iad a ullmhú do Lá Mór an tSléibhe…

.

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Parthas Caillte!

Tá bagairt an Téamh Domhanda beo, slán!  Ach ní rud maith é sin!

Is é loscadh sléibhe Campáil an tine ba mhilltí i stair Chalifornia.  Tar éis an tsléachta iomláin seo, tá sé dhuine ochtó marbh, agus tá ceithre mhíle dhéag  tithe agus cúig míle foirgnimh eile scriosta. Tá fiche cúig dhuine fós nach bhfuil tásc orthu fós.

Thosaigh loscadh Champáil ar an ochtú lá de Shamhain ach níor éirigh le os cionn míle comhraiceoir tine é a smachtú go dtí seacht lá dhéag ina dhiaidh sin.  Loisceadh níos seasca míle heictéar sa tubaiste uafásach seo. Nuair ba mheasa é, loisceadh cúig míle cearnach gach soicind le siotaí de chéad ciliméadar san uair!

I ndeisceart California, san áit chéanna in ar mharaíodh trí dhuine dhéag i mbeár le déanaí, bhí loscadh mór thart ar an am céanna le loscadh Champáil.  Fuair triúr bás sa loscadh sin- loscadh Woolsey, agus míle cúig céad foirgnimh scriosta. Loisceadh níos daichead míle heictéar sa tine sin.

Is oth liom a rá, ach i rith an loiscthe féin, thosaigh cluiche an mhilleáin!  Ar an deichiú lá de Shamhain, nuair a bhí an loscadh ar buile fós agus os cionn céad duine ar iarraidh, bhí Uachtarán na Stát Aontaithe ag tvuiteáil.  D’fhág an locht ar Stát Chalifornia, ag rá go raibh a bainistíocht foraoise go huafásach agus mar sin b’fhéidir nach gcuirfeadh airgead ar fáil do na Stáit sa todhchaí.   Ní raibh feidhmeannaigh Chalifornia sásta leis sin, agus dúirt siad go bhfuil an Rialtas feidearálach mar úinéir ar sheasca faoin gcéad d’foraoiseacha Chalifornia agus go bhfuil siad tar éis na n-acmhainní a laghdú, neamhchosúil le California.  Dúirt siad freisin go bhfuil cúiseanna suntasacha eile i gceist, mar ábhar casta atá ann. Tosaíonn agus scaipeann loscadh in áiteanna ina bhfuil daoine ina gcónaí, ina bhfuil línte cumhachta, in áiteanna oscailte le fásra tirim, nuair atá gaotha láidre ag séideadh, nuair atá an aimsir an-te agus an t-aer an-tirim agus nuair a chuidíonn an gheografaíocht féin le leathadh an dochair.

Ach ar an dá lá dhéag de Shamhain, tháinig athrú meoin air tar éis é a fheiceáil drochiarmhairtí politiciúla a sheasamh. Ansin, d’fhógair an tUachtarán staid éigeandála i gCalifornia.

Ar an seachtú lá dhéag de Shamhain, chuaigh an tUachtarán ar cuairt go dtí Parthas (Paradise).  Thug óráid ann, agus dúirt go gcaithfidh California foghlaim ón Fhionlainn agus a bheith ag rácáil na talún sna foraoiseacha, mar níl loscadh ansin ar chor ar bith. D’inis Uachtarán na Fionlainne an scéal sin dó, a dúirt an tUachtarán Trump.  Ach níor chuimhin leis an Uachtarán Sauli Niinisto aon chomhrá mar sin.

Á fhreagairt é sin, dúirt  Rep. Ted Lieu (Democrat, California) nach trua é go bhfuil Uachtarán againn nach gcreideann san eolaíocht.  Dá mbeadh sé chomh furasta le rácáil, bhíodh sé déanta againn cheana. Ach is ábhar casta é, agus ról mór ag athrú aeráide a dúirt sé!

Ar an drochuair, níor tháinig an tUachtarán Trump i gcabhair ar Chalifornia i rith na dtubaistí uafásacha seo – loscadh Campáil agus Woolsey.

Cad é mo thuairim?   Nuair a chuirtear an fhírinne as a riocht, go háirithe nuair atá an tUachtarán féin ag iarraidh leas polaitiúil a bhaint as na tubaistí sin, beidh deireadh tubaisteach leis an scéal. Níl aon dabht ach go bhfuil an Téamh Domhanda ar siúl anois, agus níl mórán ama againn le leas a bhaint as an eolas sin, nó beidh sé ródhéanach stad a chur leis!  Deir an tUachtarán Trump gur bhréag é an Téamh Domhanda, ach ag an am céanna, d’fhógair trí ghníomhaireacht déag feidearálach don rialtas tuarascáil mhór faoin athrú aeráide, ag rá go bhfuil sé ag tarlú anois agus ag tuar an leagan amach a bheidh ar chúrsaí, amach anseo.  Sa leagan amach sin, de réir na n-údar, ndéanfaimis neamhaird den fhianaise, beidh orainn íoc as in a lán bealaigh – i mbeagán focal, beidh sé uafásach!

Ach ainneoin diúltú an Uachtaráin Trump, caithfimid a bheith dearfach.  Le déanaí, d’aontaigh beagnach dhá chéad tír, na Stáit Aontaithe san áireamh, ar rialacha chun astúcháin dhíobhálacha a laghdú!  Sin léas dóchais dúinn go léir!

.

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Mar a fuair Éamonn Mór a ainm!

Cuairt Éamoinn

.

Bhuail mé le hÉamonn Mór deich mbliana ó shin.  Tháinig mé isteach i dteach mo thuismitheoirí tar éis lae fhada ag obair, agus mé stiúctha leis an ocras.  Thosaigh mé ag lorg rud éigin le n-ithe sa chuisneoir, nuair a ghlaoigh m’athair anall orm.

“A Mhichíl”, as seisean, “tar isteach anseo.  Ba mhaith liom duine a chur in aithne duit!”

Chuaigh mé isteach sa pharlús.

“Éamonn Mór”, a dúirt sé, “seo é mo mhac Micheál!”

Sheas Éamonn Mór suas.  “Bhuel, cé’ chaoi bhfuil tú, a Mhichíl?” arsa Éamonn.

Ní raibh mé in ann aon rud a rá ar feadh nóiméid.  Ba é seo an fear ba mhionchumtha dá bhfaca mé riamh!

“Go maith, agus tú féin?”, a dúirt mé sa deireadh, agus mé fós faoi dhraíocht.

“Go réasúnta!  Suigh síos anois a Mhichíl go n-inseoidh mé scéal duit”, a dúirt sé.

“Gheobhaidh mé tae agus arán donn”, arsa m’athair.  Bhí a fhios aige go raibh ocras mór orm, agus b’fhéidir gur chuala sé an scéal seo go mion minic cheana!

“Nuair a bhí mé óg, a Mhichíl, ní raibh an tír seo mar atá sí anois.  Bhí an baile beag ina raibh muid inár gcónaí, ina dhomhan mór dúinne..

“Chuala mé an rud céanna ó m’athair!” arsa mise.  “Ní scéal nua é sin dom!”

Cheap mé go gcuirfeadh sé seo stad leis an scéal a bhí á insint aige, mar scéal leadránach ba ea é, bhí mé cinnte!  Ar an drochuair, áfach, rinne mé dearmad ar fad faoi sin!

“Bhuel, an Peadar Mór an t-ainm atá air, a Mhichíl?”  a d’fhiafraigh sé díom,” agus é ag stánadh orm.

“Ní hea”, arsa mise.

“Bhuel mar sin, níl an scéal céanna ann ar chor ar bith.  B’fhéidir an tosach céanna, ach tá an chuid eile de mo scéal go sainiúil!  Bí foighneach anois, a Mhichíl, go gcloisfidh tú an chuid eile den scéal!” arsa Éamonn Mór, agus chonaic mé nach raibh sé róshásta liom.

Ag an am seo, tháinig m’athair isteach le tráidire bia!  Bhí mé an-sásta bia a fháil, agus thosaigh mé ag ithe láithreach.   Thuig mise ansin go raibh mé mífhoighneach de bharr an ocrais mhóir a bhí orm.

“Tá brón orm, a Éamoinn Mhóir, ní raibh sé ar intinn agam a bheith chomh brusanta borb; gabh mo leithscéal!” arsa mise.

“Ara cén dochar!” arsa Éamonn Mór agus lean sé ar aghaidh le fuinneamh nua.  “Anois, cá raibh mé? Sea, bhí mé ag caint faoi na seanlaethanta, nuair a bhíomar go léir bocht i mbealach amháin, ach saibhir i mbealach eile!

Sna laethanta sin, d’aithníomar gach carr sa cheantar ó fhuaim a innill.   raibh mórán carranna sa timpeall, ag an am sin, a’ dtuigeann tú?” arsa Éamonn Mór agus é ag ól braon tae.  Ansin, lean sé ar aghaidh arís.

“Bhí “Morris Minor” ag muintir Uí Mhórdha, agus bhí post mór ag Seán Ó Mórdha sa chathair.  Ba é an t-aon duine sa Pharóiste a thiomáin gach lá. Feirmeoirí ba ea an chuid ba mhó dínn.  Gach lá nuair a thagadh Seán abhaile, chloisinn an carr sara bhfeicfinn é, agus ansin rithfinn  amach an doras agus lig scread ard asam: “Tá Seán ag teacht, tá Seán ag teacht!”

Uair amháin, bhí m’uncail ar cuairt ó Bhéal an Átha linn, agus thosaigh sé ag gáire nuair a chonaic sé mo chuid geáitsí.  Ní fhaca sé a leithéid riamh, mar bhí a lán carranna i mBéal an Átha ag an am sin, agus ní aithneodh aon duine carr áirithe ó fhuaim a innill!  Bhí mo chairde lasmuigh ag an am sin, mar bhainidís taitneamh as an seó céanna gach lá.

Sé a dúirt m’uncail Éamonn liom agus é ag gáire ná:

“Éamonn an ghlóir mhóir, ná déan glór mór ar bheagán cúise – níl ann ach carr ag teacht!”

Thosaigh mo chairde go léir ag gáire ansin, agus ag canadh an t-amhrán beag:

“Éamonn Mór, ná déan glór!

Éamonn Mór, ná déan glór!”

In ainneoin mé a bheith an-bheag dom’ aois – nó b’fhéidir dá bharr sin,  b’in é an t-ainm, ‘Éamonn Mór’, an t-ainm a glaodh ormsa i gcónaí ina dhiaidh sin, agus ar an drochuair, níor fhás mé, faoi mar a thuigfeá ón ainm sin, bíodh  gur theastaigh sin uaim, thar aon ní eile.

Bhí náire an domhan orm tar éis na heachtra sin agus níor scread mé arís go deo nuair a chuala mé carr ag teacht.  Agus sin é an fáth go dtugtar “Éamonn Mór” orm go dtí an lá atá inniu ann, bíodh is go mbeadh Éamonn Beag i bhfad níos oiriúnaí dom!”

raibh aon rud le rá agam, ach d’aithin mé cumhacht na bhfocal ag an am sin, agus an damáiste a dhéanann focail neamhthuairimeach!  Nach bhfuil a thoradh sin fós ar an bhfear bocht!

Tar éis an scéil, d’ólamar an oiread tae agus rinne an triúr againn comhrá ar ábhair éagsúla.  Ach cé go ndearna mé dearmad ar an gcomhrá a tharla an oíche sin, d’fhan an scéal agus a cheacht crua liom thar na blianta fada, anuas go dtí an atá inniu ann.

.

Cuairt gan choinne -Cuid a hAon

Coláiste  na Rinne

Gan amhras ar bith, ceapann a lán daoine go bhfuil na Gaeltachtaí go léir in Iarthar na hÉireann.  Agus cé go bhfuil an chuid is mó de na Gaeltachtaí san Iarthar, tá dhá Ghaeltacht bheaga in oirthear na tíre!  Tá ceann amháin i gContae na Mí agus an ceann eile i gContae Phort Láirge. Is Gaeltacht neamhghnách í Gaeltacht na Mí, mar sna tríochaidí sa chéad seo chaite,  shocraigh Rialtas na hÉireann ar chúpla baile i gContae na Mí a úsáid le teaghlaigh fheirmeoireachta ó Ghaeltacht Chonamara a shocrú iontu. Gaeltacht an-speisialta is ea Gaeltacht na nDéise agus tá canúint Gaeilge na Mumhan, Gaoluinn na nDéise, labhartha ann.  Is iascaireacht tráchtála an príomhthionscal sa cheantar máguaird. Is cuid de stair coitianta na nGaeltachtaí é sin.

Tá oideachas trí mheán na Gaeilge le fáil iontu, ó Bhunscoil go Meánscoil, agus tá sé sin an-tábhachtach do chaomhnú na teanga!

Ghlac Coláiste na Rinne ról lárnach sa chaomhnú sin, le fada.  Bunaíodh an Coláiste sin i 1905, agus is cuid thábhachtach é sa ról sin.  Seachas Coláiste na Rinne, is dócha nach mbeadh Gaeltacht ann ar chor ar bith!

Ach tá Gaeltacht na nDéise faoi bhláth, ní hamháin sa teanga, ach sa chultúr go léir – litríocht, ceol, agus damhsa san áireamh!  Tá Gaelchultúr beo slán sna Déise!

Agus tá an Ghaeltacht seo in aici le Cill Chainnigh, sa lá atá inniu ann, leis na bótharbhealaigh iontacha atá againn.  Ní thógann sé i bhfad tiomáint ó Chill Chainnigh go dtí an Ghaeltacht seo! Tá siopaí agus bialanna agus beáranna sa Ghaeltacht sin agus tá ar do chumas a bheith ag caint as Gaeilge sna gnólachtaí sin!  Is mór an spórt triail a bhaint as sin, caithfidh mé a rá! Is iontach an lá faoin tír é!

Tá an Ghaeltacht in aice le Dún Garbhán, agus tá an-tóir ag turasóirí ar an áit seo.

Tá a lán cúrsaí Gaeilge ar siúl i gColáiste na Rinne, chomh maith le himeachtaí cultúrtha!  Tá naisc úsáideacha le fáil ar an leathanach gréasáin: www.anrinn.com.

D’fhreastail mé féin ar thumchúrsa sa Choláiste le dhá bhliain anuas, ar feadh coicíse gach uair.  Tá trí leibhéil oideachais ar fáil – do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí, agus do dhaoine ar chaighdeán ard.  Tá meascán de ranganna, imeachtaí cultúrtha, agus turais, sna cúrsaí seo. Tá físeán iontach ar líne a thaispeánann blas an chúrsa, agus a chuireann tú in aithne do na daoine a d’fhreastail ar chúrsa na bliana seo.  Is iontach go deo éagsúlacht na scoláirí, mar i dteannta na nÉireannach, tagann daoine as tíortha eile, ar nós Sasana, Meiriceá, an Astráil, an Rúis, an Ghearmáin agus an tSeapáin. Tá tú in ann lóistín a fháil más mian leat fanacht sa Ghaeltacht le linn an chúrsa.  Gach maidin, bíonn ranganna ar siúl, agus caithfidh mé a rá go bhfuil na múinteoirí ar fheabhas! Gach tráthnóna, bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl. Lá amháin, bíonn tú ag rothaíocht ar Rian Glas na nDéise, agus lá eile téann tú ar thuras go hInis Pic! Lá eile, bíonn tú ar thuras an ‘Dungarvan Brewing Company’, agus lá eile fós, itheann tú arán úrbhacáilte ag ‘Barron’s Bakery and Coffee House’.  Níl deireadh riamh leis an éagsúlacht!!

Bhuail mé le daoine an-suimiúla ag an dá chúrsa ar fhreastail mé orthu, agus d’fhás nasc speisialta eadrainn mar bhí an sprioc chéanna againn, de bharr ár spéis i dteanga agus i gcultúr na hÉireann.  Tá mé fós i dteagmháil le roinnt mhaith de na scoláirí sin.

I ndeireadh na dála, má tá grá agat don Ghaeilge agus má dhéanann tú beagán taighde maidir le cúrsaí agus imeachtaí atá ar siúl sa Choláiste, ní bheadh a fhios agat beo cad a gheofá!  Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil institiúid oideachais agus cultúir den scoth mar sin i mbéal an dorais againn!

.

gaGaeilge