Urchair rabhaidh scaoilte!

Urchair rabhaidh scaoilte!

Is amhail gur ag brionglóid a bhí cuid mhaith dúinn ach táimid go léir inár ndúiseacht anois! Ní raibh súil ar bith againn le cad a tharla i lár na príomhchathrach le déanaí.

Ionsaí Uafásach

Bhí triúr páiste agus a gcúntóir cúraim ag gabháil isteach i líne taobh amuigh dá scoil, Gaelscoil Choláiste Mhuire i gCearnóg Parnell, nuair a d’ionsaigh fear iad. Sháigh sé iad le scian agus gortaíodh go dona beirt dóibh – cailín cúig bliana d’aois agus an cúntóir cúraim, bean sna tríochaidí. Tá siad fós san ospidéal agus cóir leighis á fáil acu, agus é seo á scríobh.  olcas a bhí cúrsaí, bheidís i bhfad níos measa gan an chrógacht a léirigh daoine, go háirithe beirt inimirceach.

Caio Benicio

Dúirt an tUasal Benicio, Brasaíleach ó dhúchas, a bhí ag obair don tseirbhís Deliveroo agus ag tiomáint a ghluaisrothair ag am an ionsaithe, gur mhoilligh sé nuair a chonaic sé cad a bhí ar siúl.

Instinn dúchais a bhí i gceist,” a dúirt Caio. “Is cuimhin liom gur bhain mé mo chlogad amach chun mé féin a chosaint agus é a úsáid mar arm. Bhuail an t-ionsaitheoir sa cheann lena raibh de neart agam. Agus thit sé síos.”    

A bhuíochas dá intinn ghéar agus a ghníomh cróga, cuireadh stop leis an ionsaí uafásach sin, agus ghabh na gardaí an t-ionsaitheoir. Tá an t-ionsaitheoir féin san ospidéal faoi láthair.

Leo Villamayor

Bhí altra Filipíneach ag siúl go dtí óstán an Gresham, nuair a chonaic sé an t-ionsaí. Dúirt an t-altra Leo Villamayor: “Chonaic mé an cailín beag seo, bhí sí ag rith agus ansin stad gach rud, agus thit sí ina cnap ar an talamh.  Bhí giorra anála uirthi agus bhí cóir leighis ag teastáil go géar uaithi. Thosaigh mé ag déanamh comhbhrúite cliabhraigh uirthi. Go tobann, chuala mé an t-otharcharr taobh thiar dínn, chuala mé go raibh an dífhibrileoir ann, agus bhrúigh duine éigin amach as an mbealach.  Chuir beirt fhear an dífhibrileoir ar a cliabhrach, agus ansin ghlac bean in aice liom ceannas. Bhí sé amhail is dá mba radharc ó scannán é, ar fad ar an mall-luas.”   Seans mór gur shábháil Leo beatha an chailín sin nuair a léim sé isteach gan mhoill chun cabhair a thabhairt di.

Círéib

Tháinig timpeall 500 círéibeoir le chéile i ndiaidh an ionsaithe agus rinne siad damáiste ollmhór i lár na cathrach. Agus ní comhtharlú é sin! Chuaigh teachtaireachtaí amach ar líne ar na meáin sóisialta agus ar ghrúpaí comhrá, ag rá go mícheart gur inimirceach neamhdhleathach a rinne an t-ionsaí – is saoránach Éireannach é, ina chónaí sa tír le fiche bliain anuas, agus gur cheart dóibh bhailiú i lár na cathrach le slógadh agóide frith-inimirce.  Dódh roinnt carranna póilíní, trí bhus agus traein iarnróid éadrom. Creachadh níos mó ná dosaen siopa. Dúirt na póilíní gur ghabh siad 48 duine, ar cuireadh gairm chúirte ar an gcuid is mó dóibh i dtaobh iompair chíréibigh, ionsaithe agus gadaíochta.  Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar, go ndéanfaidh an rialtas dhá phríomhphíosa reachtaíochta laistigh de sheachtainí. Tabharfar cumhacht do na póilíní teicneolaíocht aitheantais aghaidhe a úsáid chun rianú a dhéanamh ar thaifid ó theilifís ciorcad iata, maidir leis an gcíréib. Tabharfar cumhacht dóibh freisin ionas go mbeidh siad in ann tionscnóirí fuathchainte ar líne a ionchúiseamh.

Conclúid

Ní chreidfeá go dtarlódh a leithéid anseo in Éirinn. Sin an fhreagairt instinneach a bhí ag a lán daoine. Ach ar an taobh eile den scéal, bhí comharthaí ann a léirigh go raibh cúrsaí ag dul ó smacht le cúpla bliain anuas. Mar shampla, ionsaíodh cúpla duine go dona sa samhradh i lár Bhaile Átha Cliath. Ionsaíodh aisteoir ón Úcráin go dona i mí an Mheithimh díreach taobh amuigh d’Amharclann na Mainistreach. I mí Iúil, ionsaíodh turasóir Meiriceánach agus gortaíodh go dona é, gar dá lóistín i lár na cathrach. Tar éis sin, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee go raibh sí i dteagmháil leis an nGarda faoin imscrúdú. “Seolfar an teachtaireacht le freagairt dhian agus dhaingean nach gcloífidh muid leis an maistíneacht seo ar ár sráideanna.”  Nuair a fiafraíodh de faoi ionsaithe ar an aisteoir ón Úcráin agus ar an turasóir Meiriceánach, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh “freagra láidir ón Rialtas i dtéarmaí pionóis sibhialta agus ó thaobh acmhainní an Gharda a mhéadú”. Ach – ní dhearnadar tada san idirlinn, agus féach cad a tharla! Tá antoiscigh den eite dheas ag déanamh radacú ar dhaoine agus ag úsáid an idirlín chun fuath ciníoch a spreagadh agus a scaipeadh. Eagraíonn siad agóidí foréigneacha gach seans a bhíonn acu, an agóid seo a tharla le déanaí san áireamh. Is gá don rialtas a bheith ag déanamh monatóireacht ar an idirlíon chun réamhrabhadh a fháil ionas go mbeidh siad in ann an pobal a chosaint ar fhoréigean gránna cosúil le mar a chonaiceamar le déanaí. Bhí ár rialtas neamhairdeach i mbun a gnó go dtí seo. Muna gcuirtear plean láidir i bhfeidhm go luath, éireoidh cúrsaí níos measa, agus beidh sé i bhfad níos deacra an ghéarchéim eiseach, bhagrach seo a réiteach ansin!

Ranganna Gaeilge beo ar líne!

Ranganna Gaeilge beo ar líne!

Gaelchultúr

Is ar éigean a bhí mé ar ais i Meiriceá tar éis samhradh iontach a chaitheamh in Éirinn ná go raibh mé ag lorg deis nua mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú. Bhí sé i gceist agam rang nua a aimsiú ar líne, nach raibh déanta agam cheana féin. Nuair a bhí mé ag brabhsáil, tháinig mé ar shuíomh suimiúil a raibh cuma na maitheasa air. Gaelchultúr.com atá i gceist, agus tar éis dom sliocht a léamh faoi Ghaelchultúr, bhí mo spéis múscailte. Seo blas dá raibh ann.

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh i 2004, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá Gaelchultúr lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé ag freastal ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan.

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall an domhain, agus múinteoirí cumasacha ina mbun.

Dar fia, arsa mé liom féin, gheall siad na hoirc agus na hairc dúinn. Ach an mbeidís in ann beart a dhéanamh de réir a mbriathair? Sin an cheist! Ní raibh ach dóigh amháin teacht ar an bhfírinne, agus ba é sin triail a bhaint as. Nuair a thosaigh mé ag freastal ar chúrsaí ar líne ar dtús, ní raibh sé ródheacair dom rang a fháil a bhí oiriúnach dom, ó thaobh na caighdeáin de. Ach le himeacht ama, agus rang i ndiaidh ranga déanta agam, d’éirigh sé ní ba dheacra rang oiriúnach a fháil. Cé go raibh rogha mhór ranganna ar an mbunleibhéal agus an meánleibhéal, bhí easpa ranganna ar an ardleibhéal. Bhí dhá rang ag an ardleibhéal ag Gaelchultúr, agus cheap mé gur comhartha maith é sin. Mar sin, chláraigh mé leis an rang ag Ardleibhéal 2 agus sceitimíní orm. Deich rang a bhí i gceist – gach rang dhá uair ar fhad.

An Rang

Tháinig lá an chéad ranga faoi dheireadh agus thosaigh ochtar dúinn ag freastal ar an rang leis an aip Zoom. Bhí múinteoir againn darb ainm Maitiú Ó’Coimín. Tá ina chónaí in Indreabhán i gContae na Gaillimhe. Fear iontach ábalta atá ann – aisteoir, iriseoir, scríbhneoir, láithreoir, eagarthóir, eachtránaí agus múinteoir is ea Maitiú agus, ar ndóigh, sárGhaeilgeoir ó dhúchas!

Bhí stíl neamhfhoirmiúil aige agus mar sin chothaigh sé atmaisféar réchúiseach sa rang, rud atá an-tábhachtach, i mo thuairim. Bhíomar go léir compordach le chéile, agus mar sin bhíomar in ann labhairt go héasca agus gan srian as Gaeilge. Éireannaigh ó dhúchas muid go léir, as gach cearn– seisear ina gcónaí in Éirinn, fear amháin ina chónaí sa Ghearmáin, agus mise i Meiriceá. Bhí Gaeilge líofa ag gach duine, agus canúint de gach saghas le cloisteáil uainn. Chuireamar aithne ar a chéile sa chéad rang agus caithfidh mé a rá gur thaitin gach duine sa rang go mór liom, Maitiú san áireamh.

Cuireadh an t-ábhar teagaisc don chúrsa go léir ar fáil dúinn roimh ré, agus bhí sé sin an-úsáideach ó thaobh ullmhúchán agus staidéar de. Cé go raibh an struchtúr céanna ag na ranganna, bhí ábhar difriúil ag baint le gach rang. Bhí cothromaíocht dheas ann freisin, le béim ar Ghaeilge labhartha, mar is ceart i rang mar seo.  Gach seachtain, bhí ábhar difriúil againn. Mar shampla, seo cúpla ábhar seachtaine a bhí againn: An Ealaín agus na hEalaíona, cúrsaí oideachais, an pholaitíocht agus stair na hÉireann. Ag tús an ranga, tar éis dúinn dul tríd na freagraí ag baint leis ár n-obair baile, bhíodh stór focal le foghlaim againn, dírithe ar ábhar na seachtaine.

D’úsáid Maitiú seomraí i Zoom go héifeachtach, chun muid a bhriseadh suas i ngrúpaí beaga de bheirt nó triúr. Bhíomar in ann ár nGaeilge labhartha a chleachtadh go maith mar sin, agus deis ag gach duine a bheith ag caint. Thagadh Maitiú isteach agus amach ó na seomraí, ag éisteacht agus ag tabhairt comhairle agus cabhrach dúinn. Bhíodh clár oibre againn, agus ceisteanna ar ábhar na seachtaine le pagainn. Tar éis gach seisiúin sna seomraí, bhailímis ar ais sa seomra mór agus roinnimis achoimre agus tuairimí le chéile. Bhíodh trí sheisiúin sna seomraí beaga againn gach seachtain, ar a laghad. Ag deireadh gach ranga, agus muid go léir bailithe le chéile arís, bhíodh beagán gramadaí le foghlaim, agus ansin d’fhaighimis obair baile le haghaidh an chéad ranga eile.

Conclúid

Mholfainn an rang seo gan aon agó d’aon duine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, agus a bhfuil fonn orthu í a fhorbairt agus a leathnú amach. Má fhaigheann tú Maitiú mar mhúinteoir, buntáiste sa bhreis a bheadh ann!       

.

.

  

.

.

.

.

I dTeagmháil le Liam arís!

I dTeagmháil le Liam arís!

Caithfidh mé a admháil nach raibh mé i dteagmháil go minic le miar-chomhghleacaithe, go háirithe tar éis tús na pandéime COVID-19. Mar a tharla, rinne ceann dóibh, mo chara mór darb ainm Liam, teagmháil liomsa an tseachtain seo caite.  

Sheol teachtaireacht chugam ar Facebook Messenger gan choinne, agus chuir sé ar eolas mé ar an toirt gur scaoileadh chun bealaigh é ó Qualcomm, tar éis breis is tríocha bliain ag obair sa chomhlacht. Innealtóir agus stiúrthóir sinsearach den chéad scoth is é Liam. Dúirt a bhainisteoir leis gur cuireadh a chéad togra eile ar ceal agus dá bhrí sin go raibh a phost curtha ar ceal freisin. Fuair a bhainisteoir, leasuachtarán innealtóireachta bata agus bóthar freisin, chomh maith le roinnt mhaith de na hinnealtóirí ag obair ar an togra céanna. Nár chruálach íorónta é go bhfuair Liam ríomhphost an tseachtain roimhe sin ó rannóg na n-acmhainní daonna, ag gabháil buíochas ar leith leis as a thríocha bliain de sheirbhís dhíograiseach don chomhlacht? Nach fíoramaideach don chomhlacht é sin a dhéanamh le lámh amháin agus ansin é a chaitheamh an doras amach leis an lámh eile díreach tar éis sin? Tá cúrsaí níos measa fós, mar bhí Liam thar a bheith dílis do Qualcomm, bliain i ndiaidh bliana.  Fuair Liam bocht amach de thapaigean nach raibh i bhfocail a chomhlacht ach bréaga agus béalghrá, ar an drochuair.   Liam bocht hamháin in ísle brí ach i bponc ceart freisin, mar caithfidh sé post eile a fháil gan mhoill agus ní bheidh sé sin éasca, ar chor ar bith. Déantar leithcheal ar bhonn aoise ar oibrithe san earnáil ardteicneolaíochta an t-am go léir, agus tá Liam 55 bliain d’aois anois. Ní amháin go mbeidh sé deacair dó post nua a fháil, ach fiú má fhaigheann sé post, beidh sé deacair dó an tuarastal agus na coinníollacha oibre céanna a fháil, gan dabht.  Ceapaim féin gur rud mí-eiticiúil é do chomhlacht caitheamh le hoibrithe sa tslí sin. Cé go bhfuil dlíthe i bhfeidhm i gCalifornia chun oibrithe os cionn 40 bliain d’aois a chosaint, tagann comhlachtaí i dtír ar lúb ar lár ar na rialacha. Sa chás seo, agus an comhlacht ag iarraidh ciorraithe géara a chur i bhfeidhm, cuireadh tograí áirithe costasacha ar ceal, tograí nach bhfuil lárnach i straitéis an chomhlachta.  Faigheann an comhlacht poist eile do roinnt mhaith oibreoirí, ach níl sé chomh héasca an lucht ceannais a bhogadh, mar níl mórán ról mar sin le fáil. haon chomhtharlú é go scaoiltear chun bealaigh na hoibrithe is sinsearaí -iadsan a shaothraíonn an pá is airde. Sa tslí sin, tá comhlachtaí in ann baill den lucht ardioncaim atá os cionn 40 bliain d’aois a scaoileadh chun bealaigh gan aon dlí a bhriseadh. Chonaic mé a leithéid nuair a bhí me ag obair, agus uaireanta chonaic mé na tograí céanna ag aiséirí le foireann nua tar éis tamaillín.   

 Duine Prionsabálta!

 Bhuaileamar le chéile, Liam, mé féin agus ár gcéilí, le haghaidh dinnéir díreach tar éis dom labhairt leis ar an bhfón.  Bhí sé deacair fós do Liam a ghlacadh lenar tharla gan choinne. Ach bhí sé ag lorg oibre go díograiseach sa cheantar, agus ag dul i dteagmháil le hiar-chomhghleacaithe eile a bhí ag obair i gcomhlachtaí eile. Bhí sé tar éis cúpla agallamh a dhéanamh agus bhí sé dóchasach go ndearna sé go maith i gceann amháin dóibh.  Dúirt Liam go raibh sé an-bhuíoch dom am a chaitheamh leis ar an bhfón, ag tabhairt comhairle dó. Uaireanta, ní bhíonn a fhios agat féin cé chomh tábhachtach is atá sé caint le chéile, go háirithe nuair a tharlaíonn rudaí mar seo. Cén saghas comhairle iontach a thug mé dó? Is é an rud ba thábhachtaí a rinne mé, ná a bheith ag éisteacht le comhbhá agam leis – sin an méid. Tá caidreamh láidir eadrainn agus tá muinín iomlán aige ionam, agus a mhalairt. Thit sé amach nach raibh Liam sásta ina phost le trí bliana anuas ach in ainneoin sin, lean sé ag obair mar bhí sé dílis don chomhlacht, agus bhí sé ag iarraidh na daoine a bhí ag obair dó a chosaint, mar chonaic sé rioscaí ag méadú ar fhíor na spéire. Níor ghéill ar a phrionsabail, fiú amháin nuair a bhí a shlí mhaireachtála féin i mbaol. Bun agus barr an scéil ná go bhfuil meas an domhain agam ar Liam, agus is trua mhór é nár chaith Qualcomm go measúil leis tar éis dó a shaol a chaitheamh ina sheirbhís, ag obair go dian agus go tairbheach dóibh an t-am go léir. Mo náire thú, Qualcomm!

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

           

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

 

.

 

 

 

 

Léirmheas Scannáin: Killers of the Flower Moon!

Léirmheas Scannáin: Killers of the Flower Moon!

Bhí mo shúile sáite sa scáileán mór gach nóiméad den scannán fíorshuimiúil ‘Killers of the Flower Moon’, mórshaothar an stiúrthóra Martin Scorcese. Níor ghlac mé sos leithris fiú, cé go bhfuil an scannán beagnach trí huaire go leith ar fad. Is ar éigean a tharraing mé anáil, nó gur chaoch mé mo shúile, ar eagla go gcaillfinn rud éigin tábhachtach sa scéal. ‘Sea – tá an scannán seo chomh tarraingteach sin.

Tá an scannán bunaithe ar an leabhar móréilimh ‘Killers of the Flower Moon’, scríofa sa bhliain 2017 ag an iriseoir David Grann. Sa leabhar, insítear scéal fíor faoi fhear gnó bán agus “fíor-chara” féincheaptha le Náisiún na Osage (treibh bhundúchasach). D’éirigh an treibh shaibhir nuair a thángthas ar ola ar a dtearmann.  Ba í an scéim a chum fir bhána áirithe ná úinéirí talún a phósadh agus ansin iad a mharú chun a n-eastáit a fháil.  Mná a bhí mar úinéirí den chuid is mó, mar threibh mhatrarcach ba í treibh na Osage. Díríonn an scéal isteach ar theaghlach bundúchasach amháinan mháthair (le Tantoo Cardinal mar Lizzie Q) agus a ceathrar iníonacha, agus cad a tharlaíonn dóibh, go háirithe d’iníon amháin nach bhfuil pósta fós.  

Tá triúr príomhcharactar sa scannán seo– Robert de Niro mar William Hale, Leonardo diCaprio mar nia Hale, Ernest Burkhart, agus Lily Gladstone mar Mollie Kyle – bean chéile Burkhart. Tugann an triúr sárthaispeántas uathu, agus i mo thuairim, Lily Gladstone ar chomhchaighdeán le de Niro agus diCaprio.  Dúramán is é Ernest Burkhart, agus tagann Hale i dtír go cliste air, ag imirt a thionchar air go láidir. Buaileann Mollie le hErnest, a tiománaí tacsaí dathúil, agus titeann siad i ngrá. Mar sin, ní raibh sé deacair do Hale a chur ina luí ar Ernest Mollie a phósadh. Duine ar dhuine, faigheann a máthair agus a deirfiúracha bás ionas nach bhfuil fágtha beo ach Mollie féin.  

Bíonn sé i gceist ag Hale Mollie Kyle a mharú ansin, agus a heastáit a fháil dá theaghlach féin trí Ernest.  cor sa scéal mar tá Ernest agus Mollie i ngrá le chéile, agus an caidreamh eatarthu lárnach sa scéal. Ní inseoidh mé níos mó faoin scéal ait seo duit anois, ach feicfidh an chaimiléireacht lofa a d’imir na Meiriceánaigh, agus go háirithe an feirmeoir Hale, ar na mbundúchasaigh sna fichidí sa chéad seo chaite, trí lionsa an scéil uafásaigh seo.

Tuairim Gladstone

fuil bhundúchasach i Lily Gladstone (Mollie sa scannán), agus mar sin tá a tuairim faoin scannán an-suimiúil.

“Tá mé ag streachailt le smaoineamh ar scannán eile a bhí chomh fíor maidir le mná dúchasacha. Tá grá agam do mo dheirfiúracha sa scannán, agus tá siad mar theaghlach dom,” a dúirt Lily.

Maraítear deirfiúracha Mollie, aisteoirí dúchasacha Cara Jade Myers mar Anna Brown, JaNae Colllins mar Reta Smith agus Jillion Dion mar Minnie Smith, mar gheall ar a gcuid airgid.

Tá na radhairc leis na deirfiúracha agus a máthair ag labhairt a dteanga dhúchasach le chéile an-chumhachtach. Go deimhin, tá gach radharc a thaispeánann teanga agus cultúr Osage spreagúil. Is annamh a fheiceann tú léiriú na mbundúchasach chomh réalaíoch seo i Hollywood.

“Mhair Mollie ach níor éirigh le triúr deirfiúracha Kyle. Tá aithne againn go léir ar dhuine éigin, duine inár dteaghlach, duine inár ngarchiorcail, duine ar fhás muid suas leo agus níl a fhios againn cá bhfuil siad, a dúirt Lily go coscrach. Leis sin, ceanglaíonn siad an saol mar a bhí léirithe sa scannán agus an saol mar atá sna laethanta atá inniu ann, ó thaobh drochíde do bhundúchasaigh i Meiriceá.

Conclúid

Is féidir leat an scannán iontach seo a thuiscint ar dhá leibhéal ar a laghad. Is féidir leat é a ghlacadh mar atá sé, is é sin le rá go bhfuil aisteoiden céad scoth le feiceáil i mbun a gceirde, faoi stiúrthóireacht cinn de na stiúrthóirí is fearr ar domhan, ag nochtadh scéil shuimiúil, lonnaithe in Oklahoma céad bhliain ó shin. Gréasán scéiméireachta atá i gceist, le grá, dúnmharú agus airgead mar chomhábhair atá measctha le chéile chun anraith blasta a chur i do láthair. Bheadh an lucht féachana thar a bheith sásta leis an scannán, agus an léamh sin air. Ach is féidir ciall eile a fhorleagan ar an mbunléamh seo, nuair a aithníonn tú nach saothar samhlaíochta amháin atá anseo, ach saothar bunaithe ar an fhírinne shearbh. Is é sin ná go raibh leithcheal ciníoch agus gnéis ar siúl in aghaidh na mbundúchasach, agus luach beag ar a saolta. Leis an gcúlra sin, bhí sé éasca do Mheiriceánaigh shantacha agus mímhorálta, mná bundúchasacha a mharú chun a n-airgead a ghoideadh uathu. Tharla an chaimiléireacht seo go forleathan, agus níor stad sé go dtí gur tháinig bleachtaire de chuid an FBI, Tom White (le Jesse Plemons sa ról), chun na dúnmharuithe a fhiosrú.

Díríonn an scannán an solas i dtreo anchaoi na mbundúchasach ina dtír féin, beagnach céad bhliain ó shin. Agus ardaíonn sé an cheist seo: an bhfuil cúrsaí na mbundúchasach níos fearr anois ná mar a bhí siad ag an am sin? Ar an drochuair, níl an cheist sin éasca a fhreagairt! Ach b’fhéidir, leis an scannán seo, go gcuirfear an cheist thábhachtach seo níos minice ar na húdaráis chuí.

Bun agus barr an scéil: Ná bíodh aon drogall ort an scannán seo a fheiceáil chomh luath agus is féidir!

.

Todhchaí an Mheánoirthir – Idir dhá cheann na meá!

Todhchaí an Mheánoirthir – Idir dhá cheann na meá!

Todhchaí an Mheánoirthir – Idir dhá cheann na meá!

Bhí rialtas Iosrael i bponc, tar éis an uafáis a tharla le déanaí nuair a ionsaigh míleataigh Phalaistíneacha ar Iosrael. Ag am scríofa an ailt seo, tá níos mó ná 1,400 maraithe in Iosrael agus níos mó ná 8,000 maraithe i Gaza ó thosaigh an choimhlint ar 7 Deireadh Fómhair.  Bhí rogha an dá dhíogha ag na hIosraelaigh: ionradh mór a dhéanamh ar Hamas i Gaza, gunnaí ag dianlámhach; nó cur chuige níos stuama, níos tomhaiste a ghlacadh.

Cúlra

Tá formhór na bPalaistíneach ina gcónaí sna críocha Phalaistíneach faoi fhorghabháil. Ghabh na hIosraelaigh na críocha sin sa chogadh sé lá sa bhliain 1967. Gabhadh Arda Golan ón tSiria, an Stráice Gaza agus Leithinis Shíonái ón Éigipt, agus An Bhruach Thiar agus Iarúsailéim ón Iordáin. Thug Iosrael Leithinis Shíonái ar ais don Éigipt i 1982. Tharraing siad amach as an Stráice Gaza i 2005.  Le blianta fada anuas, déantar leithcheal ar bhonn cine ar na Palaistínigh sna críocha faoi fhorghabháil. An rud is uafásaí is iad na lonnaíochtaí mídhleathacha ar an mBruach Thiar agus in Oirthear Iarúsaléim. Ó 2012 go 2022, mhéadaigh líon na n-áitritheoirí Iosraelacha sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir, ó 520,000 go breis agus 700,000. na lonnaitheoirí seo ina gcónaí go mídhleathach (de réir dlí idirnáisiúnta) i 279 lonnaíocht Iosraelach ar fud an Bhruaigh Thiar, le 14 dóibh agus 229,000 áitritheoir san Iarúsailéim Thoir. Urphoist a i gceist le 147 de na lonnaíochtaí, atá mídhleathach fiú faoi dhlí Iosrael.

Tá dlús curtha i mbliana le hiarrachtaí Iosrael lonnaíochtaí Giúdacha a leathnú sa Bhruach Thiar, rud a léiríonn clár oibre rialtas na heite deise in Iosrael agus a spreagadh cáineadh idirnáisiúnta ar chleachtas a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta.

Deir na Palaistínigh go bhfuil na lonnaíochtaí ag teacht isteach ar chríocha a bheidh mar pháirt a stát féin lá amháin. Chomh maith leis sin, cruthaíonn na lonnaíochtaí córas dlí dhá shraith sa chríoch – sraith amháin rialacha d’Iosraelaigh agus ceann eile do na Palaistínigh a bhfuil cónaí orthu faoi riail mhíleata.

Cruthaíonn cur chuige na hIosraelaigh go leor teannas idir na Palaistínigh agus na hIosraelaigh, agus go háirithe nuair atá rialtas Iosrael ag tabhairt neamhaird do na Palaistínigh agus a n-éilimh a dtír féin a bheith acu.

Freagra don Ionsaí Hamas

Tá fórsaí cosanta Iosrael (IDF) tar éis ionradh talún a sheoladh. Dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu “Níl muid ach ag tús an chogaidh in aghaidh Hamas.  Goillfidh cad a dhéanfaimid dár naimhde sna laethanta amach romhainn go mór orthu do na glúnta atá le teacht.”

Díreach tar éis ionsaithe Hamas, b ionsaithe aeir leanúnacha á ndéanamh ag fórsaí Iosrael ar Gaza agus tá muintir an cheantair in easpa bia, uisce agus earraí leighis.  ionradh talún ar siúl ach níl mórán nuacht in ann teacht amach, mar scriosadh na córais chumarsáide i Gaza mar pháirt den ionsaí. Is trua mhór é nár chloígh Iosrael le comhairle na saineolaithe.

Comhairle cúpla saineolaí

Tá cúpla saineolaí an Mheánoirthir a bhfuil meas mór agam orthu tar éis a mholtaí a chur in iúl. Is iriseoir é Thomas Friedman don ‘New York Times’ a bhfuil duaiseanna buaite aigetrí dhuais Pulitzer san áireamh! Seo cúpla focal a scríobh sé le déanaí faoi cad atá ar siúl sa Mheánoirthear, ag tagairt do chuairt an Uachtaráin Biden go hIosrael:

Tá ardmheas agam ar an gcaoi ar bhain an tUachtarán Joe Biden úsáid as a chomhbhá agus a láithreacht fhisiciúil in Iosrael chun a chur ina luí ar Iosraelaigh nach bhfuil siad ina n-aonar ina gcogadh i gcoinne Hamas, agus ag an am céanna lámh a shíneadh amach chuig Palaistínigh measartha. D’impigh Biden go láidir ar cheannaireacht Iosrael sos a ghlacadh agus smaoineamh ar thrí chéim chun tosaigh – ní hamháin ar cad ba cheart dóibh a dhéanamh i Stráice Gaza chun Hamas a scriosadh, ach faoi cad ba cheart a dhéanamh ina dhiaidh sin freisin chun suíocháin agus seasmhacht pholaitiúil a bhaint amach.

Staraí, Ollamh le stair san Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim agus scríbhneoir cáiliúil (a scríobh ‘Sapiens’ agus ‘Homo Deus’) is ea Yuval Noah Hariri. Seo cúpla focal uaidh:

Deir rialtas Iosrael go bhfuil sé ag iarraidh Hamas a dhí-armáil, agus tá gach ceart aige é sin a dhéanamh chun a shaoránaigh a chosaint. Tá dí-armáil Hamas ríthábhachtach freisin ionas go mbeidh seans ann le síocháin a bhaint amach mar, seachas sin, a fhad a fhanfaidh siad armtha, beidh Hamas in ann cosc a chur air sin. Fiú má éiríonn le hIosrael é sin a dhéanamh, níl ansin ach éacht míleata, ní plean polaitiúil é. Sa ghearrthéarma, an bhfuil aon phlean ag Iosrael an beart síochána idir Iosrael agus an Araib Shádach a tharrtháil? San fhadtéarma, an bhfuil aon phlean ag Iosrael síocháin chuimsitheach a bhaint amach leis na Palaistínigh agus chun normalú a dhéanamh ar a caidreamh leis an domhan?

Conclúid

Chuaigh rialtas Iosrael i gcoinne chomhairle na saineolaithe thuasluaite, a bhí á rá gurb é seo an t-am dó féinsmacht thar na bearta a léiriú. Bhí Hamas ag siúl le freagairt bhorb agus foréigneach ó Iosrael, rud a tharla agus a chuirfidh deireadh le haon seans a bheith ag Iosrael comhaontais a bhunú le tíortha Arabacha sa réigiún.  Gan dabht, tá an Iaráin sásta é sin a fheiceáil, agus Iosrael sáinnithe i gcogadh gan deireadh.

Bheadh sé níos fearr cur chuige nua agus níos spriocdhírithe in aghaidh Hamas a chumadh a luaithe agus is féidir, agus daoine neamhchiontacha a chosaint sa Stráice Gaza. Mar pháirt den straitéis sin, ba ghá stop a chur ar lonnaíochtaí a thógáil sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir láithreach.  Ní dócha go dtarlóidh na moltaí seo inniu nó amárach, agus san idirlinn déanfar sléacht ar shibhialtaigh neamhchiontacha ina sluaite.

.

gaGaeilge