Plus ça change…
Plus ça change…
Dá mhéad a athraíonn cúrsaí is amhlaidh go bhfanann siad mar an gcéanna, nó mar a deirtear sa Fhraincis: “Plus ça change, plus c’est la même chose!” Cé go bhfuil an ráiteas sin fíor sa tslí nach n-athraíonn nádúr daonna, níl sé fíor sa tslí go bhfuil athruithe ag tarlú anois nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Tá géarchéimeanna eisiacha ar siúl anois agus ní féidir linn dul sa seans go dteipfeadh orainn réitigh a aimsiú dóibh. Mar shampla, tá téamh domhanda ar siúl, de dheasca truailliú an atmaisféir, agus ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb sin níos mó. Go minic, tosaíonn athruithe, idir mhaith agus olc, in áit amháin, agus ansin scaipeann siad go háiteanna eile. Thosaigh téamh domhanda go príomha sna Stáit Aontaithe le hiomadú carranna, agus ansin nuair a d’éirigh tíortha eile níos saibhre, lean siad a sampla.
San alt a scríobhas an tseachtain seo caite, chuaigh mé siar ar bhóithrín na smaointe, ag cuimhneamh ar chúpla cáineadh a chuir mo mháthair in iúl dom ar a céad turas go California. Bhí an ceart ar fad aici maidir leis na fadhbanna ar dhírigh sí m’aird orthu, agus d’fhan a léargas grinn liom ó shin i leith. Is é an rud is iontaí faoi sin ná gur tharla an chuid is mó de na fadhbanna céanna in Éirinn níos déanaí, ag tosú i réimeas an Tíogar Ceilteach agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an la atá inniu ann. Is maith is cuimhin liom fear an bheáir in “Tynan’s Bridge House Bar”, b’fhéidir gurb é an t-úinéir é, ag rá liom nuair a chuala sé go raibh mé i mo chónaí i gCalifornia, “Tógaimid ach amháin na rudaí maithe ó na Stáit Aontaithe, a mhic!” Ní raibh freagra borb ar bharr mo theanga agam, ach tá an freagra agam anois. “Lean ar aghaidh ag brionglóid, a mhic!” Dá mbuailfinn leis an leaid sin arís, bheadh a lán le rá agam dó agus mholfainn dó an t-alt seo a léamh! Ar aon nós, seo cúpla sampla de na fadhbanna a chonaic mé ar dtús i Meiriceá, ach atá le feiceáil in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Géarchéim Tithíochta
Dá aistí an chuma atá air tá sé fíor go bhfuil fadhbanna áirithe a éiríonn níos measa nuair a éiríonn tíortha níos saibhre. Is í an ghéarchéim tithíochta ceann amháin dóibh. Nuair a éiríonn tíortha níos saibhre, méadaíonn praghsanna tí. Idir 1996 agus 2006, mhéadaigh praghsanna in Éirinn faoi cheathair! Bhí an tír roinnte ansin idir an saibhir agus an daibhir, ar bhonn úinéireacht tí. Ní raibh sé éasca do dhaoine agus go háirithe do cheannaitheoirí céaduaire teach nua a cheannach. Uaireanta, ní raibh sé ar a n-acmhainn teach a cheannach ar chor ar bith, agus dá bhrí sin, fágadh gan dídean iad agus bhí orthu codladh ar na sráideanna.
Bochtaineacht agus Inimirce
Suas go dtí am an Tíogair Cheiltigh, bhíodh na tonnta Éireannach ag dul ar imirce le gach cúlú eacnamaíochta dona sa tír. Ní bhíodh mórán ag iarraidh teacht isteach sa tír. Tháinig athrú ar chúrsaí go huile agus go hiomlán le teacht an Tíogair, agus thosaigh na tonnta ag gluaiseacht sa treo eile – isteach sa tír, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn san áireamh, a raibh sé i ndán do go leor acu blianta a chaitheamh in Ionaid Soláthair Dhírigh. Tháinig go leor daoine i dtír ó thíortha eile san Aontas Eorpach freisin, agus iad ag lorg oibre. Chuir an líon sin brú mór ar infreastruchtúr na tíre, infreastruchtúr nach raibh iontach maith sa chéad áit. D’éirigh cúrsaí tithíochta níos measa, agus bhí brú breise ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin.
Cúram Sláinte
Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil fadhbanna móra ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (HSE). Is cúis náire é go bhfuil na hospidéil róphlódaithe i gcónaí agus é mar sin le fada an lá, gan réiteach fiúntach le feiceáil fós. Cúpla mí ó shin, bhí timpeall 85,000 duine ag fanacht le leapacha d’othair chónaitheacha agus beagnach 500,000 duine ag fanacht le coinne ag clinic na n-othar seachtrach!
Eipidéim Drugaí
Chonaic gach duine an cheannlíne le déanaí: “Luach €157 milliún ar an gcócaon sa ghabháil drugaí ‘is mó i stair an stáit’”. Tháinig na drugaí ó chairtéil i Meiriceá Theas agus tháinig dronga coireachta eagraithe as Éirinn agus an Bhreatain le chéile chun na drugaí a roinnt agus a dháileadh, cuid acu in Éirinn. Tá fadhb mhór cócaoin in Éirinn anois – fiú sa Ghaeltacht. Seo ceannlíne a bhí i dTuairisc le déanaí: “Fear 50 bliain d’aois gafa agus luach €105,000 cócaon faighte ag na Gardaí”. Sin ach cúpla sampla, ach gan dabht tá an t-airgead ag daoine an cócaon a cheannach, agus tá an fhadhb seo ní hamháin sna cathracha, ach ar fud na tíre.
Foréigean agus Gunnaí
I gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, níl fadhb mhór ann maidir le gunnaí nó foréigean. Ach is gá súil ghéar a choinneáil air, mar mhéadaigh an ráta dúnmharaithe faoi dhó an bhliain seo caite.
Conclúid
Ceapaim go n-éiríonn fadhbanna áirithe i dtíortha saibhre. Táthar ann fós a shéanann go bhfuil tír shaibhir againn, ach léigh mé san iris ‘Forbes Magazine’ le déanaí gurb í Éire an tír is saibhre in aghaidh an duine, ar an domhan mór! Níl na Stáit Aontaithe ach in áit 9!!!
Ar an drochuair, go bhfios dom, níl mórán déanta le fada ag ár rialtas chun dul i ngleic leis na fadhbanna thuasluaite. Ach tá athruithe móra ag teacht sa sféar polaitíochta agus Mary Lou McDonald agus Sinn Féin in áit mhaith ó thaobh an chéad olltoghchán eile de. Má thoghtar isteach iad, b’fhéidir go mbeidh siad in ann céim ar aghaidh a thabhairt, ó thaobh na bhfadhbanna móra sin. Murach sin, cá bhfios ach lá amháin go mbeidh gunnaí ar fáil go héasca sa tír seo freisin!