Seirbhís Chuimhneacháin

Seirbhís Chuimhneacháin

Fulaingíonn tuismitheoirí go huafásach nuair a fhaigheann páiste dá gcuidsean bás. Ní thagann siad as go brách. Chaill mo chara, Micheál, a pháiste fásta le déanaí. Ní fhaca mé Micheál ag an ionad aclaíochta ar feadh míosa nó dhó. Ní raibh a fhios agam cén fáth, ach cheap mé go raibh sé ar a laethanta saoire. Ar an drochuair, ní raibh.

Sheol cara Mhichíl téacs chugam an tseachtain seo caite, agus nasc ann do scéala báis. Bhí mearbhall orm, ar dtús, mar níor thuig mé cén fáth a bhfaighinn an fógra sin. Ansin, chonaic mé gurb é Micheál athair an duine óg a bhásaigh. Ach ní hé sin ach tús an scéil.

Cuireadh don tseirbhís chuimhneacháin

Go minic, ní bhíonn sochraid mhór nuair a fhaigheann daoine bás i gCalifornia. Ach, mí nó dhó ina dhiaidh, bíonn seirbhís chuimhneacháin dóibh. Freastalaíonn teaghlach agus cairde ar an gceiliúradh saoil seo, agus de ghnáth bíonn bia agus deochanna ar fáil ann. Fuair mé cuireadh don tseirbhís trí théacs eile, agus sheol mé freagra go mbeadh mo bhean chéile agus mé féin i láthair. Ar an Satharn, chuireamar éadaí foirmeálta orainn don ócáid, agus thiomáineamar go dtí ionad na seirbhíse – galfchúrsa. Chuamar ann agus threoraigh comhartha muid chuig an mbálseomra. Bhí bord díreach laistigh de dhoras an bhálseomra, a raibh scáileán ann ag taispeáint grianghraf ó shaol Áine ann, agus cuimhneacháin eile ar an mbord freisin. Ní raibh sí ach 22 bliain slánaithe aici nuair a fuair sí bás.

Bhí Micheál, Máire agus Pádraicín in aici leis an mbord, agus chuir siad fáilte roimh gach duine ag teacht isteach. Tá tuismitheoirí Áine- Micheál agus Máire, colscartha le blianta beag anuas, agus is í Padraicín a pháirtí faoi láthair. Threoraigh ball foirne muid chuig ár suíocháin ansin. Bhí bileog ar gach suíochán dúinn, le grianghraf fir (Liam) ar an leathanach tosaigh agus grianghraf mná (Áine) ar an leathanach cúl, agus clár ar na leathanaigh láir.

Duine transincneach fireann go baineann ba í Áine. Rinneadh máinliacht athraithe inscne uirthi cúpla bliain ó shin nuair a bhí sí 20 bliain d’aois. D’fhás sí aníos mar bhuachaill darb ainm Liam.

Bhí roinnt mhaith daoine luaite ar an gclár: Micheál ar dtús, deirfiúr Áine, cairde Áine, a huncail agus a haintín, Padraicín agus Máire ag an deireadh.

Ceiliúradh saol Áine/Liam

Ghabh Micheál buíochas orainn go léir as a bheith ann. Thug sé sin tacaíocht agus sólás dó agus dá theaghlach, a dúirt sé. Bhí cuimhní geala aige faoi Áine agus an caidreamh eatarthu, agus bhris Micheál síos ag gol ó am go ham le linn a óráide, mar bhí sé an-deacair dó a bheith suas ar an ardán, ag caint faoina pháiste mar sin. Dúirt sé go raibh sé deacair dó féin, dá iar-pháirtí, agus dá pháirtí glacadh leis nuair a d’inis Liam (ag an am) cad a bhí ar intinn aige. Ach ghlacadar leis, agus thugadar a dtacaíocht go hiomlán dó. Nuair a bhí Liam athruithe go Áine, d’admhaigh Micheál nach bhfaca sé a pháiste chomh sásta sin riamh cheana. Ní raibh sí ina cónaí sa bhaile ag an am, ach théadh sí ann go minic, mar ní raibh an ollscoil a d’fhreastal sí uirthi rófhada ó bhaile. Dúirt Micheál ansin nach bhfuil cúrsaí éasca i Meiriceá faoi láthair, ach go háirithe más transinscneach nó inimirceach thú. Díríonn an rialtas ionsaithe de gach saghas ar dhaoine leochaileacha mar sin, a dúirt sé. Bhí na deora liomsa agus le gach duine ag éisteacht leis, mar is scéal thar a bheith tragóideach é seo.

Tháinig deirfiúr Áine, Emma, suas ar an ardán ansin. D’inis sí scéalta grinn dúinn, mar gan dabht ba charachtar é Liam, agus iad ag fás aníos le chéile. Bhí diabhlaíocht ina chuid grinn. Nuair a bhíodh duine ar thaobh an bhóthair ag deisiú poll sa roth, d’osclaíodh Liam a fhuinneog agus ligeadh sé béic uafáis ar an duine bocht, ag rá nach raibh cead acu a bheith pairceáilte ansin. Dúirt Emma go raibh Liam an-chliste freisin, agus go raibh sé éasca dó eolaíocht agus matamaitic a fhoghlaim. Chláraigh sé ar chúrsa innealtóireacht san ollscoil gan fadhb ar bith, mar fuair sé torthaí iontacha sna scrúduithe iontrála.

Mhol gach duine eile Liam/Áine go hard, idir theaghlach agus chairde, agus bhí go leor scéalta le hinsint acu. Ag an deireadh, tháinig máthair Liam/Áine suas, agus d’inis sí scéal nó dhó freisin. Ansin, d’aithris sí dán le Robert Burns. Bhain na haithisc ó chroí cuid mhór asainn go léir ó thaobh na mothúchán de. Bhí gach duine spíonta ag an deireadh.

Bhí bia agus deochanna ar fáil tar éis sin. Bhí formhór na daoine a bhí linn ag ár mbord – cairde Mhichíl ón ionad aclaíochta muid go léir – ag imeacht. Mar sin, d’imíomar abhaile freisin, mar ní raibh aithne againn ar aon duine eile, ach amháin Micheál, agus bhí sé an-ghnóthach cheana féin.

Conclúid

Tá an ráta iarracht féinmharaithe i measc daoine trasinscne ar fud an domhain idir 32% agus 50%. Is iad na príomhfhachtóirí riosca a mbíonn tionchar acu ar iompar féinmharaithe i measc daoine trasinscne ná íospartacht inscnebhunaithe, idirdhealú, bulaíocht, foréigean, diúltú ón teaghlach, ó chairde agus ón bpobal; ciapadh ó pháirtí pearsanta, ó bhaill teaghlaigh, ó na póilíní, ón bpobal agus ón rialtas, agus idirdhealú agus drochíde sa chóras cúram sláinte.

Ní bheidh a fhios againn go deo cad iad na fachtóirí go léir a raibh tionchar mór acu ar Áine, ach is dócha go raibh an timpeallacht chultúrtha agus pholaitiúil mar chúpla ceann dóibh. Ar aon nós, is cúis mhór bhróin dá teaghlach, dá cairde agus dúinn go léir, gur cailleadh Áine de thoradh féinmharaithe i mbláth a maitheasa  – suaimhneas síoraí dá hanam.

Litir ó Mheiriceá – An troid in aghaidh na holagarcachta!

Litir ó Mheiriceá – An troid in aghaidh na holagarcachta!

Nuair a fheiceann tú rud éigin nach bhfuil ceart, nach bhfuil cothrom, nach bhfuil cóir, caithfidh tú labhairt amach. Caithfidh tú rud éigin a rá; caithfidh tú rud éigin a dhéanamh.”

-John Lewis (1940-2020) – gníomhaí sna Stáit Aontaithe ar son chearta an duine.

Ní hé seo an t-am a bheith ciúin anseo i Meiriceá, agus an daonlathas i mbaol báis. Tá sé in am dúinn an fód a sheasamh go poiblí, ar mhaithe leis an daonlathas a chosaint in aghaidh garbhaol na holagarcachta. Is é an rud is measa dúinn ná a bheith ciúin, gan aon rud a rá faoi cad atá ar siúl faoinár súile. Tá formhór na bPoblachtánach sásta suigh siar sa rialtas gan rud ar bith a dhéanamh, agus an tUachtarán Trump agus a chomhghleacaithe ag déanamh damáiste buan don rialtas feidearálach, agus ag sárú an bhunreachta níos dalba gach lá. Níl Páirtí na nDaonlathaithe nó na Neamhspleáigh ag déanamh a ndóthain ach an oiread – le cúpla eisceacht shuntasach. Tá an Seanadóir neamhspleách (Vermont) Bernie Sanders agus an t-ionadaí Daonlathach (Nua Eabhrac) Alexandria Ocasio-Cortez (AOC) ar chamchuairt pholaitiúil mhór sna Stáit Aontaithe faoi láthair, darb ainm ‘An Troid in aghaidh na holagarcachta’. Ní raibh siad ag súil leis na taifid tinrimh atá á fáil acu ar fud na tíre. Seachtain ó shin, d’fhreastal mé ar agóid áitiúil eile sa bhaile ina bhfuil cónaí orm i gContae San Diego, agus ba shólás dom a bheith ann, le daoine eile nach bhfuil sásta fanacht sa bhaile gan aon rud a dhéanamh tríd an gcaimiléireacht atá ar siúl i Washington DC. Nuair a chuala mé go mbeadh Bernie Sanders agus AOC ag teacht ar cuairt go Los Angeles, bhí sé éasca an cinneadh a dhéanamh freastal ar an ócáid speisialta sin!

Fight Autocracy

Ar 12 Aibreán fuaireamar (mé féin agus mo bhean chéile) an traein go croílár Los Angeles (Union Station) go moch ar maidin. Tar éis siúlóid ghearr chuig Páirc Gloria Molina, chuamar isteach trí gheataí slándála. Níor ghá dúinn a bheith ann chomh luath, mar bhí polaiteoirí áitiúla agus aoichainteoirí de chuid ceardchumann éagsúil ar an stáitse le linn na maidine. Chuamar amach ag lorg bia tar éis tamaillín, mar bhí scuainí fada ag fanacht ar na carranna lónadóireachta agus ar na leithris inaistrithe. Bhí an t-ádh dearg orainn, mar fuaireamar cúirt bhia gar don pháirc, agus bhí lón deas againn roimh theacht ar ais.

Thosaigh na príomhimeachtaí i ndáiríre ag a haon a chlog tráthnóna, nuair a tháinig Joan Baez ar an stáitse. D’oscail sí leis an amhrán tíre “Ain’t Gonna Let Nobody Turn Me Around,” agus bhí an slua ag liúireach go hanamúil nuair a chan sí liricí nua ag rá “Ní ligfidh mé d’aon fhoirchinigh gheala mé a chasadh timpeall” agus “Ní ligfidh mé do na billiúnaí gránna sin mé a chasadh timpeall.” Lean sí le “There But For Fortune,” chomh maith le clúdach corraitheach ar “Imagine” le John Lennon.

Chuir Baez a dímheas in iúl do riarachán Trump an mhí seo caite, nuair a bhí sí mar aoi ar an gclár teilifíse “Everybody’s Live With John Mulaney” le John Mulaney agus dúirt sí “go bhfuil ár ndaonlathas ag dul trí thine!”

Tháinig an t-amhránaí is scríbhneoir Maggie Rogers ar an stáitse ansin, agus chan sí “Different Kind of World”, “Light Ón” agus “Alaska”. Tháinig Baez ar ais chun an stáitse agus chan siad “America the Beautiful” le chéile.

Fuair Neil Young an seal roimh AOC agus Sanders, ag teacht amach lena ghiotár leictreach agus a orgán béil, ag canadh leis an slua “Tóg America ar ais” (Take America back) agus cumhachtchordaí á seinm aige ar an ngiotár. Sheinn Young “Rainbow of Colours”, “Take America back” arís, agus ag deireadh a léiriú chan sé “Rockin’ in the Free World” le Baez.

AOC agus Bernie

Ansin bhí sé in am do AOC teacht ar an stáitse. Níor chuir sí fiacail ann, ag rá gur am scanrúil é seo. “Táimid ag féachaint ag comharsana, mic léinn agus cairde ag cailliúint a bpoist; tá siad á gciapadh agus fiú fuadaithe ag an rialtas.” Dúirt sí freisin go bhfuil cumhacht, cíocras agus caimiléireacht ag glacadh seilbh ar an tír faoi láthair i slí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.

Nuair a tháinig Bernie Sanders ar an stáitse, bhíomar go léir ar bís. Dúirt sé linn go raibh 36,000 dúinn i láthair, rud nár mhaith le Trump agus Musk a fheiceáil. “Is ré é seo ina bhfuil an páirtí Poblachtánach ina chultas, ag géilleadh do gach mian atá ag Trump,” a dúirt Sanders linn, ag cur leis go bhfuil riarachán Trump anois “ag beartú conas is féidir leo $1.1 trilliún a thabhairt mar bhuntáistí cánach don lucht airgid”. Dúirt sé freisin gur ré fíorchontúirteach atá ann faoi láthair, agus go mbeidh tionchar nach beag ag ár bhfreagra, ní hamháin orainn féin, ach ar na glúine atá le teacht. Dúirt sé cúpla rud eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. “Níl mé ag rá a thuilleadh go bhfuil muid ag bogadh i dtreo na holagarcachta, táim ag rá go bhfuil muid anois ag maireachtáil i sochaí olagarcachta.” Dúirt sé freisin “Inár ndaonlathas, ní mór dúinn stop a chur le billiúnaithe a bheith in ann toghcháin a cheannach!”

Conclúid

Sin ach cúpla sampla beag as a raibh le rá ag AOC agus Bernie Sanders, ach rinne mé iarracht bunbhrí a n-óráidí a chur in iúl duit. Níl mé in ann na mothúcháin a mhíniú duit, ach an oiread. Ach bhíomar thuas seal thíos seal, idir gháire agus ghol, agus na mothúcháin ag rith tharainn go léir a bhí i láthair. Ach tríd is tríd, b’eispéireas spreagúil é dúinn go léir a d’fhreastail ar an slógadh seo. Nílimid inár n-aonar, agus nílimid gan chumhacht. Ach is gá dúinn go léir seasamh suas gach uair a fheicimid rud mícheart á dhéanamh ag an rialtas, agus cur ina choinne i ngach slí dhleathach is féidir linn. Go háirithe, nuair a bheidh an deis againn vóta a chaitheamh sna toghcháin mheántéarma an bhliain seo chugainn, tá sé de dhualgas ríthábhachtach orainn an chumhacht sin a úsáid chun lútálaithe Trump a chaitheamh amach as Teach na nIonadaithe agus an Seanad, agus ionadaithe agus seanadóirí nua a chur i gcumhacht – daoine a bheidh ag troid ar ár son, agus ní ar son na n-olagarcaí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Caimiléireacht?

Thiomáin mé abhaile sa charr nuacheannaithe. Bhí mo bhean chéile agus mé féin an-sásta leis. Ach bhí amhras éigin ag cur isteach orm, agus ní raibh codladh suaimhneach agam an oíche sin. Ar maidin, tar éis mo bhricfeasta, scrúdaigh mé an conradh díolacháin. Bhí na sonraí ar chúl leathanaigh ionas nach raibh sé éasca iad a aimsiú. Bhí líne ann a tharraing m’aird: Córas slándála: $750. Cad sa diabhal? Dhiúltaigh mé an córas sin a cheannach ón tús. Bhí leathanach eile ann – conradh díolacháin don chóras slándála – agus mo shíniú féin ag bun an leathanaigh. Ní dúirt Ámharach faic faoin gcóras arís tar éis dom é a dhiúltú ar dtús. Ach i ngan fhios dom, chuir sé a chonradh díolacháin ar an scáileán agus mheall sé mo shíniú uaim. Is dócha go raibh sé ag insint scéil dom ag an am sin, chun m’aird a tharraingt ón bhfoirm chéanna. De réir dlí, bhí mo rás rite, agus bhí mé ‘scriúáilte’ i gceart. Bhí náire orm gur bualadh bob mar sin orm. Bhí fearg orm freisin agus ní raibh mé réidh é seo a ligean tharam gan troid.   

Mo Fhreagra

Chuir mé glaoch fóin ar Perry, ag míniú dó nár aontaigh mé an córas slándála a cheannach, ach i measc na bhfoirmeacha go léir, bhí ceann ann inar díoladh an córas dom i ngan fhios dom. Dearmad a bhí ann, a dúirt mé. Aisteach go leor, ní raibh aon argóint ag Perry faoi.

“Níl aon fhadhb! Beidh Ámharach i dteagmháil leat, chun an córas a chur as feidhm agus d’airgead a thabhairt ar ais duit.”

Chuaigh mé ar ais go Toyota an lá dár gcionn chun casadh le hÁmharach. Chonaic mé é ag siúl idir dhá fhoirgneamh, agus scairt mé anonn air.

“Tá cliant agam anois díreach, ach tar ar ais dom i gceann leathuaire,” ba é an freagra a fuair mé.

Leathuair níos déanaí bhíomar ina oifig arís. Thaispeáin sé an conradh dom.

“Shínigh tú anseo leis an gcóras slándála!” a dúirt sé, agus é an-oibrithe.

“Tá an ceart agat, ach ní raibh a fhios agam. Dhiúltaigh mé an córas nuair a thairg tú é dom ar lascaine.”

“Ní dhearna mé a leithéid, ní dúirt mé tada faoi!” arsa Ámharach go cosantach, ag briseadh isteach orm.

“Bhí an córas san áireamh cheana féin leis an gcarr,” arsa Ámharach, agus chroith sé cúpla foirm san aer. “Nach bhfaca tú an fhoirm seo?” a dúirt sé, ag díriú a mhéire ar fhoirm amháin.

“Ní fhaca mé an fhoirm sin riamh!” arsa mise.

“Is maith an rud é nár bhris mé do sheic fós!” arsa Ámharach, le cor a chur sa chaint. “Caithfimid conradh nua a shíniú anois!”

Rinneamar an deasghnáth céanna arís, agus ní raibh aon tagairt do chóras slándála ar aon fhoirm a tharraing sé suas ar an scáileán an uair seo! É sin déanta, scríobh mé seic nua gan chostas an córas slándála san áireamh. Bhí mé sásta go leor dom féin, ach bhí guth beag i mo cheann ag rá nár cheart an méid a tharla dom. Rinne mé machnamh air níos déanaí, agus seo mo chonclúidí agus mo mholtaí. Tá súil agam go gcabhróidh siad leat an chéad uair eile a mbeidh ort carr a cheannach!

Conclúidí

I mo thuairim, ní hé seo an chéad uair a rinne Perry agus Ámharach an cleas seo – níorbh é sin a gcéad róidió! Bhí siad cleachtaithe leis an gcleas seo chun airgead a gcustaiméirí a ghoid. Sin bun agus barr an scéil!

D’úsáid Perry agus Ámharach cúpla teicnic sa chleas seo:

  1. Cuir do chustaiméirí ar a suaimhneas. Beidh sé níos éasca ansin teacht aniar aduaidh orthu. An tslí is fearr é sin a dhéanamh ná a bheith ag insint scéalta pearsanta dóibh formhór an ama. Is féidir leat scéalta truamhéalaigh a chumadh chun nasc níos láidre a chumadh. Mar is é sin iompar carad iontaofa, agus seans maith go mothóidh siad bá leat.
  2. Bain intinn do chustaiméirí dá gcuid oibre. Bí cinnte go bhfuil tú ag caint aon am nár mhaith leat a n-airdeall a bheith ar rud áirithe. Mar shampla, bhí Perry ag caint an t-am go léir nuair a bhí mé ag iarraidh tástáil a dhéanamh ar an gcarr. Chomh maith leis sin, ní raibh sé éasca cur isteach air chun ceist a chur air agus é ag insint scéil phearsanta dom. Táim cinnte go raibh Ámharach ag insint scéil dom freisin nuair a chuir sé an fhoirm ag baint leis an gcóras slándála ar an scáileán.
  3. Bíodh plean B agaibh mar fhoireann ar eagla go bhfeicfeadh an custaiméir an conradh díolacháin don chóras slándála. Tá sé soiléir go raibh Perry agus Ámharach ag obair as lámha a chéile. Nuair a chuir mé ceist ar Perry conas a tharla an ‘botún’ sin, dúirt sé go gcaithfeadh go raibh an córas slándála mar rogha réamhshocraithe sa chonradh, agus nár chuir sé isteach é sa chonradh. Ach dúirt Ámharach go raibh an córas slándála san áireamh sa chonradh a thugadh dó.

Sin plean B- tarraing siar agus tabhair le fios do na custaiméirí i gceist gur míthuiscint inmheánach a tharla sa chás seo. Ná hadmhaigh go ndearna tú aon rud mícheart. Cuir na custaiméirí ar a gcosaint tríd an bpróiseas seo, agus seans maith ansin nach ndéanfaidís gearán, mar nár shínigh siad an conradh ag deimhniú gur cheannaigh siad an córas slándála sa chéad áit? Ansin, tabhair a n-airgead ar ais dóibh ar an toirt. Níor mhaith leat go sroichfeadh na gearáin céanna bainisteoireacht an comhlacht díoltóra, ar eagla go dtiocfadh an chaimiléireacht chun solais.

Moltaí

Nuair a bhíonn ionadaí díolacháin nó ionadaí airgeadais ró-chairdiúil agus ró-chainteach leat – bí ar d’airdeall! I mo chás-sa, ní raibh ceachtar acu ró-chairdiúil nó ró-chainteach an dara huair! Léiríonn sé sin nach raibh siad i ndáiríre an chéad uair ach ag obair chun a leasa féin a bhíodar.

Léigh gach leathanach sa chonradh roimh duit é a shíniú, fiú má bhíonn an t-ionadaí airgeadais ag geabaireacht! Mura ndéanann tú é sin, seans maith go gceannóidh tú, i ngan fhios duit, rogha nach bhfuil ag teastáil uait, díreach mar a tharla domsa. Féach go cúramach ar na huimhreacha freisin, agus déan cinnte nach bhfuil costas breise ann.

Scrúdaigh an conradh go cúramach uair amháin eile nuair a théann tú abhaile. Má fheiceann tú ‘botún’, téigh ar ais agus mínigh don ionadaí díolacháin faoi. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil plean B acusan freisin agus go gceartófar an ‘botún’ duit gan mhoill!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Is maith an aire an fhógairt…! (1)

Nach mór an trua é go ndearna mé glan dearmad ar an seanfhocal ‘Is maith an aire an fhógairt!’ nó ‘Caveat Emptor’ i Laidin, nuair a bhí mé ag ceannach cairr le déanaí ag comhlacht díoltóireachta mótarfheithiclí de chuid Toyota. Tá ciall ceannaithe agam tar éis m’eispéiris, agus tá cúpla leid agam dá bharr sin, a d’fhéadfadh an-difríocht a dhéanamh agus tú féin ag ceannach cairr.

Bhí sé in am dúinn carr a cheannach agus ár gcarr féin ar an dé deiridh. Mar sin thugamar cuairt ar chomhlacht díoltóireachta de chuid Toyota atá gar dúinn. Bhí suim againn i gcarr hibrideach agus tá cúpla múnla acu a bheadh oiriúnach dúinn. Cé go ndíolann siad carranna nua go príomha, is lucht díolta carranna athláimhe iad freisin, agus sin a bhí á lorg againn – carr athláimhe i ndea-chaoi.

Chomh luath agus a d’éiríomar as ár gcarr, tháinig fear díolacháin agus a lámh sínte amach chugainn.

“Fáilte romhaibh, conas a d’fhéadfainn cabhrú libh inniu?” a dúirt sé.

“Táimid ag lorg cairr hibridigh athláimhe agus chonaic mé ar an idirlíon go bhfuil cúpla ceann agaibh anseo!” arsa mise.

Thaispeáin sé dúinn na carranna a raibh suim againn iontu, agus chuir ceann amháin dóibh ticeanna sna boscaí go léir.

“Go raibh maith agat,” arsa mise. “Tá deifir orainn anois ach beidh muid i dteagmháil leat má tá ceist againn.” Ní cheannóinn carr gan machnamh a dhéanamh air ar dtús.

“Maith go leor,” arsa Perry, “beidh mé anseo. Seo mo chárta gnó!” Thug sé a chárta dom, agus chuamar abhaile.

Rinne mé níos mó taighde sa bhaile ar an idirlíon, agus chinneamar go rachainn ar ais an chéad lá eile, chun an carr a thabhairt ar thuras trialach ar a laghad. Chuir mé glaoch ar Perry an lá dár gcionn agus rinne mé idirbheartaíocht chun an praghas iarrata a ísliú roimh ré. Bhí mé sásta go leor leis an bpraghas a bhí aontaithe againn, agus chuaigh mé ar ais go dtí an comhlacht díoltóireachta gan mhoill ansin.

Cleasaíocht Lámha

Bhí Perry ag fanacht liom leis na heochracha agus chuamar ar thuras trialach le chéile. Bhí Perry cairdiúil cainteach sa charr. Cé gur rud deas é sin i slí amháin, tharraing sé m’intinn ón obair a bhí le déanamh agam – triail a bhaint as an gcarr chun é a mheas de réir critéir éagsúla – láimhseáil, oibriú, feidhmiú agus a leithéid. Bhí an carr deimhnithe ag Toyota maidir le 160 critéar, agus cúpla athrú déanta dá bharr sin. In ainneoin gheabaireacht Perry, bhí mé in ann mo thástáil a chríochnú, agus bhí mé sásta nach raibh fadhb mhór leis an gcarr ó thaobh tiomána de. Chomh maith le gach rud eile, bhí cúpla baránta san áireamh freisin a bhí tarraingteach. Bhí mé réidh an chéad chéim eile a thabhairt, agus d’inis mé a leithéid do Perry. Chroitheamar lámha le chéile, agus chuamar go dtí oifig an bhainisteoir airgeadais, fear darb ainm Ámharach.

“Ná bí buartha ar chor ar bith!” a dúirt Ámharach. “Ní thógfaidh sé i bhfad orainn an jab seo a chríochnú! Suigh síos ag an mbord!”

Chuir sé ceist orm ansin.

“Tá mé in ann córas slándála a thairiscint duit ar lascaine mhór, síos ó $1195 go $795. Ar mhaith leat é a cheannach?” arsa Ámharach.

“Níor mhaith liom!” arsa mise.

“Cuirfimid an t-aláram as feidhm mar sin.”

Ansin, bhrú sé ar an mbord os ár gcomhar amach le bior a bhí aige, agus tháinig conradh díolacháin suas ar scáileán a bhí ar dhromchla an bhoird.

“Déanfaimid gach rud ar an ríomhaire!” arsa Ámharach go bródúil.

Ansin, thóg sé bior dom, le mo shíniú digiteach a scríobh ar an scáileán. Tharraing sé suas foirm i ndiaidh foirme ar dhromchla an bhoird sin, agus boscaí le mo shíniú a chur isteach iontu agus boscaí eile le mo cheannlitreacha a scríobh iontu. Tháinig mearbhall orm i mo cheann agus na foirmeacha ag teacht suas ag luas an tsolais leis an iliomad boscaí iontu ag fanacht liom.  

D’inis Ámharach dom cad a bhí i gceist leis na foirmeacha a bhí á síniú agam, agus bhí lánmhuinín agam as. Ní bheadh sé éasca dom gach foirm a léamh, go háirithe mar ní raibh sé éasca fiú an scáileán a fheiceáil ar ghéaruillinn.

Bhí Ámharach cairdiúil cainteach freisin, agus é ag insint scéalta pearsanta dom faoina shaol féin le linn an phróisis. Bhí a gheabaireacht do mo chur soir, ach nárbh fhéidir liom brath ar an bhfear deas seo an rud ceart a dhéanamh, agus é ina fhostaí ag an gcomhlacht iontaofa sin Toyota? Bhí gach rud déanta againn in dhá mheandar agus eochracha an chairr i mo lámha agam! Tuilleadh le teacht…

 

 

 

 

 

 

An Ghéarchéim Cógaisíochta!

An Ghéarchéim Cógaisíochta!

Cúlra

Tá tionscal na cógaisíochta mar chnámh droma do gheilleagar na hÉireann agus é ag cur go mór le fostaíocht, infheistíocht agus nuálaíocht sa tír. Blianta fada ó shin, mheall an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail comhlachtaí cógaisíochta agus teicneolaíochta go hÉirinn, le tairiscint a bhí deacair dóibh a dhiúltú, is é sin córas cánach an-fhabhrach leo i gcomparáid lena gcóras cánach sa bhaile i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus san Aontas Eorpach (AE). Ní haon ionadh é, mar sin, go raibh cáineadh géar déanta ar Éirinn mar gheall ar a córas cánach ag SAM agus an AE (go háirithe an Fhrainc agus an Ghearmáin) agus ag an Riocht Aontaithe (RA), Mar fhreagairt ar an mbrú idirnáisiúnta sin, d’athchóirigh rialtas na hÉireann a chóras cánach, ag cur deireadh leis an scéim casta a cuireadh an ‘Double Irish’ air (i 2020) agus ag glacadh le híosráta cánach domhanda (i 2021) a bhí leagtha síos ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Ar an drochuair, níor chuir na hathruithe suntasacha sin lucht a gcáinte ina dtost. D’ardaigh Trump an t-ábhar leis an Taoiseach Micheál Martin sa seomra ubhchruthach sa Teach Bán ar an 12 Márta, ag rá: “Thóg tú ár gcomhlachtaí cógaisíochta agus comhlachtaí eile… Tá tionscal cógaisíochta na Stáit Aontaithe go hiomlán i lámha an oileáin álainn seo ina bhfuil 5 mhilliún duine.” Bhagair sé taraif 200% a fhorchur ar chógaisíocht a allmhairítear ó Éirinn go SAM. An raibh an ceart ag an Uachtarán Trump?

An Fhadhb

Rinne an tUachtarán Trump pointe maith, agus is cúis imní é sin, mar braitheann geilleagar na hÉireann go mór ar onnmhairí chuig SAM, ach go háirithe ar onnmhairí cógaisíochta. Sa bhliain 2024, d’easpórtáil Éire €224 billiún d’earraí do thíortha eile; as sin €72.6 billiún d’earraí chuig SAM, agus as sin €58 billiún d’earraí cógaisíochta. Sin uimhir shuntasach, nuair a chuireann tú i gcomhthéacs í. Ba iad na trí onnmhaireoirí ba mhó chuig na Stáit Aontaithe san AE an bhliain seo caite (2024) ná an Ghearmáin (€161 billiún), Éire (€72 billiún) agus an Iodáil (€65 billiún). Cad atá ar siúl anseo? Sciúradh airgid atá i gceist, cé go bhfuil sé dleathach.

Cúpla Sampla

  1. Maoin Intleachtúil (IP) & Íocaíochtaí Ríchíosa

Samhlaigh go gcruthaíonn an comhlacht ‘Drugaí’ druga nua sna Stáit Aontaithe darb ainm ‘Faoiseamh’. In ionad an phaitinn a chlárú sna Stáit Aontaithe, cláraíonn Drugaí an phaitinn faoina fochomhlacht in Éirinn, Drugaí Éireann.

Anois, gach uair a dhíolann Drugaí (SAM) Faoiseamh sna Stáit Aontaithe, caithfidh Drugaí SAM táille ríchíosa a íoc le Drugaí Éireann as úsáid na paitinne. Ní gá a rá go bhfuil an táille ríchíosa an-ard d’aon turas. Dá bhrí sin, bíonn brabús níos ísle sna Stáit Aontaithe (mar gheall ar na táillí ríchíosa), agus brabús níos airde in Éirinn (áit a bhfuil an cháin níos ísle).

  1. Mí-ionramháil Praghsanna

Déanann Drugaí Éireann Faoiseamh ar $10 an piollaire. In ionad an druga a dhíol go díreach le custaiméirí, díolann Drugaí Éireann é le Drugaí SAM ar $200 an piollaire. Ansin, díolann Drugaí SAM an phiollaire sna Stáit Aontaithe ar $220 an piollaire.

Sa chás seo, tuairiscíonn Drugaí SAM brabús de $20 in aghaidh an phiollaire sna Stáit Aontaithe, agus faigheann Drugaí Éireann brabús de $190 in aghaidh an phiollaire, atá inchánaithe ag ráta níos ísle in Éirinn. Coinníonn sé seo formhór an bhrabúis in Éirinn (áit a bhfuil an cháin níos ísle).

Impleachtaí

Tá go leor de na comhlachtaí cógaisíochta domhanda lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Tá margadh ollmhór ann do chógais ar oideas, agus tá praghsanna arda ina n-ábhar conspóide le fada an lá ann. Is cúis imní pholaitiúil agus eacnamaíoch í seo sna Stáit Aontaithe, agus cuireann sé brú ar pholasaithe cógaisíochta a rialtais. Tá rialtas na hÉireann ag fáil airgid ba cheart a bheith íoctha do rialtas SAM, agus bíonn ar mhuintir SAM an t-easnamh sin a íoc i bhfoirm praghsanna cógaisíochta níos airde. Deir rúnaí tráchtála SAM, Howard Lutnick gur caimiléireacht atá i gceist.

“Caithfidh muid iarracht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na camscéimeanna cánacha atá ar siúl. Is í Éire an ceann is fearr liom. Shaothraigh tír na hÉireann barrachas buiséid $60 billiún anuraidh. Mar sin cailleann [Meiriceá] dhá thrilliún agus déanann siadsan $60 (billiún). Cad a dhéanann siad? Tá ár maoin intleachtúil go léir acu dár dteicneolaíocht iontach. Ár gcuid cuideachtaí móra teicneolaíochta agus cuideachtaí cógaisíochta iontacha – cuireann siad a maoin intleachtúil go léir ann mar bíonn cáin íseal le híoc ann, agus ní íocann siad SAM ar chor ar bith. Mar sin tá deireadh leis sin,” a dúirt an rúnaí.

Bhagair trump go gcuirfeadh sé taraifí ar dhrugaí ag teacht ó Éirinn go SAM – suas go 200%. Chuirfeadh sé sin isteach go mór ar eacnamaíocht na hÉireann agus bheadh cúlú eacnamaíochta domhain sa tír.

Réiteach?

Tá sé soiléir go bhfuil Trump (agus Lutnick) i ndáiríre agus is dóichí ná a mhalairt in easpa réiteach eile go leanfaidh siad ar aghaidh le taraifí géara ar dhrugaí ag teacht ó Éirinn.

Tá sé ríthábhachtach polasaithe straitéiseacha a chur in áit chun géarchéim mar sin a sheachaint. Is gá dul i bhfeidhm leis na scéimeanna thuasluaite, agus plean a chumadh agus a roinnt le rialtas SAM chun deireadh a chur leo ina chéimeanna. Má ghlactar leis sin, tabharfaidh sé am breise dúinn teacht ar réiteach fadtéarmach. Is gá don rialtas infheistíocht a dhéanamh san earnáil cógaisíochta agus teicneolaíochta, chun timpeallacht ghnó a chruthú sa tír, a thabharfaidh deiseanna do dhaoine comhlachtaí a bhunú, agus fostaithe cáilithe a mhealladh isteach iontu. Tá saineolas cuí in Éirinn chun ár spleáchas ar SAM a laghdú chomh tapa agus is féidir, agus chun éagsúlú eacnamaíochta a dhéanamh a bheadh mar bhuntáiste mhór don tír sa todhchaí. Tá sé déanach agus tá sé deacair, ach níl an dara rogha againn anois!

 

 

 

Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

Litir ó Mheiriceá – Cruachás na bhfostaithe feidearálacha!

An Namhaid Laistigh

Tá gach rud iompaithe bunoscionn i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair, agus is mór an trua é. Ní féidir le haon tír eile muinín a bheith aici as SAM níos mó. Braitheann sé go bhfuil an tUachtarán Trump ag iompú go dtí an taobh eile – taobh na Rúise. Tá sé ag tabhairt aire na huibhe circe don Rúis, agus ag an am céanna ag tabhairt droim láimhe dá Chomhghuaillithe, an tAontas Eorpach (Éire san áireamh!), an Úcráin, Ceanada agus Meicsiceo, chun ach cúpla a lua. Beidh droch-chríoch leis an scéal seo, gan dabht ar bith.

Fiú amháin sna Stáit Aontaithe féin, tá Trump agus a mhaidríní lathaí ag caitheamh le sciar mór dá saoránaigh féin amhail gur namhaid iad. Tá a chomhghuaillí mór, Elon Musk, ag tabhairt bata agus bóthair do na mílte fostaí ag obair don rialtas, i slí atá brúidiúil agus cruálach agus, dé réir dealramh, mídhleathach freisin. Cuireann sé sin i gcuimhne dom scannán darb ainm ‘Up in the Air’, le George Clooney sa phríomhról, agus an dualgas aige bata agus bóthar a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre. Nuair a mholann a bhas dó go mbeadh sé níos fearr a obair a dhéanamh ar ‘Zoom’ nó a leithéid, bíonn fadhb mhór aige leis an gcur chuige sin, mar tá coinsias aige.

Téann Musk cúpla céim níos faide ná seo, mar thug sé bata agus bóthar do go leor daoine ag an am céanna, le r-phost amháin. Níl bun ná barr leis atá a dhéanamh aige, agus tá go leor daoine ag fulaingt mar iarmhairt. Seo cúpla scéal pearsanta ó dhaoine a chaill a phoist fheidearálacha le déanaí.

Samantha Leach

Bhí áthas ar Samantha Leach ocht mí ó shin. Fuair sí an post a thaitin go mór léi sa Bhiúró Feidearálach Greanadóireachta agus Priontála, ag obair le foireann a raibh meas aici ar a scileanna agus a díograis.

Tháinig laghdú ar an lúcháir sin níos luaithe an mhí seo. Fuair sí amach (le r-phost) go raibh sí i measc na mílte fostaí de chuid an rialtais fheidearálaigh ar promhadh, ar bhriseadh as a bpoist go tobann iad. Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a léigh sí gur theip uirthi a dualgais a chomhlíonadh sa phost. Ach fuair Samantha an rátáil is airde – cúig as a cúig, ina hathbhreithniú is déanaí maidir le comhlíonadh a dualgais.

“Bhí mé go maith, go han-mhaith ag an obair a bhí faoi chaibidil agam. Rinne mé gach rud i gceart – go litriúil! Ach in ainneoin gach rud, tugadh an doras dom. Ba mhillteanach an bhuile é sin, do dhuine cosúil liomsa nach bhfuil uaim ach a bheith san áit is dual dom, ag cur le rath an rialtais fheidearálaigh”.

Tony Ruiz

Briseadh as a phost Tony Ruiz, arb as Orange County, California é, ar 3 Feabhra, díreach deich lá sula raibh deireadh lena thréimhse phromhaidh mar Ionadaí Seirbhíse ag obair sa Roinn um Ghnóthaí Iarshaighdiúirí.

Dúirt an t-iarshaighdiúir airm míchumasach gur earcaíodh é tar éis 15 bliana san earnáil phríobháideach, chun cabhair a thabhairt d’iarshaighdiúirí maidir le héilimh shochair a bhí acu – mar shampla, cabhair le páipéarachas chun gnáthamh leighis a cheadú, nó chun céile a chur ar pholasaí. Dúirt Tony gur minic a láimhseálann sé suas le 40 éileamh in aghaidh an lae.

Bhí alltacht agus uafás air nuair a léigh sé ina litir foirceanta go raibh caighdeán a oibre do-ghlactha. I mí Lúnasa seo caite, bhí Tony ar an chéad fhostaí ina rannóg a bhuaigh gradam “fostaí an ráithe”, a raibh duais airgid $1,000 ag dul leis.

“Tá tú ag insint dom (go bhfuil) duine de na fostaithe is fearr, ar bronnadh airgead air, agus a bhí ina fhostaí an ráithe …gur duine gan mhaith ná maoin mé?” ar seisean.

Bhí sé deacair do Tony fiú an teach a fhágáil ar dtús agus tá sé ag tógáil roinnt ama chun teacht chuige féin tar éis a tharla dó.

“Tá mé croíbhriste, tá mé trína chéile,” a dúirt Tony. “Ní dóigh liom go bhfuil sé seo tuillte ag aon fhostaí feidearálach Meiriceánach, go háirithe iarshaighdiúir.”

Anailís

Tá go leor damáiste déanta ag Musk agus a fhoireann don rialtas feidearálach agus a fhostaithe. Chonaiceamar Musk ar an stáitse le sábh slabhrach ag taispeáint cé chomh dírithe is atá sé ar bhearta costchiorraithe sa rialtas. Is dóigh gur sháraigh Musk a údarás agus gur sháraigh sé dlíthe a thugann cosaint d’fhostaithe feidearálacha. Dhírigh sé ar an FAA (Údarás Eitlíochta feidearálach), USAID (Gníomhaireacht na Stáit Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta) agus NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis), fiú ag iarraidh USAID a dhúnadh. Bíonn Musk á iompar féin amhail is gur cuid dá ghnólachtaí é rialtas SAM. Ach níl an rialtas ann chun brabús a dhéanamh, ach ar mhaithe pobal na tíre.

Níl airí Trump sásta le cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus Musk ag cur a ladar ina ngnóthaí. Cé gur thug Musk an bhróg do go leor daoine, is ar na hairí amháin atá an fhreagracht pholaitiúil as a ndearna sé. Bhí cruinniú teasaí sa teach bán le déanaí, le Trump, a airí agus Musk sa seomra. Bhí argóint mhór idir Musk agus cúpla Rúnaí, agus go háirithe an Rúnaí Stáit Marco Rubio, a bhfuil USAID faoina cheannas. Rinne an cinneadh ansin nach mbeadh Musk in ann an bóthar a thabhairt go díreach d’fhostaithe feidearálacha níos mó. Cuirfidh sé moltaí chun cinn ar an ábhar, ach beidh an chumhacht ag na hairí iad a ghlacadh nó a dhiúltú.

Coimhlint cumhachta atá ar siúl, idir Musk agus airí Trump. Buaileadh buille ar Musk leis an gcinneadh ina mbeidh sé ina mholtóir gan cumhacht gníomhaithe aige. Ach ní buille maraithe é sin fós, agus ceapaim nach ngéillfidh Musk leis gan troid. Ach ba cheart go mbeadh an chumhacht ag airí Trump, agus mar sin is dóigh go dtabharfaidh siad an lá leo. Gan dabht, tá an tóin ag titim as plean Musk, agus é féin agus Trump go muineál i gcásanna dlí. Chomh maith leis sin, tá míshásamh an phobail ag treisiú maidir le gníomhartha Musk. Tá sé soiléir nach mbeidh aon dúil ag Trump nó a airí dul níos faide síos an bóthar céanna. Dúirt Trump féin gur gá dóibh sceanóg a úsáid in ionad tua, mar tuigeann sé na rioscaí polaitiúla ag baint le cur chuige Musk suas go dtí seo. Tá súil agam go mbeadh ar rialtas SAM caitheamh mar is cuí leis a lucht oibre, agus go gcuirfear stad le drochíde a thabhairt do na daoine breátha ionraice sin atá mar chnámh droma an rialtais!

 

 

 

 

 

 

gaGaeilge