Dírbheathaisnéis 16- ag imeacht ón Tréad
Ar an 21 Iúil, 1969, go moch ar maidin, shuigh Daid agus mé féin ag faire ar Neil Armstrong ag leagan coise ar an ngealach. Ní cuimhin liom an raibh aon duine eile linn. Bhí mé dhá bhliain déag d’aois agus mé faoi gheasa ag an radharc ar an teilifís. Níor chosúil go raibh a leithéid indéanta ar chor ar bith, ach bhí sé ansin os ár gcomhair, ag tarlú inár seomra suí ar an teilifís dhubh agus bhán. Nuair a shiúil Neil Armstrong agus ansin Buzz Aldrin ar an ngealach, d’fhan Michael Collins i bhfithis sa mhodúl ceannais. Fir gheala Meiriceánacha iad go léir.
Anois, na blianta fada ina dhiaidh sin, tá misean eile Meiriceánach tar éis spásairí a thabhairt ar ais i dtreo na gealaí. Tá Artemis II imithe thart ar chúl na gealaí agus tá sé ar a bhealach abhaile agus é seo á scríobh agam. Agus mé ag faire ar an misean seo, mothaím rud beag den iontas céanna a mhúscail Apollo ionam.
Bhain Apollo 11 leis an gCogadh Fuar. Ag an am sin bhí an rás sa spás fite fuaite le mórtas náisiúnta agus le hiomaíocht idir cumhachtaí móra. Baineann Artemis II le ré eile. Is comhoibriú idirnáisiúnta é an misean seo. Tá éagsúlacht le feiceáil san fhoireann spásairí – bean (Christina Koch), fear de dhath (Victor Glover) agus Ceanadach (Jeremy Hansen), chomh maith leis an Meiriceánach Reid Wiseman.
Is é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ag smaoineamh faoin dá mhisean seo ná an fad ama eatarthu. Ar bhealach, tá cuid mhór de mo shaol féin tomhaiste eatarthu. Nuair a thuirling Apollo 11, ní raibh mé fós tosaithe ar an meánscoil. Anois tá mé ar scor tar éis saol oibre mar innealtóir. Faoin am a chuirfear daoine ar an ngealach arís faoi Artemis IV sa bhliain 2028, beidh beagnach seasca bliain imithe idir na tuirlingtí sin.
Ar ais ar an Domhan, tá athrú ollmhór tagtha ar rudaí áirithe. Ag an am céanna, tá athrú i bhfad níos lú tagtha ar rudaí eile. Tá an saol digiteach athraithe thar aithne. Táimid tar éis bogadh ó theilifís dhubh agus bhán i seomra amháin den teach go saol idirlín, fóin phóca, físeáin láithreacha, beoshruthanna, agus anois intleacht shaorga, forbairt eile nach mbeadh sé éasca a shamhlú i 1969. Chonaiceamar Apollo 11 tríd an teilifís agus an raidió. Ach tá Artemis II ar fáil i gcónaí ar ár bhfóin agus ar ár scáileáin, aon uair is mian linn féachaint air.
Cé go bhfuil an teicneolaíocht dhigiteach imithe chun cinn ar luas lasrach, ní féidir é sin a rá faoin gcóras tiomána roicéad. Ní tháirgeann an roicéad SLS a úsáideadh do Artemis II ach 15 faoin gcéad níos mó sá ná roicéad Saturn V Apollo 11. Is dul chun cinn é sin, gan dabht, ach ní réabhlóid é. Tá Artemis II níos nua-aimseartha, níos sábháilte agus níos sofaisticiúla, ach i dtéarmaí fisiciúla tá sé fós ag déanamh an rud céanna a rinne Apollo 11 breis agus leathchéad bliain ó shin.
Tá athruithe tagtha orainn mar shochaí freisin, mar níl an nasc céanna eadrainn agus muid ag féachaint ar an éacht dochreidte seo. Bhíomar go léir ag breathnú ar Apollo 11 ag an am céanna, agus mhothaítí go raibh an domhan ar fad páirteach ann. Mhothaíomar níos gaire dá chéile tríd an eispéireas comhroinnte sin. Tá gach rud faoi Artemis II ar fáil dúinn anois, aon áit, aon am, ar ár bhfóin phóca. Ach tá an nóiméad comhroinnte poiblí i bhfad níos laige anois. Cé go bhfuilimid níos ceangailte le heolas ó thaobh na teicneolaíochta de, táimid níos scaipthe óna chéile ó thaobh na sochaí de. Breathnaímid ar an misean i ngearrthóga, inár n-aonar go minic, agus de réir ár sceidil féin, mar tá an iomarca eile ag tarraingt ár n-airde.
Cé go bhfuil dul chun cinn as cuimse déanta againn ó thaobh na teicneolaíochta de ó 1969 i leith, ní féidir a rá gur bhogamar chun cinn ar an gcaoi céanna i gcúrsaí síochána don chine daonna. Tháinig agus d’imigh na cogaí san Afganastáin agus san Iaráic agus costas uafásach daonna ag baint leo. Tá scrios agus caillteanas beatha uafásach fágtha ag an gcogadh in Gaza. Tá an Úcráin fós faoi ionsaí. Faoi láthair, tá an choimhlint leis an Iaráin ar siúl, agus bhí focail troda le cloisteáil ón Uachtarán Trump maidir le scrios ar scála ollmhór. Tá sos cogaidh coicíse i bhfeidhm faoi láthair, ach ní fios cad a tharlóidh amárach.
Chomh maith le gach rud eile, tá an t-athrú aeráide ann, bagairt eile atá ag méadú os ár gcomhair. Ní raibh na bagairtí sin chomh soiléir i 1969, ach anois tá a fhios ag gach madra sa bhaile cad atá i gceist, agus cúrsaí aimsire ag dul in olcas gach bliain. Cé go lonraíonn Artemis II mar léaró dóchais, tá bagairtí tromchúiseacha ann fós — cogaí, rialtais uathlathaigh agus an t-athrú aeráide san áireamh.
B’fhéidir, áfach, gurb é sin féin an fáth go bhfuil tábhacht chomh mór ag baint leis an misean seo. Cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil daoine fós in ann aislingí a fhíorú agus dea-ghníomhartha a dhéanamh. Smaoiním arís ar an mbuachaill sin ina shuí lena athair i lár na hoíche, ag stánadh ar an scáileán dubh agus bán agus é faoi gheasa. Ní fhéadfadh sé an domhan a bhí le teacht a shamhlú. Agus is dócha nach féidir linne an domhan atá romhainn a shamhlú go hiomlán ach an oiread.
Má tá aon rud le foghlaim ó mhisean Artemis II, is é seo é: Ní neart go cur le chéile. Agus cé go bhfuil teipthe orainn arís agus arís eile, ní mór dúinn fós brú ar aghaidh i dtreo domhan níos fearr. Níl an dara rogha againn.




