I  mBéal  an  Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Fís le fíorú

Anois, agus muid ag druidim i dtreo Chuimhneamh Céad an Éirí Amach, táthar ag smaoineamh ar bhealaí áirithe leis an mbeart sin a chomóradh mar ba chuí agus mar ba chóir. Deir dream amháin gur chóir seo a dhéanamh, deir dream eile gur chóir siúd a dhéanamh, agus dár leis an bhfear thall, gurbh fhearr ócáid mhór chomórtha amháin a eagrú a mbeadh cuimhneamh uirthi lá is faide anonn, agus ceapann an fear abhus, gur chóir ócáid cheiliúrtha áitiúil a eagrú i ngach paráiste sa tír. Sea, faoi mar a chuireadh na Rómhánaigh é fadó – quot homines tot sententiae nó faoi mar a chuirtear sa chéad teanga náisiúnta é, -Ní lia duine ná tuairim – Ach nach ndéarfadh an leathshaoi fhéin, gur mar a chéile ab fhearr iad. Ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh ár mbród as ár náisiúntacht, agus as iarrachtaí ár ndaoine sin a bhaint amach, agus ar an dara dul síos, nach bhfuil ár bpobail fhéin ansin freisin, agus nach é ár ndualgas é an dearcadh céanna sin a chur ar a súile dóibhsean freisin.

Ach céard tá le ceiliúradh againn gur fiú é a chur i mbéal an phobail, um an dtaca seo? Deir daoine áirithe, gur éirigh le lucht an Éirí Amach a bhfís a fhíorú le neart a lámh. Ceart go leor, táid ann adeir, gur éirigh leo saoirse a bhaint amach, ní don tír uilig, ach do sé chontae fichead di, agus faoi mar a bhí cúrsaí ag an am, bheadh sé do-dhéanta an tsaoirse sin a bhronnadh ar Sé Chontae an Tuaiscirt, nó bheadh an pobal ó thuaidh réidh le cur i gcoinne a leithéid de shocrú, mar bhí siadsan meáite ar fanacht sa Ríocht Aontaithe. B’in an chaoi ar fágadh an scéal i ndiaidh na troda go léir, ach nach raibh na clocha corra faighte againn sa Chonradh ar ghlac an pobal leis i ndiaidh an iomláin? Fiú má ghlacaimid le fírinne an raitis sin chaithfeadh duine a admháil nach raibh sa mhéid sin ach leath na físe, nó nárbh é a theastaigh uathusan nó Éire Saor Gaelach a bhaint amach. Má ghlactar leis anois go raibh an tSaoirse bainte amach acu, céard faoin gcuid eile den bhfís? Bhuel, caithfimid glacadh leis, nárbh fhéidir an chuid sin den bhfís a bhronnadh ar an náisiún, d’aon iarracht agus láithreach bonn, ach bhí an deis acu anois tabhairt faoin chuid sin den bhfís a réaladh le himeacht aimsire.

Caithfear a admháil gur dhein an Saorstát iarracht inmholta le cuid den bhfís a thabhairt i gcrích trí bhéim a leagan ar mhúineadh na teanga sna scoileanna, agus is dóigh gur tuigeadh, ag an am, go leathfadh polasaí oideachais leithéid, go leathfadh sé, le himeacht aimsire, labhairt na Gaeilge i measc daoine. ach ní dóigh liom gur tuigeadh ag an am chomh deacair is a bhí sé teanga a bhí i mbéal an bháis a athbhunú i bpobal, agus feictear anois freisin, chomh gann is atá samplaí de thír ar bith ag tabhairt go dáiríreah faoin bhfiontar céanna sin, taobh amuigh dIosrael, b’fhéidir . Ní gá a lua anseo, go bhfuil samplaí eile den Ghaelachas beo beathach inár measc go dtí an lá atá inniu ann, mar atá, rinncí, ceol, amhránaíocht ar an sean-nós, cluichí, agus rud ar bith eile, a shil anuas chugainn, mar chuid dár n-oidhreacht. B’in iad na rudaí a bhí i gceist ag laochra na Cásca nuair a léadh Forógra ár bPoblachta ar Shráid Chonaill, sa bhliain 1916, beagnach céad bliain ó shoin anois. Ghlac an pobal lena bhfís, agus dá chomhartha sin, tá an fhís sin beo inár measc go dtí an lá atá inniu ann, ach anois, nach bhfuil sé thar am againn breathnú ar an bhfís chéanna sin arís. An é nach raibh inti i ndáiríre ach leagan gaelach de Útóipe? agus an é atá le déanamh againn anois, mar chine, nó ár leagan fhéin den bhfís chéanna sin a fhógairt don aonú haois fichead, leagan a chuirfeadh san áireamh na hathruithe atá tagtha ar ár bpobal san idirlinn,agus áit sa bhfís sin a chur in áirithe do na mílte agus na mílte “thar toinn do ránaig chugainn”. Sea, agus caithfimid sainmhíniú a thabhairt ar shaoirse agus ar ghaelachas’ dóibh siúd atá suas anois, sa chaoi go mbeidh fís nua, suas chun dáta, againn, a bheidh mar mhéar an eolais dÉireannaigh na haoise seo, agus iad ar a dturas chuig an Éirinn idéalach sin, atá folaithe i gceartlár chroí na muintire a áitíonn cúig cúigi Éireann, i láthair na huaire seo. Faoi mar adúirt an té adúirt...breathnaigh isteach i do chroí fhéin, más uait spléachadh a fil ar fhís an dara céad.

.

I  mBéal  an  Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail Ford County

Grisham chugainn arís

.

Ford County…….céadchló…….2009

By

John Grisham…………………..£12.99

Díolaim gearrscéalta atá i leabhar seo an Ghrishamaigh, nó go dtí seo, b’úrscéalta, den chuid is mó, a leag sé os ár gcomhair amach, úrscéal is fiche acu, agus leabhar amháin eile, bunaithe ar an bhfírinne, sé sin “ The Innocent Man”. Níl a fhios agam, cén fáth ar athraigh sé cúrsaí anois, ach táid ann adéarfadh, go mb’fhéidir go raibh sé meáite i dtosach ar úrscéalta a dhéanamh díobh seo, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, gur theip ar na scéalta sin forbairt agus fás a dhéanamh dó, faoi mar a tharlaíodh i gcás na n-úrscéalta eile a shil óna pheann, agus ó tharla go raibh siad ró-mhaith le caitheamh i dtraipisí, mar sin, ní raibh le déanamh aige ach iad a athscríobh mar ghearrscéalta. Bhuel, bíodh sin fíor bréagach, níl dabht ar domhan ach gur éirigh leis an údar sraith gearrscéalta den scoth a leagan os ár gcomhair amach. Caithfidh mé a admháil, nach go ró-mhinic a léim fhéin díolaim gearrscéalta, ach shocraigh mé ar an ndíolaim seo a léamh toisc gurbh é John Grisham a chuir i dtoll a chéile iad, agus ní raibh a chathú orm, nó is féidir liom a rá anois, gur bhain mé taitneamh, sásamh, agus tairbhe nár bheag, as léamh na scéalta céanna sin.

Sé cinn de ghearrscéalta breátha

Ach nár chóir dom tagairt a dhéanamh do na gearrscéalta fhéin?

Bhuel! Seacht gcinn de scéalta dea-scríofa atá idir chlúdaigh an leabhair seo, agus geallaimse dhuit é, go bhfuil sé deacair ceann ar bith acu a chur uait, go dtí go mbíonn an deoir dheiridh den scéal diúgtha agat. Imríonn an t-údar an draíocht chéanna ar a léitheoir leis na gearrscéalta seo is a imríonn sé orthu lena úrscéalta mór-ráchairte.

Féach ar an gcéad scéal acu, “Blood Drive”. Gortaíodh Bailey i gcathair Memphis, áit a raibh sé ag obair ar an mbuildáil, agus scaipeadh an scéal sa mbaile tuaite, Boxhill, mar a raibh cónaí ar a mháthair, arbh othar í ag an am. Scaip an scéal, agus munar cuireadh leis, bí cinnte nár baineadh uaidh, go dtí, sa deireadh, go raibh scéal chailleach an uafáis déanta acu de. Ar deireadh thiar, thug trúir acu aghaidh ar an ospidéal úd i Memphis, go bhfeicfidís cén bhail a bhí ar Bailey bocht, agus é de chuspóir acu a gcuid fola a chur ar fáil dó, dá mbeadh sé ina gátar. Bhuel, is deacair a chreidiúint go mbainfeadh an oiread sin eachtraí, timpistí, agus mí-fhortún, dóibh, i rith an aistir sin, agus breathnaigh freisin, ar an toradh a bhí ar a gcuairt. Ach fágfaidh mé an pléisiúr sin agat fhéin, agus gan le déanamh agat, lena bhlaiseadh, ach an leabhar seo a fháil agus a léamh!!!

Ar “Death Row”

Fetching Raymond” a bhaist an t-údar ar an dara scéal. Raymond Graney, atá i gceist aige anseo. Duine ab ea Raymond ar chuma leis faoi dhlithe a thíre, agus dá bharr sin, ba mhinic é ina aoi ag an Stát, ó laethe a óige i leith, ach ar deireadh thiar, mharaigh sé póilí, agus dá bharr sin, daoradh chun a bháis é i bpríosún Parchman. Cuireadh siar lá an léin, chomh fada agus d’fhéadfaí sin a dhéanamh, agus bhí Raymond ag cur in iúl dá mhuintir sa bhaile, i gClanton, i Ford County, go bhfaigheadh sé an lámh in uachtar ar an dlí fós. Ach ar deireadh thiar, tuigeadh dá muintir, dá mháthair agus dá dheartháireacha Butch agus Leon, go raibh a chaiscín geall le bheith meilte, agus bhuaileadar bóthar go Priosun Parchman, le bheith i láthair, nuair a sheolfadh an Stát ar a bhealach chun na síoraíochta é

Chaith Raymond seal fada ag insint dá mhuintir, go raibh chuile sheans go n-éalódh sé ó chrúba an Stáit, nó dár leis, go raibh foireann dlíodóirí ag saothrú dó, agus bhéarfaidís siúd bua, i ndeireadh na dála. Féach mar a labhair sé lena mhuintir, nuair a shroich siad Parchman, agus nuair a ligeadh isteach iad i seomra na gcuairteoirí, sa Phríosún úd…..

“We got these sumbitches on the run,” he said, still smiling, the picture of confidence. “My lawyers are filin’ a truckload of habeas corpus petitions as we speak, and they ’re quite certain the US Supreme Court will grant certiorari within the hour.”

Cur i gCéill

Ní raibh, áfach, sa chaint sin uilig, ach cur i gcéill, agus áibhéil, agus ba ghearr ina dhiaidh sin, go raibh air a admháil dóibh, nach raibh aige ach dlíodóir bocht amháin, agus dlíodóir, nach raibh ábalta tada a dhéanamh le cumhacht an Stáit a stopadh, agus thug Raymond bata agus bóthar don dlíodóir fánach céanna sin freisin. Bhí lá, agus uair, a bháis, leagtha amach faoin am sin, agus in am tráth, bhí chuile shórt réidh, le críoch a chur lena ré. Tháinig Aturnae ar an bhfód, agus léigh sé an fógra oifigiúil….

“Pursuant to a verdict of guilty and a sentence of death returned against you in the Circuit Court of Ford County, you are hereby sentenced to death by lethal gas in the gas chamber of the Mississippi State Penitentiary at Parchman. May God have mercy on your soul”

B’in iad na focail a léigh an tAturnae díreach sular sheol siad é i dtreo Sheomra an Gháis i bpríosún Parchman.

Fágfaidh mé an chuid eile den scéal fút fhéin. Caithfidh tú an scéal a léamh, le fáil amach, ar cuireadh Breith na Cúirte i gcrích, agus cén chríoch a chuir an t-údar leis an scéal.

Tuilleadh fós le léamh

Ní gá a rá, go bhfuil scéalta eile sa leabhar seo, cúig cinn acu, scéalta den scoth, agus scéalta a imreoidh a ndraíocht fhéin ort, agus a chuirfidh faoi gheasa thú, lena leagan amach, lena gcur chuige, agus lena stíl mhealltach, corraitheach. Sea, agus chuile scéal acu níos fearr ná a chéile. Caithfidh mé a admháil, gur bhain mé an-taitneamh as an ndíolaim gearrscéalta seo.

  .

.

I  mBéal  an  Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail I gCeartlar mo dhaoine

.

“I gceartlár mo dhaoine”

.

Thug mé cuairt ar an Iarthar, le déanaí. Bheadh ar dhuine a admháil don saol mór nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am, nó maidin Domhnaigh, agus muid ag fágáil an bhaile anseo i gCill Chainnigh, bhí sé ag cur sceana gréasaí. Ní dóigh liom, go bhfaca mé báisteach chomh trom leis, leis na cianta, agus dá chomhartha sin, bhí orainn tiomáint trí locháin uisce, a bhí ag trasnú an bhóthair anseo is ansiúd. Cuir le sin, go raibh na spéartha gruama leagtha anuas orainn, geall leis ach níor bhréag ar bith a rá, gur oir gruamacht na haimsire don ngruamacht gránna a bhí cuachta ina scamall dlúth múchtach, sa chroí istigh ionnam.

Turas na Trócaire

Tuige a’ raibh an croí istigh ionnam chomh trom, gruama, dubhach, sin, An ea?

Toisc nach siar ar aeraíocht, nó ar saoire a bhí mé ag bogadh, an mhaidin bhroghach sin. Níorbh ea, mh’anam, mar ba ar shochraid a bhí mé ag dul, sochraid mo dheirféar Cáit, an duine deiridh den ál, taobh amuigh díom fhéin, a bhí fanta os cionn talaimh fós. Tuigfidh tú, mar sin, nach raibh aon ró-dheifir orm, agus mé i mbun an aistir chéanna sin, nó ní le fonn a thug mé faoi i dtosach báire, ach gur tuigeadh dom, go raibh sé de dhualgas orm bheith ar an bhfód, don ócáid sin.

Chun bóthair linn go breá luath, ar eagla go gcuirfeadh an doineann moill orainn, ach tar éis dúinn dul trí chupla linn uisce, anseo is ansiúd, fan an bhóthair, rinneamar an tslí a chur dínn go héasca, agus chomh maith le sin, chomh luath is a thrasnaigh muid an tSionainn, bhí sé ina thuradh ansin, go tráthnóna.

Siar a chuamar

Chuireamar an oíche sin tharainn i mBéal an Átha, agus an mhaidin dár gcionn, thugamar an bóthar siar go Béal an Mhuirthead orainn fhéin. Shroicheamar an Teach Ósta nua sin, ar imeall Bhéal an Mhuirthead go breá luath, agus bhí deis againn scathamh a chaitheamh ansin, lenar scíth a ligint, roimh an chuid deiridh den aistear go dtí an Geata Mór a chur dínn.

Nuair a shroicheamar an Geata Mór, tamall roimh mheánlae, bíodh gur ar shochraid a bhíomar ag dul, ag an am gcéanna, ba thógáil croí domsa bualadh leis an oiread sin seanchairde. Ag buille an mheánlae, cuireadh tús leis an Aifreann. Bhí triúr sagart ar an altóir, sagairt a raibh aithne acu ar Cháit, nó ba mhinic í ag obair ansin i Séipéal álainn Naomh Sheosaimh sa Gheata Mhóir. Ba mhór go deo an chabhair iad, an tAifreann fhéin, na hiomainn ón gCór, an seanóir ón Sagart Paráiste, agus tacaíocht an phobail mhóir a bhí bailithe ar an bhfód, lena gcomhbhrón a chur in iúl, le meáchan ár gcumha a laghdú, lenar mbuairt a mhaolú, agus lenár gcaoinchuimhne a threisiú.

Deireadh an Aistir

I ndiaidh an Aifrinn, shnigh an tsochraid a slí anacair i dtreo Reilg na Croise, Reilg atá i ngiorracht urchar méaróige do Sheanmhainistir na Croise, mar a bhfuil an file, Riocard Bairéad fhéin, ag tabhairt an fhéir. Ach fillimis ar an Reilg Nua, mar a raibh uaigh tochailte go doimhin i ngaineamh bhog gheal an Mhuirthead. Uaigh a thochail gaolta agus cairde Cháit. Deineadh an uaigh a choisreacan. Íslíodh an chónra. Dúradh na paidreacha cuí, agus ansin, fad is a bhí deichniúr den Phaidrín á rá, bhí na gaolta agus na cairde céanna sin, ag líonadh na huaighe le gaineamh bhog bhán, a thit anuas gan trup ar chlár na cónra. Tráth raibh an deichniúr ráite, bhí an uaigh líonta, agus an farasbarr baslaithe ina iomaire deas, néata os a cionn. Sea, agus nárbh oiriúnach an chomhartha chéanna sin, ar ár ndúil uilig san aiséirí, san athfhás sin, a luaitear sa véarsa….

Ó bhás to críoch,

Nach críoch ach athfhás,

I bParrthas na nGrást

Go rabhaimid.

Agus an méid sin déanta againn, d’fhanamar uilig ar an bhfód go ceann tamaill, muid ag caint is ag comhrá, ag seanchas is ag síor-rá. Muid ag rúscadh aibhleoga na cuimhne, ach thar aon rud eile, muid ag misniú a chéile, le tabhairt faoin chuid eile dár n-oilithreacht fhéin.

Áit ag Bord an Tiarna, go raibh ag Cáit bhocht s’againne anocht agus i dtólamh.

Gaineamh Bhog Bhán

D’íslíomar a cónra chláir

I gciúineas caoin a huaighe,

Is ghuíomar dá hanam dil

Grásta is síocháin neimhe.

.

Líonadh isteach an uaigh

Le gaineamh bhog bhán Iorrais,

A thit mar chálóga grásta,

Gan trup, lá úd na Leice.

.

Is d’fhanamarna sa timpeall,

Mearaithe ag rún na beatha,

Ag seanchas is ag comhrá

Ar stair is ar ábhair reatha.

.

Taobh linn, bhí na tonnta mara

Ag briseadh go cumhach cois trá,

In ómós do Cháit bhocht na gile,

Is ag guí uirthi suaimhneas gan chrá.

.

Mothóimid uainn thú, a dheirfiúr,

Do chomhluadar caoin is do chiall,

Go raibh tíos agat feasta sna Flaithis,

Faoi shíocháin is suaimhneas gan chríoch.

.

.

Peadar Bairéad

.

***********************************

.

.

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail IarChriostaiocht

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

An IarChríostaíocht?

Ní call dom a insint dhuit, go bhfuil cúrsaí creidimh ag dó na geirbe agam arís, an tseachtain seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is minic an port céanna á sheint agam na laethe seo.

’Tuige sin? adéarfadh duine b’fhéidir.

Toisc go bhfuil an Eaglais Chaitliceach, ach go háirithe, i mbéal an phobail le scathamh maith anuas anois. Agus ní méadú ar a cáil, ach a mhalairt, roinnt mhaith den mhíchlú a bhronntar uirthi, tríd an bpoiblíocht chéanna sin. Caithfear a admháil, nach gan chúis a thuill sí an míchlú céanna sin, nó cé d’dhféadfadh dearmad a dhéanamh ar an dá Thuarscáil úd, a foilsíodh le tamall anuas, – Tuarascáil Uí Mhurchú agus Tuarascáil Uí Riain, atá idir chamáin agam anseo -. Caithfear a admháil freisin, go raibh cáineadh tuillte ag an Eaglais chéanna sin. Ach ansin, nár chóir dúinn deis a thabhairt di, aithreachas agus leorghníomh a dhéanamh, sa mhí-úsáid a tugadh ar na daoine leochaileacha, so-ghonta úd, a fágadh faoina cúram.

Pobal Dé agus an todhchaí

Ar an dtaobh eile den scéal, nach bhféadfadh duine a rá, nárbh í an Eaglais Chaitliceach fhéin a rinne an mhí-úsáid úd, nó nach gcáineann an Eaglais chéanna sin chuile ghníomh dá leithéid? agus nach bhfuil sí meáite anois, ar chuile iarracht a dhéanamh, le gníomhartha dá leithéid a chosc sa todhchaí? Ach sa mhéid gurbh iad ministrí na hEaglaise sin a bhí ciontach sa mhí-úsáid sin, ba chóir go ndéanfadh pobal na hEaglaise sin chuile iarracht ar leorghníomh, agus cúiteamh a dhéanamh leo siúd ar deineadh an éagóir uafásach sin orthu.

Agus sin uilig ráite, admhaithe, agus cáinte againn, caithfear an ród seo romhainn a bhuaileadh athuair, le misneach, le dóchas, agus le creideamh, earraí a dhéanfaidh sinn a threorú fan bhóthar ár slánaithe. Ní tráth éadóchais é, ach tráth dóchais agus misnigh. Tráth freisin é, inar chóir do Chríostaithe leanúint ar aghaidh ar bhealach a n-oilithreachta, gan faitíos, gan eagla, gan teip. Nach oidhrí sinne ar an dtraidisiún Críostaí a fágadh le huacht againn ag daoine a d’fhulaing chuile shórt chéasta agus anró, le sin a dhéanamh, agus a dhéanamh go dóighiúil, flaithiúil, misniúil? Nárbh iad a shín anuas chugainn an creatlach críostaí, lenár saol mar phobal, a chrochadh air? Agus nárbh iad freisin, a d’fhág le huacht againn, eagraíocht na hEaglaise, le pobal Dé a threorú i dtreo Ríocht Dé?

Geasa Briste

Ní tráth é seo le chuile iarsma den Chríostaíocht a chaitheamh i dtraipisí, toisc gur bhris roinnt áirithe sagart a ngeasa, agus gur iompaigh siad ó bhealach a slánaithe agus gur thaisteal siad bealach a n-aimhleasa. Ní tráth é seo, le chuile iarsma dár gcreideamh a ruaigeadh as ár scoileanna, nó le chuile chomhartha dár n-oidhreacht a ruaigeadh as ár dtimpeallacht, nó ní tráth é seo, ach oiread, le hiompú i gcoinne éinne a léireodh a Chríostaíocht, os chomhair an phobail, ar cheann ar bith de na meáin chumarsáide, lena náiriú, nó lena chiapadh, os ard.

Nach minic a úsáidtear leithscéalta gan tóin le ciapadh dá leithéid a chosaint? Duine amháin ag maíomh nach bhfuil sé féaráilte creideamh a shacadh siar síos scornach na n-óg, agus sa chás seo, ní creideamh ar bith eile atá idir chamáin aige, ach an Chríostaíocht amháin. Duine eile ag rá, nár chóir do phobal, comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard, ar eagla go gcuirfeadh sé sin isteach ar dhearcadh chuairteoirí nó strainséirí, agus fiú, nach ndeirtear nár chóir comhartha ar bith creidimh a léiriu, os ard, in áit phoiblí ar bith, toisc gur leis an bpobal, frí chéile, na hionaid chéanna sin.

Sinne an Pobal

Ach, nach bhféadfadh duine a mhaíomh, gur sinne an pobal, agus gurb ’in é díreach a theastaíonn uainn, agus i gcás na scoileanna, arís, nach iad na tuismitheoirí na príomhoideachasóirí, de réir an Bhunreachta, agus má theastaíonn uathusan comharthaí dá gcreidimh a léiriú os ard sna scoileanna, cén ceart atá ag an Stát, nó ag dream ar bith eile, cur ina gcoinne? Fágaimis na croiseanna mar a bhfuil siad, agus ná bíodh náire ar bith orainn faoi chomharthaí ár gcreidimh, nó faoi léiriú ár n-oidhreachta. Cúis bhróid agus cheiliúrtha dúinne iad. Ná caitear i dtraipisí iad!

Agus ag caint ar chuairteoirí, déarfainn go mbeadh ionadh orthusan mura mbeadh muid sásta gníomhú de réir ár ndearcaidh, nó de réir ár gcreidimh, agus ar aon nós, níor chóir go dtiocfadh sin isteach sa scéal, chor ar bith, olc, maith, nó dona, nó an té a thagann chugainn isteach ón iasacht, ba chóir go duigfeadh sé cúrsaí, nó faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó, – sa Róimh dhuit, déan mar a dhéanann na Rómhánaigh – . Glach le nósanna d’aíonna, nó fan glan amach uathu!

   

I  mBéal  an  Phobail Fis le Fiorú

I mBéal an Phobail Inishkea Drowning – Copy

I mBéal an Phobail

– Tubaiste Inis Gé 1927 –

(…This week I mBeal an Phobail recalls the Inishkea drowning which occurred on the 28 October 1927.)

.

Breis is ceithre scór bliain ó shoin, ar an 28ú Deireadh Fómhair, i mbliain úd ár dTiarna 1927, a tharla báthadh mór Inis Gé.

Cá bhfuil Inis Gé, an ea?

Péire oileán atá suite amuigh ó chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, atá i gceist anseo agam. Inis Gé Theas agus Inis Gé Thuaidh, a tugtar orthu.

Agus an bhfuil pobail ag cur fúthu amuigh orthu, sa lá atá inniu ann?

Tá faitíos orm, nach bhfuil, ach ní mar sin a bhíodh, breis is ceithre scór bliain ó shoin áfach, nó bhí pobail bheo, bhríomhara, Gaelacha, ag cur fúthu ar na hoileáin bheannaithe sin. Thagaidís i dtír ar iascaireacht agus ar fheirmeoireacht. Agus, bheadh sé deacair áit ní b’áille a fháil, thoir nó thiar, ag an am.

Báthadh mór Inis Gé

Ach, cén chaoi ar tharla an tubaiste úd, sa bhliain 1927, má sea?

Lá breá Fómhair ab ea an 28u Deireadh Fómhair, an bhliain sin 1927, agus amuigh sa tráthnóna, tuigeadh do lucht iascaigh Inis Gé go ndéanfadh sé togha oíche iascaireachta. Dá thoradh sin, bhailigh na hiascairí a gcip is a meánaithe, agus chun farraige leo in am tráth. Amach ar an domhain leo ina gcurracha leochaileacha, ach tráth raibh siad ullamh le dul chun oibre, tuigeadh do chuid acu, gur tháinig droch-chuma ar an aimsir, agus d’iompaíodar thart, agus rámhaigh siad ar a ndícheall i dtreo ché an oileáin. Tháinig a mbunús sin saor ón mbáthadh, ach lean an chuid eile orthu, agus chuireadar na heangacha.

Sár a mbeadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, d’éirigh an ghaoth ina roisteacha móra, agus shéid an gála, gur cuireadh scaipeadh na mion-éan ar an gcabhlach currach. Níorbh aon chabhair dóibh na heangacha lán éisc a bhí mar chloch mhuilinn thart orthu anois, agus bíodh gur ghearradar na heangacha saor, bhí sé ró-dhéanach, nó bhí na curracha imithe ó smacht, faoin am sin, agus thiomáin na roisteacha farraige isteach ar na carraigreacha móra, géara, garbha, iad, gur deineadh cláiríní díobh ansin, agus gur báthadh na hiascairí óga sciliúla, scafánta, a bhí ina mbun. Séideadh cupla currach isteach ar an trá, agus d’éirigh leis na hiascairí a bhí iontusan teacht slán, ach báthadh aon duine dhéag sa tubaiste uafásach sin.

.

Oileán tréigthe

Bhris an tubaiste sin ar mhisneach agus ar mheanma phobail na n-Oileán. Cuireadh coirp na n-iascairí a cailleadh i Reilg an Fháil Mhóir, agus ó tharla gur cailleadh iad uilig san aon tubaiste amháin, cuireadh i bhfocair a chéile iad, san aon uaigh mhór amháin. Bailíodh airgead i Meiriceá le leacht oiriúnach a thógáil os a gcionn, lena gcuimhne a choinneáil glas. Agus go gairid ina dhiaidh sin, i dtús na dtriochaidí, shocraigh na hoileánaigh ar na hoileáin a thréigint, agus tugadh feirmeacha beaga dóibh ar an dtír mhór, i nGlais, baile beag a bhíonn go síoraí ag breathnú amach ar na hoileáin. Bhí file san Aird Mhóir, in Iorras, ag an am, agus Seán Ó Monacháin a bhí air. Bhuel, chum seisean ‘Caoineadh’ faoin mbáthadh céanna sin. Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo, le cupla véarsa as an ndán sin a athlua anseo,

Báthadh Inis Gé

.

“Nach bocht an gháir is nach daor an bás é,

Ó rinneadh an t-ár seo in Inis Gé?

Tá’n sgata báite a b’fhearr san áit seo

I bPort a’ Chárainn is nach mór an scéal?

Dá síntí a gcnámha i gcónraí clárthainn,

Nó ’n cholainn ghránna bheith curtha i gcré,

Ní bheadh mná ’gus páistí chomh buartha cráite,

‘S bheadh a muintir sásta in Inis Gé.

.

Séard dúirt na hardchinn chaith i bhfad i gColáiste,

A fuair fios ó’n bPápa ar chaint na Naomh,

Má rinneadh an báthadh i bPort an Chárainn

Go raibh an breitheamh i láthair á ligint saor;

Bhí Dia dá sábháil ‘s ag réiteach áit dóibh,

Ní scathamh gearr é, nó lóistín oíche,

Acht don anam tárrrthaí céad míle fáilte,

I Ríocht an Ardrí arís a choíche.

  

Solas na soilse, agus agus glóir na bhFlaitheas, go raibh acu uilig, na créatúir, anois agus i dtólamh.

.

.

gaGaeilge