Ó Ceanada!

Ó Ceanada!

Ó Ceanada

Ó Ceanada!
Dúiche na ngaiscíoch cóir
Coróin ar do cheann, le duilleog dhearg ‘s óir
Ó chuan go cuan, le hamhrán binn
Do chlú beimid á lua
Faoi dhíon do sciath
Tá saoirse gheal
Nach spíonfaidh an namhaid uainn
Ó Ceanada!
Dóchas ár gcroí
Sonas, síocháin is maitheas Dé dár tír
Sonas, síocháin is maitheas Dé dár tír

Toghchán Cheanada 2025

Bhí freagairt láidir ag Ceanada ar an seasamh naimhdeach a ghlac Donald Trump agus a riarachán fúithi. Léiríodh an fhreagairt go soiléir i dtorthaí suntasacha a dtoghcháin fheidearálaigh ar 28 Aibreán, 2025. Díreach trí mhí go leith ó shin, bhí na Liobrálaigh 25 faoin gcéad taobh thiar de na Coimeádaigh i bpobalbhreitheanna coitianta. Tar éis beagnach 10 mbliana i gcumhacht agus faoi cheannas an Phríomh-Aire Justin Trudeau, a bhí ag éirí níos neamhchoitianta ag an am, bhí cuma air go raibh na Coimeádaigh réidh buille marfach a thabhairt dóibh.

Ansin d’fhill Donald Trump ar an Teach Bán agus go han-tapa, d’athraigh gach rud.

Chuir Trump taraifí 25% ar allmhairí Cheanada, ag lua imní faoi inimirce agus gáinneáil drugaí. Bhagair na bearta seo príomhearnálacha, lena n-áirítear cruach, alúmanam, agus tionscail na ngluaisteán, agus chuir siad rioscaí cúlú eacnamaíochta i láthair, le réamh-mheastacháin ar laghdú 2.5% ar olltáirgeacht intíre (OTI) agus caillteanas post do timpeall 150,000 oibrí faoi thús 2026.

Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, mhol Trump arís agus arís eile go mbeadh Ceanada níos fearr as mar an 51ú stát Mheiriceá.

An tseachtain seo caite (agus é seo á scríobh agam) dúirt sé: “murach muidne (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a bheith ann di, ní bheadh Ceanada ann, go deimhin (ní bheadh sí ann) mar thír.”

Go tobann, thuig na Ceanadaigh gur briseadh an caidreamh láidir, fadtéarmach idir iad agus na Meiriceánaigh. Bhí sé deacair é sin a chreidiúint, mar ba chomharsana cairdiúla iad na Ceanadaigh le fada an lá, a chuir stró orthu féin arís is arís eile, le cabhair a thabhairt do na Meiriceánaigh. Chuaigh siad chun cogaidh leo, thug siad tearmann dóibh nuair ba ghá (i ngéarchéim na ngiall san Iaráin i 1980, mar shampla), agus chomhoibrigh siad le chéile go minic agus gan mórán easaontas eatarthu – suas go dtí seo. Thosaigh Trump á mbagairt gan bun ná barr leis nuair a ceapadh mar uachtarán é.

“Suas go dtí sin, bhí na Coimeádaigh, faoi cheannas Pierre Poilievre, ar an mbóthar ceart chun an tromlach is mó a bhuachan sa rialtas i stair Cheanada, ach thit sé ar fad as a chéile i gceann trí, ceithre mhí,” a dúirt Kory Teneycke, straitéisí ceannródaíoch de chuid na gCoimeádach.

Leag feachtas Carney béim ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus ar fhriotaíocht i gcoinne cur isteach SAM, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór le vótálaithe a raibh imní orthu faoi cheannas na Ceanada. Os a choinne sin, laghdaigh tacaíocht an phobail do Poilievre a raibh a reitric ag teacht le reitric Trump, agus nach raibh ag caint faoi bhagairtí Trump ar Cheanada. Anuas ar sin, bhog sciar mór de lucht leanúna na bpáirtithe eile a thacaíocht go dtí na Liobrálaigh – go príomha na Daonlathaithe Nua agus Bloc Québec.

Trump ag cur a ladair isteach i ngnóthaí Cheanada

Rinne Trump drochscéal níos measa ar lá an toghcháin, nuair a chuir sé suas post ar na meáin sóisialta, ar Truthsocial.com, ag moladh do mhuintir Cheanada a vóta a chaitheamh ar son Trump féin b’fhéidir, rud nach bhfuil ceadaithe, mar níl sé ar an mballóid. Seo mar a scríobh sé:

“Muintir iontach na Ceanada – ádh mór oraibh. Togh an fear a bhfuil an neart agus an chiall aige bhur gcánacha a laghdú ina leath, bhur gcumhacht mhíleata a mhéadú, saor in aisce, go dtí an leibhéal is airde ar domhan, bhur ngluaisteán, bhur gcruach, bhur n-alúmanam, bhur n-adhmad, bhur bhfuinneamh, agus gach gnó eile, A MHÉADÚ FAOI CHEATHAIR, GAN TARAIFE NÓ CÁIN, má thagann Ceanada isteach mar an 51ú Stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Gan aon líne shaorga a thuilleadh ó bhlianta fada ó shin. Féach cé chomh hálainn is a bheadh ​​an mhórchríoch seo. Rochtain saor in aisce GAN TEORAINN. GACH RUD DEARFACH GAN AON RUD DIÚLTACH. BHÍ SÉ SA CHINNIÚINT! Ní féidir le Meiriceá Ceanada a fhóirdheonú a thuilleadh leis na céadta billiún dollar in aghaidh na bliana atá á chaitheamh againn bliain i ndiaidh bliana. Níl aon chiall leis sin, gan Ceanada a bheith ina Stát!”

Fuair Trump an freagra seo ó Pierre Poilievre: “A Uachtaráin Trump, fan amach as ár dtoghchán. Is iad na Ceanadaigh amháin a chinnfidh todhchaí Cheanada ag an mbosca ballóide. Beidh Ceanada bródúil, ceannasach agus neamhspleách i gcónaí agus ní bheimid riamh mar an 51ú stát. Inniu, is féidir le Ceanadaigh vótáil ar son athraithe ionas gur féidir linn ár dtír a neartú, seasamh ar ár gcosa féin agus seasamh an fód i gcoinne Mheiriceá ó shuíomh láidir.”

Tar éis do Mark Carney an bhuachan a bhaint amach mar phríomh-aire, d’athdhearbhaigh sé a sheasamh maidir leis na Stáit Aontaithe, nuair a dúirt sé: “Mar atá á rá agam anois le míonna anuas, tá fonn ag na Stáit Aontaithe ár dtalamh, ár n-acmhainní, ár n-uisce agus ár dtír a ghabháil,” a dúirt Carney lena lucht tacaíochta. “Ní maíomh na mogail folamh é seo. Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas gur féidir le Meiriceá seilbh a ghlacadh orainn. Ní tharlóidh sé sin choíche… choíche.”

Conclúid

Ní féidir aon leithscéal a dhéanamh faoi iompar gránna Trump. Ní ceart dó bagairtí a dhéanamh ar Cheanada, agus ní ceart dó a ladar a chur ina toghchán ach oiread. Léiríonn toghchán Cheanada 2025 an tionchar domhain atá ag an bpolaitíocht idirnáisiúnta ar chúrsaí baile. Ghríosaigh taraifí agus reitric ionghabhála Trump vótálaithe Cheanada chun feirge, agus sheasadar gualainn ar ghualainn in aghaidh bagairtí Trump agus go láidir ar son Cheanada. Sin an fáth a chuireadar Mark Carney agus na Liobrálaigh i gcumhacht – thuig siad go seasfadh na Liobrálaigh an fód ar a son. Beidh dúshláin nach beag ag Mark Carney agus a rialtas nua, agus iad ag leagan amach treo nua don tír – treo níos neamhspleáiche agus treo le caidreamh níos foirmeálta agus níos fuaire leis na Stáit Aontaithe. Seans maith go mbeidh tíortha eile ag foghlaim ó cad a tharla i gCeanada. Ní bheidh cúrsaí domhanda mar an gcéanna arís, agus is gá dúinn go léir é sin a thuiscint, agus dár rialtais feidhmiú dá réir sin. 

 

Ag freastal ar rang filíochta!

Ag freastal ar rang filíochta!

Saol uaigneach é saol an scríbhneora, agus tú i mbun méarchláir! Is gá iarracht a dhéanamh briseadh saor ó am go ham agus a bheith i dteagmháil le daoine eile. Tá sé ag teacht chun solais níos soiléire le déanaí cé chomh tábhachtach is atá caidreamh sóisialta dúinn. Má bhíonn saol sóisialta bríomhar agat, gach seans go mbeidh níos lú struis ort, go mbeidh sláinte níos fearr agat, agus go mairfidh tú saol níos faide dá bharr sin. Bhíomar go léir scoite amach ón gcuid eile den phobal i ré na paindéime COVID-19, mar ní raibh an dara rogha againn. De ghnáth, ní rud maith é sin, ach bhí sé deacair go leor an nós sin a bhriseadh go ceann tamall fada ina dhiaidh na paindéime, agus a bheith ag meascadh le daoine arís. Táim fós ag aimsiú deiseanna caint agus comhrá a bheith agam le daoine éagsúla.

Mar sin, nuair a léigh mé faoi rang filíochta a bheadh ar siúl i mo cheantar, músclaíodh mo spéis. Seo an blurba a léigh mé:

“Uaireanta mothaíonn an scríbhneoireacht mar iarracht uaigneach, ach is féidir le grúpa léitheoireachta agus critice idir thacaíocht agus aiseolas a thabhairt duit, a chuirfidh le d’fhéinmhuinín agus a thabharfaidh léargas nua duit ar do chuid scríbhneoireachta. Tosaíonn an rang le grinnléamh ar dhánta scríofa ag filí comhaimseartha, chun smaointe nua a chothú. Ansin, roinnfimid míreanna dár n-iarrachtaí féin, agus beidh deis ag daoine a dtuairimí a chur in iúl don údar.”

Cé go raibh mé neirbhíseach go leor faoi, chláraigh mé don rang. Scríobh mé dán roimh ré chun é a roinnt sa rang.

Bhí mé ábhairín déanach don chéad rang, mar ní raibh sé éasca spás páirceála a fháil. Bhí na scríbhneoirí eile agus Anna, an múinteoir, ina suí timpeall boird. Tharraing mé isteach cathaoir, agus shuigh mé síos.

Ansin, chuireamar ar fad sinn féin in aithne le chéile. Thug mé faoi deara go rabhamar go léir, seachas Anna, faoin tuairim chéanna aoise. Bhí sise deich mbliana níos óige, ar a laghad. Bhí aithne ag formhór na ndaoine ar a chéile cheana féin, mar d’fhreastalaíodar ar ranganna eile le hAnna. Níor thóg sé mórán ama domsa a thuiscint go raibh sí thar barr mar mhúinteoir agus éascaitheoir. Ar an gcéad dul síos, bean chroíúil, chairdiúil a bhí inti, a bhí breá ábalta bheith ag comhrá.

Ar dtús, dháil sí cúpla dán comhaimseartha ar an rang, agus léigh duine againn ceann acu os ard. Ansin léigh duine eile ceann eile. Ina dhiaidh sin, chuir sí ceisteanna éagsúla orainn maidir le gach dán. Mar shampla:
“Cad é bhur meas faoin dán?”
“Cad atá á rá ag an bhfile, in bhur dtuairim?”
“Cad iad na gnéithe is fearr libh, agus cén fáth?”

Bhí plé agus díospóireacht an-bhríomhar againn faoi na dánta, agus bhí sé an-suimiúil dom éisteacht le tuairimí na ndaoine eile, Anna san áireamh. Bhí orm mo chuid smaointe féin a chur le chéile agus a chur in iúl don rang freisin. Ní raibh na dánta léite agam cheana féin, agus d’aimsigh mé aoibhneas filíochta comhaimseartha nua. D’fhoghlaim mé faoi fhilí nár léigh mé a ndánta riamh cheana – Derek Sheffield, Sharon Olds agus Mike Saye san áireamh. Chuaigh a ndánta go mór i gcion orm agus bhí glaine ar leith ag baint lena n-íomhánna. Bhí mothúcháin éagsúla curtha in iúl go láidir ina ndánta freisin, agus bhí na filí in ann é sin go léir a dhéanamh ar bheagán focal. Sin draíocht na filíochta – rud atá iontach spreagúil.

Tús maith leath na hoibre, mar a deir an seanfhocal, agus sa chás seo b’fhíor é. Sa dara cuid den rang, tháinig an bhéim orainnse, na scoláirí. Ceann ar cheann, léamar amach ár ndánta féin, agus d’éisteamar le haiseolas an ranga fúthu. Roimh an rang, cheap mé go mbeadh náire orm mo dhán a léamh os ard do dhaoine nach raibh aithne agam orthu, agus chun tarcaisne a chur i gceann na héagóra sin, éisteacht leo ag déanamh critice ar mo shaothar luachmhar.

Ach ní mar a shíltear a bhítear. Bhí Anna an-mhaith mar éascaitheoir, agus rinne sí cinnte go raibh aon chomhrá faoi dhánta na scoláirí ag dul sa treo ceart. Mhol sí cad a bhí scríofa againn, ach bhí sí in ann ár n-aird a tharraingt ar lochtanna agus fadhbanna, gan olc a chur orainn. Thug sí dea-shampla dúinn go léir conas ab fhéidir linn critic a dhéanamh i slí dhearfach, agus rinneamar mar an gcéanna. Chothaigh Anna atmaisféar sábháilte sa rang, agus bhíomar in ann a bheith oscailte lena chéile.

Léigh mé mo dhán amach, agus fuair mé aiseolas an-úsáideach ar fad. Bunaithe ar sin, d’athscríobh mé an dán, agus bhí mé an-sásta leis ansin. Gan dabht, táim ag baint tairbhe iontach as an rang seo, agus tá áthas orm gur sháraigh mé mo dhrogall faoin rang. Má bhíonn seans agat dul amach, casadh le daoine eile, agus rudaí a dhéanamh le chéile agus a roinnt le chéile, ná bí buartha faoi, ná smaoinigh faoi – déan é!

I spiorad na hoscailteachta sin, críochnóidh mé leis an dán sin a scríobh agus a d’athscríobh mé. Bain sult as!

Scríobhaim

Daid ag cnagadh ar a shean-Olivetti,
A eochairbhuillí mar bhuillí croí ár n-óige.
Gach ciúnas agus boladh Tippex
mar shioncóipiú sa cheol cúlra—
Ceol deasghnátha an tsaoil.

Sna sosanna gearra ina lá fada –
físeanna leabharlann-spreagtha ag Mam,
faoi dhomhan níos cineálta, níos gile.

Ón ithir thorthúil chruthaitheach seo,
D’fhás peann i mo lámha óga díograiseacha.
Bhínn ag scríobh, ag scríobh, ag scríobh,
go dtí gur lean foirm feidhm,
agus sa deireadh thiar thall –
nochtadh an scríbhneoir ionam.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Litir ó Mheiriceá – An troid in aghaidh na holagarcachta!

Litir ó Mheiriceá – An troid in aghaidh na holagarcachta!

Nuair a fheiceann tú rud éigin nach bhfuil ceart, nach bhfuil cothrom, nach bhfuil cóir, caithfidh tú labhairt amach. Caithfidh tú rud éigin a rá; caithfidh tú rud éigin a dhéanamh.”

-John Lewis (1940-2020) – gníomhaí sna Stáit Aontaithe ar son chearta an duine.

Ní hé seo an t-am a bheith ciúin anseo i Meiriceá, agus an daonlathas i mbaol báis. Tá sé in am dúinn an fód a sheasamh go poiblí, ar mhaithe leis an daonlathas a chosaint in aghaidh garbhaol na holagarcachta. Is é an rud is measa dúinn ná a bheith ciúin, gan aon rud a rá faoi cad atá ar siúl faoinár súile. Tá formhór na bPoblachtánach sásta suigh siar sa rialtas gan rud ar bith a dhéanamh, agus an tUachtarán Trump agus a chomhghleacaithe ag déanamh damáiste buan don rialtas feidearálach, agus ag sárú an bhunreachta níos dalba gach lá. Níl Páirtí na nDaonlathaithe nó na Neamhspleáigh ag déanamh a ndóthain ach an oiread – le cúpla eisceacht shuntasach. Tá an Seanadóir neamhspleách (Vermont) Bernie Sanders agus an t-ionadaí Daonlathach (Nua Eabhrac) Alexandria Ocasio-Cortez (AOC) ar chamchuairt pholaitiúil mhór sna Stáit Aontaithe faoi láthair, darb ainm ‘An Troid in aghaidh na holagarcachta’. Ní raibh siad ag súil leis na taifid tinrimh atá á fáil acu ar fud na tíre. Seachtain ó shin, d’fhreastal mé ar agóid áitiúil eile sa bhaile ina bhfuil cónaí orm i gContae San Diego, agus ba shólás dom a bheith ann, le daoine eile nach bhfuil sásta fanacht sa bhaile gan aon rud a dhéanamh tríd an gcaimiléireacht atá ar siúl i Washington DC. Nuair a chuala mé go mbeadh Bernie Sanders agus AOC ag teacht ar cuairt go Los Angeles, bhí sé éasca an cinneadh a dhéanamh freastal ar an ócáid speisialta sin!

Fight Autocracy

Ar 12 Aibreán fuaireamar (mé féin agus mo bhean chéile) an traein go croílár Los Angeles (Union Station) go moch ar maidin. Tar éis siúlóid ghearr chuig Páirc Gloria Molina, chuamar isteach trí gheataí slándála. Níor ghá dúinn a bheith ann chomh luath, mar bhí polaiteoirí áitiúla agus aoichainteoirí de chuid ceardchumann éagsúil ar an stáitse le linn na maidine. Chuamar amach ag lorg bia tar éis tamaillín, mar bhí scuainí fada ag fanacht ar na carranna lónadóireachta agus ar na leithris inaistrithe. Bhí an t-ádh dearg orainn, mar fuaireamar cúirt bhia gar don pháirc, agus bhí lón deas againn roimh theacht ar ais.

Thosaigh na príomhimeachtaí i ndáiríre ag a haon a chlog tráthnóna, nuair a tháinig Joan Baez ar an stáitse. D’oscail sí leis an amhrán tíre “Ain’t Gonna Let Nobody Turn Me Around,” agus bhí an slua ag liúireach go hanamúil nuair a chan sí liricí nua ag rá “Ní ligfidh mé d’aon fhoirchinigh gheala mé a chasadh timpeall” agus “Ní ligfidh mé do na billiúnaí gránna sin mé a chasadh timpeall.” Lean sí le “There But For Fortune,” chomh maith le clúdach corraitheach ar “Imagine” le John Lennon.

Chuir Baez a dímheas in iúl do riarachán Trump an mhí seo caite, nuair a bhí sí mar aoi ar an gclár teilifíse “Everybody’s Live With John Mulaney” le John Mulaney agus dúirt sí “go bhfuil ár ndaonlathas ag dul trí thine!”

Tháinig an t-amhránaí is scríbhneoir Maggie Rogers ar an stáitse ansin, agus chan sí “Different Kind of World”, “Light Ón” agus “Alaska”. Tháinig Baez ar ais chun an stáitse agus chan siad “America the Beautiful” le chéile.

Fuair Neil Young an seal roimh AOC agus Sanders, ag teacht amach lena ghiotár leictreach agus a orgán béil, ag canadh leis an slua “Tóg America ar ais” (Take America back) agus cumhachtchordaí á seinm aige ar an ngiotár. Sheinn Young “Rainbow of Colours”, “Take America back” arís, agus ag deireadh a léiriú chan sé “Rockin’ in the Free World” le Baez.

AOC agus Bernie

Ansin bhí sé in am do AOC teacht ar an stáitse. Níor chuir sí fiacail ann, ag rá gur am scanrúil é seo. “Táimid ag féachaint ag comharsana, mic léinn agus cairde ag cailliúint a bpoist; tá siad á gciapadh agus fiú fuadaithe ag an rialtas.” Dúirt sí freisin go bhfuil cumhacht, cíocras agus caimiléireacht ag glacadh seilbh ar an tír faoi láthair i slí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.

Nuair a tháinig Bernie Sanders ar an stáitse, bhíomar go léir ar bís. Dúirt sé linn go raibh 36,000 dúinn i láthair, rud nár mhaith le Trump agus Musk a fheiceáil. “Is ré é seo ina bhfuil an páirtí Poblachtánach ina chultas, ag géilleadh do gach mian atá ag Trump,” a dúirt Sanders linn, ag cur leis go bhfuil riarachán Trump anois “ag beartú conas is féidir leo $1.1 trilliún a thabhairt mar bhuntáistí cánach don lucht airgid”. Dúirt sé freisin gur ré fíorchontúirteach atá ann faoi láthair, agus go mbeidh tionchar nach beag ag ár bhfreagra, ní hamháin orainn féin, ach ar na glúine atá le teacht. Dúirt sé cúpla rud eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. “Níl mé ag rá a thuilleadh go bhfuil muid ag bogadh i dtreo na holagarcachta, táim ag rá go bhfuil muid anois ag maireachtáil i sochaí olagarcachta.” Dúirt sé freisin “Inár ndaonlathas, ní mór dúinn stop a chur le billiúnaithe a bheith in ann toghcháin a cheannach!”

Conclúid

Sin ach cúpla sampla beag as a raibh le rá ag AOC agus Bernie Sanders, ach rinne mé iarracht bunbhrí a n-óráidí a chur in iúl duit. Níl mé in ann na mothúcháin a mhíniú duit, ach an oiread. Ach bhíomar thuas seal thíos seal, idir gháire agus ghol, agus na mothúcháin ag rith tharainn go léir a bhí i láthair. Ach tríd is tríd, b’eispéireas spreagúil é dúinn go léir a d’fhreastail ar an slógadh seo. Nílimid inár n-aonar, agus nílimid gan chumhacht. Ach is gá dúinn go léir seasamh suas gach uair a fheicimid rud mícheart á dhéanamh ag an rialtas, agus cur ina choinne i ngach slí dhleathach is féidir linn. Go háirithe, nuair a bheidh an deis againn vóta a chaitheamh sna toghcháin mheántéarma an bhliain seo chugainn, tá sé de dhualgas ríthábhachtach orainn an chumhacht sin a úsáid chun lútálaithe Trump a chaitheamh amach as Teach na nIonadaithe agus an Seanad, agus ionadaithe agus seanadóirí nua a chur i gcumhacht – daoine a bheidh ag troid ar ár son, agus ní ar son na n-olagarcaí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Caimiléireacht?

Thiomáin mé abhaile sa charr nuacheannaithe. Bhí mo bhean chéile agus mé féin an-sásta leis. Ach bhí amhras éigin ag cur isteach orm, agus ní raibh codladh suaimhneach agam an oíche sin. Ar maidin, tar éis mo bhricfeasta, scrúdaigh mé an conradh díolacháin. Bhí na sonraí ar chúl leathanaigh ionas nach raibh sé éasca iad a aimsiú. Bhí líne ann a tharraing m’aird: Córas slándála: $750. Cad sa diabhal? Dhiúltaigh mé an córas sin a cheannach ón tús. Bhí leathanach eile ann – conradh díolacháin don chóras slándála – agus mo shíniú féin ag bun an leathanaigh. Ní dúirt Ámharach faic faoin gcóras arís tar éis dom é a dhiúltú ar dtús. Ach i ngan fhios dom, chuir sé a chonradh díolacháin ar an scáileán agus mheall sé mo shíniú uaim. Is dócha go raibh sé ag insint scéil dom ag an am sin, chun m’aird a tharraingt ón bhfoirm chéanna. De réir dlí, bhí mo rás rite, agus bhí mé ‘scriúáilte’ i gceart. Bhí náire orm gur bualadh bob mar sin orm. Bhí fearg orm freisin agus ní raibh mé réidh é seo a ligean tharam gan troid.   

Mo Fhreagra

Chuir mé glaoch fóin ar Perry, ag míniú dó nár aontaigh mé an córas slándála a cheannach, ach i measc na bhfoirmeacha go léir, bhí ceann ann inar díoladh an córas dom i ngan fhios dom. Dearmad a bhí ann, a dúirt mé. Aisteach go leor, ní raibh aon argóint ag Perry faoi.

“Níl aon fhadhb! Beidh Ámharach i dteagmháil leat, chun an córas a chur as feidhm agus d’airgead a thabhairt ar ais duit.”

Chuaigh mé ar ais go Toyota an lá dár gcionn chun casadh le hÁmharach. Chonaic mé é ag siúl idir dhá fhoirgneamh, agus scairt mé anonn air.

“Tá cliant agam anois díreach, ach tar ar ais dom i gceann leathuaire,” ba é an freagra a fuair mé.

Leathuair níos déanaí bhíomar ina oifig arís. Thaispeáin sé an conradh dom.

“Shínigh tú anseo leis an gcóras slándála!” a dúirt sé, agus é an-oibrithe.

“Tá an ceart agat, ach ní raibh a fhios agam. Dhiúltaigh mé an córas nuair a thairg tú é dom ar lascaine.”

“Ní dhearna mé a leithéid, ní dúirt mé tada faoi!” arsa Ámharach go cosantach, ag briseadh isteach orm.

“Bhí an córas san áireamh cheana féin leis an gcarr,” arsa Ámharach, agus chroith sé cúpla foirm san aer. “Nach bhfaca tú an fhoirm seo?” a dúirt sé, ag díriú a mhéire ar fhoirm amháin.

“Ní fhaca mé an fhoirm sin riamh!” arsa mise.

“Is maith an rud é nár bhris mé do sheic fós!” arsa Ámharach, le cor a chur sa chaint. “Caithfimid conradh nua a shíniú anois!”

Rinneamar an deasghnáth céanna arís, agus ní raibh aon tagairt do chóras slándála ar aon fhoirm a tharraing sé suas ar an scáileán an uair seo! É sin déanta, scríobh mé seic nua gan chostas an córas slándála san áireamh. Bhí mé sásta go leor dom féin, ach bhí guth beag i mo cheann ag rá nár cheart an méid a tharla dom. Rinne mé machnamh air níos déanaí, agus seo mo chonclúidí agus mo mholtaí. Tá súil agam go gcabhróidh siad leat an chéad uair eile a mbeidh ort carr a cheannach!

Conclúidí

I mo thuairim, ní hé seo an chéad uair a rinne Perry agus Ámharach an cleas seo – níorbh é sin a gcéad róidió! Bhí siad cleachtaithe leis an gcleas seo chun airgead a gcustaiméirí a ghoid. Sin bun agus barr an scéil!

D’úsáid Perry agus Ámharach cúpla teicnic sa chleas seo:

  1. Cuir do chustaiméirí ar a suaimhneas. Beidh sé níos éasca ansin teacht aniar aduaidh orthu. An tslí is fearr é sin a dhéanamh ná a bheith ag insint scéalta pearsanta dóibh formhór an ama. Is féidir leat scéalta truamhéalaigh a chumadh chun nasc níos láidre a chumadh. Mar is é sin iompar carad iontaofa, agus seans maith go mothóidh siad bá leat.
  2. Bain intinn do chustaiméirí dá gcuid oibre. Bí cinnte go bhfuil tú ag caint aon am nár mhaith leat a n-airdeall a bheith ar rud áirithe. Mar shampla, bhí Perry ag caint an t-am go léir nuair a bhí mé ag iarraidh tástáil a dhéanamh ar an gcarr. Chomh maith leis sin, ní raibh sé éasca cur isteach air chun ceist a chur air agus é ag insint scéil phearsanta dom. Táim cinnte go raibh Ámharach ag insint scéil dom freisin nuair a chuir sé an fhoirm ag baint leis an gcóras slándála ar an scáileán.
  3. Bíodh plean B agaibh mar fhoireann ar eagla go bhfeicfeadh an custaiméir an conradh díolacháin don chóras slándála. Tá sé soiléir go raibh Perry agus Ámharach ag obair as lámha a chéile. Nuair a chuir mé ceist ar Perry conas a tharla an ‘botún’ sin, dúirt sé go gcaithfeadh go raibh an córas slándála mar rogha réamhshocraithe sa chonradh, agus nár chuir sé isteach é sa chonradh. Ach dúirt Ámharach go raibh an córas slándála san áireamh sa chonradh a thugadh dó.

Sin plean B- tarraing siar agus tabhair le fios do na custaiméirí i gceist gur míthuiscint inmheánach a tharla sa chás seo. Ná hadmhaigh go ndearna tú aon rud mícheart. Cuir na custaiméirí ar a gcosaint tríd an bpróiseas seo, agus seans maith ansin nach ndéanfaidís gearán, mar nár shínigh siad an conradh ag deimhniú gur cheannaigh siad an córas slándála sa chéad áit? Ansin, tabhair a n-airgead ar ais dóibh ar an toirt. Níor mhaith leat go sroichfeadh na gearáin céanna bainisteoireacht an comhlacht díoltóra, ar eagla go dtiocfadh an chaimiléireacht chun solais.

Moltaí

Nuair a bhíonn ionadaí díolacháin nó ionadaí airgeadais ró-chairdiúil agus ró-chainteach leat – bí ar d’airdeall! I mo chás-sa, ní raibh ceachtar acu ró-chairdiúil nó ró-chainteach an dara huair! Léiríonn sé sin nach raibh siad i ndáiríre an chéad uair ach ag obair chun a leasa féin a bhíodar.

Léigh gach leathanach sa chonradh roimh duit é a shíniú, fiú má bhíonn an t-ionadaí airgeadais ag geabaireacht! Mura ndéanann tú é sin, seans maith go gceannóidh tú, i ngan fhios duit, rogha nach bhfuil ag teastáil uait, díreach mar a tharla domsa. Féach go cúramach ar na huimhreacha freisin, agus déan cinnte nach bhfuil costas breise ann.

Scrúdaigh an conradh go cúramach uair amháin eile nuair a théann tú abhaile. Má fheiceann tú ‘botún’, téigh ar ais agus mínigh don ionadaí díolacháin faoi. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil plean B acusan freisin agus go gceartófar an ‘botún’ duit gan mhoill!

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is maith an aire an fhógairt…! (2)

Is maith an aire an fhógairt…! (1)

Nach mór an trua é go ndearna mé glan dearmad ar an seanfhocal ‘Is maith an aire an fhógairt!’ nó ‘Caveat Emptor’ i Laidin, nuair a bhí mé ag ceannach cairr le déanaí ag comhlacht díoltóireachta mótarfheithiclí de chuid Toyota. Tá ciall ceannaithe agam tar éis m’eispéiris, agus tá cúpla leid agam dá bharr sin, a d’fhéadfadh an-difríocht a dhéanamh agus tú féin ag ceannach cairr.

Bhí sé in am dúinn carr a cheannach agus ár gcarr féin ar an dé deiridh. Mar sin thugamar cuairt ar chomhlacht díoltóireachta de chuid Toyota atá gar dúinn. Bhí suim againn i gcarr hibrideach agus tá cúpla múnla acu a bheadh oiriúnach dúinn. Cé go ndíolann siad carranna nua go príomha, is lucht díolta carranna athláimhe iad freisin, agus sin a bhí á lorg againn – carr athláimhe i ndea-chaoi.

Chomh luath agus a d’éiríomar as ár gcarr, tháinig fear díolacháin agus a lámh sínte amach chugainn.

“Fáilte romhaibh, conas a d’fhéadfainn cabhrú libh inniu?” a dúirt sé.

“Táimid ag lorg cairr hibridigh athláimhe agus chonaic mé ar an idirlíon go bhfuil cúpla ceann agaibh anseo!” arsa mise.

Thaispeáin sé dúinn na carranna a raibh suim againn iontu, agus chuir ceann amháin dóibh ticeanna sna boscaí go léir.

“Go raibh maith agat,” arsa mise. “Tá deifir orainn anois ach beidh muid i dteagmháil leat má tá ceist againn.” Ní cheannóinn carr gan machnamh a dhéanamh air ar dtús.

“Maith go leor,” arsa Perry, “beidh mé anseo. Seo mo chárta gnó!” Thug sé a chárta dom, agus chuamar abhaile.

Rinne mé níos mó taighde sa bhaile ar an idirlíon, agus chinneamar go rachainn ar ais an chéad lá eile, chun an carr a thabhairt ar thuras trialach ar a laghad. Chuir mé glaoch ar Perry an lá dár gcionn agus rinne mé idirbheartaíocht chun an praghas iarrata a ísliú roimh ré. Bhí mé sásta go leor leis an bpraghas a bhí aontaithe againn, agus chuaigh mé ar ais go dtí an comhlacht díoltóireachta gan mhoill ansin.

Cleasaíocht Lámha

Bhí Perry ag fanacht liom leis na heochracha agus chuamar ar thuras trialach le chéile. Bhí Perry cairdiúil cainteach sa charr. Cé gur rud deas é sin i slí amháin, tharraing sé m’intinn ón obair a bhí le déanamh agam – triail a bhaint as an gcarr chun é a mheas de réir critéir éagsúla – láimhseáil, oibriú, feidhmiú agus a leithéid. Bhí an carr deimhnithe ag Toyota maidir le 160 critéar, agus cúpla athrú déanta dá bharr sin. In ainneoin gheabaireacht Perry, bhí mé in ann mo thástáil a chríochnú, agus bhí mé sásta nach raibh fadhb mhór leis an gcarr ó thaobh tiomána de. Chomh maith le gach rud eile, bhí cúpla baránta san áireamh freisin a bhí tarraingteach. Bhí mé réidh an chéad chéim eile a thabhairt, agus d’inis mé a leithéid do Perry. Chroitheamar lámha le chéile, agus chuamar go dtí oifig an bhainisteoir airgeadais, fear darb ainm Ámharach.

“Ná bí buartha ar chor ar bith!” a dúirt Ámharach. “Ní thógfaidh sé i bhfad orainn an jab seo a chríochnú! Suigh síos ag an mbord!”

Chuir sé ceist orm ansin.

“Tá mé in ann córas slándála a thairiscint duit ar lascaine mhór, síos ó $1195 go $795. Ar mhaith leat é a cheannach?” arsa Ámharach.

“Níor mhaith liom!” arsa mise.

“Cuirfimid an t-aláram as feidhm mar sin.”

Ansin, bhrú sé ar an mbord os ár gcomhar amach le bior a bhí aige, agus tháinig conradh díolacháin suas ar scáileán a bhí ar dhromchla an bhoird.

“Déanfaimid gach rud ar an ríomhaire!” arsa Ámharach go bródúil.

Ansin, thóg sé bior dom, le mo shíniú digiteach a scríobh ar an scáileán. Tharraing sé suas foirm i ndiaidh foirme ar dhromchla an bhoird sin, agus boscaí le mo shíniú a chur isteach iontu agus boscaí eile le mo cheannlitreacha a scríobh iontu. Tháinig mearbhall orm i mo cheann agus na foirmeacha ag teacht suas ag luas an tsolais leis an iliomad boscaí iontu ag fanacht liom.  

D’inis Ámharach dom cad a bhí i gceist leis na foirmeacha a bhí á síniú agam, agus bhí lánmhuinín agam as. Ní bheadh sé éasca dom gach foirm a léamh, go háirithe mar ní raibh sé éasca fiú an scáileán a fheiceáil ar ghéaruillinn.

Bhí Ámharach cairdiúil cainteach freisin, agus é ag insint scéalta pearsanta dom faoina shaol féin le linn an phróisis. Bhí a gheabaireacht do mo chur soir, ach nárbh fhéidir liom brath ar an bhfear deas seo an rud ceart a dhéanamh, agus é ina fhostaí ag an gcomhlacht iontaofa sin Toyota? Bhí gach rud déanta againn in dhá mheandar agus eochracha an chairr i mo lámha agam! Tuilleadh le teacht…

 

 

 

 

 

 

gaGaeilge