Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – síos cosán an Bright Angel!

Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – síos cosán an Bright Angel!

Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – síos cosán an Bright Angel!

Ag deireadh an ailt dheireanaigh, bhí grúpa siúlóirí bailithe le chéile ag tús na siúlóide ag a ceathair a chlog ar maidin, mise san áireamh. Bhíomar at tí imeacht ón imeall ó dheas go dtí an t-imeall ó thuaidh, gléasta inár gcathéide. Seaicéad clúimh, péire miotóg, bairéidín, briste agus bróga siúlóireachta le micr-spící orm. In ainneoin sin, bhí mé fós préachta leis an bhfuacht.

Thosaíomar ag siúl síos sa chainneon, ár gceannlampaí ar siúl againn. Cosán crochta a bhí ann i gcónaí, ach bhí lomáin d’adhmad giúise leagtha ar an gcosán mar chéimeanna, cosúil le trasnáin ar iarnród. Is é a bpríomhchuspóir ná cobhsaíocht an chosáin, go háirithe sna codanna géara. Ach baineann siúlóirí úsáid astu freisin, cé go bhfuil siad i bhfad ó chéile uaireanta.

Ní raibh a fhios agam faoi ag an am, ach tá leagan amach an chosáin go hiontach ó thaobh áiteanna scíthe agus uisce de. Tá áiteanna scíthe nó/agus uisce ar fáil gach dhá chiliméadar go leith ar an tslí síos go dtí an Colorado. Siúlann tú trí chiliméadar go leith níos mó, agus tar éis duit an Droichead Airgid (Silver Bridge) a thrasnú, sroicheann tú Phantom Ranch– leigheas ar shúile tinne agus áit a bhfuil gach uile áis ar fáil – lena n-áirítear uisce, earraí bia agus dí, béilí te, agus fiú lóistín.

Thóg mé cúig lítear uisce liom ar an tsiúlóid, nach raibh gá leis. Níl sé go maith an iomarca meáchain a iompar. Ach imreoir céad bhliana a bhí ionam agus bhí orm a lán rudaí a fhoghlaim fós faoin siúlóireacht. Ar an gcéad dul síos, níl sé go maith meáchan breise a iompar. Ar an dara dul síos, ní ólann tú an méid céanna ag dul síos agus a ólann tú ag teacht aníos – go háirithe mura bhfuil sé róthe ag dul síos. Ar an tríú dul síos, má bhíonn uisce ar fáil ar an tslí, is fiú é sin a chur san áireamh freisin. Ach is fearr a bheith ródhícheallach ná faillí a dhéanamh!

Tar éis tamaill bheag, agus muid breá teolaí, bhaineamar dínn na seaicéid. Tar éis tamaillín eile, nuair nach raibh aon leac oighir fágtha ar an gcosán, bhaineamar dínn na micr-spící. Ansin, nuair a d’éirigh an ghrian, bhaineamar dínn ár gceannlampaí freisin. Bhí teocht timpeall 20ºC ann agus bhíomar go léir deas compordach. Thógamar sos beag ag an tríú stad chun dul go dtí an leithreas agus chun ár gcuid uisce a athlíonadh más gá. Bhí greim gasta againn ansin agus ar aghaidh linn go dtí an abhainn. Bhí teocht 28ºC ann nuair a shroicheamar an Colorado. Ní raibh sé compordach níos mó, ach níor stad an teocht ag éirí ach an oiread. Nuair a shroicheamar Phantom Ranch, bhí teocht 35ºC ann – a dhiabhail! Ansin, chuamar isteach doras na bialanna ina raibh aerchóiritheoir ag gnúsacht go hard i mbun a hoibre deacra. Shéid aer iontach úr as inár dtreo, agus bhí sé go breá a bheith in ann fuarú mar sin ar feadh tamaill, agus líomanáid oighrithe á n-ól againn ag an am céanna. Thosódh an tsiúlóid i ndáiríre tar éis an tsosa!

Ach roimhe sin – ní dúirt mé aon rud faoi na radhairc faoin imeall. I ndáiríre, bheadh sé deacair é sin a dhéanamh i gceart. Is leor a rá go bhfuil na radhairc beagnach osnádúrtha. Gearradh tolláin dhoimhne tríd an gcarraig síos cúpla ciliméadar go dtí an Colorado, abhainn atá fós i mbun na hoibre sin. Ag tosú amach ar an Bright Angel Trail ón imeall, mothaíonn tú mórgacht na cruinne, agus Bealach na Bó Finne le feiceáil go soiléir thuas sa spéir. Le héirí na gréine, imíonn na réaltaí de réir a chéile agus tagann solas ar áilleacht na mballaí ollmhóra thart timpeall ort, agus tú ag dul síos, céim ar chéim, isteach sa radharc féin. Is ionann é sin agus a bheith ag siúl siar trí shraitheanna an ama féin. Bíonn dathanna difriúla ar na carraigeacha éagsúla:

  • Kaibab Limestone (sraith aolchloiche) – bán liath, 270 milliún bliain d’aois
  • Toroweap Formation (sraith mheasctha) – liath donn, 273 milliún bliain
  • Coconino Sandstone (ciseal gainmheachchloiche) – bán gainmheach, 275 milliún bliain
  • Hermit Shale (sraith scailchlóiche) – rua dorcha, 280 milliún bliain
  • Supai Group (sraith mheasctha) – raon rua go donn, 285–315 milliún bliain
  • Redwall Limestone (sraith aolchloiche) – liath gorm – tagann dath dearg isteach ón cré-iarainn i sraitheanna níos uachtaraí ach go háirithe ón Supai Group – 340 milliún bliain
  • Muav Limestone (sraith aolchloiche) – liathghlas, 505 milliún bliain
  • Bright Angel Shale (sraith scailchlóiche) – glas olóige, 515 milliún bliain
  • Tapeats Sandstone (ciseal gainmheachchloiche) – donn órga, 525 milliún bliain

Tagann ciseal ar chiseal de charraig i láthair go géar agus na dathanna láidre ag baint leo: liath, donn, bán, rua, gorm, glas agus órga agus iad go léir ag athrú i gcónaí leis an solas. Agus tú ag druidim leis an gcainneon istigh, feictear beanna géara agus túir nádúrtha le spuaiceanna arda barrchaolaithe os do chionn agus iad cosúil le teampaill ársa, múnlaithe ag uisce cumhachtach na Colorado. Agus ansin, faoi dheireadh, nochtar an abhainn mhaorga féin . D’fhág tú an domhan coitianta ar an imeall agus diaidh ar ndiaidh chuaigh tú isteach i nduibheagán domhain eile ar fad, lán de dhraíocht nádúrtha nach bhfuil le feiceáil aon áit eile. Téann sé i bhfeidhm go mór ort. Cé go mbraitheann tú an-bheag, leathnaítear d’intinn ag an am céanna. Ritheann sé leat gur eispéireas spioradálta é seo freisin, agus bíonn tú go hiomlán i dtiúin leis an nádúr anseo ag bun an chainneoin. …Tuilleadh le teacht.

 

 

 

 

 

Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór – síos cosán an Bright Angel!

Oilithreacht Bhliantúil chuig an gCainneon Mór

Chuaigh mise agus mo bhean chéile ar oilithreacht go dtí an Cainneon Mór (Grand Canyon) in Arizona an tseachtain seo caite. Déanta na fírinne, is gnáthchuid dár saol anois é – fillimid ann gach bliain ag an tráth céanna. Uaireanta, bíonn sé deacair an t-am a fháil, ach déanaimid ár seacht ndícheall dul ann in ainneoin deacrachtaí an tsaoil.

Cén fáth, a deir tú? Lig dom do cheist a fhreagairt le ceist eile: an raibh tú ann riamh? Má bhí, is fusa a mhíniú. Mura raibh, mholfainn duit dul ann más féidir – agus geallaim nach mbeidh aiféala ort. Níl a leithéid d’áilleacht fhairsing le feiceáil in Éirinn. Is fiú an tairbhe an trioblóid. Agus má théann tú ann, is féidir leat cuairt a thabhairt ar Vegas ar an turas céanna! Agus fós níl deireadh leis an scéal.

Méid an Chainneoin Mhóir

Is ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne é an Cainneon Mór. Seasca milliún bliain ó shin, d’éirigh na Sléibhte Creagacha agus Ardchlár Colorado, a bhfuil an Cainneon Mór ina chuid díobh, as gníomhaíocht theicteonach. Diaidh ar ndiaidh, ghearr an Abhainn Colorado a bealach tríd an gcarraig ársa, ag tochailt níos doimhne i gcónaí.

Sa lá atá inniu ann, is cainneon géarthaobhach é – 446 km ar fhad, suas le 29 km ar leithead, agus 1,857 méadar ar doimhneacht. Clúdaíonn sé achar ollmhór de 5,000 km² – sin leath mhilliún heicteár.

Ní furasta é sin a shamhlú. Chun é a chur i gcomhthéacs: samhlaigh Contae Chill Chainnigh, Port Láirge agus Ceatharlach le chéile – agus gach aon orlach clúdaithe ag cainneon domhain amháin. Agus bheifeá in ann beagnach dhá Chorrán Tuathail a cheilt sa doimhneacht ón mbarr anuas.

Cé go bhfuil cainneoin mhóra eile ar domhan, is é an Cainneon Mór an ceann is cáiliúla. Tagann thart ar 5 mhilliún duine ar cuairt chuige gach bliain. Is radharc é ón imeall a chuireann an tsúil ina tost. Téann formhór na gcuairteoirí chuig an imeall theas – níl sé chomh hiargúlta leis an imeall thuaidh.

Fanacht ag Óstán Bright Angel

Nuair a chonaic mé an Cainneon den chéad uair, ba bheag nár sheas mo dhá shúil i mo cheann le hiontas. Rud amháin is ea é a fheiceáil ar Instagram nó ar an teilifís – ach scéal eile ar fad é bheith i láthair. Baineann sé an anáil díot.

Tar éis na chéad chuairte ar an imeall theas, bhí mo bhean chéile agus mé féin gafa go hiomlán leis. Tá draíocht ann – ní amháin sa chainneon féin, ach i sráidbhaile ciúin an imill freisin (Grand Canyon Village). Is aoibhinn linn fanacht sa sráidbhaile in Óstán Bright Angel – i gcábán beag adhmaid ar imeall an chainneoin.

Tá siopaí, bialann agus teach tábhairne san óstán – gach rud a bheadh ag teastáil uait. Bíonn deis agat dinnéar breá a bheith agat, agus ansin siúlóid agus an ghrian ag dul faoi – ábhar foirfe don chéad fhéinphictiúr eile!

Na hUllmhúcháin don Trasnú

Tar éis roinnt blianta ag fanacht ar an imeall, chualamar faoi shiúlóid eisceachtúil a rinne cara linn – trasnú iomlán ón imeall theas go dtí an t-imeall thuaidh, timpeall 40 km ar fad.

Ní hé dul síos is dúshlánaí – is é teacht aníos ar an bhfána ghéar, go háirithe le teas an tséasúir. Nuair a chuala mé faoin tsiúlóid seo, agus in ainneoin na ndeacrachtaí a luaigh sé, d’iarr mé dul leo – agus glacadh liom gan mhoill.

Thosaigh mé ag traenáil dáiríre. Bhí sléibhte in aice láimhe agus rinne mé siúlóid mhór gach deireadh seachtaine – idir an airde agus teas an fhásaigh.

Aisteach go leor: Sa Chainneon Mór, is féidir leat dhá aeráid a bhlaiseadh laistigh de lá amháin – reo ag barr an chainneoin, le teas fásaigh suas le 40°C ag an mbun. Mar sin, teastaíonn ullmhúchán cuimsitheach – sraitheanna éadaí, straitéis do bhia, agus thar aon rud eile, bainistíocht uisce.

Má tá tú ag dul ‘rim-to-rim’ – is é sin ó imeall amháin go dtí an t-imeall eile, beidh tú ar an gconair ar feadh suas le 15 uair a chloig. Caithfidh tú plean a bheith agat don hiodráitiú – cé mhéad uisce atá le hiompar, cá bhfuil na pointí líonta, agus conas meáchan a chothromú. Tá 3–4 lítear riachtanach, ach meánn 4 lítear 4 chileagram.

An Lá Mór: Trasnú an Chainneoin           

Chas mé leis an ngrúpa siúlóirí níos déanaí sa bhliain mar a bhí eagraithe againn. Bhí timpeall deichniúr inár measc. Chaith muid cúpla lá ag an imeall thuaidh ar dtús chun dul i dtaithí ar an airde – 2,500 méadar.

Ag a ceathair a chlog ar maidin, i bhfianaise na réaltaí, chasamar le chéile agus chuamar chun bealaigh. Bhí an teocht faoi bhun reophointe ag an am, ach bhíomar ullmhaithe. Agus muid gléasta mar ba chóir, chuireamar ár gcosa ar chonair cháiliúil an Bright Angel Trail – agus isteach linn, sa Chainneon Mór.

 

 

Léamh Filíochta

Léamh Filíochta

D’fhreastail mé ar rang filíochta le déanaí ar bhain mé a lán taitneamh as. Bhí orainn ár ndánta a léamh amach sa rang, agus ansin bhí deis ag na mic léinn eile aiseolas a roinnt leis an údar. Sa tslí sin, bhíomar go léir ag foghlaim in dhá bhealach go príomha. Sa chéad dul síos, chualamar na dánta a bhí cumtha ag daoine eile sa rang, rud a bhí an-suimiúil. Sa dara dul síos, fuaireamar aiseolas faoinár ndánta féin, agus leis an eolas sin, bhíomar in ann na dánta a fheabhsú. Ag deireadh an chúrsa, bhí léamh filíochta oscailte eagraithe dúinn, a raibh fáilte roimh chách freastal air. Léigh mé trí dhán as Béarla ag an ócáid, agus léigh mé réamhrá roimh gach ceann dóibh, chun iad a chur i gcomhthéacs. Tá leagan Béarla agus leagan Ghaeilge agam de dhá dhán, mar baineann siad le hÉirinn. Tá an ceann eile (an tríú cheann) as Béarla amháin. Seo iad na trí réamhrá agus na dánta ag baint leo, aistrithe go Gaeilge (ach amháin an tríú dhán féin).

 

  1. Tionchar cumhachtach ár dtuismitheoirí orainn.

Bíonn an-tionchar ag ár dtuismitheoirí orainn inár luathbhlianta. Níor thuig mé é sin i gceart go dtí le déanaí. Seo ach sampla amháin den tionchar sin. Bhíodh m’athair ag scríobh agus mo mháthair ag léamh aon seans a bhíodh acu, gach lá, agus mé ag fás aníos. Is aoibhinn liom go mór an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht i rith mo shaoil féin agus tá siad an-tábhachtach dom. Gach seans a bhíonn ann, bím ag scríobh nó ag léamh. Tuigim go maith anois nach aon timpiste é sin ach tharla sé mar iarmhairt ar an timpeallacht bhaile a bhí agam, a bhuí le mo thuismitheoirí. Is comhartha ómóis dóibh é an dán seo.

Scríobhaim
Daid ag cnagadh ar a shean-Olivetti,
A eochairbhuillí mar bhuillí croí ár n-óige.
Gach ciúnas agus boladh Tippex
mar shioncóipiú sa cheol cúlra-
ceol deasghnátha an tsaoil.

Sna sosanna gearra ina lá fada –
físeanna leabharlann-spreagtha ag Mam,
faoi dhomhan nís cineálta, nís gile.

Ón ithir thorthúil chruthaitheach seo,
D’fhás peann i mo lámha óga díograiseacha.
Bhínn ag scríobh, ag scríobh, ag scríobh,
go dtí gur lean foirm feidhm,
agus sa deireadh thiar thall –
nochtadh an scríbhneoir ionam.

I Write
Tapping away on his old Olivetti,
Dad’s keystrokes were the heartbeat of our childhood,
with silences and Tippex smells
syncopating the background music
of our mundane life rituals.

Mum fed the short breaks in her long day
with library-fueled visions
of a kinder, grander world.

From this fertile, dream-fed soil
sprouted a pen in my eager young hands.
I wrote and wrote and wrote until
form followed function
and parchment revealed
the writer inside.

  1. Áilleacht an nádúir agus an chultúir i gceantar Ghleann Cholm Cille.

De réir traidisiúin, thóg Colm Cille eaglais i nGleann Cholm Cille sa 6ú haois. Tá an gleann seo i bhfad i gcéin in iarthuaisceart na hÉireann i gContae Dhún na nGall. Tá an gleann síos le fána, trí thírdhreach réchnocach, go dtí an tAigéan Atlantach. Ansin, síneann an cósta garbh ó thuaidh agus ó dheas. Ó thuaidh, ag Sliabh Liag, tá aillte mara 2,000 troigh ar airde. Tá Gleann Cholm Cille sa Ghaeltacht, agus cloistear ár dteanga dhúchais á labhairt ann go hiondúil. Mar sin, tá an ceantar tumtha i gcultúr traidisiúnta na hÉireann. Mothaím féin gur meascán iontach den tírdhreach agus den chultúr é an gleann speisialta seo. Is ómós agus ar bhealach paidir é an dán don ghleann pictiúrtha agus stairiúil seo. Léiríonn an dán an radharc agus a thionchar orm nuair a chonaic mé an gleann den chéad uair ar lá álainn sa samhradh, agus muid ag dul isteach ag barr an ghleanna agus ag tiomáint síos an go dtí an cósta.

Gleann Cholm Cille
Glasghoirt cuilteáilte úra ag cur thar maoil,
loig is mullaigh scuabtha síos dorchla caol,
ag sleamhnú trí chraos an ghleanna go mín,
stróicthe as a chéile gan rabhadh ag an Muirlín.
Talamh Naofa ina néal-lámha faoi dheireadh,
Spíonta, géilleann sí go do ghaineamh geal na mara.

Glencolmcille

Fresh green-fielded quiltwork spills,
pleats and folds tumbling down hills,
glides through glistening, gulleted glen,
riven by meanders of the river Murlin.
Cloud-swaddled, spangled sainted land,
Exhausted, yields to the silver sand.

 

  1. Na hiarmhairtí pianmhara leanúnacha a bhaineann le hathrú aeráide.

Is é atá i gceist leis an “éifeacht na bhféileacán” ná cur síos ar na hiarmhairtí móra is féidir tarlú de bharr athruithe beaga. Is é Edward Lorenz a d’aimsigh an éifeacht nuair a bhí sé i mbun taighde ar an gcóras aimsire. Baineann an éifeacht le hábhair níos leithne freisin, athrú aeráide san áireamh. Sa chás sin, leagann sé béim ar na rioscaí a ghlacaimid agus fiú athruithe beaga á ndéanamh againn ar an gcóras aeráide. Tagann imirce na mbleachtfhéiliceán go dtí mo cheantar i San Diego ó Santa Cruz gach bliain. An bhliain seo caite, chonaic mé go raibh bleachtfhéiliceán amháin ag streachailt go neamhbhalbh le fanacht san aer.  Go híorónta agus go tragóideach, bíonn drochthionchar ag “éifeacht na bhféileacán” ar na créatúir chéanna a bhfuil an éifeacht ainmnithe ina ndiaidh. Déanta na fírinne, ní dhearna an féileacán rud ar bith orainn, ach is é a mhalairt atá fíor, mar is é an cine daonna a bhíonn ag déanamh dochar don fhéileacán. Thug sé seo go léir meafar dom, ina bhfuil an féileacán mar lionsa. Tríd an lionsa seo, is féidir linn a fheiceáil ní hamháin ár nasc pearsanta agus mothúchánach leis an domhan, a bhfuil aithne agus grá againn air, ach fírinne a chaillteanais, atá tosaithe cheana féin. Agus caillteanas é sin nach dtarlaíonn go léir ag an am céanna, ach diaidh ar ndiaidh, féileacán ar fhéileacán – ar a laghad ar dtús.

Butterfly Elegy
The nectar-fueled monarch migration
flutters south in shimmering clouds
from Santa Cruz to San Diego
to ancestral breeding grounds.

There, molten clouds of monarchs
drift on failing wings,
no haven to receive them,
no milkweed to nourish their young.

A single monarch spirals down
in quickening, tightening arcs,
its frail and tattered body —
more proof of what’s being lost.

Elton!

Elton!

Nuair a chonaic mo bhean chéile go mbeadh Elton John ar an stáitse i San Diego cúpla lá ina dhiaidh sin, cheap mé nach mbeadh aon ticéid fágtha. Ach ar mhaithe leis an gcraic, rinne mé cuardú ar ‘Ticketmaster’ agus bhí ionadh orm go raibh ticéid fós ar fáil. Cheannaigh mé cúpla gan mhoill.

Ba dheis annamh í seo, mar d’éirigh Elton as camchuairteanna a thabhairt cúpla bliain ó shin. Sa chás seo, rinne sé eisceacht mar is ócáid tiomsaithe airgid do chúis mhaith a bhí i gceist. Thiomnaigh Elton an t-airgead óna cheolchoirm a bhronnadh do ‘Curebound’, eagraíocht áitiúil neamhbhrabúis a chuireann maoiniú ar fáil chun taighde ar ailse a dhéanamh. Tháinig Elton féin slán ó ailse phróstataigh sa bhliain 2017. Ba bheag nach bhfuair sé bás ó haimhréidh neamhchoitianta (saghas víris) a tharla tar éis dó dul faoi scian. Ag an am sin, fuair sé tuiscint faoi cad a bhí tábhachtach ina shaol, agus chinn sé níos mó ama a chaitheamh i dteannta a theaghlaigh féin agus gan mórán ama a chaitheamh ar chamchuairteanna.

Cuimhní

Bhí amhráin Elton mar fhuaimrian dom i mo luathdhéaga. Is maith is cuimhin liom a bheith ag damhsa ag díoscónna agus ‘Rocket Man’, ‘Crocodile Rock’, nó ‘Daniel’ á chasadh go hard. Níl a lán cuimhní agam faoin am sin, ach ba é sin ceann dóibh. Chuaigh beagnach gach amhrán Elton go barr na gcairteacha sna seachtóidí. Bhí Elton go hiontach ag cumadh ceoil ach ní raibh sé in ann na liricí a chumadh. Bhí a chara, Bernie Taupin, go hiontach ag cumadh liricí, ach ní raibh sé in ann ceol a chumadh. Chuir ‘Liberty Records’ iad le chéile, nuair a thug siad fillteán liricí Taupin do Elton. Chum Elton an ceol dóibh, agus thosaidh comhpháirtíocht fhíor-cháiliúl idir Bernie agus Elton. Chomhoibrigh siad le chéile ar beagnach gach amhrán ó thosaigh siad i 1967 suas go dtí seo. Suas go dtí le gairid, sheoladh Bernie liricí chuig Elton, agus ansin chumadh Elton an ceol – gan iad a chasadh le chéile! Le cúpla bliain anuas, casann siad níos minice chun an chumadóireacht a dhéanamh le chéile.

An Phrapáil

Bhí an spotsholas ar an eagraíocht Curebound nuair a tháinig a Phríomhfheidhmeannach, Anne Marbarger, ar an stáitse.

“Anois – níos mó ná riamh, is gá dúinn tacaíocht a thabhairt dár lucht eolaíochta,” a dúirt Anne. Tá an ceart aici agus ciorraithe géara curtha i bhfeidhm le déanaí ag an Institiúid Náisiúnta Ailse. “Lenár dtacaíocht, tiocfaidh leigheas ar ailse as San Diego.”

Ó bunaíodh é in 2021, tá beagnach $150 milliún bailithe ag Curebound chun maoiniú a bhronnadh ar 6 institiúit taighde atá ag iarraidh leigheasanna ailse a aimsiú. Fuair Curebound $11.5 ón gceolchoirm seo amháin –is daonchara iontach é Elton!

Tháinig Elton ar an stáitse ansin, agus culaith bhuí á caitheamh aige, an dath a chiallaíonn feasacht ailse. Tar éis túis spleodraigh le ‘Funeral for a Friend/Love lies Bleeding’, bhí cúpla focal le rá ag Elton: “Tá sé go hiontach a bheith anseo chun an eagraíocht dochreidte seo a cheiliúradh. Ní tharlaíonn ócáidí mar seo go minic, agus mé ag dul chuig áiteanna ina bhfuil an oiread sin daoine a bhfuil taithí acu leis an ailse, mise san áireamh. Bainimis lántaitneamh as (an oíche)!

An Cheolchoirm

Bhí Elton agus a bhanna go hiontach ar fad, cé go raibh mionfhadhbanna leis an meascadh fuaime cúpla uair. Tar éis ‘Funeral for a Friend’, lean siad ar aghaidh le sraith na gclasaiceach: ‘Bennie and The Jets,’ ‘I Guess That’s Why They Call It The Blues,’ ‘’Philadelphia Freedom’ agus ‘Tiny Dancer.’ Agus ansin le sraith iontach eile: ‘Goodbye Yellow Brick Road,’ ‘Rocket Man,’ ‘Levon,’ ‘Candle in the Wind’ agus ‘Sorry Seems To Be The Hardest Word To Say.’

Le linn na ceolchoirme, chan agus sheinn Elton ag sárleibhéal – le fuinneamh agus le paisean. Chas sé aonréid speisialta ar an méarchlár ar ‘Benny and The Jets,’ ‘Rocket Man’ agus ‘Levon’. Bhí stíleanna éagsúla á sheinm aige – boogie-woogie, ceol gaspal, snagcheol agus na gormacha san áireamh – i meascán inspioráideach agus spreagúil.

Don amhrán deireanach, chan Elton ‘Your Song’, agus ansin bhí taispeántas tine ealaíne nach raibh aon duine ag súil leis. Clabhsúr cuí do cheolchoirm iontach a bhí ann.

D’fhan an líne dheireanach don amhrán deireanach liom: ‘Nach iontach an saol é nuair atá tú sa domhain seo!’ Léiríonn sé gach rud faoin gcúis uasal seo i líne ghearr amháin!

 

 

 

Seirbhís Chuimhneacháin

Seirbhís Chuimhneacháin

Fulaingíonn tuismitheoirí go huafásach nuair a fhaigheann páiste dá gcuidsean bás. Ní thagann siad as go brách. Chaill mo chara, Micheál, a pháiste fásta le déanaí. Ní fhaca mé Micheál ag an ionad aclaíochta ar feadh míosa nó dhó. Ní raibh a fhios agam cén fáth, ach cheap mé go raibh sé ar a laethanta saoire. Ar an drochuair, ní raibh.

Sheol cara Mhichíl téacs chugam an tseachtain seo caite, agus nasc ann do scéala báis. Bhí mearbhall orm, ar dtús, mar níor thuig mé cén fáth a bhfaighinn an fógra sin. Ansin, chonaic mé gurb é Micheál athair an duine óg a bhásaigh. Ach ní hé sin ach tús an scéil.

Cuireadh don tseirbhís chuimhneacháin

Go minic, ní bhíonn sochraid mhór nuair a fhaigheann daoine bás i gCalifornia. Ach, mí nó dhó ina dhiaidh, bíonn seirbhís chuimhneacháin dóibh. Freastalaíonn teaghlach agus cairde ar an gceiliúradh saoil seo, agus de ghnáth bíonn bia agus deochanna ar fáil ann. Fuair mé cuireadh don tseirbhís trí théacs eile, agus sheol mé freagra go mbeadh mo bhean chéile agus mé féin i láthair. Ar an Satharn, chuireamar éadaí foirmeálta orainn don ócáid, agus thiomáineamar go dtí ionad na seirbhíse – galfchúrsa. Chuamar ann agus threoraigh comhartha muid chuig an mbálseomra. Bhí bord díreach laistigh de dhoras an bhálseomra, a raibh scáileán ann ag taispeáint grianghraf ó shaol Áine ann, agus cuimhneacháin eile ar an mbord freisin. Ní raibh sí ach 22 bliain slánaithe aici nuair a fuair sí bás.

Bhí Micheál, Máire agus Pádraicín in aici leis an mbord, agus chuir siad fáilte roimh gach duine ag teacht isteach. Tá tuismitheoirí Áine- Micheál agus Máire, colscartha le blianta beag anuas, agus is í Padraicín a pháirtí faoi láthair. Threoraigh ball foirne muid chuig ár suíocháin ansin. Bhí bileog ar gach suíochán dúinn, le grianghraf fir (Liam) ar an leathanach tosaigh agus grianghraf mná (Áine) ar an leathanach cúl, agus clár ar na leathanaigh láir.

Duine transincneach fireann go baineann ba í Áine. Rinneadh máinliacht athraithe inscne uirthi cúpla bliain ó shin nuair a bhí sí 20 bliain d’aois. D’fhás sí aníos mar bhuachaill darb ainm Liam.

Bhí roinnt mhaith daoine luaite ar an gclár: Micheál ar dtús, deirfiúr Áine, cairde Áine, a huncail agus a haintín, Padraicín agus Máire ag an deireadh.

Ceiliúradh saol Áine/Liam

Ghabh Micheál buíochas orainn go léir as a bheith ann. Thug sé sin tacaíocht agus sólás dó agus dá theaghlach, a dúirt sé. Bhí cuimhní geala aige faoi Áine agus an caidreamh eatarthu, agus bhris Micheál síos ag gol ó am go ham le linn a óráide, mar bhí sé an-deacair dó a bheith suas ar an ardán, ag caint faoina pháiste mar sin. Dúirt sé go raibh sé deacair dó féin, dá iar-pháirtí, agus dá pháirtí glacadh leis nuair a d’inis Liam (ag an am) cad a bhí ar intinn aige. Ach ghlacadar leis, agus thugadar a dtacaíocht go hiomlán dó. Nuair a bhí Liam athruithe go Áine, d’admhaigh Micheál nach bhfaca sé a pháiste chomh sásta sin riamh cheana. Ní raibh sí ina cónaí sa bhaile ag an am, ach théadh sí ann go minic, mar ní raibh an ollscoil a d’fhreastal sí uirthi rófhada ó bhaile. Dúirt Micheál ansin nach bhfuil cúrsaí éasca i Meiriceá faoi láthair, ach go háirithe más transinscneach nó inimirceach thú. Díríonn an rialtas ionsaithe de gach saghas ar dhaoine leochaileacha mar sin, a dúirt sé. Bhí na deora liomsa agus le gach duine ag éisteacht leis, mar is scéal thar a bheith tragóideach é seo.

Tháinig deirfiúr Áine, Emma, suas ar an ardán ansin. D’inis sí scéalta grinn dúinn, mar gan dabht ba charachtar é Liam, agus iad ag fás aníos le chéile. Bhí diabhlaíocht ina chuid grinn. Nuair a bhíodh duine ar thaobh an bhóthair ag deisiú poll sa roth, d’osclaíodh Liam a fhuinneog agus ligeadh sé béic uafáis ar an duine bocht, ag rá nach raibh cead acu a bheith pairceáilte ansin. Dúirt Emma go raibh Liam an-chliste freisin, agus go raibh sé éasca dó eolaíocht agus matamaitic a fhoghlaim. Chláraigh sé ar chúrsa innealtóireacht san ollscoil gan fadhb ar bith, mar fuair sé torthaí iontacha sna scrúduithe iontrála.

Mhol gach duine eile Liam/Áine go hard, idir theaghlach agus chairde, agus bhí go leor scéalta le hinsint acu. Ag an deireadh, tháinig máthair Liam/Áine suas, agus d’inis sí scéal nó dhó freisin. Ansin, d’aithris sí dán le Robert Burns. Bhain na haithisc ó chroí cuid mhór asainn go léir ó thaobh na mothúchán de. Bhí gach duine spíonta ag an deireadh.

Bhí bia agus deochanna ar fáil tar éis sin. Bhí formhór na daoine a bhí linn ag ár mbord – cairde Mhichíl ón ionad aclaíochta muid go léir – ag imeacht. Mar sin, d’imíomar abhaile freisin, mar ní raibh aithne againn ar aon duine eile, ach amháin Micheál, agus bhí sé an-ghnóthach cheana féin.

Conclúid

Tá an ráta iarracht féinmharaithe i measc daoine trasinscne ar fud an domhain idir 32% agus 50%. Is iad na príomhfhachtóirí riosca a mbíonn tionchar acu ar iompar féinmharaithe i measc daoine trasinscne ná íospartacht inscnebhunaithe, idirdhealú, bulaíocht, foréigean, diúltú ón teaghlach, ó chairde agus ón bpobal; ciapadh ó pháirtí pearsanta, ó bhaill teaghlaigh, ó na póilíní, ón bpobal agus ón rialtas, agus idirdhealú agus drochíde sa chóras cúram sláinte.

Ní bheidh a fhios againn go deo cad iad na fachtóirí go léir a raibh tionchar mór acu ar Áine, ach is dócha go raibh an timpeallacht chultúrtha agus pholaitiúil mar chúpla ceann dóibh. Ar aon nós, is cúis mhór bhróin dá teaghlach, dá cairde agus dúinn go léir, gur cailleadh Áine de thoradh féinmharaithe i mbláth a maitheasa  – suaimhneas síoraí dá hanam.

gaGaeilge