Léirmheas Scannáin – Hamnet

Léirmheas Scannáin – Hamnet

Bhuaigh Jessie Buckley Gradam Golden Globe as a ról cumhachtach mar Agnes sa scannán Hamnet, éacht a dheimhníonn a stádas mar cheann de na haisteoirí is fearr dá glúin. Tá gradaim mhóra eile bailithe ag an scannán freisin, ina measc an Scannán is Fearr agus an Stiúrthóir is Fearr ag féilte scannán idirnáisiúnta. Tugann na buanna suntasacha seo údar maith dúinn breathnú níos doimhne ar an sárshaothar seo. Seo thíos léirmheas cuimsitheach ar an scannán a bhfuil an domhan mór ag caint faoi, faoi láthair. Agus tá na Gradaim Oscar fós le teacht!

San athchóiriú nua corraitheach atá déanta ag Chloé Zhao ar leabhar Maggie O’Farrell, Hamnet, díríonn an ceamara ar bheatha an phríomhcharachtair – William Shakespeare (Paul Mescal). Nochtann an scannán a anam trí chora crua a shaoil, agus feiceann tú conas a eascraíonn a chuid ealaíne síoraí astu.

Ní scannán beathaisnéise sa chiall thraidisiúnta é seo. Ar bhealach, is scéal é faoi dhá bhreith: breith fhisiciúil mic, faoi chúram máthar i bhforaoisí Stratford, agus breith mheitifisiciúil dráma, faoi chúram athar i Londain. Is í tragóid a shaoil go bhfuil sé as láthair nuair a fhaigheann a mhac fisiciúil Hamnet (Jacobi Jupe) bás.

Scéal Dhá Dhomhan

Cuireann an Stiúrthóir Chloé Zhao, a bhfuil cáil uirthi as a máistreacht maidir le tírdhreacha nádúrtha (Nomadland, mar shampla), an chéad ghníomh suite go daingean i gceantar tuaithe in aice le Stratford-upon-Avon. Anseo, casaimid le hAgnes (Jessie Buckley, atá fíochmhar sa ról), bean na coille, bean leighis agus bean feasa atá níos compordaí i gcuideachta fabhcúin ná i measc daoine. Is iníon cailleach na coille í Agnes. Téann teagascóir óg Laidine (Paul Mescal) sa tóir uirthi agus ní ghlacann sé le diúltú.

Is fórsa cumhachtach í an cheimic athraitheach idir Buckley agus Mescal a thiomáineann an scannán chun cinn gan staonadh. Imríonn Mescal ról an drámadóra mar fhear óg tiomanta atá spreagtha chun peann a chur le pár. Áfach, de réir mar a mhéadaíonn an teaghlach agus na héilimh air, méadaíonn an t-achar eatarthu freisin. Caitheann sé cuid mhór dá chuid ama i Londain, a fhad is a bhíonn a bhean chéile ag tógáil a gclainne léi féin. Léiríonn an scannán é seo trí ghearradh go tapa idir solas órga an fhómhair i Stratford agus na hamharclanna clástrafóbacha faoi sholas coinnle i Londain.

Is mór an trua é nach bhfuil Shakespeare sa bhaile ach go hannamh agus a mhac, Hamnet, ag fás aníos. Is rud cruálach íorónta é go bhfuil Shakespeare i Londain ag cruthú ríthe agus fuirseoirí nuair atá a mhac féin, Hamnet, ag fáil bháis mar íobairt ag an bplá bhúbónach atá ag scuabadh na tíre.

Déantar scannánú ar thinneas Hamnet le dlúithe scanrúil. Feicimid cé chomh dona is atá an Galar Dubh, agus Hamnet ag fulaingt go huafásach. Feicimid fulaingt a mháthar freisin, agus í trína chéile ar fad ag screadach, gan William a bheith ann chun cabhrú. Tá a fhios go maith aici nach féidir lena luibheanna a mac a shábháil. Nuair a fhilleann William ar Stratford faoi dheireadh, tá sé ródhéanach agus tá Hamnet imithe ar shlí na fírinne.

Ailceimic an Bhróin

Tá Jessie Buckley go hiontach mar Agnes, ag léiriú a cuid mothúchán trína corp. Ní fheiceann tú William ag caoineadh bhás a mhic sa tslí chéanna. Ina ionad sin, cúlaíonn sé go Londain, ag fágáil a theaghlaigh ina dhiaidh uair amháin eile, chun dráma a scríobh a iompraíonn leagan d’ainm a mhic mhairbh.

Do hAgnes, agus b’fhéidir don lucht féachana freisin, mothaíonn sé seo mar fheillbheart. Méadaíonn an teannas i dtreo bhuaic mhór an scannáin, seicheamh a athraíonn Hamnet ó dhráma baile go sárshaothar scannánaíochta den chéad scoth.

An Chríoch Mhór

Taistealaíonn Agnes go Londain den chéad uair ansin, ag iarraidh a thuiscint cad atá i gceist ag Shakespeare lena dhráma in ainm a mhic. Téann sí isteach san amharclann. Seasann sí os comhair an stáitse agus tosaíonn sí ag féachaint ar an dráma. Agus í ag faire ar an aisteoir atá ag imirt Hamlet (deartháir Jacobi Jupe), feiceann Agnes a mac caillte. Agus ansin, tagann an Taibhse i láthair ar an stáitse. Le buille sárstiúrthóireachta, is é William féin Taibhse an Rí. Sa dráma, faigheann an t-athair bás ionas gur féidir leis an mac maireachtáil. Tá áit a mhic tógtha ag Shakespeare féin, i malartú suntasach.

Fanann an ceamara ar aghaidh Agnes agus an tuiscint seo ag teacht uirthi. Feictear mothúcháin éagsúla á léiriú ar a haghaidh, agus an fhearg ag athrú diaidh ar ndiaidh go tuiscint dhomhain choscrach.

Máistreacht Theicniúil

Is minic a bhíonn an ceamara láimhe in úsáid. Úsáidtear foinsí nádúrtha aon uair is féidir – tine, solas coinnle, agus fiú grian bhán Shasana. Cruthaíonn na teicnící cineamatagrafaíochta seo nasc níos dlúithe idir an ceamara agus an lucht féachana.

Tá an luas máistriúil freisin. In ainneoin an ábhair shollúnta, níl aon spotaí leamh ann. Tá móiminteam gan staonadh ag an scéal, tiomáinte ag práinn na plá sa chéad leath agus mistéir an dráma sa dara leath. Láimhseáiltear na cora agus na castaí le teagmháil dheaslámhach a chuirfidh iontas fiú orthu siúd a bhfuil eolas acu ar stair Shakespeare.

Breithiúnas

Is scannán é Hamnet a éilíonn go bhfeicfear é ar an scáileán is mó agus is féidir, chun an t-eispéireas tumthach a fháil ina iomláine. Is scéal é faoi chostas na huaillmhéine agus cumhacht shlánaithe na healaíne. Iarrann sé orainn machnamh a dhéanamh faoin tslí is fearr dúinn cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus cé chomh tábhachtach is atá sé am a chaitheamh sa bhaile i dteannta ár dteaghlaigh. Taispeánann sé dúinn freisin cumhacht na healaíne atá in ann réimse leathan na staide daonna a chur in iúl, idir mhaith agus olc.

Maidir leis na Gradaim Oscar, is dócha go mbeidh an bheirt Éireannach cáiliúla sin – Mescal agus Buckley – mar roghanna don Aisteoir is Fearr. Agus is dócha go mbeidh an scannán féin mar iomaitheoir láidir don Scannán is Fearr. Ba chóir do gach duine an t-am a ghlacadh chun an scannán seo a fheiceáil.

Litir ó Mheiriceá – ‘Operation Absolute Resolve’

Litir ó Mheiriceá – ‘Operation Absolute Resolve’

Litir ó Mheiriceá – ‘Operation Absolute Resolve’

Ag breacadh an lae ar an 3 Eanáir 2026 i gCaracas, Veiniséala, tháinig deireadh tapa leis an oibríocht. D’ardaigh na héileacaptair. Tógadh Nicolás Maduro faoi choinneáil sna Stáit Aontaithe (SAM).

Tháinig mínithe éagsúla thar an deireadh seachtaine.

Ar dtús, ar an teilifís, d’áitigh Marco Rubio nach cogadh a bhí sa ruathar maidine, ach oibríocht a bhí dírithe go sonrach ar bharántas gabhála a fheidhmiú. Sa leagan seo den scéal, ní dhearna arm SAM ach cosaint a thabhairt d’oifigigh sa Roinn Dlí agus Cirt agus iad i mbun a gcuid oibre.

Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, ar bord Air Force One, thug an tUachtarán Donald Trump míniú eile. Dúirt sé go mbeadh na Stáit Aontaithe “i gceannas” Veiniséala ar feadh tamaill. Bhogfadh comhlachtaí ola Mheiriceá isteach. Dheiseofaí an bonneagar. Thiocfadh toghcháin níos déanaí.

Bhí scéal Rubio agus scéal Trump ag teacht salach ar a chéile.

I gCaracas, d’fhan ciorcal órga Maduro ina n-áit. D’iarr Uachtarán gníomhach Veiniséala, Delcy Rodríguez, ar SAM comhoibriú le chéile.

Sa bhliain 2024, creideadh go forleathan gur bhuaigh iarrthóir an fhreasúra, Edmundo González, toghchán conspóideach in aghaidh an tsealbhóra oifige, Maduro. Léirigh pobalbhreith iarvótála a d’fhoilsigh an comhlacht Meiriceánach Edison Research go raibh González chun tosaigh ar Maduro 65% in aghaidh 31%. Mhaígh Maduro an bua, áfach, agus b’éigean do González dul ar deoraíocht sa Spáinn.

Sheas González i dtoghchán 2024 toisc go raibh cosc curtha ar cheannaire an fhreasúra, María Corina Machado, a bheith ina hiarrthóir. Thuill Machado ardmholadh idirnáisiúnta anuraidh nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi.

Go gairid tar éis oibríocht SAM Dé Sathairn, d’iarr Machado ar González “a shainordú bunreachtúil a ghlacadh láithreach agus go n-aithneofaí é mar ardcheannasaí.” I ráiteas, dúirt Machado go ndéanfadh a gluaiseacht “ord a athbhunú, príosúnaigh pholaitiúla a shaoradh, tír eisceachtúil a thógáil agus ár bpáistí a thabhairt ar ais abhaile.”

Ina phreasagallamh féin, áfach, chaith Trump drochmheas ar mhaíomh fhreasúra Veiniséala chun na cumhachta. Nuair a ceistíodh é go díreach faoi Machado, dúirt Trump le tuairisceoirí: “Ceapaim go mbeadh sé an-deacair di a bheith ina ceannaire. Níl an tacaíocht aici, níl meas uirthi laistigh den tír.”

Oibríocht phóilíneachta nó robáil armtha?

Ardaíonn sé sin ceist: Cén plean a bhí ag riarachán Trump sa chéad áit? Tá an réimeas lofa céanna i bhfeidhm fós, agus tá Trump in aghaidh buaiteoirí an toghcháin a chur i gceannas sa tír, mar ba chóir dó a dhéanamh. Mar sin, tá sé deacair straitéis chomhordaithe rialtas SAM a fheiceáil, rud is údar imní dúinn ar fad.

Rinne “oibríocht phóilíneachta” Rubio iarracht an ruathar a choinneáil laistigh de theorainneacha dlíthiúla aithnidiúla. Más forfheidhmiú dlí a bhí i gceist, ní gá dul i gcomhairle le Comhdháil SAM. D’fhéadfaí dlí idirnáisiúnta a sheachaint. Bheadh an gníomh neamhghnách ach srianta.

Phléasc míniú Trump an cur chuige sin as a chéile. Ní forfheidhmiú dlí é tír eile a rith chun a toibreacha ola a athoscailt; is forghabháil é faoi ainm eile, fiú mura bhfanann trúpaí ar an talamh. I rialtas SAM, bhí an ciúnas i gceannas, agus na Daonlathaithe a d’éiligh maoirseacht ón gComhdháil sáraithe ag na Poblachtánaigh a bhí ag lútáil os comhair réimeas Trump.

Le blianta fada, bhí an córas iarchogaidh ag brath ar SAM mar eiseamláir maidir le rialacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Nuair a d’úsáid na Stáit Aontaithe neart cheana, bhí sé i gcomhar lena gcomhghuaillithe agus ag géilleadh do chomhaontuithe idirnáisiúnta.

Chuaigh Operation Absolute Resolve in aghaidh na ngnásanna seanbhunaithe sin. I Veiniséala, is í pairilis an toradh láithreach. Ceannaire curtha as oifig. Réimeas fágtha. Freasúra ar deoraíocht. Cumhacht fhorghabhála a áitíonn nach bhfuil sí ag forghabháil rud ar bith.

Cúis imní i dtíortha eile

I dtíortha eile, lean anailís go tapa tar éis na n-oibríochtaí Meiriceánacha. Rinneadh iarracht an t-athrú tobann seo a mhíniú, ní hamháin i dtéarmaí an tionchair orthu féin, ach ar an ord idirnáisiúnta atá á shárú go soiléir anois ag SAM.

I Havana, thuairiscigh meáin stáit Chúba gur maraíodh an iliomad pearsanra slándála de chuid Chúba le linn an ruathair, rud a dheimhnigh an méid a bhí á mhaíomh ag Washington le fada: go raibh Cúba ag tacú le réimeas Maduro a chosaint.

I mBogotá na Colóime, d’fhéach oifigigh ar an méadú ar longa chogaidh agus iompróirí aerárthaí SAM le himní. Tá bagairt déanta go hoscailte ag Trump ar Uachtarán na Colóime, Gustavo Petro, ag cur ina leith go raibh sé ag easpórtáil cócaoin go dtí na Stáit Aontaithe.

I gCóbanhávan, d’eisigh an Taoiseach Mette Frederiksen ráiteas ag impí ar na Stáit Aontaithe “stopadh leis na bagairtí” agus Trump ag rá arís gur gá dó an Ghraonlann a fháil, ar chúiseanna slándála. Ní raibh an Ghraonlainn, a dúirt sí, ar díol.

Bhí Trump tar éis labhairt faoin nGraonlainn cheana. Ach tar éis a rinne sé i Veiniséala, thuig an Danmhairg agus an Ghraonlainn gur bagairt thromchúiseach a bhí i gceist anois. I Nuuk, scríobh príomhaire na Graonlainne ar líne go raibh an reitric “go hiomlán do-ghlactha.” Bhí sé mícheart, freisin, a scríobh sé, an Ghraonlainn a nascadh le Veiniséala.

Sa Bhruiséil, chuir oifigigh Eorpacha béim ar idirdhealú. Bhí an Danmhairg ar bhaill bhunaidh NATO i 1949, i dteannta 11 tír eile, SAM san áireamh. Níl Veiniséala páirteach san eagraíocht sin. Tá rialacha difriúla ag baint le NATO, mar is comhghuaillíocht atá i gceist. Bheadh fadhbanna móra dá nglacfadh SAM seilbh ar bhallstát de chuid NATO, agus seans mór nach dtiocfadh NATO slán as sárú chomh tromchúiseach.

Bhí súil á coinneáil ag Ceanada ar chúrsaí freisin. Labhair Trump go neamhchúiseach cheana féin faoi Cheanada mar “an 51ú stát” ráiteas ar glacadh leis tráth mar aighneas gan iarmhairt. Tar éis Caracas, áfach, caithfidh rialtas Cheanada aird níos tromchúisí a thabhairt don bhagairt sin.

Impleachtaí tromchúiseacha

Ní chiallaíonn sé seo go mbeidh trúpaí Mheiriceá ar an talamh sa Ghraonlainn, sa Cholóim, nó i gCeanada amárach. Ní mar sin a oibríonn na hathruithe seo. Ach níl sa bhuaileam sciath seo ach an chéad chéim síos an bóthar sin. Mar sin, déanann tíortha laga a bhíonn faoi bhagairt iarracht iad féin a chosaint trí chomhghuaillíochtaí nua a bhunú le páirtithe níos láidre ná iad féin. Déanann comhghuaillithe athscrúdú ar a gcaidreamh le haon tír a sháraíonn rialacha idirnáisiúnta.

Tugann iomaitheoirí faoi deara go bhfuil argóint níos láidre acu ar son rialacha idirnáisiúnta a shárú freisin. Leis an dearcadh nua sin, bíonn cuma níos inghlactha ar ionradh na hÚcráine. Bheadh ionradh ar an Téaváin mar an gcéanna le hionradh ar Veiniséala. Nuair a bhriseann na comhaontuithe idirnáisiúnta síos maidir le ceannas an stáit, bíonn gach rud i mbaol. Éiríonn cúrsaí an domhain i bhfad níos éiginnte agus níos contúirtí. Ardaítear rioscaí cogaidh in iomlán, agus ní rud maith é sin.

Ceisteanna móra le freagairt

I Washington, tá ceisteanna móra le freagairt. Cad í Operation Absolute Resolve? Cad iad clocha míle na hoibríochta? An bhfuil oibríochtaí eile ag teacht?

Tá an mearbhall seo mar chuid den timpeallacht idirnáisiúnta. Ó Characas go Havana, ó Bhogotá go Cóbanhávan, tá rialtais ag dul i dtaithí, ní ar bheartas Mheiriceánach amháin, ach ar an neamhréiteach a bhaineann le beartais iomadúla nach réitíonn le chéile. Ní bheadh ach droch-chríoch air sin. Luath nó mall, ní mór don bhrainse comhionann rialtais SAM ar a dtugtar an Chomhdháil a cumhachtaí bunreachtúla a chur i bhfeidhm in ionad suí siar agus a cumhacht go léir a ghéilleadh don uachtarán agus dá chuid cairde.

Dá luaithe is ea is fearr.

 

An Ghaeilge – 2025

An Ghaeilge – 2025

Ar maidin fhuar i mí na Samhna i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, trasnaíodh líne go ciúin. Agus Catherine Connolly ag tabhairt a hóráide insealbhaithe, ba í an Ghaeilge a bhí i gceannas ar an lá.

Le fada an lá, bhí Connolly ina heiseamláir ina húsáid leanúnach den Ghaeilge ina saol poiblí. Mar Uachtarán, chuir sí in iúl go soiléir go mbeidh an Ghaeilge mar théama lárnach ina post nua freisin. Ón gcéad lá amach, beidh an Ghaeilge mar theanga oibre Oifig an Uachtaráin. Feidhmeoidh a foireann trí Ghaeilge.

Is cinneadh tábhachtach é sin. Mar cheann stáit, beidh tionchar mór aici ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, go háirithe ar an bhforáil go mbeidh Gaeilge ag 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. Le ceannaireacht ón mbarr, beidh brú ar an tseirbhís phoiblí aithris a dhéanamh uirthi.

Ach bhí an talamh ag bogadh cheana féin.

Tob-Ghaeltachtaí

Le deich mbliana anuas ar a laghad, bhí an Ghaeilge ag filleadh de réir a chéile ar an ngnáthshaol. Faoi 2025, shroich an ghluaiseacht sin pointe casaidh.

Ba chomhartha luath iad na tob-Ghaeltachtaí. Bunaíodh an chéad cheann i mBaile Átha Cliath i 2017, agus leath siad go tapa ina dhiaidh sin. Faoi 2025, bhí siad anois mar ghnáthchuid den saol sóisialta seachas mar thurgnamh teanga. Rud simplí agus riachtanach a bhí iontu: áit le Gaeilge a labhairt gan ranganna ná ceartúcháin. Sa lá atá inniu ann, tá siad scaipthe ar fud na hÉireann agus thar lear, sna Stáit Aontaithe san áireamh. Líonann tob-Ghaeltachtaí bearna idir Gaeilge a bheith agat, agus a bheith in ann í a chleachtadh.

Ansin tháinig casadh cultúrtha níos géire.

Kneecap

Is triúr hip-hap/rap polaitiúil as Béal Feirste é Kneecap, a mheascann hip-hap crua le fuinneamh punc. Rapálann siad i mBéarla agus i nGaeilge araon, agus pléann siad saol an lucht oibre, féiniúlacht Éireannach, agus agóid pholaitiúil. Tá eilimintí de dhruil, de cheol tí, agus fiú de cheol tíre ina bhfuaim, agus liricí aoracha acu a bhíonn conspóideach go minic, mar aon le dearcadh amh a mheallann lucht leanúna ón domhan rac-cheoil agus punc.

Mheall a scannán beathaisnéise sluaite móra níos luaithe i mbliana. Ag ceolchoirmeacha, bíonn déagóirí i ngeansaithe peile agus i seanéadaí spóirt ag béicíl liricí Gaeilge leis an bhfonn céanna a bhíodh acu ar cheol Béarla.

Ní feiniméan imeallach é seo a thuilleadh. Is gluaiseacht í a shroich an príomhshruth i 2025, le tacaíocht ón tionscal ceoil agus ó na meáin idirnáisiúnta. Den chéad uair, feictear an Ghaeilge mar chuid lárnach dár gcultúr comhaimseartha, agus mar chúis bhróid — go háirithe i measc daoine óga. Níl náire ar dhaoine an teanga a úsáid, fiú nach bhfuil ach cúpla focal acu.

TikTok

Ar líne, tá an t-athrú níos soiléire fós. Ar TikTok, labhraítear Gaeilge go tapa, go neamhfhoirfe, leath-aistrithe, measctha le canúintí, seafóid agus méimeanna. Ní gá gramadach fhoirfe a bheith agat. Tá sé níos tábhachtaí páirt a ghlacadh.

“Ní bhaineann sé le bheith cruinn a thuilleadh,” a deir Ciara, mac léinn naoi mbliana déag d’aois in UCD a bhfuil cuntas Gaeilge an-tóir aici. “Dá bhfanfá go dtí go mbeifeá sásta le caighdeán do Ghaeilge, ní labhrófá choíche. Anois, níl ort ach tosú.”

Béal Feirste

Má tá áit ar bith a léiríonn scála an athraithe, is é Béal Feirste é. I mí Dheireadh Fómhair, ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le Polasaí iomlán Gaeilge, le £1.9 milliún maoinithe taobh thiar de. Comharthaíocht dhátheangach. Seirbhísí. Infheictheacht. Deich mbliana ó shin, ní tharlódh a leithéid.

I 2025, áfach, bhí an comhthéacs polaitiúil agus cultúrtha athraithe go mór, agus an Ghaeilge anois á feiceáil mar acmhainn phoiblí seachas mar chnámh spairne. Is é an difríocht anois ná go bhfuil spriocanna soiléire, acmhainní agus infheictheacht phoiblí ag baint leis an nGaeilge. D’aistrigh an Ghaeilge ó ghealltanas go cleachtas. Is léiriú praiticiúil é seo ar an méid is féidir a bhaint amach nuair a thagann polasaí agus pobal le chéile.

I gCeathrú na Gaeltachta, bhí an tionchar láithreach. Gaeilge ar fheithiclí. Ar chomharthaí. Ar bhallaí. Teachtaireacht shoiléir á léiriú: is linn an teanga.

Tá an t-athrú ag dul i bhfeidhm ar an ardoideachas freisin. Ón mbliain acadúil 2026–27 amach, cuirfidh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste cúrsaí nua ar fáil sa Dlí agus i Léiriú Craolta trí Ghaeilge. Léiriú soiléir ar intinn atá ann. Is teanga bheo í an Ghaeilge, ní amháin sa Deisceart ach sa Tuaisceart freisin.

Ag féachaint chun cinn: 2026

Tá sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge i scoileanna Béarla dul i ngleic le toradh atá ró-choitianta: blianta fada staidéir agus gan mórán muiníne. Níos lú béime ar fhoghlaim de ghlanmheabhair. Níos mó comhrá. Níos mó úsáide.

Thar lear, tá an t-éileamh ag méadú. Tá ranganna Gaeilge ag líonadh go tapa. I San Francisco, tá liostaí feithimh ann cheana féin do ranganna thús 2026.

Tá obair fós le déanamh. Is iad beartas, maoiniú agus bonneagar a chinnfidh cé chomh buan is a bheidh an nóiméad seo. Ach ba bhliain chinnte í 2025 — ní mar gheall ar fhís nua, ach mar gheall ar úsáid nua. D’fhág an Ghaeilge na himill agus d’fhill sí ar an ngnáthshaol. Sin a bhrúfaidh an Ghaeilge chun cinn i 2026.

 

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

Gach bliain gan teip, ar Oíche na Seanbhliana, théadh m’athair amach ar an doras tosaigh ar feadh tamaillín agus ansin thagadh sé isteach arís. Ní raibh a fhios agam cén fáth, agus níor chuir mé ceist air faoi, ach an oiread. Ach tar éis ceann dá chuid colún a léamh le déanaí, faoi dheireadh ceapaim go bhfuil a fhios agam anois cad a bhí i gceist. Baineann sé le stair a theaghlaigh féin, agus is é an rud ab fhearr dom a dhéanamh anois ná bogadh ar leataobh, agus lig duit an colún sin a léamh. Seo é.

An tráth seo bliana, téann seandaoine siar bóithrín na smaointe, mar tuigtear dóibh go bhfuil na blianta ag sleamhnú uathu ar nós na gaoithe, agus go bhfuil cloch eile ar a bpaidrín imithe trína méireanna, cloch nach bhfillfidh, agus is dócha go gcuireann sin a so-mharfacht fhéin i gcuimhne dóibh, mura n-éiríonn le tada eile sin a dhéanamh.  Mo chuidse de, tuigtear dom nach ndéanann sé maitheas ar bith do dhuine, bheith buartha, brónach, faoi na cúrsaí sin, mar níl le déanamh aige ach ceirín den díchuimne a chur leis, agus é fhéin a ullmhú don bhliain úr atá ag síneadh roimhe amach, faoi mar a bheadh turas dúshlánach ag síneadh roimh oilithreach, á mhealladh, is á spreagadh, chun tosaigh arís.

Nuair a smaoiním fhéin ar an tráth seo bliana, téann mo chuimhne siar láithreach chuig an áit in ar rugadh mé, in Iorras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, sea, siar chuig an tír úd a shíneann ó “Chnocán a’ Líne go dté tú go dtí an Fál Mór.” Smaoiním, i dtosach báire, ar an taobh álainn sin tíre, gona páirceanna loma, sceirdiúla; coinlíní anseo, agus iomairí bainte san áit eile; linnte uisce thall, agus sraitheanna féarmhara abhus; ach tríd is tríd, bhí a chuma ar chuile shórt nár ró-mhéith an talamh a bhí leata os do chomhair amach, bíodh go raibh chuile chosúlacht ar chúrsaí, go raibh dian-saothrú á dhéanamh ar aon talamh cuir, a bhí le fáil sna bólaí thart timpeall. Amuigh ar imeall na spéire, bhí na hoileáin feistithe go daingean i bhfarraige tóigthe, garbh, guagach.

New Year Memories

Ach, thar aon rud eile, smaoiním ar Oíche Chinn Bhliana, agus ar na nósanna agus ar na cleachtaí a bhain leis an bhféile suimiúil sin.

Céard iad na nósanna atá i gceist agam, an ea?

Bhí, ar an gcéad ásc, na nósanna dúchasacha, nósanna ar nós na rúin athbhliana a dhéantaí go forleathan, an tráth sin. Ba ghnáth-ábhar cainte é i measc na cosmhuintire, an tráth sin é. 

“Cén rún athbhliana atá déanta agat fhéin don bhliain seo chugainn?” 

“Bhuel, tá socraithe agam éirí as an diabhal píopa seo, sin má fhágann Dia an tsláinte agam.”

Déarfadh fear nó bean eile go raibh siadsan meáite ar dhul go hAlbain, le roinnt pingneacha a shaothrú san athbhliain, le seo nó le siúd a dhéanamh. Bhí nós eile i measc daoine, an tráth sin, fáil réidh le salachar na bliana a bhí ar an dé deiridh. Sea, ghlanaidís agus sciúiridís iad fhéin, sa chaoi go mbeidís glan, néata, ag dul isteach thar thairseach na bliana nua dóibh. Ní bhíodh daoine sásta aon airgead a chaitheamh Lá Cinn Bhliana, nó chreid siad dá ndéanfaidís go leanfaidís an nós céanna sin ar feadh na bliana a bhí rompu amach.  Ó, mo dhearmad! bhí nós aisteach eile acu thiar inár measc an t-am sin freisin, agus b’in an pharáid tríd an mbaile, ag tosú ar bhuile an mheánoíche. Bhailíodh daoine óga an bhaile le chéile, i dtosach, agus duine ar bith a raibh aon chumas ceoil ann, bhíodh seisean ansin agus uirlis eicínt ceoil leis, agus ansin thosaíodh an ceol agus théadh an pharáid ó cheann ceann an bhaile, agus ceol agus gleáradh ar siúl acu agus iad ag fáiltiú roimh an bhliain úr.  Ar a mbealach ar ais, théidís isteach i dteach anseo is ansiúd agus chuirfí fáilte rompu, agus mhúchtaí a dtart tar éis tuirse na máirseála! 

Foreign Customs

Chomh maith leis na nósanna sin, bhí in ár measc freisin, roinnt nósanna a tógadh isteach ón iasacht.

Conas a tharla a leithéid?

Bhuel! an t-am sin, théadh roinnt mhaith de mhuintir na háite go hAlbain le fataí a phiocadh d’fheirmeoirí móra na tíre sin.  Ba spailpíní iad, agus ní gá a rá nach é saol an mhada bháin a bhíodh acu thall.  Ní gá ach Tubaiste “Kirkintulloch” a lua, le sin a chur abhaile ar éinne a chaith seal ina “Tatie Hoker” thall.  Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.  Minic a d’fhanadh lucht pioctha na bprátaí thall ar feadh tréimhe i ndiaidh dóibh deireadh na bprátaí a bheith pioctha acu.  Ag náibhíocht a théidís, de ghnáth, agus bhídís in Albain mar sin don bhféile is mó ag Albanaigh, sé sin, “Hogmaney”, nó Oíche Chinn Bliana, agus sa tslí sin, phiocadar suas nósanna Chinn Bhliana na tíre sin.  Chaith m’athair roinnt mhaith blianta thall, le linn a óige, agus mar sin, níorbh aon ionadh go leagtaí béim faoi leith ar an “Hogmanay”, sa teach s’againne. Ba é nós an “First Footer” an chéad cheann de na nósanna sin, a chuaigh i gcionn orm fhéin, agus mé ag fás aníos thiar.  B’in an nós a bhí acu fáilte faoi leith  a chur roimh an chéad fhear a bhuaileadh isteach thar thairseach chucu Lá Coille. Anois, ná ceap go bhfuilimse ag rá go dtarraingeodh bean mí-ádh, nó droch rath, ar theaghlach, dá dtarlódh go mba í an chéad chuairteoir, thar thairseach isteach chucu Lá Coille, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin, gur mar sin a bhí cúrsaí in Iarthar na hÉireann, an tráth úd.  Chonaic mé fhéin, le mo shúile cinn, beirt iascaire ag iompú ar a sála abhaile, toisc gur bhean an chéad duine a bhuail leo, ar a mbealach chun na farraige. B’in mar a bhí an saol an t-am sin. Bhaineadh fir óga leas as an nós sin, agus théidís timpeall an bhaile, sa chaoi go mbídís maith go leor, nuair bhíodh cúrsa an bhaile tugtha acu.  Bhí col cúigir agam fhéin, agus bhí a nós fhéin aigeasean le fáilte a chur roimh an bhliain úr.  Bhí seanbhuidéal gan tóin aige, agus thart ar mheánoíche, thagadh sé amach ag binn a thí agus shéideadh trí rois chluaisphléascacha as, – roiseanna a chuirfeadh an Barr Bua a shéideadh an Fhiann fadó, i gcuimhne do dhuine, – ag fágáil slán ag an tseanbhliain, agus ag fáiltiú roimh an bhlain úr, nós adeireadh sé, a d’fhoghlaim sé le linn a óige, agus nach raibh sé de chroí aige an nós céanna sin a bhriseadh, ar feadh a shaoil uilig.  Tuigeadh dúinne go mba nós Albanach é an nós céanna sin freisin.

New Customs

Bhain na nósanna sin uilig le saol atá caite, caointe, adhlactha, anois, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil a nósanna fhéin ag daoine, sa lá atá inniu ann, nó tá, bíodh go bhfuil siad difriúil ar fad leis na nósanna a bhí acu fadó, ach ag an am gcéanna, feicfidh tú go bhfuil cosúlachtaí eatarthu freisin. Tóg mar shampla daoine ag séideadh adharca a ngluaisteán um mheánoíche Chinn Bhliana, nach cosúil é le nós mo chol cúigir? agus céard faoi nós na dtinte ealaíne a scaoiltear inairde sa spéir, agus na cloig a bhuailtear, le torann agus gleáradh a dhéanamh, le fáilte a chur roimh an bhliain úr? nach bhfuil cosúlachtaí idir sin agus an ceol agus an gleáradh a bhíodh ag óige an bhaile s’againne, fadó, agus iadsan ag fáiltiú roimh an bhliain úr, ina lá fhéin.  N’fheadar an ndéanann éinne rún athbhliana sa lá atá inniu ann, ach déarfainn go bhfuil daoine ann a leanann an nós céanna sin freisin.  Ach, nach cuma faoi sin, nó bíonn cineál eagla ar chuile dhuine againn agus muid ag buaileadh bóthair isteach trí chríocha úra na bliana nua.  Mar sin, an tráth seo bliana, guímse rath agus séan ar chuile dhuine dem’ léitheoirí. 

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht. 

Gluais: Bóithrín na smaointe, memory lane;  so-mharfacht, mortality;  talamh cuir, arable land;  ar an gcéad ásc, in the first place;  gleáradh, racket;  Lá Coille, New Year’s Day;  san athbhliain, in the new year;  “Tatie Hokers”, potato pickers.

Nollaig  Shona  Dhaoibh  Uilig

Nollaig Shona Dhaoibh Uilig

Réamhrá

Bhíodh m’athair faoi dhraíocht na Nollag gach bliain dá shaol. Is comhtharlú suntasach é go ndeachaigh sé ar shlí na fírinn aimsir na Nollag, sé bliain ó shin, in aois a cheithre bliana déag is ceithre fichid. Dá bhrí sin, cuimhním air ar bhealach speisialta ag an am seo den bhliain.
Ceapaim gur ómós cuí don scríbhneoir iontach sin, Peadar Bairéad, séasúr na Nollag a cheiliúradh leis – chomh maith agus is féidir, is é sin a rá – ina fhocail féin. Seo colún a scríobh sé roinnt blianta ó shin, atá chomh húr sa lá atá inniu ann agus a bhí sé nuair a scríobh sé é.

Happy Christmas All

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a tugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos fuide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Tá an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneall na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

 

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin,  “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Theaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí hAifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an ndinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an dtine oscailte. Mór idir inné agus inniu! 

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?

Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaitheadh muid seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhíodh muid ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag.  Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidinne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfadh muid ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ró-dheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht ró-chóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus  mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

 

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

 

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

 

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfadh muid guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach moilín beag adhmaid a raghadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfeadh muid an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile!  Sea, mór idir inné agus inniu. 

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine dem léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

 

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is cálóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, glégeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

 

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

 

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

 

Beithilín, a Crib;  máinséar, manger;  teach aíochta, an Inn;  Teaghlach Naofa, the Holy Family;  girseacha, young girls;  guinnín, a little gun;  sa bhundlaoi, in the eave of the house; creimthe, picked;  cálóga bána, white flakes (of snow)

 

gaGaeilge