Litir ó Mheiriceá –  Ag Lúbadh na Rialacha ar Muir

Litir ó Mheiriceá – Ag Lúbadh na Rialacha ar Muir

Litir ó Mheiriceá – Ag Lúbadh na Rialacha ar Muir

I nduibheagán gorm dheisceart Mhuir Chairib, i bhfad ó shúile fiosracha an phobail, tháinig athrú bunúsach ar chur chuige Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) maidir le smuigléirí drugaí ar muir.

Ar an 2 Meán Fómhair bhuail arm SAM a chéad aerbhuille marfach in aghaidh báid a raibh amhras faoi go raibh drugaí á smuigleáil air. Treoir nua shuntasach a bhí i gceist: Maraigh smuigléirí ar muir seachas iad a ghabháil. Ní mar seo a bhí na rialacha san am a chuaigh thart, agus tá stoirm chonspóide cothaithe faoi seo i Washington D.C. faoi láthair.

An Targaid

Cheangail tuairiscí faisnéise an bháid leis an Tren de Aragua, drong Veiniséalach a d’ainmnigh rialtas SAM le déanaí mar Eagraíocht Sceimhlitheoireachta Eachtrach. De réir gach rialtais roimhe seo, ba é Garda Cósta SAM a rachadh i ngleic le bád mar seo. Scaoilfidís urchar rabhaidh thairis roimh dhul ar bord. Ghabhfaidís na smuigléirí agus an fhianaise agus bheadh triail i ndán dóibh i gcúirt dlí.

Ach le “Operation Southern Spear,” athscríobhadh na rialacha. Dar leis an rialtas, faoi cheannas an Uachtaráin Donald Trump agus an Rúnaí Cosanta Pete Hegseth, is ionann smuigleáil drugaí agus ionradh armtha, rud a thugann údar maith le freagairt mhíleata a thabhairt seachas freagairt forfheidhmithe dlí.

An Chéad Bhuille

Cuireadh tús leis an oibríocht le hionsaí mionchruinn. Bhuail diúracán treoraithe an t-árthach ina lár chun an chabhail a bhriseadh agus stóir bhreosla an bháid a phléascadh. Rinne an pléascadh sin smidiríní den struchtúr snáithín gloine, agus maraíodh naonúr den aon fhear déag ar bord ar an toirt.

D’iompaigh an bád scriosta béal faoi. Bhí smionagar agus burlaí cócaoin scaipthe ar an uisce. Díreach ina dhiaidh sin, d’eitil dróin faireachais os cionn na háite a sheol físeán beo ar ais chuig ionaid cheannais i Florida agus sa Pheinteagán. Léirigh an píosa scannáin fadhb gan choinne: beirt a tháinig slán.

Gan léine agus gan arm, d’éirigh leis an mbeirt fhear dreapadh ar chuid den chíle a bhí ar snámh. Bhí siad ar fán in uiscí idirnáisiúnta iargúlta, a n-árthach scriosta agus a gcomrádaithe marbh. Bhí siad gan chosaint agus gan chúnamh.

An Dara Buille

Tá cosaint faoi Choinbhinsiúin na Ginéive ag saighdiúirí atá hors de combat — daoine atá curtha as an gcomhrac mar gheall ar ghortú nó longbhriseadh. Faoi théarmaí na gCoinbhinsiún, tá sé de dhualgas iad a tharrtháil más féidir, agus níl sé ceadaithe iad a mharú.

In ainneoin sin, d’ordaigh ceannasaí na hoibríochta, an tAimiréal Cabhlaigh Frank “Mitch” Bradley, dara buille a bhualadh ar an smionagar, a raibh an bheirt ar foscadh ann.

Tuairiscíodh gur léirigh físeán dróin an bheirt mharthanóirí ag croitheadh a lámh roimh ré. Bheadh léirmhíniú na comharthaíochta seo ina bhunús le cath polaitiúil téite níos déanaí. Dar le reachtóirí Daonlathacha agus breathnóirí cearta daonna a chonaic an físeán, ba léir go raibh na fir i gcruachás, ag déanamh comharthaí géillte nó tarrthála. Ní raibh raidió acu, ná airm, ná aon mhodh gluaiseachta.

Don rialtas agus dá chosantóirí, áfach, léirmhíníodh an croitheadh lámh ar bhealach eile. Mhaígh an Seanadóir Tom Cotton agus oifigigh mhíleata go raibh na fir ag déanamh comharthaí do bháid cairtéil sa cheantar, agus mar sin go rabhadar fós ag troid agus ag iarraidh an lastas aindleathach a tharrtháil. Tuairiscíodh go ndearna an tAimiréal Bradley measúnú go raibh an smionagar, ina raibh cócaon fós b’fhéidir, ina sprioc mhíleata bhailí le scriosadh.

Ar aon nós, ar orduithe an aimiréil, bhuail dara sraith de mhuinisin an smionagar. Maraíodh an bheirt mharthanóirí láithreach.

Conspóid Dlí agus Eitice

“Is é an téarma atá againn maidir le gníomh réamhbheartaithe mar sin lasmuigh de choinbhleacht armtha ná dúnmharú,” a dúirt Brian Finucane, iar-dhlíodóir de chuid na Roinne Stáit, in agallamh tar éis na heachtra. “Tá sé neamhdhleathach go follasach duine a mharú atá tar éis longbhriseadh a fhulaingt.”

Bhí cosaint an rialtais ag brath ar na spriocanna. Tríd an gcriú a ainmniú mar “narco-sceimhlitheoirí,” mhaígh an Peinteagán gur chomhraiceoirí namhaid neamhdhleathacha iad na smuigléirí sin, a bhí ina mbagairt leanúnach ar shlándáil náisiúnta SAM. Chosain an Rúnaí Cosanta Hegseth an cinneadh go láidir, ag rá: “Má thugann tú drugaí chuig an tír seo i mbád, aimseoidh muid thú agus cuirfidh muid go tóin poill thú.”

Ach le breis agus céad bliain anuas, ó rinne SAM a chéad urghabháil óipiam ar muir sa bhliain 1886, ba ghníomh póilíneachta, ní gníomh míleata, é dul i ngleic le drugaí á smuigleáil ar muir. Bhí daoine neamhchiontach go dtí go gcruthófaí a gciontacht; bailíodh fianaise; reáchtáladh trialacha. Ach sa chás seo, cuireadh ionsaithe dhiúracán Hellfire in áit phróiseas cuí an dlí.

Na hIarmhairtí

Sna míonna a lean an eachtra seo, rinne fórsaí SAM os cionn 20 ionsaí eile mar sin, ag marú níos mó ná 80 duine. Ina measc siúd bhí Colómaigh, Veiniséalaigh, agus saoránaigh de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága. Cé gur mhaígh SAM gur sceimhlitheoirí iad go léir, dúirt teaghlaigh na marbh gur iascairí bochta iad ar cuireadh orthu dul i mbun smuigleála—oibrithe sealadacha nach raibh aon eolas acu ar an gcogadh geopholaitiúil níos leithne.

Fadhb mhór ba ea an easpa trédhearcachta freisin. Níor eisíodh ainmneacha na marbh ar dtús. Níor aimsíodh aon choirp le haghaidh scrúdú iarbháis. Chuaigh an “fhianaise” go tóin Mhuir Chairib.

I Washington, thosaigh imscrúduithe, ag éileamh a fháil amach an raibh ordú neamhdhleathach ar nós “maraigh iad go léir” eisithe. Cé gur thug an tAimiréal Bradley fianaise nach bhfuair sé aon ordú follasach den sórt sin ó Pete Hegseth, ag an am céanna, d’ordaigh sé féin an dara buille. Léiríonn sé sin cén saghas cultúir atá i gceist le hoibriúchán Southern Spear.

Ré Nua Cogaíochta?

Feidhmíonn a tharla ar an 2 Meán Fómhair, 2025, mar chloch mhíle ghruama i bpolasaí eachtrach Mheiriceá. Sin é an lá a thug SAM neamhaird ar Choinbhinsiúin na Ginéive, trí marthanóirí gan cosaint a mharú.

Ardaíonn an t-iompar uafásach sin ceisteanna míchompordacha freisin: An féidir le rialtas a fhógairt go haontaobhach gur saighdiúirí iad coirpigh? Agus más ea, an bhfuil an ceart acu ansin iad a mharú gan próiseas cuí, go háirithe iad atá hors de combat? Cad is fiú Coinbhinsiúin na Ginéive, má thugtar neamhaird air?

Beidh éisteachtaí comhdhála agus cásanna dlí ar siúl chun dul i ngleic leis an eachtra uafásach seo, agus chun na ceisteanna sin a fhreagairt. Cé go bhfuil sé soiléir dúinn go léir, is dócha, cad iad na freagraí cearta, an mbeidh an dearcadh céanna ag rialtas SAM, rialtas atá faoi smacht Uachtarán Trump, nach bhfuil meas na muice aige ar rialacha náisiúnta nó idirnáisiúnta?

 

Ar Sciatháin Túis Nua

Ar Sciatháin Túis Nua

“Cuir chugam iad, na daoine gan dídean, buailte le hanfaí,

Ardaím mo lampa in aice an dorais óir!”

  • Inscríbhinn ar Dhealbh na Saoirse, Nua Eabhrac.

Ba cheart dúinn go léir, go háirithe Uachtarán agus rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), na focail thábhachtacha sin a choinneáil i gcónaí os ár gcomhair. Faoi láthair, áfach, tá neamhaird á tabhairt orthu ag an rialtas. Mar shampla, tá ICE (gníomhaireacht forfheidhmithe dlí imirce) agus an Garda Náisiúnta (fórsa míleata) ag cur drochbhail ar go leor daoine sa tír, saoránaigh san áireamh. Chonaiceamar go léir na taifeadtaí: léimeann fir i maisc amach as veain agus gabhann siad daoine ón tsráid, agus ní fheictear cuid acu arís mar go gcuirtear in ionad coinneála iad áit éigin. Caithfimid dul i ngleic leis an iompar sin gan stad, gan staonadh, agus ár mbunphrionsabail a athbhunú.

Léiríonn an scéal fíor agus stairiúil seo a leanas luachanna SAM mar a bhídís agus mar ba cheart a bheidís arís.

Buíochas le Nancy Kramer (Meiriceánach a bhfuil cónaí uirthi i Julian, San Diego, sna Stáit Aontaithe) as a scéal féin a roinnt linn. Is inspioráid agus eiseamláir í dúinn, mar is féidir linn freisin beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Seo an cheist dúinn a mhaireann i dtíortha daonlathacha: Cad is féidir liom a dhéanamh inniu a fheabhsóidh ár dtír agus a chinnteoidh cothrom na Féinne do gach duine atá ann faoi láthair, beag beann ar dhath a gcraicinn ná ar a gcreideamh.

Ar Sciatháin Túis Nua le Nancy Kramer

Mar aeróstach le Pan Am, chonaic mé paisinéirí de gach saghas — réaltaí Hollywood, bannaí ceoil cáiliúla, oifigigh rialtais — agus fiú cúpla ceiliúr pósta ar bord. Ach ba iad na heitiltí ab fhearr liom ná iad siúd inar thugamar ar bord grúpaí dídeanaithe ó Mhainile agus ó Bhancác.

Dúradh linn sna seisiúin eolais go mbeadh cúl an eitleáin líonta le dídeanaithe, rud a bhí eagraithe ag rialtas na Stát Aontaithe agus ag gníomhaireachtaí athlonnaithe cosúil leis an gCoiste Tarrthála Idirnáisiúnta (Béarla: International Rescue Committee (IRC)). Cuireadh in iúl dúinn go mbeadh paisinéirí ann gan ach cúpla focal Béarla acu, a dteastódh cúnamh uathu le rudaí bunúsacha cosúil le criosanna sábhála agus leithris.

De réir mar a d’osclaíodh doirse an bhus ag bun ár n-eitleáin de chuid Boeing 747, tháinig teaghlaigh amach agus iad dallta ag an ngrian, máithreacha le greamanna ar lámha beaga. Ní raibh an chuid is mó dóibh riamh ar aerárthach roimhe seo. Chonaic mé cailín beag agus í reoite ag bun staighre gorma Pan Am, eagla a craicinn uirthi roimh thorann na n-inneall, agus greim an fhir bháite aici ar bhríste a hathar.

Tháinig siad i ngrúpaí ciúine beaga, dídeanaithe ó oirdheisceart na hÁise, cuid acu le naíonáin ar a ndromanna in iompróirí éadaigh; cuid eile le súile folmha a léirigh uafáis nach bhféadfaimis a shamhlú. Bhí oibrithe deonacha ón IRC á dtreorú. Bhí málaí beaga canbháis ag gach teaghlach, málaí geala bána le litreacha gorma móra orthu: IRC. Bhí a giuirléidí beatha uilig laistigh de na málaí beaga sin.

Cuireadh éadaí a bhí oiriúnach do thaistil ar fáil do na teaghlaigh a bhí ag imeacht, le go mbeidís “curtha i láthair go deas” nuair a shroichfidís tíortha an Iarthair, mar bhí a fhios ag na gníomhaireachtaí go bhféadfadh an chéad imprisean tionchar a imirt ar an gcaoi a gcaithfí le dídeanaithe ina bpobail nua. Ba iad an IRC agus carthanais chreidmheacha a bhronn na héadaí seanfhaiseanta dóibh: léinte cnaipí agus brístí d’fhir; gúnaí nó blúsléinte cuibhiúla do mhná; seaicéid éadroma nó geansaithe don aimsir fhuar sna Stáit Aontaithe; bróga nó cuaráin athláimhe le stocaí.

Ar bord, chabhraíomar leo socrú síos i sraitheanna ar chúl an eitleáin. Bhí boladh éadrom de spíosraí anaithnide agus de dheatach adhmaid sa chábán, amhail is dá mbeadh an turas ó champaí na Téalainne fós leo. Chuala mé go leor acu ag rá go ciúin “Cảm ơn” nó “go raibh maith agat” agus mé ag taispeáint dóibh conas an crios sábhála a dhaingniú.

Le linn an éirí de thalamh, lig a lán paisinéirí osnaí astu nó chaoin siad go bog agus muid ag ardú. Bhí súile na leanaí leathoscailte idir iontas agus eagla. Do na daoine fásta, ba shiombail é torann an éirí de thalamh de dhóchas agus de chlabhsúr an-bhrónach. An bhfeicfidís a dtír, stollta ag coimheascar, riamh arís?

Nuair a bhíomar cothromaithe san aer, d’ullmhaíomar béilí ríse a raibh níos mó taithí acu orthu ná ar ár mbia san Iarthar. Dhoirteamar cupáin tae dóibh, agus chuir cuid acu a gcnapanna ime fillte isteach ann. Léigh mé go n-ólann muintir Neipeal tae le him geaca (Béarla: yak butter), agus ní raibh mé cinnte an raibh siad ar an eolas faoi sin nó an raibh mearbhall orthu faoin im.

Rinne máthair óg a raibh leanbh ina baclainn aici, comhartha gur theastaigh cabhair uaithi chun buidéal a théamh. Thug mé go dtí cócaireán an eitleáin é, agus nuair a d’fhill mé, lúb sí a ceann agus sruthán deora ar a leicne. Bhí siad chomh cúthail, chomh ciúin, thar a bheith béasach agus fíorbhuíoch. Thug mé bioráin bheaga sciatháin phlaisteacha de chuid Pan Am do na páistí — nóiméad gairid áthais ar a dturas scanrúil agus mothúchánach.

Bhí codladh corrach ar roinnt paisinéirí, ag preabadh ina ndúiseacht le gach tréimhse shuaiteachta, ach bhí daoine eile ina suí go docht agus ina dtost ar feadh uaireanta, ag coinneáil greim ar mhálaí na Croise Deirge ina nglúine amhail is gur seaicéid tarrthála iad. Roinneadh na málaí seo sna campaí dídeanaithe mar chuid den ullmhúchán taistil — le cáipéisí riachtanacha cosúil le foirmeacha I‑94, taifid leighis, páipéir urraíochta, agus le roinnt rudaí pearsanta cosúil le grianghraif, éadaí traidisiúnta, nó cuimhneachán teaghlaigh.

De réir mar a shroicheamar Los Angeles, d’éirigh an ghrian os cionn an Aigéin Chiúin agus bádh an cábán le dath an óir. Den chéad uair, chonaic mé meathgháirí agus chuala mé cogair sceitimíneacha. Shiúil na hoibrithe deonacha trí na pasáistí ag míniú cad a tharlódh san aerfort: fir agus mná ag fanacht chun fáilte a chur rompu, chun tithe a thabhairt dóibh, chun cabhrú leo tús úr a chur lena saolta.

Nuair a thuirlingíomar i Los Angeles (LAX), phléasc an t-eitleán le bualadh bos shéimh, scaipthe, i meascán d’fhaoiseamh agus d’iontas. Agus muid ag inleadh chuig an ngeata, d’amharc mé amach ar an tarmac, áit a raibh grúpa Meiriceánach ag fanacht le blaincéid, comharthaí agus ainmhithe stuáilte. Tharraing mé anáil dhomhain, ag iarraidh na deora a choimeád faoi cheilt.

Bhí grá agam don eitilt i gcónaí, mar go raibh sí in ann daoine agus áiteanna a cheangal le chéile. Ach ar na heitiltí sin, thuig mé go bhféadfadh aerárthach níos mó ná paisinéirí a iompar — d’fhéadfadh sé todhchaí iomlán a iompar.

 

Éamonn Mac Coistealbha – Gaeilgeoir go Smior!

Éamonn Mac Coistealbha – Gaeilgeoir go Smior!

Éamonn Mac Coistealbha – Gaeilgeoir go Smior!

Múinteoir, Meantóir, Gaeilgeoir

Bhí Éamonn Mac Coistealbha againn mar mhúinteoir Gaeilge sa dara agus sa tríú bhliain i gColáiste Chiaráin, suas go dtí an Teastas Sóisearach. Bhí an t-ádh dearg orm, caithfidh mé a rá, mar bhí múinteoirí Gaeilge den chéad scoth agam sa Choláiste. Níorbh aon eisceacht é Éamonn, ach an oiread. Gaeilgeoir go smior a bhí ann, a raibh ní amháin BA sa Léann Ceilteach, ach MA freisin bainte amach aige i gColáiste Mhaigh Nuad. D’fhreastail Éamonn ar Choláiste Chiaráin mar mhac léinn, agus d’fhill sé mar mhúinteoir Gaeilge sa bhliain 1939. Ceapaim go raibh sé mar mheantóir d’fhormhór na múinteoirí Gaeilge eile sa scoil, m’athair san áireamh, a raibh meas mór acu air.

Bunús Láidir sa Ghaeilge

Is rud an-tábhachtach agus tú ag foghlaim aon ábhar, bunús maith a bheith agat. Gan é sin, bíonn sé deacair dul ar aghaidh ag foghlaim rudaí níos deacra. Ceapaim gurb é an bhun-Ghaeilge an t-ábhar is deacra a mhúineadh agus a fhoghlaim. Is gá athrá agus cleachtadh a dhéanamh arís agus arís eile go dtí nach mbíonn ort smaoineamh faoi. Bíonn tú in ann rudaí níos suimiúla a fhoghlaim tar éis sin – leabhair iontacha a léamh, comhrá a bheith agat ar go leor ábhar, agus mar sin de.

Cloch ar Chloch, Diaidh ar nDiaidh

Dúirt mic léinn a bhí ag freastal ar scoileanna eile cé chomh deacair agus a bhí sé dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim. Ach ní mar sin a bhí sé dúinn i gColáiste Chiaráin ar chor ar bith. Níor thuig mé go hiomlán cén fáth ag an am sin, ach níos déanaí thuig mé go raibh múinteoir den ardchaighdeán againn. Bhí Éamonn in ann ár n-eolas a fheabhsú, cloch ar chloch, diaidh ar ndiaidh, ag tabhairt freagraí simplí dár gceisteanna, agus ag díriú ar na prionsabail thábhachtacha nuair a bhíomar réidh. Bhí Éamonn ar an turas foghlamtha linn, ag obair as lámha a chéile.

Fear foighneach, réchúiseach a bhí in Éamonn, agus fear a d’éist linn i gcónaí. Caithfidh tú a chur san áireamh go raibh curaclam fada le múineadh ag Éamonn dúinn don Teastas Sóisearach, agus brú air féin é a chríochnú in am. Bhí múinteoirí ag múineadh a n-ábhar ar luas lasrach. Ach b’fhéidir gurbh iad sin amháin a thuig a raibh á mhúineadh acu – ní rabhamar in ann coinneáil suas leo sa rang ar chor ar bith.

Seasmhacht go Deireadh an Bhóthair

Ní cuimhin liom cathain a chuala mé ar dtús go raibh Éamonn an-tinn. Ach is cuimhin liom go mbíodh sé ag casadh go dona ó am go ham sa rang. In ainneoin a shláinte laga, lean Éamonn ag múineadh suas go dtí 1974, nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne.

Bhí Éamonn ina dea-shampla dúinn. Níor úsáid sé an tslat orainn, níor chaith sé anuas orainn riamh, agus d’éist sé linn i gcónaí. Chaith sé go maith linn, agus bhí meas mór againn ar Éamonn dá bhrí sin.

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar Éamonn Mac Coistealbha riamh. Úsáidim an Ghaeilge i mo shaol féin gach lá, agus táim buíoch as an bhfear mór sin, Éamonn Mac Coistealbha, as an méid a d’fhoghlaim mé uaidh na blianta fada ó shin.

Giota óna Thuairisc Bháis

Níl slí níos fearr a chríochnú ná le giota as tuairisc bháis a scríobh múinteoir eile sa scoil:

Fear é a chaith a dhúthracht lena chuid oibre i gcónaí agus nár dhein neamart ariamh in aon ghnó dá dtug sé idir lámha. Tá an mhúinteoireacht go minic ina cúram gan cúiteamh, ach ní mar sin a bhí i gcás Éamonn — is mór i gcónaí buíochas a iar-daltaí a thuigeann go bhfoghlaimítís uaidh ní hamháin an Ghaeilge ach léargas agus eagna faoina mbeatha féin. Bhí suim ar leith aige i ngach gné de shaol an Choláiste — i ngach gníomhaíocht, i gcúrsaí spóirt, i bhfás na buachaillí tríd is tríd. Bhí sé dílis dá mhuintir agus dá pharóiste, agus ba bhall tiomanta de Chumann Naomh Uinseann de Pól i gCill Chainnigh é.

Duine fíor fhial carthanach ab ea é — fear ón tír agus den tír — nár theastaigh uaidh mar shos ó chúraimí an tsaoil ach lá geimhridh amuigh faoin aer lena ghunna agus lena mhadra, nó lá buí Lúnasa cois chladaigh thiar lena chlann. Is cruadh an buille a bhás dá mhnaoi agus dá chlann, agus is mór an caillteanas don Choláiste imeacht an Chríostaí uasail seo. Is crá pearsanta freisin é dúinne a d’oibrigh blianta fada leis — tá cara fíor caillte againn. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá anam agus sólás dá mhnaoi agus dá chlann.

 

Aistear Neamhghnách Mac an tSiúinéara!

Aistear Neamhghnách Mac an tSiúinéara!

John Ireland, Laoch Chill Chainnigh ar Fhéarthalamh Minnesota

An gcreidfeá gur bhain fear ó Theampall Loiscthe i gContae Chill Chainnigh clú agus cáil amach dó féin chomh fada ó bhaile leis na Stáit Aontaithe sa 19ú haois? Tharla sé. Ní haon ionadh é sin do dhuine a raibh an t-uafás post tábhachtach aige le linn a shaoil – mar shaighdiúir cróga sa Chogadh Cathartha i Meiriceá, mar shagart, mar easpag, mar an chéad ardeaspag i Minnesota, agus mar chruthaitheoir pobail Ghaelach ina raibh na mílte.

Ainm an fhir cháiliúil sin? John Ireland ab ainm dó, mac dúchais Chontae Chill Chainnigh.

Buachaill i gContae na gCat

Rugadh John Ireland ar an 11 Meán Fómhair 1838 i dTeampall Loiscthe. Siúinéir ba ea a athair Richard, a raibh seisear clainne aige. Níl mórán eolas againn faoi bhean chéile Richard agus máthair John – Iúile Ireland (née Nachtain).

Bhí Caitlicigh na tíre, clann Ireland san áireamh, fós faoi smacht Impireacht na Breataine agus ní raibh cobhsaíocht eacnamaíoch acu. Bhí orthu cánacha pionósacha a íoc ar mhaithe Eaglais na hÉireann. Bhí dlíthe talún dian i bhfeidhm ar fheirmeoirí tionóntacha freisin. Sin a chuir tús le Cath Charraig Sheac (1831), áit in aice láimhe, nuair a rinne tionóntaí luíochán ar na póilíní—aithris bheo ar an gcóras mídhaonna a bhí ann do phobal na gCaitliceach.

Bhí tionchar láidir ag an Athair Theobald Matthew, bunaitheoir Chumann Staonadh na gCaitliceach, ar John óg a d’fhreastail air mar bhuachaill altóra. Chuaigh a theachtaireacht faoin staonadh ón alcól mar bhealach chun saol na n-oibrithe a fheabhsú, go smior i gcarachtar an bhuachalla.

Imirce agus Tús Nua

I ndiaidh an Ghorta Mhóir, chuaigh Richard Ireland go Meiriceá le grúpa imirceach in 1849. Lean a bhean chéile agus a bpáistí é níos déanaí sa bhliain sin. Lonnaigh siad ar dtús i Vermont, agus ansin i Chicago i 1851.

Bhí tuilleadh fionnachtana rompu. Bhuail Richard le Seán Ó Gormáin, fear eile as Cill Chainnigh. Chuir siad a n-acmhainní le chéile agus thug siad a dteaghlaigh ar aghaidh go Minnesota, ag sroicheadh St. Paul i mBealtaine 1852. Faoin bhliain ina dhiaidh sin, bhí talamh agus tithe acu—aisling a bheadh dodhéanta dóibh in Éirinn.

Idir an dá linn, bhí fadhb riaracháin mhór ag an Easpag Seosamh Crétin i ndeoise mhór Minnesota. D’earcaigh sé John Ireland agus Tomás Ó Gormáin (mac Sheáin) don tsagartacht. I 1853, chuaigh an bheirt óg ar feadh ocht mbliana go dtí Meximieux sa Fhrainc, chun freastal ar an petit séminaire, an scoil chéanna a d’fhreastail Crétin uirthi níos luaithe.

Sagart, Saighdiúir, agus Fiontraí

D’fhill John ar Minnesota in 1861 agus oirníodh é i St. Paul. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach sa Chúigiú Réisimint Saorálach Minnesota mar shéiplíneach le linn an Chogaidh Chathartha. Ar feadh dhá bhliain, thug sé aire do shaighdiúirí créachtaithe agus cheiliúir sé Aifrinn agus iad faoi ionsaí.

Faoi 1875, ceapadh mar chomh-easpag St. Paul é. Nuair a chonaic sé inimircigh Éireannacha pulctha isteach i slumaí uirbeacha, chreid sé go láidir go raibh talamh feirme ag teastáil uathu chun a neamhspleáchas agus a ndínit a bhaint amach. Mar sin, bhunaigh sé Biúró Coilínithe Caitliceach St. Paul in 1876.

Ba phlean cliste é:

  • thug sé talamh inacmhainne do theaghlaigh Éireannacha,
  • fuair na hiarnróid custaiméirí nua,
  • agus mhéadaigh daonra na gCaitliceach sa deoise.

Bunaíodh bailte nua le hainmneacha Éireannacha—Cluain Tarbh, Avoca, Iona—i gcroílár Minnesota.

An tArdeaspag agus an Tionchar Náisiúnta

In 1884, in ainneoin nach raibh aon fhoireann ná acmhainní móra aige, d’fhógair John go raibh sé chun ardscoil Chaitliceach a bhunú. D’oscail Ardscoil Naomh Tomás Acain i Meán Fómhair 1885. Lean ollscoileanna agus scoileanna eile go luath, lena n-áirítear Ollscoil Naomh Tomás agus institiúidí i Washington DC.

In 1888, fuair deoise St. Paul stádas mar ard-deoise agus ceapadh John Ireland mar a céad Ardeaspag. Chuir sé tuairimí forásacha chun cinn ar ardán náisiúnta—go háirithe maidir le comhionannas do Mheiriceánaigh Afracacha agus i gcoinne leithcheala ar bhonn cine nó reiligiúin.

Chuir sé tógáil Ardeaglais mhór St. Paul i gcrích ar an bpointe is airde sa chathair—ag cur in iúl go poiblí nach bhféadfadh neamhaird a thabhairt ar phobal Caitliceach Minnesota a thuilleadh.

Fuair an tArdeaspag bás ar an 25 Meán Fómhair 1918, lena sheanchara, an tEaspag Tomás Ó Gormáin, agus a dheirfiúr, an Mháthair Séirifín, i láthair.

Oidhreacht a Mhúnlódh Glúine

Ar deireadh thiar, rinne John Ireland ciorcal a shaoil a dhúnadh. D’fhan sé dílis do na luachanna a chuala sé i dTeampall Loiscthe—úinéireacht talún, measarthacht, agus oideachas. Ó pháirceanna ciúine Chill Chainnigh go teorainn fhairsing Minnesota, chaith sé a shaol ag comhlíonadh gealltanas a óige, agus ag fágáil oidhreachta saibhre a spreagfadh glúine Éireannach agus Meiriceánach fada ina dhiaidh.

 

 

Leorghníomh aithreachais!

Leorghníomh aithreachais!

Bhailigh grúpa daoine le chéile in aice le loch ar lá an-fhuar i mí Dheireadh Fómhair i dtuaisceart Wisconsin. Bhí brat duilleoga ildaite ar an talamh. Bhí idir mhná rialta agus Dhúchasaigh Meiriceánaigh ón mBanna Lac du Flambeau i láthair.

Le linn an tsearmanais, thug na mná rialta teideal talún do thoscaireacht na nDúchasach. Is é a bhí i gceist ná dhá acra talún, a raibh braisle bothán ann, agus teach ar a dtugtar Ionad Spioradálta Proinsiasach Marywood. An praghas díola: $30,000, díreach an méid a d’íoc an t-ord mná rialta air 60 bliain ó shin. A luacháil inniu? Thart ar $2.6 milliún.

I gcodarsnacht leis an aitheantas talún atá coitianta ag cruinnithe ar thalamh goidte agus nach bhfuil iontu ach faoistin shiombalach, ba é seo an fíor-rud: an chéad chás aitheanta d’institiúid Chaitliceach sna Stáit Aontaithe ag tabhairt talún ar ais go deonach do threibh mar ghníomh cúitimh.

“Bhí muid ag iarraidh níos mó a dhéanamh ná a rá go raibh brón orainn.”

Dúirt an tSiúr Eileen McKenzie, uachtarán Shiúracha Proinsiasacha an Adhartha Shíoraí (FSPA), le tuairisceoirí gur chaith an t-ord dhá bhliain ag déanamh taighde ar stair na talún. D’fhoghlaim siad go raibh an réadmhaoin ar chríoch thraidisiúnta Bhanna Lac du Flambeau, ar goideadh talamh uathu trí chonarthaí briste.

“Bhí muid ag iarraidh níos mó a dhéanamh ná a rá go raibh brón orainn,” a dúirt sí. “Bhí muid ag iarraidh an scéal a athrú, fiú ar bhealach beag.”

Rinne na mná rialta an cinneadh tar éis machnamh pianmhar a dhéanamh. Chabhraigh FSPA scoil chónaithe Chaitliceach a reáchtáil a scar leanaí Dúchasacha óna dteaghlaigh agus óna gcultúr. Is oidhreacht náireach é sin ní hamháin don FSPA ach do Chaitlicigh agus Protastúnaigh ar fud Mheiriceá Thuaidh, mar táthar ag teacht ar uaigheanna gan leacht fós i ngach cearn den mhór-roinn.

“Mhothaigh sé ceart rud éigin a thabhairt ar ais,” a dúirt McKenzie. “Níor linne an talamh seo ar dtús ar aon nós.”

Filleadh abhaile mothúchánach le cuimhní ceanúla

Don Bhanna Lac du Flambeau, bhí mothúchán domhain ag baint leis an nóiméad. Thug an tUachtarán Treibhe John Johnson Sr. “céim i dtreo cothromaíocht a athchóiriú” ar an ngníomh.

Labhair sé faoi sheandaoine a chuimhníonn a bheith ag iascaireacht ar an loch céanna, agus faoi na seanchosáin a bhíodh ag dul trí na coillte. “Nuair a fhilleann tú ar thalamh a bhfuil d’ainm ar eolas aige, mothaíonn tú rud éigin istigh ag socrú,” a dúirt sé. “Níl ceist úinéireachta í sin. Tá nasc domhain idir ár dtreibh agus an áit seo.”

Tá sé beartaithe ag an treibh an réadmhaoin a choinneáil mar áit do leigheas agus athnuachan cultúir — áit ar féidir le daoine cruinniú, scéalta a insint, agus searmanas a reáchtáil ar thalamh atá arís faoina gcúram.

“Tá sé cosúil le ciorcal ag dúnadh,” a dúirt Johnson. “Cuimhníonn an talamh orainn, agus anois is féidir linn cuimhneamh air.”

An réabhlóid chiúin ar a dtugtar ‘Land Back’

Ar fud na Stát Aontaithe, tá gluaiseacht atá ag fás ar a dtugtar ‘Land Back’, ag tabhairt dúshlán do choincheap úinéireacht talún. Meastar gur iarracht ríthábhachtach í, agus tá treibheanna agus comhghuaillithe ag idirbheartú, ag tiomsú airgid, agus uaireanta ag dul chun dlí chun tailte sinseartha a éileamh.

Is é an rud is suntasaí faoin scéal seo ná an tslí ar tharla sé. Ní ordú rialtais nó socrú cúirte a bhí ann — ach grúpa de mhná rialta aosta a shocraigh eatarthu féin an rud ceart a dhéanamh.

“Athraíonn sé seo an teocht morálta,” a dúirt an staraí agus abhcóide cearta Dúchasacha Nick Estes, a scríobh go forleathan ar an ngluaiseacht Land Back. “Nuair a fheiceann tú daoine creidimh — daoine a bhaineann leas dá n-institiúidí lenár ndíshealbhú — ag tabhairt talún ar ais go toilteanach, osclaíonn sé croíthe agus féidearthachtaí.”

Níos tábhachtaí ná an talamh amháin

Níl sa talamh ach cré agus crainn. Ach do Náisiúin Dhúchasacha, tá cuimhne, teanga, dlí agus féiniúlacht ann. Tá a gcultúr agus an talamh fite fuaite le chéile. Nuair a fhaigheann siad fiú píosa beag ar ais mar sin, déanann sé difríocht mhór dóibh, mar chuireann sé tús le haisiompú an chaillteanais.

Chuir an socheolaí an Dr. Danielle SeeWalker, a dhéanann staidéar ar iarrachtaí athmhuintearais Dhúchasacha, go simplí é: “Tá gach acra a thugtar ar ais cosúil le buille croí ag atosú. Ní féidir é sin a thomhas i ndollair.”

Do mná rialta an FSPA, is céim thábhachtach í a dtalamh a thabhairt ar ais don treibh.”Mhúin Proinsias ó Assisi dúinn an rud atá briste a dheisiú,” a dúirt an tSiúr McKenzie. “Sa ré seo b’fhéidir gurb é seo an rud atá briste agus is gá dúinn a dheisiú.”

Comhartha, ní deireadh

Ní dócha gurb é seo deireadh an scéil. Tuairiscítear go bhfuil pobail Chaitliceacha eile ag déanamh machnamh domhain faoina ról féin maidir le scoileanna cónaithe agus an talamh ag baint leo.

Tá ceisteanna curtha ar na hÍosánaigh agus na Beinidictigh araon faoi réadmhaoin a bhí ceangailte le misin nó le scoileanna do leanaí Dúchasacha.

Measann saineolaithe dlí go bhféadfadh gníomhartha deonacha mar seo tionchar a imirt ar bheartas poiblí — ag taispeáint gur féidir aistrithe cúitimh mar seo a dhéanamh gan deich mbliana sna cúirteanna. “Is féidir breathnú ar leorghníomh aithreachais mar seo mar ghníomh caidrimh in ionad troid pholaitiúil,” a dúirt ollamh dlí amháin.

Ach áitíonn na mná rialta féin nach bhfuil siad ag lorg molta. “Níl muid inár laochra,” a dúirt McKenzie. “D’éist muid, sin an méid.”

Conclúid

Nuair a chríochnaigh an searmanas, rinne an grúpa ciorcal beag, ag cur babhla adhmaid lán d’uisce ón loch thart. Bheannaigh seanóir na treibhe an suíomh ina theanga dhúchais – Ojibwe – agus chan na mná rialta iomann Proinsiasach. D’iompair an ghaoth a nguthanna thar na crainn agus suas sa spéir, ag scaipeadh na teachtaireachta dóchasaí ar fud an domhain, gan srian gan chosc.

I dtír atá lán de ghealltanais fholmha agus ina bhfuil airgead mar Dhia bréige, is annamh gníomh mar seo. Ach trí shampla amháin a leagan síos, tá seans gur thosaigh an grúpa beag ar imeall an locha gluaiseacht nua a spreagadh, a bheidh i bhfad níos mó ná mar is eol dóibh.

Agus tú ag machnamh ar seo, smaoinigh ar an gcaoi ar féidir linn féin gníomhartha mar seo a dhéanamh, a thabharfaidh tacaíocht do ghrúpaí mionlaigh agus faoi mhíbhuntáiste inár dtír féin- grúpaí cosúil le hinimircigh dhlisteanacha agus an Lucht Siúil.

Agus is féidir linn i gcónaí tacú le hiarrachtaí a chuirfidh an Ghaeilge agus caomhnú ár gcultúir chun cinn. Féach cad atá á dhéanamh ag Uachtarán Catherine Connolly in Áras an Uachtaráin, mar shampla, maidir le húsáid na teanga.

Ar deireadh, i bhfocail cháiliúla Margaret Mead: Ná bíodh amhras ort riamh nach féidir le grúpa beag de shaoránaigh thuisceanacha, thiomanta an domhan a athrú; go deimhin, sin an t-aon rud a rinne é riamh.

 

 

gaGaeilge