Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

Tuairisc ó Mheiriceá -An Deighilt Mhór

D’fhéach mé ar an díospóireacht leas-uachtaránachta idir J.D. Vance (Poblachtánach) agus Tim Walz (Daonlathach) ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024. Bhí codarsnacht iomlán idir an díospóireacht seo agus an dá dhíospóireacht uachtaránachta a tharla rompu, ceann amháin idir Trump agus Biden agus ceann eile idir Trump agus Harris. Mar is eol don saol mór, bhí drochlá ag Biden sa chéad díospóireacht uachtaránachta agus ní raibh cosaint ar bith aige in aghaidh an Trumpach, a d’inis bréag i ndiaidh bréige. Sa dara díospóireacht uachtaránachta, bhí an bua ag Harris gan dabht, ach bhí siad ar an ionsaí nóiméad amháin agus ansin ar a gcosaint an chéad nóiméad eile, agus níor chuala muintir na tíre mórán faoi na topaicí is tábhachtaí dóibh. Ba mhó a n-aird ar a íomhá phoiblí, agus ar a bheag a dhéanamh dá gcéile comhraic. Ach sa díospóireacht leas-uachtaránachta, phléigh na hiarrthóirí ceisteanna tábhachtacha ginmhilleadh, inimirce agus mhaigh ar láthair scoile san áireamh. Bhí meas ag Vance agus Walz ar a chéile, cé gur ionsaigh an bheirt acu an tiarrthóir uachtaránachta ar an taobh eile. Seo leanas na buaicphointí ag baint leis an díospóireacht, i mo thuairim.

Cúram Sláinte

Cuireadh ceist ar Vance ag iarraidh cén fáth nach raibh ach coincheap ag Trump maidir le plean nua cúram sláinte. An mbeadh Vance in ann a dhearbhú nach n-íocfadh Meiriceánaigh níos mó dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana. Go deimhin, bheadh clúdach árachais sláinte acu dá mbeadh aon riocht sláinte acu a bhí ann cheana!” a d’fhreagair Vance. Ach ní dúirt Trump amach riamh cad a dhéanfadh sé sa chás sin. Chomh maith leis sin, dhiúltaigh Vance sonraí phlean Trump a phlé, ag rá go mbeadh sé leadránach bille de 900 leathanach a phlé ar an stáitse díospóireachta. Dúirt sé freisin gur thacaigh Trump le plean Obama, an ‘Affordable Care Act (ACA). Dúirt Walz gur gheall Trump i 2016 plean Obama a aisghairm, agus gur bheag nár éirigh leis ach amháin gur sheas Seanadóir John McCain ina haghaidh.

Inimirce

Chuaigh Vance ar an ionsaí, agus chuir sé an locht ar leas-uachtarán Kamala Harris maidir leis na fadhbanna ag baint le hinimirce neamhdhleathach ag an teorainn idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo. Thagair sé di mar ‘Border czar’. Ansin cháin Walz iar-uachtarán Trump, ag rá gur chuir sé cosc ar bhille dépháirteach a rachadh i ngleic leis na fadhbanna céanna, agus go ndearna sé é chun buntáiste a fháil ina fheachtas uachtaránachta.

Ginmhilleadh

Bhí Vance ag snámh in aghaidh an easa ar an ábhar seo agus thóg sé cur chuige cúramach anseo. Dúirt Vance go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh gach Stáit in ann a dlíthe féin a chur in áit maidir le ginmhilleadh. Dúirt Walz gur bhuncheart daonna atá i gceist, agus mar sin is dualgas feidearálach an ceart sin a chosaint do gach duine sa tír, beag beann ar leagan amach na tíre. D’admhaigh Vance gur gá don Pháirtí Poblachtánach jab níos fearr a dhéanamh maidir le cóir leighis torthúlachta agus maidir le tithíocht inacmhainne a sholáthar. Fear cliste is é Vance agus bhí sé ag iarraidh vótaí a mhealladh ó na daoine atá idir dhá chomhairle faoi láthair.

Foréigean le gunnaí

Bhí Vance agus Walz ar aon aigne go raibh cúrsaí go dona agus ag dul in olcas maidir le foréigean le gunnaí, go háirithe sna scoileanna. D’aontaigh siad gur gá dul i ngleic leis an bhfadhb. Ach níor aontaigh siad ar chur chuige chun an fhadhb a réiteach. D’admhaigh Vance go raibh go leor cúiseanna taobh thiar den fhadhbagus go háirithe fadhbanna meabhairshláinte agus mí-úsáid drugaí. Níor réitigh Walz leis sin. “Uaireanta is iad na gunnaí atá i gceist, na gunnaí amháin!” a dúirt sé. Agus Ní chiallaíonn fadhb mheabhairshláinte gur duine foréigneach thú.”

Eanáir 6

Bhí sé soiléir go raibh deighilt mhór idir Vance agus Walz maidir le cad a tharla ar Eanáir 6, 2021. Nuair a bhí siad i mbun díospóireachta faoin éirí amach agus faoi na héilimh bhréagacha inar mhaígh Trump gur bhuaigh sé an toghchán uachtaránachta, chuir Walz ceist dhíreach ar Vance. “Ar chaill sé (Trump) toghchán 2020?” “A Thadhg, táim dírithe ar an todhchaí”, a d’fhreagair Vance. “Neamhfhreagra cáinteach é sin!” arsa Walz. Níos déanaí, dúirt Walz: “Táimid anseo 4 bliana níos déanaí, sa chás céanna. Is gá go mbeidh an buaiteoir mar bhuaiteoir. Caithfidh sé seo stopadh. Tá sé ag réabadh as a chéile muid.”

Athrú meoin Vance

Cuireadh ceist ar Vance cén fáth a raibh athrú meoin aige faoi Trump. CháinTrump go géar sa bhliain 2020 ach tá sé go mór ar a shon anois. Chuir Vance an locht ar na meáin, ag rá gur chuir siad ar míthreoir é le bréagnuacht faoi Trump. Dúirt sé gur chuir Trump lena gealltanais do mhuintir na tíre freisin mar uachtarán.

Cearnóg Tiananmen

Sa bhliain 2009, dúirt Walz go raibh sé i Hong Kong nuair a bhí agóidí Chearnóg Tiananmen ar siúl. Ach bhí sé i Nebraska ag an am. Nuair a cuireadh ceist air faoi sin, bhí sé anonn is anall leis ar feadh a bhfad. Nuair a cuireadh an cheist air arís, d’admhaigh sé faoi dheireadh go ndearna sé botún.

Conclúid

Máistir na cainte síodúla is é J.D. Vance, gan dabht ar bith. Bhí na deiseanna ag J.D. Vance nach raibh ag Tim Walz. Mar a dúirt Walz: “D’fhás mé aníos i mbaile beag – Butte, Nebraska, daonra 400 – agus bhí 24 dalta i mo rang sa mheánscoil. Agus níor fhreastail ceann acu ar ‘Yale’.” Bhí Walz ag iarraidh a rá gur ghnáthdhuine é féin, difriúil le Vance. B’fhéidir gur saghas leithscéil a bhí i gceist freisin, mar bhí Vance níos fearr ar ardán na díospóireachta. Ach nach cuma? Is í an cheist is lárnaí ná cén t-iarrthóir uachtaránachta ba cheart a roghnú. Agus maidir leis an gceist sin, tá sé soiléir gur contúirt do Mheiriceá agus don domhan é Trump, agus go mbeadh sé go hiomlán mícheart é a thoghadh mar uachtarán arís.

Cé go bhfuil J.D. Vance in ann dallamullóg a chur ar dhaoine lena chaint mhín, ní bheathaíonn na briathra na bráithre. In ainneoin plámás Vance, níl bealach ar bith go mbeadh sé ceart an coirpeach ciontach, Donal Trump, a chuir in oifig arís. Bhí sé sin an-soiléir, nuair a dhiúltaigh Vance freagra a thabhairt don cheist a chur Walz air: “Tá Trump fós ag rá nár chaill sé an toghchán. Ar chaill sé toghchán 2020?”

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Tuairisc ó Mheiriceá – an Dara hIarracht Donald Trump a fheallmharú!

Tuairisc ó Mheiriceá – an Dara hIarracht Donald Trump a fheallmharú!

Baineadh agus bainfear triail as go leor cineálacha Rialtais sa saol peacach agus brónach seo. Ní ligeann aon duine air go bhfuil an daonlathas foirfe nó críonna go hiomlán. Go deimhin, tá sé ráite gurb é an daonlathas an cineál Rialtais is measa ach amháin na cineálacha eile go léir a dtriailtear iad ó am go chéile.”

Winston Churchill

.

Córas Leochaileach

Bíonn an Daonlathas faoi bhagairt i gcónaí. Ó am go ham, tuigeadh do bhunús na ndaoine go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin agus nach raibh an dara rogha acu ach iompú ar chóras éifeachtach éigin eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar aon duine, agus gan cur isteach ó aon duine. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Dhomhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe agus do ghrúpaí áirithe sna tíortha sin go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.

L’Etat c’est Moi !

Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachta freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát …l’Etat c’est moi. I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag aon duine cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire féin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an tuiscint gurbh ‘in toil Dé. D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, deamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach aon duine. Ní fhágann sin go bhfuil an córas gan locht, nó thar mholadh beirte mar, nuair a thagann an crú ar an tairne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlíthe smachtúil a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an daonra ar mhaithe lena bpobal. Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh faoi shúile an Stáit féin. Tagann sé dian go maith ar an gcóras déileáil leo, nó caithfidh an córas feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlíthe sin. na struis sin le feiceáil go soiléir i Meiriceá faoi láthair.

Iarracht Trump a fheallmharú

Chualamar go léir an nuacht faoin iarracht Donald Trump a fheallmharú, a tharla le déanaí. Tá sé dochreidte gurb é sin an dara hiarracht é a mharú taobh istigh de dhá mhí. Ar an drochuair, ní rud nua é sin, agus bhí go leor iarrachtaí uachtaráin agus iar-uachtaráin Stát Aontaithe Mheiriceá a fheallmharú in imeacht na mblianta. Ach cén fáth a dtarlaíonn a leithéid? Níl cúis amháin i gceist. Uaireanta, ní bhíonn an feallmharfóir sásta leis a rialtas agus go háirithe leis an uachtarán. Uaireanta eile, bíonn meabhairghalar agus seachrán ar an bhfeallmharfóir. Pé scéal é, ní ceart aon pholaiteoir a mharú, is cuma cén fáth. Ní bheadh aon chóras in ann feidhmiú le fada nglacfaí le cliseadh den saghas sin, an Daonlathas san áireamh.

Dangerous Times!

Córas leochaileach is é an córas daonlathais agus tá dualgas ar an bpobal é a chosaint i gcónaí. Bíonn orthu a bheith páirteach agus gníomhach. Is gá don phobal agus dá bpolaiteoirí a gcuid easaontais a réiteach go síochánta, trí idirbheartaíocht agus trí na boscaí ballóide, in ionad trí fhoréigean. Mar is eol dúinn go léir in Éirinn, theip ar an bhforéigean aon fhadhb a réiteach i dTuaisceart na hÉireann ar feadh 30 bliain (1968-1998). Ach tar éis idirbheartaíocht dheacair idir an dá thaobh (dílseoirí agus poblachtánaigh), bheartaíodar fáil réidh leis na gunnaí, agus an bosca ballóide a úsáid ina ionad sin. D’éirigh leis an bpróiseas síochána sin agus an comhaontú ag baint leis –Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an tsíocháin i réim sa Tuaisceart le 26 bliain anuas agus níl deireadh déanta fós. Níl sé éasca aistriú mar sin a dhéanamh, agus ní tharlaíonn sé go minic. Sin an fáth go bhfuil cúrsaí i Meiriceá chomh dainséarach faoi láthair méadaíonn foréigean in aghaidh polaiteoirí na rioscaí go n-imeofar cúrsaí as smacht.

Solutions?

Cad is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin i Meiriceá? Gan dabht, is gá an tseirbhís rúnda a fheabhsú, agus tá an rialtas ag obair ar sin faoi láthair. Cé gur rud maith é sin, tá an rialtas ag tabhairt faoi na muilte gaoithe mura dtéann siad i ngleic leis an mbunfhadhb – airm ionsaithe. Meastar go bhfuil suas go 40 milliún dóibh i Meiriceá faoi láthair, agus níl aon rud dearfach faoi sin. Bhí cosc ar airm ionsaithe (AR-15 mar shampla) ó 1994 go 2004, ach dhiúltaigh an Chomhdháil an cosc a athnuachan ansin. go bhfuil formhór an phobail ar son an choisc, rithfeadh an reachtaíocht sa Seanad faoi láthair de dheasca nach mbeadh a dhóthain (60) seanadóirí ar a shon. B’fhéidir go bhfuil sé in am do gach seanadóir tús áite a thabhairt do leas na tíre ar a leas féin agus an rud ceart a dhéanamh. Agus ba cheart do gach polaiteoir ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint freisin agus dea-shampla a thabhairt dá bpobal.

.

Gaelú nó Galldú!

Gaelú nó Galldú!

Rich countries’ problems!

Bíonn na meáin go léir plódaithe le nuacht agus bréagnuacht na laethanta seo faoi na heachtrannaigh atá anseo cheana féin, gan trácht ar na heachtrannaigh a bheidh ag iarraidh teacht isteach sa tír go luath. Mar sin féin, is gá dúinn an grán a scaradh ón lóchán, smaoineamh dúinn féin agus an rud ceart a dhéanamh maidir leis na heachtrannaigh inár measc.

Ní gá a rá, go mbíonn a chúis féin ag chuile dhuine acu leis an turas sin go hÉirinn a dhéanamh. I gcás duine amháin, is ag iarraidh tearmainn a bhíonn sé. I gcás duine eile, is ag lorg oibre a bhíonn sé, agus i gcás daoine eile fós, is ar thóir oideachais agus traenála a bhíonn siad.

Cé go bhfuil ‘céad míle fáilte’ againn roimh na turasóirí a thagann ar cuairt go hÉirinn, níl an scéal céanna le hinsint i gcónaí maidir leis na heachtrannaigh a bhfuil cónaí orthu sa tír. Nuair a thosaigh siad ag teacht go hÉirinn timpeall 30 bliain ó shin, ní raibh rófhonn orainn ar dtús an t-oileáinín s’againne a roinnt le daoine ón taobh amuigh. Ag an am céanna, fáiltíodh romhainn féin thar lear le sinsearacht, agus dá bhrí sin, nuair a thuigeamar céard é go díreach a bhí ag titim amach, tuigeadh dúinn, go raibh dualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh freastal ar an riachtanas sin. Rinne Éire comhaontaithe le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus leis an Aontas Eorpach, freastal ar sciar daoine ó thíortha eile a bhfuil tearmann ag teastáil uathu. Chomh maith leo siúd, shocraíomar ar lucht an oideachais agus na traenála a ligean isteach agus ar líon áirithe oibrithe a ghlacadh isteach freisin in aghaidh na bliana.

Demographic change

Lean na himircigh ag sníomh isteach chugainn bliain i ndiaidh bliana go dtí go bhfuil, faoi láthair, olluimhir imirceach socraithe inár measc (timpeall 12%). Ní haon mhaith feasta bheith ag fiafraí ar chóir dúinn na daoine sin a ligean isteach sa tír seo, nó tá siad linn cheana féin, agus níl le déanamh anois ach chuile bhuntáiste a bhaint as cúrsaí faoi mar atá.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil buntáistí do-áirithe ag gabháil leis an inimirce seo uilig. Cuireann sé oibrithe riachtanacha ar fáil dár gcóras eacnamaíochta, nuair nach bhféadfaimis féin freastal ar an trá sin. Sea, agus coinníonn sin rothaí an gheilleagair ag meilt leo ar luas, rud a chabhraíonn linn saol níos fearr a chur ar fáil dár ndaonra uilig, idir Éireannaigh agus Eachtrannaigh.

I gcás na scoláirí de, chuirtí fáilte i gcónaí roimh a leithéid inár measc, nó bhí meas agus cion ag ár sinsear ar an léann, le sinsearacht. I gcás na ndaoine a bhí ag lorg tearmainn, ar an drochuair, níor tugadh aire na huibhe circe dóibh i gcónaí, scaipeadh (agus scaiptear fós) bréagaisnéis diúltach fúthu go minic agus bhí leithcheal á dhéanamh uaireanta ar chuid acu freisin. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, ní raibh córas shásúil againn ar dtús chun iad a phróiseáil agus dídean fónta a sholáthar dóibh.

The Right thing to do

Is amhlaidh a chaithfidh muid breathnú romhainn, agus socruithe a dhéanamh le fáiltiú roimh na strainséirí seo uilig, a roghnaigh an tírín s’againne, mar bhaile nua dóibh féin, agus dá sliocht. Gan dabht ar domhan, rachaidh cuid de na himircigh seo ar ais abhaile arís dá dtíortha féin, ach fanfaidh roinnt mhaith acu freisin, agus má tá muidne ciallmhar agus cliste, déanfaidh muid chuile iarracht ar na daoine sin a mhealladh isteach sa phobal s’againne. Ní hé anois, toisc nach bhfuil an dara rogha againn ach sin a dhéanamh, ní hea muise, ach toisc gurb é ár leas é sin a dhéanamh.

More Irish than the Irish themselves!

Conas is féidir é sin a dhéanamh, an ea?

Bhuel, is féidir é a dhéanamh trínár saol iomlán a roinnt leo, agus bheith istigh a thabhairt dóibh, i ngach gné den saol céanna sin. Is féidir linn ár gcóras don lucht iarrtha tearmainn a fheabhsú. go bhfuil cur chun cinn á dhéanamh ag an rialtas, tá go leor feabhsuithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh. Bíodh fáilte roimh eachtrannaigh san Arm, sa Gharda Síochána, agus sna Fórsaí Cosanta, trí chéile. Chomh maith leis sin, ba chóir iad a spreagadh le páirt a ghlacadh sa Chóras Oideachais, sa Chóras Dlí agus Cirt, i gCúrsaí Cultúir agus Teanga, agus i gCúrsaí Spóirt, san áireamh. Ná bíodh gné ar bith den saol náisiúnta dúnta ina gcoinne. Má tá siadsan sásta glacadh linne mar phobal, ansin, nár chóir dúinne glacadh leosan mar Éireannaigh? Má tá muid sásta sin a dhéanamh, seans go néireoidh siadsan níos Gaelaí ná na Gaeil féin, faoi mar a tharla le dreamanna eile a tháinig chugainn, anallód. Nára fada uainn an lá sin.

.

.

Tuairim ó Mheiriceá – Díospóireacht – Téic 2!

Tuairim ó Mheiriceá – Díospóireacht – Téic 2!

Réamhrá

Chonaic mé an chéad díospóireacht uachtaránachta i mbliana, idir Donald Trump agus Joe Biden. Scríobh mé alt faoin díospóireacht thubaisteach sin, inar scríobh mé: “I mo thuairim, an rud is fearr a d’fhéadfadh Joe Biden a dhéanamh anois ná tarraingt amach as an rás gan mhoill – ach beag an baol.”

Thit cúpla rud amach ina dhiaidh sin, ar tuar dóchais iad. Ar an gcéad dul síos, tharraing Joe Biden amach as an rás uachtaránachta. Ar dtús, sheas sé an fód ag rá gurb é féin an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh Trump a shárú. Ach bhí sé soiléir nár aontaigh daoine eile leis sin, fiú amháin daoine ina pháirtí féin – na Daonlathaithe, agus go háirithe Nancy Pelosi iar-Spéicéir Theach na nIonadaithe. Tá an-údarás le tuairim Nancy Pelosi, go háirithe sa chás seo. Tá sí beagáinín níos sine ná Biden ag 82 bliain d’aois, agus chomh maith leis sin, d’éirigh sí as a post féin mar Spéicéir le déanaí, ag rá nach mbeadh sí ag iarraidh an ról a fháil arís, tar éis di dhá théarma de ceithre bliana a bheith sa phost (2007-2011 agus 2019-2023). Faoi dheireadh, ghéill Biden d’fhírinne a cháis agus tharraing sé amach. Ansin, tharla an dara rud suntasach, agus thug na Daonlathaithe go léir tacaíocht do Kamala Harris mar iarrthóir uachtaránachta gan aon chomórtas. Roghnaigh sí Tim Walz mar chomhiarrthóir leasuachtaránachta agus thosaíodar feachtas bríomhar gan mhoill. Thiomsaigh a bhfeachtas $361 milliún i mí Lúnasa, beagnach trí huaire níos mó ná feachtas Trump ($130 milliún). Laghdaigh an bhearna eatarthu sna pobalbhreitheanna go dtí go raibh siad gob ar ghob. Agus ansin tar éis cúpla sonra a oibriú amach, d’aontaigh Trump agus Harris díospóireacht uachtaránachta a bheith acu ar fhad uair go leith.

An Díospóireacht

raibh aon chosúlacht idir an díospóireacht seo agus an ceann deireanach. Ag tús na díospóireachta, shiúil Harris anall chuig Trump agus chroith sí lámh leis. Sa tslí sin, rinne sí pointe tábhachtach nach raibh faitíos uirthi roimhe, ach a mhalairt. Réitigh an comhartha sin an bealach faoi choinne a bhí le teacht thuas ar an stáitse in Philadelphia, Pennsylvania. Seo ceithre thátal a bhain mé as an díospóireacht.

1 Lagaithe Trump

Thug Harris laigí bunúsacha Trump chun solais go soiléir, rud nach raibh ar chumas Biden a dhéanamh sa chéad díospóireacht, lena n-áirítear:

 Taifead coiriúil Trump. Nuair a dúirt Trump gur coirpigh iad formhór na n-imirceach ag teacht isteach sa tír, thug Harris an freagra seo: “Nach greannmhar go ndéarfása é sin. Ag teacht ó dhuine a ionchúisíodh as coireanna slándála náisiúnta, coireanna eacnamaíocha, cur isteach neamhdhleathach ar thoghcháin, a fuarthas ciontach i leith ionsaí gnéis, agus a bheidh os comhair na cúirte i mí na Samhna ag a phianbhreith choiriúil féin.
 Ról Trump maidir le hionsaí Eanáir 6, 2021. Dúirt Trump: “Ní raibh baint ar bith agam leis sin seachas gur iarr siad orm óráid a thabhairt. Dúirt Harris: “Do gach duine ag féachaint, a chuimhníonn cad a tharla ar 6 Eanáir, deirim, Ní gá dúinn dul ar ais. Ná rachaimid ar ais. Nílimid ag dul ar ais. Tá sé in am an leathanach a chasadh.”
 Seasamh Trump ar ghinmhilleadh. Dúirt Trump go bhfuil na Daonlathaithe ar son linbh nuabheirthe a mharú. Ach dúirt an modhnóir Davis nach raibh sé sin fíor. Nuair a d’iarr modhnóir ar Trump an síneodh sé cosc náisiúnta ar ghinmhilleadh, níor fhreagair sé an cheist. Chuir Harris brú air é a fhreagairt, ach dhiúltaigh sé arís.

2 Bréaga Trump

D’inis Trump lán mála bréag, agus seo ach cúpla sampla:

 Tá na Daonlathaithe ar son linbh nuabheirthe a mharú.
 Tá na Daonlathaithe ag tabhairt vótaí dinimircigh neamhdhleathaigh.
 Tá eachtrannaigh gan doiciméad ag gabháil bailte, ag gabháil foirgneamh.
 In Springfield Ohio tá na hinimircigh ag ithe na gcat agus na madraí.

3 Cás paiseanta maidir le ginmhilleadh

Dúirt Harris go dtacaíonn sí le Roe v. Wade a athbhunú. “Tá sé maslach do mhná Mheiriceá. … Bíonn ar dhaoine oibre, mná oibre atá ag obair post nó dhó, a bhfuil orthu cúram leanaí a fháil gur ar éigean d’acmhainn dóibh, taisteal go stát eile ar eitleán, a bheith ina suí in aice le strainséirí, chun an cúram sláinte a theastaíonn uathu a fháilar éigean d’acmhainn dóibh. Agus tá sé neamhscrupallach iad a chur tríd sin.”

4 Príomhthéama Trump – Inimircigh gan doiciméad agus a gcoireanna

Dar leis na Poblachtaigh, is é polasaithe na nDaonlathaithe maidir le hinimirce a laige is mó, agus chuir Trump an bhéim ar chúrsaí inimirce chomh minic agus ab fhéidir. D’inis Trump bréag i ndiaidh bréaga ar an ábhar, agus luaigh mé ceann cheana inar mhaígh sé go raibh inimircigh ag ithe na bpeataí in Springfied. Seo cúpla sampla eile a bhí le rá aige faoin imirce.

“Thug siad (na Daonlathaithe) cead do choirpigh,” a dúirt Trump, ag maíomh gan aon fhianaise go raibh “na milliúin” coirpeach ann. “Thug siad cead do sceimhlitheoirí. Cheadaigh siad coirpigh shráide coitianta. Thug siad deis do dhaoine teacht isteach, do mhangairí drugaí teacht isteach inár dtír.” Dúirt Trump ag pointe eile: “Is é an droch-inimirce an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú dár ngeilleagar. Tá siad agus tá sí (Harris) ag scriosadh ár dtíre lena bpolasaí. Tá sé sin craiceáilte.”

Conclúid

Dar le formhór na n-anailísithe, bhí an bua ag Harris sa díospóireacht. Aontaím leis sin, ach ní hionann sin agus a rá go mbeidh an bua aici sa toghchán. Bhuaigh Hilary ar Trump sa trí dhíospóireacht a bhí eatarthu in 2016, dar leis na hanailísithe agus dar leis an bpobal ach in ainneoin sin, bhí an bua ag Trump sa toghchán uachtaránachta. Agus cé go bhfuil eolas ag gach duine faoi Trump agus a chur chuige, níl mórán eolais ag go leor daoine faoi Harris agus na difríochtaí idir polasaithe Biden agus a polasaithe féin. Rinne Harris sárjab sa díospóireacht agus sin céim mhaith, ach tá go leor le déanamh aici fós, agus níl mórán ama fágtha aici chun é a dhéanamh. Mar fhocal scor dearfach, phostáil Taylor Swift a tacaíocht ar son Harris dá lucht leanúna (283 milliún) ar Instagram, tar éis na díospóireachta. Ní drochrud é sin!

.

Bás Matthew Perry!

Bás Matthew Perry!

 

Ó am go ham, tarraingítear ár naird ar thragóid éigin ag baint le handúil sna drugaí nó alcóil. Le déanaí, tháinig fiosrúchán faoi bhás an aisteora cháiliúil Matthew Perry (Chandler Bing sa dráma grinn suímh ‘Friends’ a craoladh ó 1994-2004) chun críche. D’eisigh Perry cuimhní cinn bliain roimh a bhás, darb ainm ‘Friends, Lovers and the Big Terrible Thing ina raibh sonraí uafásacha faoina streachailt chun andúil a shárú. Ag an am, dúirt sé go raibh sé saor ó dhrugaí le bliain go leith anuas. Níos lú ná bliain ina dhiaidh sin, bhí sé marbh. Ar dtús, dúirt an cróinéir gur timpisteach a bhádh ina thobán te, mar thoradh ar mheascán de dhrugaí a bhí tógtha aige agus galar croí a bhí air. Ach osclaíodh fiosrúchán nua i mí na Bealtaine, 2024 chun a fháil amach cén fáth go raibh an oiread sin den druga céataimín (Ketamine as Béarla) ina fhuil. Bhí Perry ag baint úsáide as teiripe insileadh céatamín chun dianchóireáil a dhéanamh ar dhúlagar agus imní, ach bhí an seisiún deireanach aige níos mó ná seachtain roimh a bhás.

An Dochtúir agus an Bhanríon Céataimín

Bhí an méid céanna céatamín i bhfuil Perry agus a mbeadh agus é in úsáid mar ainéistéiseach ginearálta. Cá as ar tháinig sé? Tuairiscíodh sa ‘Los Angeles Times i mí an Mheithimh gur éirigh le himscrúdaitheoirí fostaithe ag an Roinn Póilíní Los Angeles, an Riarachán Forfheidhmithe Drugaí Feidearálach agus Seirbhís Phoist na Stáit Aontaithe daoine áirithe a cheangail le soláthar céataimín. Scéal dochreidte ba ea é, agus cúisíodh cúigear maidir le bás Perry. Nuair a d’iarr Perry ar a dhochtúir rialta níos mó céataimín a ordú , dhiúltaigh sé é a dhéanamh. Ansin d’aimsigh Perry dochtúir eile nach mbeadh fadhb aige leis sin- an Dochtúir Salvador Plasencia. Líomhnaíonn ionchúisitheoirí gur bhain Plasencia úsáid as éadóchas agus andúil Perry, chun airgead a fháil. Bhí dochtúir eile, Dochtúir Mark Chavez, ag cabhrú le Plasencia, agus ag fáil céatamín dó go mídhleathach. Ní raibh scrupall ar bith iontu, agus sheol Plasencia téacs chuig Chavez, ag rá: “Ní fheadar cé mhéad a íocfaidh an dúramán seo.” Níl aon dabht ach go raibh Plasencia agus Chavez den tuairim gur tálaí airgid a bhí i Perry. Agus bhí an ceart acu, maidir leis an airgead ar aon nós. D’íoc Perry $55,000 in airgead tirim as dosaen fial céataimín an mhí dheireanach dá shaol. Ach ní chosnaíonn fial céataimín ach $20 de ghnáth! Cén saghas dochtúra a dhíolann drugaí ar phraghas scannalach d’othar a bhfuil fadhb andúile aige? Cén saghas dochtúra a thagann i dtír ar ghalar a othar féin? Cén saghas dochtúra a bhíonn chomh santach sin go maródh sé a othar féin? Ní dochtúir an duine sin, i mo thuairim, ach mangaire drugaí nach cuma leis ach faoin airgead.

Bhí gréasán coiriúil eile ag obair freisin, agus ag soláthar drugaí do Perry. Bhí mangaire drugaí agus dáileoir céataimín darb ainm Jasveen Sangha agus ar a dtugtar ‘an Bhanríon Céataimín’ uirthi, ag soláthar céataimín do Perry trí mhangaire drugaí eile, darb ainm Erik Fleming. Bhí aithne ag Perry ar Fleming mar roimh dó a bheith ina mhangaire drugaí, bhí Fleming ina stiúrthóir scannán in Hollywood. Thug Fleming 50 fial céataimín do chúntóir pearsanta Perry, fear darb ainm Kenneth Iwamasa. Thugadh Iwamasa instealltaí céataimín do Perry gach lá – thug sé 27 instealladh dó sna cúig lá suas go bás Perry, agus 3 instealladh dó ar lá a bhás. Ní raibh Iwamasa cáilithe instealltaí céataimín a thabhairt do Perry, ach thaispeáin Placensia dó conas é a dhéanamh.

Cúisíodh an cúigear (Plasencia, Chavez, Sangha, Fleming agus Iwamasa) as coireanna éagsúla ag baint le dáileadh céataimín agus le bás Perry. Phléadáil Plasencia agus Sangha neamhchiontach, ach phléadaíl Chavez, Fleming agus Iwamasa ciontach.

Pianbhreitheanna?

Cad atá i ndán don chúigear, maidir le pianbhreitheanna? I gcás iadsan a phléadáil ciontach, ghearrfadh téarma príosúin suas go 10 mbliain ar Chavez, suas go 15 bliain ar Iwamasa agus suas go 25 bliain ar Fleming. I gcás Sangha agus Plasencia, má chiontaítear iad as gach cúiseamh ina n-aghaidh, is dóichí ná a mhalairt go gcaithfidh an bheirt acu a saol i bpríosún.

Conclúid

Druga andúile is é céataimín, a úsáidtear mar ainéistéiseach agus mar theiripe le haghaidh dúlagar. Is substaint rialaithe é agus druga neamhdhleathach. Fuair Perry é mar theiripe ar dtús, ach ansin d’éirigh sé tugtha do chéataimín. Ba rogha uafásach é druga andúile mar seo a thabhairt d’andúileach, agus bhí a fhios ag gach duine gurb andúileach é Perry. Ní ba mheasa ná sin, in ionad cabhair a thabhairt dó, bhain a dhochtúir, a chara agus a chúntóir pearsanta buntáiste as a ghalar, agus mharaigh siad é faoi dheireadh. Tá súil agam go gcaithfidh gach duine den chúigear coirpeach sin tamall fada i bpríosúin as a gcoireanna uafásacha. B’fhéidir go gcuirfidh sé sin teachtaireacht shoiléir in iúl do choirpigh eile ag smaoineamh ar rud mar sin a dhéanamh.

.

.

.

Seoid Chríonnachta!

Seoid Chríonnachta!

 

“Seo é an rud a dtugann siad an samhradh air, Dia idir sinn agus an t-olc!”

Chas mé agus cé a bhí ann ná Séimí an Droichid, agus cuma an fhrancaigh bháite ar an gcréatúr bocht. Ar an dea-uair, bhí scáth fearthainne gailf oscailte agam agus neart spáis do bheirt faoi.

“Tar isteach liom faoi mo scáth fearthainne!” arsa mise, mar bhí trua agam dó.

“Sin tairiscint nach féidir diúltú di, agus táim an-bhuíoch díot as!” D’fhreagair Séimí agus é go sábháilte cheana féin, ar foscadh ó chith trom.

“Bhuel, tugaimis ár n-aghaidh ar Meubles le haghaidh lóin, mar sin! Mise a seasfaidh é seo! Bhíomar taobh amuigh de Woodies agus ag dul sa treo sin, ar aon nós.

Is buí le bocht an beagán, mar a déarfá!” arsa Séimí. “Ar aghaidh linn!”

Nuair a bhíomar inár suí cois in aice na fuinneoige, agus anraith agus arán donn á n-ithe againn, chuir mé an cheist ar Séimí a bhí ag dó na geirbe agam le déanaí.

A Shéimí, ceapaim go bhfuilimid i ré mhíshocair faoi láthair. Cé gurb í taidhleoireacht an tslí is fearr chun a dheimhniú go mbeidh síocháin ann, tá easpa de le feiceáil fud fad an domhain. Ach is é méadú an inimirce atá ag imirt an tionchar is mó ar an domhan thiar. Uair amháin, bhí na struis ag baint leis an inimirce le feiceáil ach amháin i Meiriceá. Níor thuigeamar i gceart cad a bhí ar siúl ann go dtí gur tharla an rud céanna anseo freisin, agus d’fhoghlaimíomar na castachtaí ag baint leis an inimirce tapa go leor ansin. Ach anois, tá cúrsaí tar éis dul in olcas in Éirinn agus an foréigean ag éirí níos measa. Phléasc círéibeacha i mBaile Átha Cliatha an bhliain seo caite, tar éis ráflaí ar líne faoi ionsaí ar leanaí i lár na cathrach. Agus bhí círéibeacha i Sasana le déanaí freisin. Bhí ionadh ar dhaoine ar fud na Breataine nuair a maraíodh triúr cailíní idir 6 agus 9, in ionsaí scian, ar an 29 Iúil i Southport, baile cois farraige ó thuaidh de Learpholl. Scaip ráflaí bréagacha go tapa ar na meáin shóisialta gur iarrthóir tearmainn, nó inimirceach Moslamach an duine a bhí faoi amhras. Thosaigh na círéibeacha frithinimircigh i Southport, agus ansin bhris círéibeacha eile amach ar fud Shasana, ó Plymouth ar an gcósta theas go Sunderland san Oirthuaisceart. Tharla círéibeacha freisin i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann.

A Shéimí, cá háit sa diabhal a bhfuil muid ag dul?Bm’anáil i mbarr mo ghoib liom, agus chomh maith leis sin bhí mé stiúgtha leis an ocras. Bhí Séimí ag ithe cheana féin agus rinne mise aithris air gan mhoill.

“A Mhicilín, mo chara dílis, cad faoi cháiréis an chaidrimh shóisialta? Tá mé maith go leor, go raibh maith agat, agus tá súil agam go bhfuil gach rud i gceart leatsa, freisin?” Rinne sé meangadh rógánta, agus thuig mé ar an toirt go raibh mé drochbhéasach le Séimí.

“Gabh mo leithscéal, a Shéimí, as mo bhéalastánacht – ní rabhas ag smaoineamh ar chor ar bith. Agus táimid go maith freisin, agus chomh gnóthach anois agus a bhíomar roimh dúinn éirí as ár bpoist. Bhí mé ag lorg faoisimh, b’fhéidir, nó athdhearbhaithe uait go n-oibreoidh cúrsaí amach sa tír seo agus ar fud an domhain agus sin an fáth ar thosaigh mé ag bladráil.

“A Mhichíl, tuigim cad atá á rá agat, agus go bhfuil tú buartha go bhfuil cúrsaí ina chorraíl ar fud an domhain, inár dtír féin san áireamh. Imríonn an iomarca drochnuachta tionchar diúltach orainn go léir. Cuireann amanna mar seo seanfhocal Béarla i gcuimhne dom, a théann mar seo as Gaeilge: Bíodh suaimhneas agam glacadh le rudaí nach féidir liom a athrú, misneach agam athruithe a dhéanamh nuair is féidir, agus ciall agam faoin difríocht eatarthu.Bíonn deis againn mar thír seasamh docht a ghlacadh maidir le tíortha agus daoine ag déanamh ainghníomhartha. Is féidir linn ár dtuairimí a chur in iúl d’ár dTeachta Dálaí. Bíonn deis againn ár mhíshástacht a léiriú ar an tsráid freisin, mar bíonn léirsithe eagraithe go minic chun brú a chur ar an rialtas dul i ngleic le cúrsaí tábhachta. Agus tá dualgas orainn mar shaoránaigh ár vótaí a úsáid go ciallmhar, agus ár dtacaíocht a thabhairt do dhaoine agus páirtithe nach bhfuil fuath mar chuid lárnach dá léargas polaitiúil acu. A Mhichíl, bíonn daoine buartha go háirithe nuair atá rudaí uafásacha ag tarlú nach bhfuil neart acu orthu. Ach bíonn tú in ann rudaí a dhéanamh an chuid is mó den am. Cé gur rudaí beaga iad go minic, imríonn siad tionchar dearfach sa treo ceart. Is é mo mholadh do gach saoránach seanfhocal eile ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh. Is láidre gníomh beag amháin ná na mílte focal. Níl a fhios agam an dtabharfadh sé sin aon fhaoiseamh nó athdhearbhú duit, ach sin é mo chur chuige faoi chúrsaí mar sin!” Leis sin, chríochnaigh Séimí a bheith le nithe aige agus sméid sé a cheann go críonna. Bhí mé féin tar éis mo bhéile a chríochnú, agus ag gach focal isteach a bhí le rá ag mo chara dílis.

“A Shéimí, rinne tú arís é! Tá an ceart agat. Thionóil an grúpa ‘Stand up to Racism’ níos nó ná 50 slógadh sa Bhreatain Mhór agus sa Tuaisceart. Bhailigh timpeall 15,000 i mBéal Feirste, ag canadh na bhfocal: ‘nuair atá imircigh faoi ionsaí, cad a dhéanaimid? Seasaimid an fód!Bíonn slógaí frithchiníochais in Éirinn freisin go minic, agus bhí slógadh mór i mBaile Átha Cliath an bhliain seo caite. Cuireann ár gcomhrá cúpla seanfhocal eile i gcuimhne dom, ráite ag Teddy Roosevelt Ag uair na cinniúna, is fearr an rud ceart a dhéanamh, agus is measa tada a dhéanamh. Agus Déan pé rud is féidir atá ar d’acmhainn, san áit ina bhfuil tú.’

“Bhuel, táimid ar chiomhintinn mar sin. Agus cheangail tú gach rud le chéile le ráitis Uachtaráin Teddy Roosevelt. Crann taca a bhí ann do dhaoine faoi mhíbhuntáiste nuair a tharla an Spealadh Mór sna Stáit Aontaithe. An-chomhairle uaidh, gan dabht! Bhuel, níl sé ag stealladh báistí níos mó – tá mé chun bualadh le cara eile ag Costa anois. Deas bualadh leat, agus feicfidh mé ar ball arís gan dabht.”

“Beidh mé ag súil go mór leis!’ arsa mise, ach bhí Séimí leath bhealaigh síos an staighre cheana féin.

.

.

.

.

gaGaeilge