Turas Siúlóra – Ó Bhriseadh go Biseach
Turas Siúlóra - Ó Bhriseadh go Biseach
Ba thubaiste torthaí na X-ghathanna — cnámh na lorga (tibia) briste, díreach ag an bpointe ina gceanglaíonn sí leis an rúitín. Bhí mé den tuairim go raibh rud éigin ní ba thromchúisí ná cos leonta i gceist, mar bhí pian ghéar i mo chos, go háirithe san oíche. Ach bhí mé ag séanadh na fírinne, a bhí ag stánadh orm anois.
Ag Glacadh leis an bhFírinne
De ghnáth tagann biseach ar rúitín casta i gceann sé go hocht seachtaine, ach tógann briseadh beagnach an dá oiread sin — suas le ceithre mhí. Ó, a Dhiabhail!
Ciallaíonn an bhuatais leighis ar mo chos nach mbeidh mé ag siúl ná ag tiomáint go dtí go bhfaighidh mé cead ón dochtúir — rud a chuireann teorainn throm orm ar feadh tamaill fhada. Mothaím cosúil le duine a bhfuil tréimhse phríosúnachta gearrtha air. “Ceithre mhí!” arsa an breitheamh, agus casúr á bhualadh aige ar an mbord.
Cuireann radharc na buataise i gcuimhne dom mo laethanta scoile i gColáiste Chiaráin, áit a mbíodh imreoirí iománaíochta gortaithe ó am go ham, agus plástar Pháras á chaitheamh acú a bhíodh clúdaithe le graifítí. Bhí gortú mar chuid nádúrtha den saol spóirt sin. Ach níor imir mé iománaíocht ar fhoireann riamh, agus mar sin ní raibh mé gortaithe riamh — go dtí seo.
Tá an leigheas nua-aimseartha imithe i bhfad chun cinn. In ionad phlástair Pháras, tá buatais leighis agam atá i bhfad níos éasca a chaitheamh. Murab ionann agus plástar, is féidir an bhuatais a bhaint díom sa leaba.
Tá maidí croise éadroma alúmanaim agam agus scútar glúine beag freisin — uirlisí riachtanacha chun meáchan a choimeád ón gcos go dtí go mbeidh an chnámh cneasaithe ar ais le chéile.
Talamh Neamhchoitianta
Níor bhris mé cnámh riamh roimhe seo, mar sin is talamh nua iomlán an próiseas seo dom. Seachas an imní faoi staid an ghortaithe féin, bhí mé buartha nach mbeinn in ann aon aclaíocht a dhéanamh ar feadh tamaill.
Ní dheachaigh an íoróin amú orm ach an oiread. Bhí sé beartaithe agam lá sosa a ghlacadh ar lá an timpiste. Ach nuair a bhí mé gar do shliabh beag, ní fhéadfainn gan dul suas air ar an toirt. Siúlóid éasca a bhí i gceist — ní raibh sé cosúil le go leor siúlóidí eile a rinne mé: siúlóidí trasna an Chainneoin Mhóir agus sna Piréiní, sna hAlpa agus sna Himiléithe, mar shampla. Is cúis náire dom gur ar chosán beag áitiúil a tharla an timpiste seo — ach, ar shlí eile, b’fhéidir gur rud maith é freisin, mar d’éirigh liom teacht anuas go dtí mo charr, cé go raibh mé ag siúl go bacach.
Breithiúnas an Leighis
Thug an coslia scéal idir mhaith agus olc dom. Ar an dea-uair, níor bhog an blúire cnáimhe agus bhí sé i dteagmháil le cnámh na lorga fós. Mar sin, ní raibh gá le máinliacht. Ach ní bheinn in ann aon mheáchan a chur ar an gcos gortaithe ar feadh míosa ar a laghad. Má leanaim a threoracha go cúramach, áfach, beidh mé ar ais ar mo sheanléim faoi dheireadh — in ann gach rud a dhéanamh chomh maith agus a bhí mé roimh an timpiste. Bainfidh mé an cuspóir sin amach, ionas go mbeinn in ann a bheith sna sléibhte arís roimh i bhfad.
Tuairimí Éagsúla
Tá tuairimí éagsúla ag daoine maidir le cad a tharla dom. Mar shampla, chas mo bhean chéile agus mise le cara le haghaidh an lóin le déanaí, agus mise ag caitheamh buataise agus ag siúl le maidí croise.
Dúirt sí liom go gcuirfeadh timpiste mar sin “ceann faoi” ar dhuine. Dúirt sí freisin gur inis sí dá cairde fúm, agus go ndúirt siad: “Thit Mick? Mick? Conas a d’fhéadfadh Mick titim?” Sin iad na smaointe a d’fhan liom, greamaithe i gcúl m’intinne.
Níor tháinig ceann faoi orm maidir leis an timpiste, ar chor ar bith. Ach bhí aithreachas orm faoi cad a tharla, mar thug mé léim an chait sa ghríosach, agus mar sin ní raibh mé ullmhaithe i gceart don tsiúlóid.
Is léir ón abairt “ní fhéadfadh Mick titim” go raibh tuairimí míréasúnta ag na daoine a dúirt an méid sin. Cá bhfuair siad tuairim mar sin? – ní uaimse! Ar aon nós, is féidir le haon duine a bheith gortaithe, is cuma cén méid taithí atá acu. Is duine ar leith é an lúthchleasaí nach mbíonn riamh gortaithe. Dála an scéil, thit mé go minic ar chosáin thar na blianta; is é an difríocht an uair seo ná go bhfuil na hiarmhairtí níos troime agus níos soiléire do dhaoine eile.
Ní bhíonn néal gan ghealán
Den chéad uair, beidh mé ag maireachtáil le míchumas. Cé go bhfuil an t-ádh dearg orm go mbeidh biseach iomlán orm, tabharfaidh an míchumas seo peirspictíocht luachmhar dom.
Beidh cur chuige solúbtha agam, agus mé díchumasaithe ar feadh seala i ndiaidh na timpiste. Tá mé meáite ar mo sheacht ndícheall a dhéanamh gan aon am a chur amú. Beidh mé gnóthach idir níos mó léitheoireachta agus scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh mé in ann níos mó ama a chaitheamh ag foghlaim conas an giotár a sheinm. Beidh níos mó ama agam sosanna a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh. Ach chomh maith leis sin, beidh saol nua — saol difriúil — agam, mar dhuine faoi mhíchumas. Beidh go leor le foghlaim agam faoin saol sin, agus roinnfidh mé na ceachtanna sin leat de réir a chéile.
Agus nuair a fhillfidh mé faoi dheireadh ar an gcosán arís le fuinneamh nua, tá súil agam nach iad mo chnámha amháin a bheidh níos láidre — ach mo spiorad féin freisin.
Litir ó Mheiriceá – Tugadh drochíde ar chónaitheoir fadtéarmach sna Stáit Aontaithe!




